Tairgim leasú Uimh. 20: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás tionól poiblí a eagrú i ngach ceantar atá sainithe de réir alt 26D nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú chun tuairimí an phobail Gaeltachta a lorg maidir le feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a leathnú agus déanfar a gcuid moltaí a chuimsiú i dtuarascáil a bheidh le foilsiú agus le cur faoi bhráid Choiste Gaeilge an Oireachtais nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a achtú.”.”. Is leasú cuibheasach simplí é seo ar shlí amháin. Táimid ag iarraidh go gcinnteofar san alt seo nach ndéanfar dearmad ar an bpobal i gcoitinne agus go mbeadh siad lárnach agus muid ag díriú ar cheist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí tús á chur leis an bplé ar an mBille seo ag an stad réamhreachtach - nó fiú roimhe sin, nuair a bhí plé á dhéanamh maidir leis an nGaeltacht agus feidhmeanna an údaráis - bhí trácht ar fheidhmeanna breise a thabhairt don údarás agus tacaíocht a thabhairt dó chun ról níos lárnaí a bheith aige. Tá athruithe tar éis tarlú thar na blianta ón mbunról a bhí ann. Tréaslaím leis an údarás as an obair atá á déanamh aige ag an stad seo leis an gcaiteachas atá leagtha síos dóibh. Molaim an cur chuige atá tar éis a bheith aige, ní hamháin ó thaobh tionsclaíocht agus fostaíocht a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta ach a chinntiú, tríd an bhfostaíocht sin a mhealladh, go bhfuil bunús níos láidre sna ceantair sin chun a chinntiú go mbeadh an pobal in ann maireachtáil. Tá a fhios againn ar fad - labhraíomar faoi cheana agus b’fhéidir go labhróimid faoi arís níos déanaí - faoin bhfadhb bhunúsach atá ann anois maidir le cinntiú go bhfanfaidh an pobal sna ceantair seo agus nach mbeidh bánú ag tarlú mar a bhí roimhe seo. Thréig a lán daoine na ceantair Ghaeltachta thar na blianta agus na cianta toisc nach raibh fostaíocht ná seirbhísí ann, de bharr an Ghorta agus toisc go raibh bochtanas i gceist leo. Diaidh ar ndiaidh, tháinig an pobal i réim. Tríd an bhfeachtas Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, d’éirigh leo roinnt de na cearta a bhí ag dul dóibh a bhaint amach. Tharla maolú ar an imirce as na ceantair sin toisc go raibh poist iontu agus toisc go raibh seans go mbeadh daoine in ann maireachtáil iontu. Tá sé athraithe go hiomlán arís an uair seo, agus ní de bharr easpa post. B’fhéidir go bhfuil roinnt de sin i gceist, ach don chuid is mó, is leis an easpa infreastruchtúir, seirbhísí agus tithíochta ach go háirithe a bhaineann fadhbanna na Gaeltachta anois. Sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeimis ag díriú ar fheidhmeanna níos leithne a thabhairt don údarás chun a chinntiú go mbeidh an t-údarás in ann bheith lárnach sna hathruithe is gá dó a ghlacadh chun cuidiú leis an bpobal a bhfuil sé in ainm is a bheith ag freastal air. Rinne Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge 20 moladh ina ghrinnscrúdú ar an reachtaíocht seo. I dtús báire, mhol an comhchoiste “gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach.” Síleann Sinn Féin nach féidir leis an údarás tabhairt faoin obair ar fad atá aige gan tacaíocht bhreise. Cad iad na feidhmeanna sin? Níl sé de chead againn na feidhmeanna a liostáil, mar a luaithe is a chuirfimis liosta le chéile de na feidhmeanna gur chóir go mbeadh ag an údarás, rialófaí na leasuithe sin as ord de bharr go gcuirfí muirear ar ioncam an Stáit nó an phobail. Sin an fáth go bhfuil orainn teacht timpeall air. Rinne an comhchoiste an moladh sin. Nuair a foilsíodh an reachtaíocht, ní raibh na cumhachtaí nó na feidhmeanna breise seo soiléir agus níl siad ann. Tá an leasú seo ag triail teacht timpeall ar an block atá orainn maidir le moltaí praiticiúla a chur chun cinn chun cuidiú leis an údarás na feidhmeanna breise seo a comhlíonadh, agus go mbeadh ar an údarás tionól poiblí cosúil le citizens’ assembly a reáchtáil i ngach uile toghcheantar laistigh de bhliain ó achtú an Bhille seo. Táimid ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais don phobal áitiúil chun féachaint cad iad na héilimh, fadhbanna agus bearnaí atá ann ó thaobh seirbhísí de agus cad, dá réir, iad na cúraimí breise don údarás, lena fheidhmeanna breise, amach anseo, agus go mbeadh reachtaíocht eile ann díreach ag déileáil le ceist fheidhmeanna an údaráis. Nuair a moladh na leasuithe seo ag amanna difriúla thar an gcúpla bliain dheireanach agus nuair a dúradh gur cóir go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil leis, dúradh linn go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil le ceist thoghchán an údaráis agus go dtiocfadh reachtaíocht eile chun cinn amach anseo. Tá muid ag triail ag déanamh cinnte de, tríd brú a chur, go mbeidh an comhthionóil seo i gceist i ngach uile ceantar. Táimid ag cinntiú go mbeidh an reachtaíocht eile ag teacht. Nuair atá an reachtaíocht seo rite, níl a fhios againn cén uair a bheidh an Roinn nó an Aire ag díriú isteach ar na bearnaí atá aitheanta againn cheana. Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh go mbeidh cinnteacht i gceist. Agus muid ag díriú isteach ar cheist an údaráis, d'iarr mé go díreach Leabharlann an Oireachtais conas mar a chaitear le pobail dá leithéid i dtíortha eile - pobail teangabhunaithe atá imeallach nó nach bhfuil chomh láidir sin. Rinne Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais imscrúdú ar eagrais eile do phobail mionlaigh teanga chun fáil amach an bhfuil difríocht mhór i measc na cúraimí éagsúla atá faoina stiúir. Níl aon eagras díreach mar an gcéanna leis an údarás, ach tá cinn eile gur féidir díriú isteach orthu, mar shampla ceann atá bunaithe i gCríoch Lochlannach le haghaidh an pobal Sámi. Tá dualgas ar leith ar an Stát dul i mbun comhrá leis an bpobal mionlaigh maidir le haon ábhar thábhachtach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar stádas an phobal sin. Bíonn cead ag an bParlaimint Sámi moltaí a chur chun cinn chuig na húdaráis. Tá stádas i bhfad ar níos láidre ag an bpobal Sámi i gCríoch Lochlannach ná mar atá faoi láthair ag pobal na Gaeltachta. Sin an sórt rud ar chóir dó a bheith níos láidre. Thar na blianta, ní raibh an tacaíocht nó an chosaint céanna ag pobal na Gaeltachta, toisc go raibh siad imeallach sna comhairlí contae agus ó thaobh an Stát de. Nuair a ardaíodh na ceisteanna seo, déanadh neamhaird orthu agus níor tugadh an stádas ceart do na moltaí a bhí ag teacht ón bpobal. Déanadh neamhaird ar an údarás toisc nár aithníodh i súile an mhaorlathais an ról atá aige an tionsclaíocht a chur chun cinn nó an ról lárnach atá aige an teanga dúchais a chosaint sna ceantair ina bhfuil sé bunaithe agus lonnaithe go fóill. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh cás go bhfuil eisceacht i gceist. Tá an cás sin déanta ann féin toisc go bhfuilimid ag déileáil le húdarás ar leith don Ghaeltacht, ach táimid ag iarraidh go mbeidh an údarás sin in ann cásanna eisceachtúla a dhéanamh chun dul i mbun oibre nach bhfuil á déanamh ag na heagrais Stáit eile. Luadh Uisce Éireann mar shampla d'údarás nach bhfuil chun díriú isteach ar chás eisceachtúil a dhéanamh don Ghaeltacht i gcomparáid le ceantair iargúlta eile ina bhfuil an Béarla chun cinn. D'fhéadfainn na bóithre tuaithe a lua mar shampla eile. Tá a fhios agam go bhfuil gach uile bóthar tuaithe chomh tábhachtach lena chéile, ach má tá beocht agus todhchaí ár dteanga náisiúnta ceangailte le bóithre tuaithe i gceantair áirithe, atá b'fhéidir níos iargúlta i gcomparáid le ceantair eile, ba chóir go mbeadh stádas níos tábhachtaí acu. Is féidir é sin a dhéanamh trí tacaíocht a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis an údarás a ladar a chur isteach sa scéal. Más gá ciste ar leith a chur ar bun le déileáil le ceisteanna uisce, ceisteanna infreastruchtúr nó ceisteanna leictreachais i gceantair áirithe, is é sin an sórt céim breise a ghlacfar leis. Is é an moladh atá agam ná go mbeidh an cheist sin á phlé, á chíoradh agus á chur chun cinn sna ceantair difriúla. Níl cónaí orm sa Ghaeltacht agus mar sin ní bheidh mé ag déileáil leis sin. Tá an pobal áitiúil á rá má tharlaíonn rúdaí ar leith - tá an t-eolas acu - beidh sé i bhfad níos éasca orthu clainne a thógáil agus a chinntiú nach mbeidh daoine i gceantair iargúlta nó imeallacha ag bogadh isteach sna cathrachra nó ag tréigeadh na Gaeltachtaí. Bheimis ag mealladh daoine le Gaeilge nó daoine a bhí ag cónaí sna Gaeltachtaí roimhe seo isteach sna ceantair sin, toisc go mbeidh na seirbhísí ar fáil is go bhféadfaí na tithí a thógáil. Bheimis ag fáil tacaíocht ón údarás, ní hamháin ar cheisteanna tionsclaíochta agus fostaíochta, ach ar cheisteanna eile chomh maith. Sin an fáth go bhfuil an moladh seo chomh tábhachtach.
Sentiment score: -0.23
Tá sé go maith gur cuireadh tús leis na comhráití maidir le tithíocht. Arís, tá súil agam go bhfeicfear na treoirlínte am éigin i mbliana mar tá sé chomh fada sin ó gealladh iad. Tá a fhios agam trí dhéileáil leis an Aire agus leis na hAirí Gaeltachta eile nach bhfuil an locht orthu in a lán slite in ainneoin go gcuireann na hAirí tithíochta an locht orthu toisc an mhoill. Tá fadhbanna maidir le heisceacht a dhéanamh as ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair eile atá ag lorg plean níos cuimsithí maidir le tithíocht ina gceantair féin. Táimid ag déileáil le seoid ar leith anseo áfach agus má chaillimid an tseoid seo, sin é. Ní féidir í a athchruthú. Mar sin, tá cosaint ar leith ag teastáil. Nuair a théann tú siar go dtí an reachtaíocht a bhí ann i dtús báire nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus an tAcht a ritheadh in 1978, d’aithin iad siúd a chur le chéile é seo. D’aithin siad, toisc feachtas chearta sibhialta na Gaeltachta, go raibh gá le húdarás agus go mbeadh feidhmeanna ar leith aige. In ainneoin nach raibh sé leagtha síos go beacht, luaitear in alt 9 san Acht seo go bhfuil sé mar fheidhm bhreise ag an údarás “chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair”. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na bunfhadhbanna arís. Sna blianta ina dhiaidh sin, díríodh isteach i dtús báire ar an bhfadhb ba bhunúsaí a bhí ann, is é sin nach raibh fostaíocht ann chun muintir na háite a choimeád sna ceantair sin. Is í sin an fhadhb ba bhunúsaí in 1978 agus 1979. Na daoine a d’aithin agus a chur an fhadhb sin chun cinn ná an pobal áitiúil, pobal na Gaeltachta, ní an Rialtas ná na húdaráis áitiúla. Ní hiadsan a tháinig chun tosaigh leis na fadhbanna seo. Bhí aitheantas ann go raibh stádas ar leith ag pobal na Gaeltachta. Bhí aitheantas ann gur thuig siad a gceantair. Aithním agus molaim na coistí réigiúnacha agus tá leasú eile agam maidir leo siúd ach beidh siad ag tarlú diaidh ar ndiaidh. Beidh na coistí sin ag déileáil le ceisteanna nuair a dhúntar oifig an phoist má tharlaíonn sé sin. Is é sin an sórt jab atá acu - cosaint a dhéanamh ar rudaí mar seo agus déileáil le cúrsaí ó lá go lá, gach trí mhí nó pé uair a bhíonn na cruinnithe ann. Cosúil leis na comhdhálacha saoránach eile atá tar éis tarlú, agus bhí ceann ann maidir le drugaí agus coinbhinsiún ar an mBunreacht chomh maith a rinne déileáil le réimse rudaí, an cheist atá anseo, áfach, ná go mbeadh an comhthionól saoránach seo sna ceantair Ghaeltachta agus an jab a bheadh aige ná a fhiosrú cad iad na feidhmeanna breise ar ghá a liostáil nach bhfuil tugtha ag an Rialtas don údarás go dtí seo. In alt 9 sa bhunreachtaíocht, bhí sé i gceist go dtabharfaí na cumhachtaí sin le hordú ón Rialtas. Ní raibh gá go mbeadh reachtaíocht nua ann. Is