Tá go leor cainte faoi chúrsaí infreastruchtúir faoi láthair. D’ardaigh mé cheana leis an Taoiseach na fadhbanna sa bhuninfreastruchtúr i gConamara. Ciallaíonn sé sin an cineál infreastruchtúr simplí atá ag teastáil ionas go mbeadh daoine in ann a bheith ina gcónaí in áit agus go mbeadh siad in ann obair ann freisin. Ceann de na rudaí bunúsacha sin ná cúrsaí leathanbhanda. Tá áiteanna ar fud fad Conamara nach bhfuil leathanbhanda iontu, ach tá ceantair freisin atá sách gar don chathair áit nach bhfuil leathanbhanda ach in áiteanna áirithe sna bailte sin. Cén uair a cheapann an Taoiseach go mbeidh an buninfreastruchtúr sin ann do mhuintir Chonamara, go háirithe nuair atáimid ag caint ar chúrsaí leathanbhanda dóibh siúd a bhfuil gnólachtaí acu, mar shampla?
Sentiment score: -0.38