Tá Foras na Gaeilge ag freastal ar phobal na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad. Tá an-bhuairt ar na heagrais éagsúla a bhfuil an foras ag freastal orthu nach bhfuil an maoiniú oiriúnach ar fáil dóibh. Cén teagmháil a bhí ag an Aire leis an bhforas go dtí seo chun a chinntiú go mbeadh an maoiniú oiriúnach acu?
Sentiment score: -0.02
Is maith é go bhfuil an teagmháil á brú ar aghaidh ag an Aire. Tá buairt ar phobal na Gaelainne agus ar na heagrais éagsúla. Teastaíonn uathu a chinntiú go mbeidh maoiniú oiriúnach ar fáil do na heagrais ar fud an oileáin ar fad. Tuigim go bhfuil an Rialtas ó Dheas sásta a chuid mhaoiniú a chur ar fáil ach gurb amhlaidh go bhfuil an brú ag teacht ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh agus nach bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag cur a sciar den airgead ar fáil. Is é sin an áit a bhfuil an deacracht. An féidir brú a chur ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh, ar an DUP agus ar Shinn Féin a dhualgais a chomhlíonadh agus tacaíocht a thabhairt don fhoras agus do na heagrais Ghaeilge ar fud an oileáin ar fad?
Sentiment score: -0.11
Gabhaim buíochas leis an Aire. Ar an gcéad dul síos, caithfimid díriú isteach ar riachtanais phobail na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad. Más rud é nach bhfuil an Feidhmeannas ó Thuaidh ag freastal ar phobal na Gaelainne agus ag cur maoiniú cuí ar fáil - chonaiceamar anuraidh an tslí ina bhfuil sé ábalta maoiniú a chur ar fáil - an féidir an córas a athrú gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta? An bhfuil slí eile chun é sin a láimhseáil más rud é nach bhfuil an Feidhmeannas ó Thuaidh in ann freastal ar phobal na Gaelainne? Tá sé fíorthábhachtach gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ach teastaíonn uainn a chinntiú gur féidir freastal ar phobal na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad.
Sentiment score: -0.13
89. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta chun scéim na mbóithre áise a chur ar fáil arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38150/25]
Sentiment score: 0.00
Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Nuair a bhí scéim na mbóithre áise ag feidhmiú cheana féin, bhí sí an-chabhrach do phobal na Gaeltachta. Déanadh athchóiriú ar bhóithre ar fud na nGaeltachtaí. Cén dul chun cinn atá déanta anois chun an scéim sin a oscailt agus a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta arís?
Sentiment score: -0.21
Gabhaim buíochas leis an Aire. Bhí an scéim an-úsáideach i gcomhair phobal na Gaeltachta mar rinneadh athchóiriú ar an chéad píosa den bhóthar ar a raibh siad ag tiomáint ar maidin agus an píosa deireanach sa tráthnóna ar a raibh siad ag taisteal agus iad ag filleadh abhaile. Tá sí dírithe ar bhóithre a bhí fágtha ar leataobh go minic ag an gcomhairle contae de bharr go raibh siad ag díriú ar bhóithre níos gnóthaí. Tuigim nach mbeidh an scéim tosaithe thar oíche agus go mbeidh roinnt oibre sa chúlra i gceist. Cad iad na céimeanna atá tógtha go dtí seo chun an scéim sin a athoscailt? An bhfuil plé, mar shampla, le hÚdarás na Gaeltachta, le Roinn na Gaeltachta nó le comhairlí contae ar conas a dhéanfaí láimhseáil ar an scéim? Cad iad na céimeanna atá bainte amach go dtí seo cheana féin?
Sentiment score: -0.08
Cloisim an méid atá á rá ag an Aire mar gheall ar an scéim feabhsaithe áitiúil, nó LIS, atá ann faoi láthair. Is scéim an-úsáideach í agus cabhraíonn sí le feabhsú bóithre ar fud na tíre. Tá sé fíorthábhachtach, pé dul chun cinn a dhéantar, go mbeidh scéim na mbóithre áise ag feidhmiú go chomhthreomhar leis an LIS agus go mbeidh deis breise ag pobal na Gaeltachta feabhas a chur ar na bóithre, seachas blas Gaeltachta a chur ar an LIS do phobal na Gaeltachta amháin agus go gcaillfidh siad amach ar an scéim eile. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an dá rogha ar fáil do phobal na Gaeltachta agus gurb amhlaidh go mbeidh buntáiste do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Mar sin, teastaíonn uaim a chinntiú nach mbeidh scéim na mbóithre áise ag teacht in áit an LIS agus go mbeidh sí ag rith go comhthreomhar léi ionas go mbeidh an dá rogha ar fáil do phobal na Gaeltachta nuair a bheidh an scéim nua ann.
Sentiment score: -0.17
Tá an cheist seo bainteach leis an gcéim shuntasach a bhain muid amach cheana féin ag fáil stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Chomh maith leis an nGaeilge a bheith ag feidhmiú laistigh den chóras, an bhféadfadh an tAire a léiriú cén dul chun cinn atá á dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach?
Sentiment score: 0.00
De réir an embassy, táthar den tuairim go bhfuil thart ar 15,000 Éireannach sa Bhruiséil faoi láthair. Is Gaeilgeoirí iad an-chuid acu. Mar shampla, chonaiceamar an clár teilifíse “La Vie sa Bhruiséil” ina léiríodh an pobal beo bríomhar atá inti. Mar sin, lasmuigh den chóras oifigiúil, is léir go bhfuil pobal Gaeilgeoirí ann. An bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun tacú le pobal na Gaeilge lasmuigh den chóras oifigiúil chun go mbeidh, mar shampla, Gaeilge le cloisteáil sa Bhruiséil nó aon áit eile sa tslí céanna is atá an Pholainnis nó aon teanga eile le cloisteáil?
Sentiment score: -0.11
Céim shuntasach a bhí ann chun an t-aitheantas don Ghaelainn a bhaint amach. Sa bhliain 2005, bhí an chéim ba mhó ann. Thug sé ardú meanman. Bhí foireann mhór ateangairí agus go leor eile ag teastáil chun a chinntiú go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm sa chóras sa Bhruiséil. An bhfuil go leor daoine ar fáil? An bhfuil an fhoireann ann? Is dócha go bhfuil an Rialtas in iomaíocht le hateangairí sa tír seo chomh maith. An bhfuil céimeanna á dtógáil chun a chinntiú go mbeidh daoine breise, ateangairí agus aon duine eile atá bainteach leis an gcóras féin ina measc, ar fáil sa Bhruiséil agus sa tír seo?
Sentiment score: 0.00
105. Deputy Aindrias Moynihan asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht the measures being taken to address the long wait time for applicants under the local improvement scheme in Cork North-West; and if he will make a statement on the matter. [38149/25]
Sentiment score: 0.16