é sin an bunchoincheap a bhí ann. Bhí aitheantas ann go raibh na fadhbanna seo ann agus gurb é seo an bealach chun tabhairt fúthu. Anois agus muid beagnach 50 bliain níos déanaí, caithfidh an t-údarás nó muidne mar Theachtaí i gcóras daonlathais díriú isteach ar cheisteanna nua agus b’fhéidir roinnt do na seanceisteanna a bhí ann agus ansin tabhairt faoi na fadhbanna sin a leigheas. Leag mé síos roinnt de na fadhbanna a thuig mise ón taobh amuigh. B’fhéidir go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Teachta McGuinness atá in aice liom. Tá sé níos gafa le ceantair Ghaeltachta ná mar atá mise agus mé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach ní hé sin le rá go bhfuil aineolas orm mar tá na feachtais nó na grúpaí difriúla tar éis roinnt dóibh seo a chur chun tosaigh ag Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge thar na blianta agus fiú roimhe sin agus mé ag buaileadh agus ag déileáil le ceist na Gaeilge leis na cianta. Tá mé den tuairim gur gá dúinn díriú isteach air sin. Luaigh mé an taighde a rinneadh roimhe seo maidir le pobal na Sámi. Ní hé Parlaimint na Sámi an t-aon a bhfuil cumhachtaí nó aige nó plé á dhéanamh. In ainneoin nach bhfuil aon eagras eile díreach cosúil le hÚdarás na Gaeltachta, tá eagrais eile ar fud na hEorpa, idir eagrais stáit agus neamhrialtais, a bhfuil róil difriúla acu. Tá roinnt acu ag déileáil le cúrsaí timpeallachta, cúrsaí meáin, an comhionannas, cearta daonna nó forbairt inmharthanachta. Fiú na grúpaí sin, tá siad ag déileáil le ceantair imeallacha agus déanann siad déileáil le cúrsaí oideachais. Mar sin seachas an tacaíocht bhreise a thugann Údarás na Gaeltachta do na cúrsaí nó na coláistí samhraidh agus b’fhéidir beagáinín eile ó thaobh cuidiú le daoine atá ag lonnú sa Ghaeltacht teacht ar an teanga féin, níl aon phlé ar, nó ní cuid de bhunról an údaráis faoi láthair é, caiteachas maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Tá agus beidh níos mó á dhéanamh aige. Tá ról lárnach ag an údarás agus aithníodh sin i bpobal oideachais na Gaeltachta. In ainneoin sin, áfach, tá an ról lárnach ó thaobh oideachais fós leis an Roinn oideachais agus ní cóir go mbeadh sé ciotrúnta ar cad atá á aithint ag an bpobal áitiúil nó ag an údarás áit atá bearnaí i gceist, agus mar an gcéanna le rudaí eile. Déanadh aitheantas nuair a bhí muid ag déileáil leis an Acht pleanála anuraidh go raibh gá le stádas ar leith. Ní dheachaigh an Stát chomh fada is a shíl mise gur chóir dó dul. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó de ról ag an údarás. Tá ról breise aige. Aithnímid é sin agus tá súil againn gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil na húdaráis áitiúla ag tabhairt aird ar na fadhbanna pleanála ar deireadh thiar thall. Níl muinín agam go ndéanann na húdaráis áitiúla aon rud ach an minimum faoi láthair. Tá i bhfad Éireann níos mó ná an minimum ag teastáil chun déileáil leis an ngéarchéim atá sna ceantair Ghaeltachta. Tá i bhfad Éireann níos mó cur chuige agus infheistíochta ag teastáil. Ní thiocfaidh sé sin ó na húdaráis áitiúla, mar tá a lán acu i ngéarchéim maoinithe cheana féin agus níl an t-airgead breise acu. Caithfidh na húdaráis áitiúla é sin a roinnt de réir mar a deir na comhairleoirí áitiúla leo. Má tá ceist maidir le bóthar, córas séarachais nó a leithéid, má tá an t-airgead le caitheamh, is ar bhonn daonlathach ag an gcomhairle áitiúil nó de réir tosaíochtaí phríomhfheidhmeannach na comhairle sin a tharlóidh sé. Is í sin an áit a dtarlaíonn an neamhaird nó an easpa cur chuige maidir le ceantair imeallacha Ghaeltachta le lucht vótála an-bheag nach bhfuil láidir go leor chun tromlach nó tionchar iomlán a bheith acu ar na comhairlí áitiúla. Is é sin an fáth go raibh an frustrachas ann maidir leis an údarás. Níl mise i measc na ndaoine a thug tacaíocht iomlán don choincheap go mbeadh comhairle nó údarás áitiúil ar leith ann bunaithe do na ceantair Ghaeltachta ar fad. Níor shíl mé go mbeadh sé praiticiúil, ach is é sin an léiriú a bhí ann, go raibh frustrachas ann go raibh sé chomh dona ag an stad sin cúpla bliain ó shin, go raibh roinnt ball de Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag rá gurbh é sin an t-aon bhealach le cinntiú go mbeadh údarás áitiúil éigin ag díriú isteach air agus ag tabhairt faoi na fadhbanna bunúsacha a aithníodh ansin. Tá rudaí tar éis dul in olcas ó shin, go háirithe maidir le tithíocht. Gan chur chuige, gan chiste ar leith agus gan chur chuige Rialtais chun tacú agus treorú a dhéanamh ar an maoin nó na projects móra gur gá tarlú tríd an gcomhairle áitiúil ag an stad seo, de bharr an easpa muiníne sna comhairlí áitiúla, rachaidh rudaí in olcas ó thaobh infreastruchtúir, séarachais, uisce, bóithre, céanna agus gach rud eile ar an liosta. Tá daoine eile sa Teach seo atá i bhfad Éireann níos cáilithe ná mise chun daoine a threorú air sin. Tagraím do bhuninfreastruchtúr an chomhphobail. Má theiptear siopaí a mhealladh i gceantair áirithe nó má dhúntar siopa an phoist, búistéir nó gruaigeadóir agus an áit á tréigeadh acu, tá fadhb bhunúsach ann. Is é sin an fáth gurb é an bealach is tapúla chun iad seo a cheangal isteach le chéile ná tríd an gcomhthionól atá á lua againn sa leasú seo. Comhthionól saoránach a bheadh i gceist a thabharfadh tuairisc laistigh de 18 mí i ndiaidh achtú na reachtaíochta seo. Ansin bheadh orainn plean a chothú chun déileáil leis sin. Más gá is féidir reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach chun na feidhmeanna sin a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, nó mar a luaigh mé agus mé ag tagairt don bhunalt, treoir Rialtais a cur i bhfeidhm, más gá. Ní gá ach treoir Rialtais a chur i bhfeidhm. Caithfidh an maoiniú teacht le treoir Rialtais. Tá mé fós gafa leis an moladh seo.
