Barry Heneghan

Overall sentiment: -0.18
Back to Debate

6. D'fhiafraigh Deputy Barry Heneghan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht , cé go bhfuil sé le moladh as an ardú suntasach a baineadh amach i mBuiséad 2026 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, an bhfuil socrú déanta i dtaobh an €2 mhilliúin a gealladh a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge ón 1 Eanáir 2026; agus mura bhfuil, i bhfianaise na bhfadhbanna struchtúrtha a bhaineann le maoiniú an Fhorais, an bhfuil réiteach eile socraithe aige maidir leis an airgead sin a dháileadh ar ghrúpaí pobail ón 1 Eanáir 2026; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68856/25]

Sentiment score: -0.19

Cuirim ceist faoi fhorbairt an phobal Gaeltachta. Cé go bhfuil an tAire le moladh as an ardú suntasach a baineadh amach i mbuiséad 2026 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, an bhfuil socrú déanta i dtaobh an €2 mhilliún a gealladh d’Fhoras na Gaeilge?

Sentiment score: 0.00

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá sé go deas é sin a cloisteáil. Maidir leis an maoiniú le haghaidh Foras na Gaeilge, ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil ar son mo Dháilcheantar agus ar son muintir na Gaeltachta. Bhí mé ag caint le hionadaithe agus tá siad an-bhuíoch. An féidir leis an Aire an €2 milliún atá beartaithe d’Fhoras na Gaeilge ó mhí Eanáir ar aghaidh a mhíniú? Can this funding be channelled directly through Foras na Gaeilge from that date? What interim or alternative solution has been designed so that community groups do not lose time or opportunities?

Sentiment score: 0.02

Ní raibh mé ag an gcruinniú sin; bhí mé ag cruinniú eile. Táim fíorbhuíoch as an €2 milliún sin d’Fhoras na Gaeilge. Bhí mé ag caint le hionadaithe aréir nuair a chuir an tAire an fógra amach. Gabhaim buíochas leis as sin. Agus muid ag caint mar gheall ar an nGaeilge agus Foras na Gaeilge, ba mhaith liom ceist eile atá ag goilliúint ar phobal mo dháilcheantar a ardú. B'fhéidir nach bhfuil an tAire in ann caint faoi. Tá mé ag caint faoi deighilt a dhéanamh idir an bhéalscrúdú agus ceist na gramadaí. Tá go leor daoine i mBaile Átha Cliath atá líofa sa Ghaeilge nach bhfuil in ann aon rud a chur ar pháipéar. An bhfuil éinne sa Roinn oideachais ag smaoineamh mar gheall ar an nGaeilge mar ábhar scoile a roinnt idir an bhéalscrúdú agus an ghramadach?

Sentiment score: -0.19

Tuigim é sin.

Sentiment score: -0.56