77. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an féidir leis a dheimhniú nach bhfuil sé beartaithe aon airgead breise caipitiúil a dheonú do Rannóg na Gaeltachta anuas ar an airgead a bhí socraithe cheana féin faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.. [56049/25]
Sentiment score: 0.00
Is é an fáth leis an gceist seo ná go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil athrá á rá, nó beagán cur i gcéill, maidir leis an airgead breise caipitil a dúirt an tAire go raibh á thabhairt do Roinn na Gaeltachta laistigh den bhuiséad, airgead a bhí geallta nó fógartha cheana féin sa phlean forbartha náisiúnta.
Sentiment score: 0.00
Dar ndóigh, fáiltím roimh aon airgead breise a chaithfear ar thograí Gaeilge. D’fháiltigh mé roimhe seo nuair a tugadh an gealltanas sa national development plan, nó an plean forbartha náisiúnta, go gcaithfí an t-airgead seo. Is í an cheist ná cén fáth a bhfuil athrá á dhéanamh, amhail gur stuif nua iad seo? Is rudaí iad a bhí geallta cheana féin, go háirithe na trí thogra atá luaite ag an Aire. Ní fhaca mé fós aon bhriseadh síos den airgead caipitil atá á chur ar leataobh. Cá mhéad den sciar sin a chaithfear ar an ionad cultúir ar Shráid Fhearchair, ar Choláiste Lurgan agus ar an gcé, dar ndóigh, atá le hathtógáil, nó a ndéanfar athstruchtúrú uirthi? An cheist ansin ná cad atá fágtha d’Údarás na Gaeltachta.
Sentiment score: -0.08
Tuigim nach bhfuil an tAire ag iarraidh méid an sciar a chraobhscaoileadh ag an staid seo má tá tenders ar siúl nó a leithéid, ach más €54 milliún de chaipiteal atá i gceist san iomlán, cé mhéad de sin a bhéas fágtha d’Údarás na Gaeltachta tar éis an trí togra eile? Tá an tAire tar éis a rá go bhfuil a fhios againn cé mhéad atá ag dul nó a bhéas ag dul d’Inis Oírr. Faoin staid seo, ba chóir go mbeadh tuairim éigin ann maidir leis an méid den sciar a bhéas ag dul ar 6 Sráid Fhearchair mar bhí sé sin tuartha nuair a tosaíodh an project ar an gcéad dul síos. Tuaradh é nuair a bhí an plean forbartha náisiúnta á phlé agus an rud ceannann céanna faoi Choláiste Lurgan. Tá tuairim ann cheana féin faoin gcostas mar ní bheadh an figiúr anseo ach amháin go bhfuil an briseadh síos sin ag an Aire agus gur lorg sé méid áirithe do gach ceann de na tograí sin. Tá briseadh síos ag teastáil ionas gur féidir linn fios a bheith againn cé mhéad airgead caipitil atá ar fáil sa bhreis ar an méid don trí togra sin agus an mbeidh sé ar fáil don údarás.
Sentiment score: -0.40