Sentiment score: -0.26
Níl mé chun mórán moill eile a chur air seo. Go bhfios dom, níl aon duine ag iarraidh baint ó ról an údaráis maidir le tionsclaíocht, fiontar agus mar sin de. Is ról tábhachtach é sin agus tá sé tar éis sé sin a chruthú. Ach, is é sin an ról a bhí ag Gaeltarra Éireann i dtús báire. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta, cuireadh leis an ról. Ní gá ach féachaint ar an mbunreachtaíocht. Is í an chéad fheidhm atá ann ná: Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann. Leanann sé ar aghaidh. Tá mé den tuairim – ní aontaíonn gach duine liom – go bhfuil an chumhacht ag an údarás cheana féin chun tithe a thógáil, talamh a cheannach agus talamh a chur ar cíos. Ní gá le reachtaíocht nua mar tá sé leagtha síos. Is é seo an áit a dtagann an Béarla agus an Ghaeilge i bhfeidhm. Nuair atá bunreachtaíocht i gceist, is an Ghaeilge atá níos tábhachtaí. Deir sé in alt 10(7): Chun críocha an ailt seo, beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. Tá an focal “áitribh” ann, a chiallaíonn áit ina bhfuil cónaí ar dhaoine. Clúdaíonn sé foirgnimh chomh maith. Níl aon ligean síos nó srian ar an údarás tithe a thógáil. Dá rachfaí go dtí an chúirt agus dá bhfiafraí cad é ata i gceist leis an bpíosa seo, is an leagan Gaeilge a bheadh i gceist. Deir sé sa leagan Béarla that it is “to maintain buildings, markets, premises or plant”. Nuair a fheiceann tú ar an bhfoclóir, tá tithe i gceist leis an bhfocal “áitribh”. Is ionann é agus habitats. Tá gá leis an údarás talamh breise a cheannach, ní hamháin do thithe ach chun tionsclaíocht a mhealladh chomh maith. Beidh an gá sin ann i gcónaí. Nuair a thógann tú rud cosúil le monarcha anseo nó Gteic ansiúd, nó má thógann tú tithe, beidh an gá sin ann, cosúil le haon údarás eile a bhíonn ag déileáil le tithíocht nó foirgneamh a thógáil nó a cheannach. Níl an buiséad caipitil le blianta anuas mór go leor le déanamh cinnte de go bhfuil an t-údarás ag cur leis an dtalamh nó an banc talún atá agus a bheidh ag teastáil uaidh. I go leor bailte, deir daoine go bhfuil go leor talaimh ag an údarás, ach tá a lán talaimh imeallaigh nach bhfuil go hiontach aige. Níl a lán acu maith go leor agus níl siad sna háiteanna ina bhfuil siad ag teastáil. Tá áiteanna eile ann. Tá sé go maith go bhfuil an talamh sin acu, áfach. Mar is eagras Stáit é, caithfidh sé fiúntas éigin a fháil as an dtalamh, in áit é a choinneáil ar mhaithe lena choinneáil. Caithfidh talamh a bheith ag an údarás chun cur leis na haidhmeanna atá aige atá leagtha síos sa reachtaíocht. Sa chás seo, agus tagaim ar ais go dtí an pointe seo, níl muid ag iarraidh cur as don údarás, ná do na húdaráis áitiúla ach oiread. Tá muid ag iarraidh go dtabharfar seans do ghnáthphobal na Gaeltachta, tar éis don Bhille a bheith rite. B’fhéidir go mbeidh toghchán i lár baill. Glacaim go mbeidh. Glacaim go mbeidh sé cuibheasach tapa. Is díospóireacht a bheidh i gceist maidir leis na feidhmeanna, na róil agus na rudaí ar ghá don údarás tabhairt fúthu. Ina dhiaidh sin, cuirfidh pé Aire atá sa ról sin ag an am - b’fhéidir gur an tAire reatha a bheidh ann – plean le chéile le díriú isteach air seo. B’fhéidir nach mbainfidh roinnt de na hábhair a bheidh ardaithe sna cruinnithe sna chomhthionóil seo leis an údarás in aon chor. B’fhéidir nach mbeidh aon duine ag iarraidh cur leis seachas cancrán amháin ar chúl an tseomra. Sa deireadh thiar thall, is é sin an daonlathas. Bheifí ag tabhairt seans dóibh ceisteanna a ardú agus freagraí a fháil. Is rud iomlán difriúil atá i gceist leis na coistí réigiúnacha. Is cuid de ghnáthoibreachas an údaráis a bheidh ann. Beidh na coistí ag déileáil le conas is féidir cinntí atá glactha ag bord an údaráis nó ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Ní hé go mbeidh siad á lorg seo ó thús. Níor chóir go mbeadh eagla ar aon duine roimh a leithéid. Níl ann ach bealach chun na tuairimí atá ag an bpobal a mheas. Mar a dúirt mé, ghlac mé páirt sa choinbhinsiún bunreachtúil agus chonaic muid ar fad na torthaí ó na tionóil shaoránach nó citizens’ assemblies. Níl eagla ar aon duine roimh díospóireacht. Is é sin an méid a bheidh ann, is é sin, díospóireacht agus tuairisc á sheoladh ar ais chuig an Aire, an Dáil nó an t-údarás ag leagan amach na rudaí atá de dhíth. Is féidir ansin a rá go bhfuil nithe áirithe indéanta, go bhfuil gá le hairgead breise chun nithe eile a dhéanamh agus go bhfuil rudaí eile nach bhfuil inbhainte amach ach gur féidir a chur ar aghaidh chuig an bord sláinte nó an Roinn Oideachais le go ndíreodh siadsan orthu. Sin a bhfuil i gceist leis an leasú seo. Is trua nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis.
