Dara Calleary

Overall sentiment: -0.04
Back to Debate

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Is é an sprioc atá leis an bpróiseas pleanála teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga phobail. Déantar é seo trí phleananna teanga a fheidhmiú i limistéir aitheanta a chuirfidh le húsáid na Gaeilge i réimsí áirithe sa phobal, mar shampla, sa teaghlach, i measc na hóige, sa chóras oideachais, san earnáil ghnó agus san earnáil phoiblí. Cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus fostaítear oifigigh phleanála teanga, OPT, le tabhairt faoin obair sin. Ceadaítear maoiniú ar bhonn bliantúil do 29 ceanneagraíochta pleanála teanga leis na pleananna teanga atá faofa do 26 limistéar pleanála teanga, LPT, agus dhá bhaile seirbhíse Gaeltachta, BSG, a fheidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Mar chuid den mhaoiniú sin, ceadaítear do na ceanneagraíochtaí OPT amháin, nó beirt i gcásanna áirithe, a fhostú. Faoi láthair, tá ceadanna in áit le 35 OPT a fhostú sna 26 LPT agus dhá BSG. Faoi scáth Fhoras na Gaeilge, tá seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht agus trí líonra Gaeilge ag feidhmiú. Anuas air sin, tá feidhmiú dhá líonra Gaeilge neamhreachtúil á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge ar an taobh ó thuaidh den Teorainn, is iad sin, Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste. Tá ról lárnach ag na hoifigigh phleanála teanga sa phróiseas pleanála teanga. Tá na hoifigigh phleanála teanga fostaithe ag na ceanneagraíochtaí éagsúla, ní hamháin sa limistéir phleanála teanga Ghaeltachta ach i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge araon. Is iad na hoifigigh phleanála teanga atá freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga faoina gcúram. Cuireann siad an Ghaeilge chun cinn, eagraíonn siad imeachtaí cultúrtha, cuireann siad acmhainní agus tacaíochtaí ar fáil d'fhoghlaimeoirí, agus bíonn siad rannpháirteach leis an bpobal agus na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag obair sna ceantair phleanála teanga. Tá sé i gceist go mbeidh na pleananna atá in éag cheana féin nó a bheidh ag dul in éag idir seo agus deireadh 2025 bailí go deireadh na bliana 2027 nó go dtí go n-aontófar pleananna nua, cibé acu is luaithe. Beidh aon phlean a théann in éag tar éis an 31 Nollaig 2025 bailí go ceann bhliain tar éis dó dul in éag nó go dtí go n-aontófar plean nua, cibé acu is luaithe.

Sentiment score: -0.14

Tá brón orm nach raibh seans agam mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta as a chuid oibre mar oifigeach pleanála teanga. Mar a dúirt mé, tá sé i gceist go mbeidh na pleananna atá in éag cheana féin, nó iad siúd a bheidh ag dul in éag idir seo agus deireadh na bliana seo, bailí go deireadh na bliana 2027 nó go dtí go n-aontófar pleananna nua, cibé acu is luaithe. Beidh aon phlean a théann in éag tar éis dheireadh mhí na Nollag 2025 bailí go ceann dhá bhliain tar éis dó dul in éag nó go dtí go n-aontófar plean nua, cibé acu is luaithe. Tuigim go bhfuil moill ann agus tá muid ag dul i ngleic leis an moill sin. Beidh €3 milliún bhreise sa bhuiséad le haghaidh an phróisis pleanála in 2026. Tá mé ag obair le hoifigigh na Roinne ar an moill agus bhí cruinniú ag oifigigh mo Roinne ar thaobh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste leis na hoifigigh phleanála teanga chun cúrsaí a phlé, idir cúrsaí buiséid agus eile.

