Conor D McGuinness

Overall sentiment: -0.09
Back to Debate

1. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén stádas atá ag na pleananna teanga i ngach Limistéar Pleanála Gaeltachta agus Baile Seirbhíse Gaeltachta; agus cén obair atá ar siúl chun an chéad ghlúin eile pleananna a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68522/25]

Sentiment score: 0.00

Is maith an áit í tosú ag uimhir a haon. Tá ceist atá agam don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, an Teachta Calleary, mar gheall ar an stádas atá ag na pleananna teanga in gach limistéar pleanála Gaeltachta agus bailte seirbhíse Gaeltachta. Cén obair atá ar siúl chun an chéad ghlúin eile do phleananna a fhorbairt? An ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh sin agus i dtaobh na moille atá i gceist le cuid de na pleananna sin?

Sentiment score: -0.20

Gabhaim buíochas leis an Aire as an gcuid sin dá fhreagra. Tá dea-obair ar bun ag na hoifigigh phleanála teanga agus na ceanneagraíochtaí. Bhí mé féin mar oifigeach pleanála teanga i nGaeltacht na nDéise tráth dá raibh. Feictear go bhfuil fás ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla i go leor limistéar pleanála teanga. Tá líon na nGaeltachtaí a bhfuil fás ag teacht orthu ag dul in airde de réir an daonáirimh is déanaí, ach tá moill i Roinn an Aire agus sa chóras. Tá ocht bplean tagtha chun deiridh. Tá plean amháin críochnaithe le trí bliana agus tá síneadh ama curtha leis. Ní fheictear go bhfuil aon dul chun cinn i dtaobh na bpleananna nua a fhorbairt. Tá seacht gcinn sa bhreis ag teacht chun deiridh i mbliana, rud a chiallaíonn go mbeidh 15 plean teanga as feidhm ag deireadh na bliana seo. Caithfidh muid an ghlúin nua de phleananna nua a chur i gcrích gan a thuilleadh moille. Bhí a fhios againn go maireann na pleananna seo seacht mbliana agus go raibh deireadh ag teacht leo. Ba cheart go ndéanfaí an obair seo cheana féin. Tá mé ag impí ar an Aire dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus an mhoill a sheachaint.

Sentiment score: -0.04

Gabhaim buíochas leis an Aire as é sin a admháil agus an obair atá ag dul ar aghaidh. Creidim go bhfuil obair ag dul ar aghaidh sa Roinn le dul i ngleic leis seo. I ndáiríre, ní rud maith é go bhfuil muid sa riocht seo. Ba cheart go seachnófaí é seo tamall ó shín. Caithfimid a admháil chomh maith go bhfuil fadhbanna le héiginnteacht. Tá sé go maith go bhfuil na pleananna chun a bheith sínte go dtí deireadh 2027 agus go mbeidh siad fós bailí agus a leithéid, ach caithfimid tuiscint go bhfuil difríocht idir an stádas agus an riocht ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta ar an talamh anois i gcomparáid le seacht mbliana ó shín. Tá rudaí tar éis athrú. Tá an ghéarchéim tithíochta, mar is eol don Aire, tar éis dul in olcas ó shin, mar shampla. Tá éiginnteacht ann i gcomhar na noifigeach phleanála teanga. Tá sé deacair do na ceanneagraíochtaí iad a chóiméad ina gcuid post nó iad a earcú chun na poist a líonadh. Anuas air sin, i dtaobh chúrsaí tithíochta de, tá Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile nach é ag iarraidh go mbeadh straitéis daonra agus tithíochta i ngach limistéir phleanála teanga. Ba cheart go mbeadh sé sin fite fuaite leis na pleananna teanga. Ba cheart go mbeadh an dá rud ag dul ar aghaidh ag an am céanna le chéile leis an taithí agus eolas céanna ag dul isteach sa straitéis agus phlean.

Sentiment score: -0.13