3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige aon deontais a chur ar fáil arís de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta; agus an bhfuil sé tar éis an chumhacht seo a phlé leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. [68523/25]
Sentiment score: 0.00
Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, tá cumhachtaí ar leith ag an Aire. An bhfuil sé sásta na cumhachtaí sin a úsáid? An bhfuil sé tar éis a bheith i dteagmháil leis an Aire tithíochta chun go mbeidh sé ar an eolas faoi na cumhachtaí seo agus gur féidir leis an Aire deontais ar leith a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht?
Sentiment score: -0.19
Is é an fáth gur luaigh mé Acht na dTithe (Gaeltachta) ná go n-aithníonn an chuid is mó de dhaoine gur cás ar leith í an Ghaeltacht, cé go bhfuil an chuid eile den tír i ngéarchéim thithíochta freisin. Muna bhfuil tithe ar fáil do lánúineacha agus daoine áitiúla chun cónaí iontu, ní bheidh an Ghaeltacht ann amach anseo agus ní féidir rud mar sin a atógáil in aon bhealach ceart. In 2009, tugadh €2 milliún i ndeontais faoin Acht seo. Tá sé ann agus is féidir é a dhéanamh. Dá réir, is féidir ceist eisceachtúil a dhéanamh den Ghaeilge agus cuidiú le lánúineacha atá ag triail le tithe a fháil. Ní féidir leo tithe a fháil mar níl siad ar díol. B'fhéidir go bhfuil siad á ligean ar Airbnb. Tá cás ar leith anseo. Is é seo an bealach chun infheistíocht a dhéanamh go tapa. Aithním an méid atá ag tarlú ach tá sé ag tarlú go an-mhall.
Sentiment score: -0.06
Cloisim cad atá á rá ag an Aire ach tá frustrachas ar mhuintir na Gaeltachta toisc go raibh siad ag siúl le treoirlínte pleanála Gaeltachta. Tá na treoirlínte sin tar éis bás a fháil. Tá an tAire ag caint faoi ráiteas anois a thiocfaidh agus a bheidh ag dul amach go comhairliúchán. Tá sé ag caint faoi bhlianta eile. Is an rud céanna é faoi Bhille Údarás na Gaeltachta. Níl sé rite so níl na cumhachtaí sin ag an údarás faoi láthair. Táimid fós ag fanacht air teacht ar ais le go gcríochnóimid iad. Nílimid ag iarraidh go mbeadh aon mhoill air. Tá gá go mbeadh na rudaí seo ag tarlú anois mar is é seo an áit atá an fhadhb. An fáth go bhfuil mé ag cur na ceiste faoin Acht ar leith seo ná gur bealach tapa é seo fad is atáimid ag fanacht ar na céimeanna eile. Mura dtarlaíonn sé sin, beidh sáinn ann. Beidh BÁNÚ, an eagraíocht atá ag tabhairt tacaíochta do cheantair Ghaeltachta maidir le tithíocht, ag éirí níos mó. Tá an ceart ag an Aire go bhfuil ról ag na comhairlí contae. Ach anois láithreach, cá bhfuil Bille Údarás na Gaeltachta? Cá bhfuil na cumhachtaí? Cá bhfuil an gníomh chun déileáil leis an gceist éigeandála seo ó thaobh na Gaeltachta anois láithreach?
Sentiment score: -0.09