Sentiment score: -0.09

Mar a dúirt mé sa fhreagra, tá an t-uafás oibre ar siúl ag na hoifigigh phleanála teanga. Baineann cuid den scéal agus fuinnimh atá sa teanga lena gcuid oibre. Tá siad an-láidir sa scéal sin. Tuigim go mór an brú atá orthu agus ar na ceanneagraíochtaí, ach tá muid ag foghlaim agus muid ag cur an clár seo ar siúl sa tír. As an bhfoghlaim agus an cleachtadh sin, beimid in ann rudaí a dhéanamh níos fearr. Tuigim an brú atá ar na hoifigigh phleanála teanga agus na ceanneagraíochtaí, go háirithe ó thaobh oifigigh pleanála teanga a chóiméad. Tuigim freisin na fadhbanna atá ann ó thaobh tithíochta de. Tá siad go léir ceangailte agus tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint ar an gceangal sin, ní hamháin ag mo Roinn – cé go bhfuil sé sin tábhachtach – ach ag Ranna eile, lena n-áirítear na Ranna oideachais agus tithíochta. Beimid ag plé na gcleachtaí ón athbhreithniú le hAirí eile, ní hamháin i mo Roinn féin. Tá suim mhór agam sa phróiseas seo. Tá suim mhór agam cleachtaí a fhoghlaim as an obair atá déanta go dtí seo agus leanúint ar aghaidh leis na hoifigigh phleanála teanga, na ceanneagraíochtaí agus ceanneagraíochtaí breise freisin.

Sentiment score: -0.17

Tuigim go maith na dúshláin atá ann i gceantair Ghaeltachta tithíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta do dhaoine áitiúla. Is dúshlán é seo a ghabhann níos leithne ná an Ghaeltacht féin ach tuigim go mór an brú atá ar cheantair Ghaeltachta. Agus é sin ráite, níl sé i gceist ag mo Roinn ag an bpointe seo na scéimeanna tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta), a cuireadh ar athló roinnt blianta ó shin, a thabhairt ar ais. Ó cuireadh na scéimeanna sin ar athló, tá scéimeanna eile bunaithe ag an Rialtas le tacú leo siúd atá ag iarraidh tithe a cheannach nó a thógáil. Mar go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil faoi na scéimeanna nua seo níos flaithiúla ó thaobh airgid de ná na scéimeanna tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta), is é tuairim mheáite mo Roinne nach bhfuil gá iad a athsheoladh ag an bpointe seo. Tá an méid atá geallta i bplean tithíochta an Rialtais don Ghaeltacht soiléir. Anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, tá sé geallta go bhfoilseofar ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú. Anuas air sin, tabharfaidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 cumhachtaí nua d'Údarás na Gaeltachta talamh a chur ar fáil ó phunann maoine na heagraíochta le haghaidh tithíochta do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Ó thaobh lóistín turasóireachta gearrthéarmach de, cuirfidh an Bille um ligean gearrthéarmach agus turasóireacht bonn reachtúil ar chóras nua clárúcháin le haghaidh ligean gearrthéarmach in Éirinn. Ní dhéanfaidh an Bille seo aon athrú ar na riachtanais phleanála atá ann cheana féin le haghaidh ligean gearrthéarmach in Éirinn, ach cabhróidh sé leis na húdaráis áitiúla na riachtanais phleanála atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Cabhróidh an Bille seo chomh maith le soiléireacht a thabhairt faoin gcuid seo de thionscal na turasóireachta agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn inbhuanaithe.

Sentiment score: -0.15

Ar an gcéad dul síos, is é seo an fáth go bhfuil an Bille nua faoi ligean tithíochta gearrthéarmach chomh tábhachtach is atá sé. Beidh treoirlínte ag na húdaráis áitiúla. Aontaím leis an Teachta go bhfuil brú ní hamháin ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ach ar an teanga. Táimid ag obair ar a lán rudaí ach níl sé simplí. Caithfimid a admháil nach bhfuil sé simplí. Táim ag bualadh leis an údarás chun obair leis maidir leis an talamh atá aige ag an bpointe seo agus chun a fháil amach an bhfuil an talamh sin ullamh le haghaidh tithíocht, ní hamháin ó thaobh seirbhísí ach ó thaobh pleanála freisin. Beidh muid ag déanamh na hoibre sin leis an údarás. Tá ról mór ag na húdaráis áitiúla, na comhairlí contae, maidir leis seo freisin. Tá mé tar éis cúpla cruinniú a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae sin. Beidh cruinniú eile agam i mí Eanáir chun brú a chur orthu, mar údaráis áitiúla pleanála, chun obair a dhéanamh ar an bpíosa seo. Tá na Gaeltachtaí atá i limistéir na n-údarás áitiúil sin thar a bheith tábhachtach. Caithfidh na húdaráis áitiúla, na comhairlí contae, an tábhacht sin a thuiscint. Ag an bpointe seo, tá deis leis an athbhreithniú maidir le rezoning atá ar siúl ag an bpointe seo. Tá súil agam go dtapóidh siad an deis sin.

