Dara Calleary

Overall sentiment: -0.22
Back to Debate

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tabharfar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta, 2012 do líonraí Gaeilge ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna líonraí éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga fhorordaithe. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoi Acht na Gaeltachta as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna líonraí Gaeilge. Tá trí líonra Gaeilge ceadaithe go dáta faoin bpróiseas faoi Acht na Gaeltachta. Is iad sin: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Anuas air sin, ta dhá ceann sa Tuaisceart - Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste - ceadaithe faoi phróiseas neamhreachtúil atá á riar ag Foras na Gaeilge. In 2020, rinne Foras na Gaeilge athbhreithniú ar scéim pobal Gaeilge de chuid na heagraíochta agus, mar chomharba uirthi sin, fógraíodh an scéim forbartha líonraí Gaeilge. I measc aidhmeanna na scéime seo, tá béim faoi leith ag deontaithe reatha na scéime oibriú i dtreo aitheantas mar líonra Gaeilge a bhaint amach. Tríd an scéim, tá grúpaí á gcumasú le teacht chun tosaigh agus a chur isteach ar an chéad bhabhta eile den phróiseas iarratas reachtúil. Trí Fhoras na Gaeilge, agus le beannacht mo Roinne, tabharfar cuireadh d'eagraíochtaí bheith ceaptha mar cheanneagraiochtaí lionraí Gaeilge in am trátha. Toisc scéim forbartha líonraí Gaeilge a bheith ceangailte go dlúth le cuspóirí Acht na Gaeltachta, 2012, cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge síneadh ama le deontaithe reatha de chuid scéim forbartha líonraí Gaeilge go deireadh 2026. Déanfaidh mé cinneadh mar Aire ar cathain a chuirfear tús leis an gcéad timthriall eile d'ullmhú pleananna teanga i leith líonraí Gaeilge, ag tabhairt staid reatha an phróisis pleanála teanga, aiseolas ón bhForas agus na hacmhainní airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn san áireamh.

Sentiment score: -0.14

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tréaslaím go mór leis an obair atá ar siúl i gCill Dara faoi láthair agus le blianta anuas. Tá mé buíoch dó, dá athair agus don ghrúpa atá ag obair leo, as an obair sin. Mar is eol dó, bunaíodh Cill Dara le Gaeilge i 2014 agus tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil ó 2021 chun oifigeach fheidhmiúchán a fhostú agus chun na costais a bhaineann le plean oibre an duine sin a chlúdach. I measc na ndualgas atá ar an oifigeach sin, tá comhoibriú le gnólachtaí i gContae Chill Dara chun iad a spreagadh le breis a úsáid ina ngnólachtaí. Tá fostaí lánaimseartha eile ag an eagraíocht freisin atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Ó mo Roinn, i 2025, tá níos mó ná €90,000 ceadaithe do Chill Dara le Gaeilge. Mar sin, táimid dáiríre faoin obair atá ar siúl i gCill Dara agus seasann an Roinn go mór leis an obair sin. Níl aon dáta don chéad bhabhta eile maoinithe. Braitheann sé sin ar chúrsaí cáinaisnéise. Ós rud é go bhfuil obair iontach ar siúl, áfach, táimid sásta seasamh leis sin agus airgead a chaitheamh ar an obair sin i gCill Dara.

Sentiment score: -0.38

Tá an t-uafás oibre ar siúl i ngach cuid den tír. Tá 36 grúpa bainteach leis an nGaeilge i ngach cuid den oileán ag an bpointe seo, ní hamháin i gCill Dara. Tá naoi grúpa ann in áit a bhfuil líonra Gaeilge ann. Táimid ag obair le gach ceann de na grúpaí sin faoi chúrsaí airgeadais agus faoi chomhoibriú freisin. Tuigeann an tAire caiteachas phoiblí cé chomh tábhachtach is atá an scéim seo agus cé chomh tábhachtach atá an obair atá ar siúl. Beimid ag plé na hoibre thábhachtach seo i gcomhthéacs an chéad cáinaisnéise eile agus sa phlean forbartha náisiúnta atá ag teacht. Tá an t-ádh linn go bhfuil Aire sa Roinn caiteachas phoiblí a thuigeann cé chomh tábhachtach is atá ár dteanga agus cé chomh tábhachtach is atá sé í a spreagadh. I gcomhthéacs an chéad cheithre bhliain eile, tá muinín agam go mbeimid in ann dul ar aghaidh leis na grúpaí sin.

Sentiment score: -0.14