83. D'fhiafraigh Deputy Naoise Ó Cearúil den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le haitheantas a bhronnadh ar bhailte a chuir isteach ar Líonraí Gaeltachta, cathain is féidir leis na gceantair sin a bheith ag súil go mbronnfar an stádas sin orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37816/25]
Sentiment score: -0.27
Cén dul chun cinn atá déanta maidir le haitheantas a bhronnadh ar bhailte a chur isteach ar stádas mar líonra Gaeltachta? Cathain gur féidir leis na ceantair sin a bheith ag súil go mbronnfar an stádas sin orthu?
Sentiment score: -0.40
Gabhaim buíochas leis an Aire. Mar atá ráite aige cheana féin, tá trí cinn de na líonraí seo in Éireann faoi láthair: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Ó thuaidh, tá Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste chomh maith. Ó thaobh Cill Dara go háirithe, tá Cill Dara le Gaeilge ann. Is eagraíocht é seo atá ag déanamh iarracht líonra Gaeilge a bhunadh i gCill Dara. Tá an oiread sin Gaeilge á labhairt i gCill Dara. Breathnaím ar Mhaigh Nuad, mo bhaile féin, mar shampla. Tá dhá Ghaelscoil i Maigh Nuad agus tá Gaelcholáiste ann. Tá Ollscoil Mhá Nuad ann, ar ndóigh, agus Coláiste Phádraig Má Nuad chomh maith. Tá Gaeilge Nuada ag déanamh an-obair ansin, chomh maith le Gaeilge an Bhradáin i Léim an Bhradáin. Ní hamháin go bhfuil mé ag breathnú ar Cill Dara le Gaeilge agus Nás na Ríogh agus Sult na Sollán ach tá mé ag breathnú ar Mhaigh Nuad chomh maith ó thaobh líonra Gaeilge sa todhchaí. Ceist amháin atá agam ag teacht as sin ná cathain a mbeidh an chéad bhabhta maoinithe eile ar fáil do na heagraíochtaí sin?
Sentiment score: -0.11
Gabhaim buíochas leis an Aire. Buíochas leis as an aitheantas sin chomh maith. Tá sé seo an-tábhachtach do na pobail Ghaeilge seo, go háirithe lasmuigh den Ghaeltacht. Ní airgead amháin atá ann. Tuigim go bhfuil airgead i gceist sa chás seo ó thaobh líonra Gaeilge a bhunú ach is rud fíorthábhachtach é an t-aitheantas mar líonra Gaeilge do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go háirithe i gCill Dara ach timpeall na tíre chomh maith in áiteanna cosúil le Maigh Eo agus Baile Átha Cliath. Tá sé feicthe againn cé chomh maith is atá an líonra ag dul i gCluain Dolcáin mar shampla, agus i mbailte eile. Tá na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath chomh maith agus tá a lán eagraíocht eile ar fud fad na tíre. An iarratas dheireanach atá agam ar an Aire ná go n-iarrfadh sé ar an Aire Airgeadais an t-airgead a chur ar leataobh don cháinaisnéis do na líonraí Gaeilge seo - go háirithe i gCill Dara, mar shampla. Go raibh míle maith ag an Aire as an méid oibre atá á dhéanamh aige go dtí seo.
Sentiment score: -0.06