Sentiment score: -0.24

Beimid ar ais ag an mBille go luath san earrach. Roimh an mBille sin, tá mé ag obair leis an údarás. Níl mé i mo shuí ansin. Tá mé ag obair chun go mbeidh tuiscint idir mé féin agus an t-údarás faoi stádas pleanála na talún atá aige i ngach chuid den Ghaeltacht. Níl aon fhadhb agam cumhachtaí a thabhairt don údarás don talamh atá aige ag an bpointe seo ach tá sé tábhachtach go dtuigfimid céard é stádas na talún sin ag an bpointe seo agus cén athruithe atá déanta. Níl aon phointe cumhacht a thabhairt don údarás murar féidir leis an chumhacht sin a úsáid mar gheall ar chúrsaí pleanála nó aon rialachán a bheidh ar an talamh sin. Táim sásta é sin a phlé leis an Teachta Ó Snodaigh nó leis an Teachta McGuinness i rith mí Eanáir chun go mbeidh tuiscint ar an sórt treo ina bhfuilimid ag dul.

Sentiment score: -0.35

I thank the Deputy for his question. My Department implements a wide range of schemes and supports that are available to community organisations and groups across the country. While my Department does not have a scheme specifically for community or homecoming festivals, there may be an avenue of support under the LEADER programme or potentially the local enhancement programme. In respect of the LEADER programme, in line with the programme for Government, LEADER has a strong focus on rural tourism and funding has been made available under the programme for festivals and local tourism initiatives. For example, I am sure the Deputy will be well aware of the Old Fort Quarter festival, which has been run very successfully in Portlaoise in recent years. That has received funding from LEADER. In order for a project to be eligible for LEADER funding, the proposed activity must be compatible with the actions outlined in the approved LEADER local development strategy and comply with the EU regulations and operating rules. The programme is administered by the local action groups, LAGs, across the country. Prospective applicants organising festivals should contact their relevant LAG. Moving to the local enhancement programme, which is run by the Minister of State, Deputy Buttimer, and me, this programme provides small capital grants to community and voluntary groups to improve facilities or purchase equipment. This may support groups that help run local festivals. We are finalising local enhancement programme for 2026 and will announce details of the new programme imminently.

Sentiment score: 0.36

I absolutely appreciate the role of any festival or gathering in any rural community. That is why we support the rural shows to the extent of €1 million right across the country, with over 130 of them. Fáilte Ireland, which is the predominant domestic tourism development agency, has a range of schemes in place for supporting local festivals and local community events, as do the local authorities. As I said, the LEADER programme supports festivals. There is one in Portlaoise and others in Ballinakill, Cullahill and Spink, across the Deputy's county. The LEADER programme has a very good track record of supporting festivals across County Laois. I know there are a number of local authorities around the country that provide current funding for festivals in local areas as well. We are more than happy to assist with capital funding through the LEADER programme, but given the existing level of support through Fáilte Ireland and other organisations, I have no plans to look at this proposal further at this point.

Sentiment score: 0.54

Absolutely. We did try to provide that information, but that feedback is coming back to me quite often, so we will consider a one-stop shop for that information. I acknowledge that it is predominantly volunteers who organise these festivals. These are people who are very busy elsewhere in their lives and are probably involved in multiple other organisations in their communities at the same time. We will try to ensure we have a one-stop shop to provide the information. I wish to bring the attention of every Deputy here this morning to the fact we are finalising the current consultation on Our Rural Future, which is our scaffolding document for rural policy. The final date for submissions is 12 December, which is tomorrow week, and I encourage all Deputies to look at the current draft and to input into that review. If there are suggestions or proposals similar to those the Deputy has, every Deputy should try to make those and we will incorporate the views of Oireachtas Members into the document. It is the scaffolding document on which we will build projects and funding programmes over the next five years.