Sentiment score: -0.11
Tá mé á bhrú.
Sentiment score: 0.00
An é seo leasú Uimh. 15?
Sentiment score: 0.00
Tairgim leasú Uimh. 21: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) (a) Déanfaidh an tÚdarás iniúchadh ar fhadhbanna bonneagair sa Ghaeltacht, le haird ar na córais iompair, uisce, séarachais, fuinnimh, leictreachais, agus cumarsáide, agus an tionchar atá acu ar inmharthanacht sna pobail Gaeltachta, ar sholáthar tithíochta agus ar fhorbairt tionscail, agus déanfaidh sé tuarascáil a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis an tAcht seo a achtú ina liostófar moltaí ina leith agus ina léireofar an maoiniú a bheadh ag teastáil ó Chiste ar leith faoi chúram an Údaráis chun tabhairt faoi na fadhbanna seo a réiteach agus inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú. (b) Déanfaidh an tAire ráiteas a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis fhoilsiú na tuarascála de réir mhír (a) ag sonrú gach gnímh atá glactha nó atá le glacadh ag an Aire agus ag eagrais stáit chun na moltaí a chur i bhfeidhm.”.”
Sentiment score: 0.00
Luaigh an tAire go mbeidh leasú eile ag teacht. Dar ndóigh, déileálfaimid leis nuair a thiocfaidh sé os ár gcomhair. Tagraím don cheann maidir leis an 20% atá le teacht ar Chéim na Tuarascála. Is maith an rud é go bhfuil an Stát ag aithint an tréaniarracht a bhfuil a lán dóibh siúd atá sa Státchóras ag déanamh cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Luadh thar na blianta go raibh gá le níos mó infheistíochta chun cuidiú leo siúd atá sa Státchóras cheana féin. Luaigh muid cúpla uair ag an gcoiste gur chóir go mbeadh cuidiú tugtha dóibh atá ag tabhairt faoi dhianchúrsaí. Más gá, ba chóir go mbeidh saoire ón obair acu chun cuidiú le hiad a thógáil go dtí an leibhéal cuí chun go mbeadh siad san áireamh sa 20%. Nuair a bhí caint ann, thuig mise i gcónaí nach iad atá nua-earcaithe isteach sa chóras amháin a bhí i gceist ach go mbeadh daoine a fhaigheann ardú céime san áireamh freisin. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go sroichfimid an 20% sin. Níl ach cúpla bliain eile fágtha agus ní fheicim go bhfuil muid chun an 20% sin a shroicheadh. Bhí sé dúshlánach ag an tús ach beidh sé níos dúshlánaí fós de thairbhe na faidhbe bunúsaí atá ann maidir le scolaíocht ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal mura bhfuil cur chuige i bhfad Éireann níos dírithe chun go mbeidh níos mó daltaí ag teacht amach ó na meánscoileanna agus iad inniúil ar an nGaeilge. Níl sé sin ann agus ní bheidh sé ann má leanann leibhéal na ndíolúintí ag fás mar atá faoi láthair. Ní féidir linn brath go huile agus go hiomlán ar Ghaelcholáistí chun an 20% sin a chomhlíonadh mar tá níos mó post ann ná daoine atá ag teacht amach as na Gaelcholáistí. Tá jab fós ann ach tá sé go maith é sin a chloisteáil. Táim fós ag fanacht ar an gcoiste comhairleach chun a leagan amach cé hiad na caighdeáin agus gach rud eile. Bhí siad sin lena bheith ann laistigh de chúpla mí den reachtaíocht a bheith rite. Tháinig an tuarascáil agus an plean náisiúnta amach roimh an Nollaig, i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Bhí toghchán againn so ní raibh muid ar fad dírithe isteach air ach ní raibh aon spriocanna ann. Níl an rangú nó na categories sin tugtha. Tá súil agam go mbeidh sé ann laistigh de chúpla seachtain. Tá a fhios agam go raibh cruinniú eile ann i mí Aibreáin a bhí dírithe air sin. Is léir go raibh dul chun cinn éigin ag tarlú sa choiste comhairleach ach, go dtí go mbeidh sé leagtha amach go mion, tá na heagrais agus Ranna Stáit fós ag fanacht agus tá roinnt acu fós gafa leis na scéimeanna so níl a fhios ag daoine cá bhfuil siad. Má táimid chun an 20% a bhaint amach agus na seirbhísí a chruthú do Ghaeilgeoirí, caithfidh sé sin tarlú. Fágfaidh mé é sin. Tiocfaimid ar ais chuige ach tá gá lena bheith níos dírithe faoin am a thagann muid ar ais ag an 20% ar Chéim na Tuarascála. Is é sin an rud ait faoi. Táimid ag déileáil leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú). Cuireann muid leasuithe chun cinn atá bainteach leis seo agus deirtear linn go bhfuil siad as ord. Ansin, tagann an tAire isteach le ceann maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá baint ann ach tá sé beagáinín as alt leis an gcuid eile. Is é an leasú a bhfuilimid ag déileáil leis anseo ná leasú dár gcuid féin, Uimh. 24. Sula labhraím faoi, nuair atá na coistí réigiúnacha seo bunaithe, ba chóir nach mbeadh na comhaltaí nua amháin orthu ach go mbeadh daoine ann a thuigeann gnéithe eile de na ceantair, a bheadh in ann cuidiú leo agus go mbeadh an t-údarás in ann brath orthu. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá an mhéid sin. Tá sraith daoine anois ag obair i gceantair Ghaeltachta agus sna ceantair máguaird atá dírithe ar phleanáil teanga. Ní gá go mbeidh vóta acu ach tá sé tábhachtach go mbeadh siad i láthair agus go mbeadh ról acu chun go mbeadh gach uile rud fite fuaite le chéile. Ba chóir go mbeadh an t-údarás agus na hoifigigh phleanála teanga ag obair as lámh a chéile agus, nuair atá pleananna á ndéanamh, go mbeadh siad in ann an tuiscint atá acu toisc an obair atá á déanamh acu a roinnt leo siúd atá tofa nó roghnaithe ag an Aire. Dúirt oifigeach pleanála teanga linn sa choiste go bhfuil siad ag pointe anois a bhfuil deireadh ag teacht leis na pleananna teanga a ceadaíodh ar dtús agus go dtiocfaidh deireadh le níos mó as seo go ceann bliana. Tá siad fágtha gan treoir agus gan cheannasaíocht faoin gcéad chéim eile. Tá deireadh ag teacht leis na conarthaí a bhí acu. Tá roinnt acu ag teacht chun deireadh ag tús mí Iúil. An bhfuil cinneadh déanta maidir le síneadh a chur le conarthaí na n-oifigeach pleanála teanga seo? Tá géarghá le bogadh ar na conarthaí sin, ar an ról atá ag na hoifigigh sin agus ar an maoiniú gur chóir a bheith acu. Táim ag iarraidh go mbeadh sé sin mar chuid den ról atá acu agus go mbeadh a fhios acu go gcaithfidh siad a bheith ceangailte isteach leis na coistí réigiúnacha seo agus na cinntí atá á ndéanamh ag an údarás don cheantar ina bhfuil siad ag obair.