Sentiment score: 0.18

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tabharfaidh mé seans dó a breath a fháil. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn buiséid bhliantúla na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas, an Foras Teanga san áireamh. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, de réir an chóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga. D'fhreastail mé ar chruinniú de chuid an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i gCampas Síochána Mhuineacháin inné, an 3 Nollaig, inar aontaíodh pleananna gnó agus buiséid 2026 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise. Mar thoradh air seo, cuirfear maoiniú comhaontaithe de €20 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise in 2026. Anuas air seo, cuimsítear sna pleananna gnó go mbeidh maoiniú imfhálaithe á chur ar fáil ag mo Roinn don fhoras agus don ghníomhaireacht le cláir agus gníomhaíochtaí ar leith a reachtáil in 2026. Cuimsíonn sé seo an maoiniú breise a fuair mé mar chuid de bhuiséad 2026. Tá áthas orm a fhógairt go n-ardófar maoiniú chlár na leabhar Gaeilge go €2 milliún in 2026, an leibhéal is airde riamh. Chomh maith leis sin, cuirfear maoiniú breise os cionn €2 milliún ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge in 2026. Cuirfear €200,000 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise do thograí bainteach le gníomhaíochtaí ar leith i gContaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin agus an Chabháin, agus níos faide ó dheas de réir a chéile. Tabharfaidh sé seo ar fad cinnteacht don bhForas Teanga agus do na heagraíochta agus grúpaí pobail ar fud an oileáin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta agus maoinithe a chuirtear ar fáil.

Sentiment score: -0.05

Tá muinín agam anois mar gheall ar an airgead breise. Níl aon chúis ann go gcaillfeadh aon ghrúpa am nó airgead. Bhí mé soiléir le m’oifigigh agus leis an bhforas nach raibh mé ag iarraidh go mbeimid san áit céanna a raibh siad sa tréimhse dheireanach. Mar a dúirt mé sa fhreagra, tá cinnteacht ag Foras na Gaeilge faoin airgead breise atá acu le caitheamh ar ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge. Leis an gcinnteacht sin, beidh bord an fhorais in ann plean gníomhaíochta agus plean gnó a aontú leis na heagraíochtaí. Mar gheall ar an airgead breise, ní bheidh aon ghá leis na fadhbanna a bhí againn i rith na bliana. Tuigim, i ndiaidh na comhráite a bhí agam le príomhfheidhmeannach an fhorais agus le cathaoirleach bhord an fhorais inné go bhfuil siad ag ullmhú agus ag caint leis na heagraíochtaí Gaeilge. Tá oifigigh mo Roinne ag caint leo freisin. Tá muinín agam go mbeidh bliain fhada agus láidir ag an bhforas agus, go háirithe, ag na heagraíochtaí faoi stiúradh an fhorais.

Sentiment score: -0.06

Ní hé sin mo chúram. Baineann sé leis an Aire oideachais agus an Roinn oideachais.

Sentiment score: -0.28

Fad is atáimid ag caint faoi, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil Gaeilge ag gach duine sa tír seo. Ba cheart go mbeimid in ann í a úsáid gan ghearán. Tá sé tábhachtach go mbeadh muinín ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid gan daoine a bheith ag magadh fúthu. Tá sí againn. Ba cheart go dtabharfadh daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu seans do dhaoine nach bhfuil chomh líofa céanna a gcuid Gaeilge a úsáid agus a labhairt. Tá sé tábhachtach go gcuirfimid béim ar an nGaeilge ó bhéal. Is é sin ceann de na cúiseanna go bhfuil cúrsaí ag éirí chomh láidir i dtaca leis an nGaeilge anois. Anseo i mBaile Átha Cliath tá Gaeilge 365 againn, ar bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar sprioc ag an gclár iontach seo cabhrú leis na húdaráis áitiúla seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Guím gach rath ar Gaeilge 365.

Sentiment score: -0.03