Sentiment score: -0.18
Duine amháin ar gach coiste réigiúnach.
Sentiment score: 0.00
Glacaim leis go bhfuil an tAire ag triail a bheith praiticiúil maidir leis seo. Is ceist í seo maidir le cé a roghnódh iad, ach is féidir linn é sin a athrú chun a chinntiú gur as a stuaim féin, stuaim an ghrúpa sin nó gur an t-údarás féin a roghnódh nó a cheapfadh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha. Tá sé sin sa reachtaíocht cheana féin. In alt 7(8) luaitear gurb é “an tÚdarás a cheapfaidh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha” agus luaitear anseo na comhaltaí “tofa”. Dár ndóigh, beidh sé uathoibríoch más comhaltaí tofa iad. Luaitear ansin go roghnófaí “daoine is comhaltaí de cibé údaráis áitiúla a chinnfidh an tÚdarás agus a ainmneoidh an t-údarás áitiúil sa limistéar”. Mar sin, cuireann an t-údarás ainmniúchán chun cinn ach ní leagaimid síos sa reachtaíocht seo cad ar ghá don údarás áitiúil a dhéanamh nó conas ar thagann sé ar pé duine atá ann. Glacaim leis gur rud éigin dá shórt a bheadh i gceist agus gur as a stuaim féin go dtarlaíonn sé, ach más gá rialacháin a chur le chéile gur ghá dóibh cinneadh ó thaobh cruinnithe a ghlacadh. Ní bheidh na hoifigigh pleanála teanga seo ann in aon chor muna ndéantar an cinneadh chun na conarthaí nua nó na treoir nua a thabhairt agus a leithéid. Tá jab le déanamh roimh dheireadh na reachtaíochta seo ar aon chaoi le cinntiú go bhfuil siad ann. Toisc an méid atá ráite ag an Aire, tá mise sásta ag an staid seo an leasú seo a tharraingt siar, féachaint air agus é a chur arís ar Chéim na Tuarascála ionas go mbeimid in ann a chinntiú má tá fadhb ann ó thaobh na bhfoclaíochta de gur féidir linn tabhairt faoi. Sa deireadh thiar thall, tá príomhfáth amháin go bhfuil na coistí réigiúnacha seo á bhunú. Tá ualach breise, dár ndóigh, ar na daoine seo. Caithfidh go bhfuil daoine níos fearr ag an Aire i Maigh Eo ná mar atá in áiteanna eile mar beidh na daoine seo ar dhá choiste réigiúnach agus ní gheobhaidh siad aon tuarastal breise nó aon aitheantas breise. Ní fhaca mé aon rud a léiríonn go bhfuil siad chun aitheantas breise a fháil. Tá sé tábhachtach maidir leis na daoine atá ar an gcoiste seo go bhfuil an tuiscint acu ar an obair atá ag teastáil sa cheantar sin. Is é sin an méid atá muid ag iarraidh a dhéanamh. Is mian linn cinnte a dhéanamh de nach bhfuil neamhaird á dhéanamh ar na daoine atá ag obair ar an talamh agus nach mbeidh an duine ón údarás áitiúil nó an seisear nó seachtar baill don údarás tofa nó gan a bheith tofa - níl mé ag caitheamh anuas orthu sin - ag déanamh a gcuid oibre féin. Táimid ag cinntiú go mbeadh daoine ar leith gur chóir go mbeadh ar an gcoiste réigiúnach chun cinnte a dhéanamh go bhfuil an tuiscint sin ar gach uile ghné den saol atá ag titim amach sa cheantar Gaeltachta sin á thabhairt ar aghaidh chuig an gcoiste réigiúnach agus go bhfuil siad ag pleanáil dá réir. Is minic gurb iad na daoine sa ghnáthphobal nó na daoine atá ag obair go lánaimseartha a mbíonn an tuiscint sin acu níos mó ná siúd atá ar thuarastal nó ar liúntas do chomhairleoirí. Sílimid atá tofa i gcónaí go bhfuil an t-eolas ar fad againn agus is léir nuair a théitear go dtí an toghchán nach bhfuil an t-eolas ar fad agat. Is ag muintir an ghnáthphobail a mbíonn an t-eolas agus iad siúd atá ag obair leo go minic. Bíonn i bhfad Éireann níos mó eolais acu agus bíonn siad in ann muid a threorú sa bhealach ceart. Is é sin atá i gceist. Níl aon chleasaíocht i gceist ach go bhfuilimid ag iarraidh cinnte a dhéanamh de má tá struchtúr nua á bhunú ó thús deiridh go mbeidh gach uile tacaíochta tugtha don choiste réigiúnach sin agus go mbeidh an plean teanga - is é sin atá i gceist dóibh siúd atá ag obair mar oifigigh pleanála teanga - lárnach sa choiste réigiúnach. Mar a dúirt mé, tá mé sásta leasú Uimh. 24 a tharraingt siar ag an staid seo.
Sentiment score: -0.22
Tairgim leasú Uimh. 24: Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: "(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.".
Sentiment score: 0.00
Is ceist theicniúil é seo. Leis an leasú seo, tá an tAire ag iarraidh nach mbeidh cead caiteachas a bhaineann le toghcháin chuig an údarás a chomhroinnt idir an tAire agus an t-údarás áitiúil. Nílim cinnte cad atá ag tarlú leis an leasú seo.
Sentiment score: 0.00
B’fhéidir gur rud teicniúil é seo ach, má tá toghchán eile ar an lá céanna, beidh an fhoireann cheannann chéanna ann sna hionaid vótála. Beidh an leictreachas céanna á úsáid. Tá an tAire chun a íoc as a chuid den bhille iomlán amháin. Is é sin atá i gceist. Ghlac mé leis go mbeadh an bille le comhroinnt.
Sentiment score: -0.11
Tuigim.
Sentiment score: 0.00
Tairgim leasú Uimh. 49: Ar leathanach 27, líne 28 agus líne 29, “ach ní bheidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh níos mó ná 2 théarma, cibé acu is téarmaí comhleanúnacha iad nó nach ea” a scriosadh. Is ceann eile de na rudaí a phléigh muid sa chomhchoiste nuair a bhí muid i mbun grinnscrúdaithe é sin. Is ceist bhunúsach ó thaobh an daonlathais í. Má tá daoine lena bheith tofa, ní chóir go mbeimis ag cur srian ar an méid uaireanta gur féidir leo rith. Tuigim cad atá daoine ag rá. Níl an srian sin ann d’aon toghchán eile, seachas toghchán na huachtaránachta. Tá seacht mbliain i gceist ansin. Tar éis dhá théarma, tá 14 bliain i gceist. Sa reachtaíocht seo, tá muid ag cur srian leis an tréimhse ama is féidir le duine a bheith tofa. Is faoin phobal áitiúil an cinneadh sin. Muna bhfuil daoine ag déanamh na hoibre, ní thoghfar iad. Tá súil agam gur mar sin a bheidh sé. Is é sin an slat tomhais a bhíonn ag an ngnáthphobal. Beidh sé ag pobal na Gaeltachta chomh maith. Is é sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh srian ar an méid téarmaí is féidir le duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás, go háirithe nuair atá scileanna agus eolas ag teastáil le cinntiú go n-éireoidh leis. Nuair atá daonlathas ann, bíonn an deis ag aon duine seasamh i dtoghchán. Má tá duine níos fearr ná mar atá an duine tofa ag an am, tá súil agam go n-éireoidh leo, má tá siad in ann é sin a chur trasna. Tá ceisteanna eile agam maidir le halt 9. Measaim go dtiocfaidh muid ar ais chucu agus muid ag dul tríd seo. Sa chás seo, áfach, is rud simplí atá i gceist.
Sentiment score: -0.20
Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Is ceist í. Ar a lán bord Stáit eile, ní bhíonn ach téarma nó dhó acu siúd atá roghnaithe ag an Aire. Bheadh socrú mar sin cothrom leis na boird eile. Is an píosa sin faoi na daoine atá tofa atá i gceist againn má táthar ag cur srian leis sin. Tuigim roinnt de na fáthanna go raibh an píosa sin ann agus go raibh daoine ag smaoineamh air. B’fhéidir nach raibh an ionadaíocht cheart tugtha roimhe seo. Uaireanta, bíonn daoine ag rá gurb é seo an bealach le fáil réidh le duine atá ag glacadh seilbh ar shuíochán, ag fanacht ann agus nach bhfuil ag déanamh na hoibre. Tá siad tofa ar bhonn an pháirtí atá taobh thiar dóibh. Tá súil agam go bhfuil an domhan athraithe anois. Tá an pobal níos oscailte, go háirithe i gcomhthéacs na meán sóisialta. Tá mé sásta, má tá na daoine eile a bhfuil a n-ainmneacha leis an leasú seo, é seo a tharraingt siar le féachaint an féidir linn déileáil leis mar atá luaite ag an Aire. Is mian liom teacht go ceist eile. Níl leasú curtha isteach agam faoi, ach baineann sé leis an gcéad téarma a bheidh ann. Labhair muid roimhe seo, nuair a bhí súil againn go dtarlódh an toghchán seo anuraidh ag an am céanna is a bhí toghcháin na n-údarás áitiúla ar siúl, go mbeadh muid ag ceangal an ama leo ionas gur thréimhse chúig bliana a bheadh ann. Leis an gcéad téarma anois, más i mí an Mheithimh 2026 a bheidh na toghcháin, ba chóir go mbeadh ocht mbliain i gceist ionas go mbeadh sé co-ordinated leis na toghcháin eile. B’fhéidir go gcuirfidh mé leasú chun cinn ar an ngné sin. Is mian liom go mbeidh an tAire ar an eolas roimh ré faoin rud atá i gceist anseo. Muna dtarlaíonn sé sin, beidh na toghcháin seo as alt leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Bhí sé i gceist go mbeadh siad uilig ceangailte le chéile. Tuigim muna bhfuil sé sin i gceist a thuilleadh, ach is í sin an tuairim atá agam. Beidh muid ag teacht chun cinn san alt seo le leasú le go mbeidh na toghcháin ar fad ar an lá céanna chun cuidiú le díospóireacht níos mó a bheith againn ag an am sin. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach dtaitníonn an smaoineamh sin leo agus gurbh fearr leo dá mbeadh na toghcháin amuigh leo féin ionas go mbeadh daoine ag díriú isteach ar cheist Údarás na Gaeltachta. Níor tharla sé sin riamh cheana go bhfios dom nuair a bhí na toghcháin leo féin. Níor chuidigh sé leis an turnout ná leis an díospóireacht sna meáin Bhéarla maidir le ceist na Gaeltachta. Tá mé sásta, má tá na daoine eile sásta, leasú Uimh. 49 a tharraingt siar.
Sentiment score: -0.23
Tairgim leasú Uimh. 50: Ar leathanach 27, idir líne 32 agus líne 33, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3: “Critéir i gcomhair ceapacháin. 3A. Cinnteoidh an tAire, maidir le daoine a cheapfar chun an Údaráis, gur daoine iad, i dtuairim an Aire, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: (1) pleanáil teanga; (2) cur chun cinn na Gaeilge; (3) fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; (4) forbairt pobail; (5) cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus (6) an earnáil teaghlaigh.”,”. Baineann sé seo leis na critéir cheapacháin, ionas go gcinnteoidh an tAire maidir le daoine a cheapfar chun an údaráis, gur daoine iad, ina tuairim nó ina thuairim, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: pleanáil teanga; cur chun cinn na Gaeilge; fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus an earnáil teaghlaigh. Is Conradh na Gaeilge a chuir an moladh seo chun cinn. Is é sin an fáth a bhfuil na hainmneacha ar fad ann, is iad sin, na Teachtaí Quaide, Connolly agus McGuinness, in éineacht liom. Thuig muid an gá leis an leasú sin. Sa chéad dul síos, beidh an seisear a ainmneoidh an tAire mar chuid de bhord tofa. Caithfidh muid a chinntiú, toisc go bhfuil an deis ag an Aire, go bhfeiceann sé nó sí orthu siúd atá le hainmniú ionas go mbeidh ar a laghad, an taithí seo acu. Mar a dúirt mé, is ceann acu seo atá i gceist agus tá liosta leagtha síos ionas go mbeadh saineolas breise, a luaigh an tAire, ag bord an údaráis. Tá pointe difriúla ann. Maidir le leasú Uimh. 51, mura bhfuil duine as na n-oileán tofa, agus ní fheicim go mbeadh toisc go bhfuil na hoileáin agus daonraí na n-oileán chomh beag sin is go mbeadh sé deacair dóibh bheith tofa, tá gá go díreoidh an tAire isteach air le cinntiú go bhfuil duine de phobail na n-oileán i measc iad siúd atá ceaptha ar an mbord, le go mbeidh an tuiscint agus an saineolas a thagann ó maireachtáil ar oileán amach ó chósta na hÉireann, ar fáil dó. Is oileáin Ghaeltachta formhór iad siúd ar a bhfuil daoine ina gcónaí. Tá taithí ag na daoine sin ar dheacrachtaí ar leith agus tá sé tábhachtach go mbeidh na fadhbanna sin le cloisteáil ag bord an údaráis. Is leasú é Uimh. 52 ar leasú a bhí déanta in 1999, ag cur cosc ar fheidhmeach nó duine i gcomhshocraíocht dócmhainneachta a bheith mar chomhalta ag an údarás. Faoin bhfoclaíocht nua, ní bheadh feidhm ag an gcosc má tá an feidhmeach neamhnithe nó comhshocruithe, scortha. Is dul chun cinn é an foráil seo a aithníonn nár chóir go leanfaí cosc ar aghaidh ar feadh saol duine atá tar éis fiacha a íoc. Thar na blianta bhí sé sin mar chosc sa Dáil. Dá mbeadh duine éigin “bankrupt”, ní fhéadfaidís bheith ina Teachta Dála. Is féidir anois; éiríodh réidh leis sin. Tá an cosc sin i seanreachtaíocht Údarás na Gaeltachta agus mar sin, tá sé seo ag déileáil le sean-fhoráil seachas leis na cinn nua. B’fhéidir go bhféadfaí breathnú air sin. Tá leasú Uimh. 53 as ord. Cuidíodh an leasú leis an reachtaíocht ach tá sé as ord. Tá súil agam go ndéanfaí cinnte de go mbeidh liúntas ceart ar fáil don duine atá tofa. Táimid ag leagadh síos critéir atá cuíosach docht, daingean agus tríd na leasuithe beimid ar fad ag cur ualach mór ar Údarás na Gaeltachta amach anseo agus ba chóir go mbeadh liúntas cuí i gceist. Ní ghlacaim leis go bhfuil an liúntas atá á íoc leis na comhairleoirí áitiúla maith go leor mar atá sé, ach os rud é go bhfuil ualach breise ag baint leis seo agus cé chomh leathan is atá na ceantair Ghaeltachta, ba chóir go mbeadh an liúntas a bheidh ag dul dóibh ar chomhchéim leis sin a thugtar do chomhairleoirí áitiúla agus tabharfaidh sé sin stádas ar leith don ról. Tá ceangail aige seo le leasú nach mbeadh “dual-mandate” i gceist ó thaobh comhairleoirí nó baill tofa an údaráis. Cuireadh an leasú as ord, ach is é sin an loighic taobh thiar de. B’fhéidir go dtiocfaimid ar ais le hiarracht eile a dhéanamh déileáil leis seo. An deacracht atá againn mar Fhreasúra ná nach féidir linn coinníollacha pá nó tuarastal a leagadh síos inár leasuithe mar gheall ar an riail maidir le hioncam. Caithfimid deileáil leis sin má táimid ag cuir an focal amach tríd an reachtaíocht nua seo go bhfuil an t-údarás tábhachtach is nach mbeidh na comhaltaí nua ar an údarás ar an ngannchuid as an obair a bheidh siad ag déanamh ar son na heagraíochta.
Sentiment score: -0.19
Tairgim leasú Uimh. 51: Ar leathanach 27, idir líne 39 agus líne 40, an méid seo a leanas a chur isteach: “4B. Ceapfaidh an tAire duine chun an Údaráis as ceann de na ceantair a shonraítear in alt 26D arb oileáin amach ón gcósta iad más rud é nach ann d’aon chomhaltaí tofa as na ceantair sin.”.
Sentiment score: 0.00
Tá siad seo suntasach toisc nach mbaineann siad leis an mBille in aon chor. Tuigim an sórt cleasaíocht a tharlaíonn agus nílim chun cur ina gcoinne. Caithfidh mé a rá, áfach, go gcothaíonn sé frustrachas sa Fhreasúra nuair a deirtear linn nach mbaineann an méid atá á iarraidh againn leis an mBille, agus ansin feicimid na leithéidí seo ag teacht isteach. Tá gnéithe praiticiúla i gceist sa chás seo. Tá soiléiriú á lorg agam faoin athrú. Tá an tAire á rá gur gá an leagan Gaeilge a athrú toisc go bhfuil an leagan Béarla i gceart. Meabhraím dó gur Acht na dTeangacha Oifigiúla is ea é. Tá sé scríofa as Ghaeilge agus rinneamar é a phlé trí Ghaeilge. Tá an leagan Gaeilge i gceart agus tá an leagan Béarla mícheart. Mar sin, tá sé ait go bhfuilimid ag athrú an leagan Gaeilge le cloí leis an leagan Béarla. Nílim ag rá go bhfuil an méid atá ag tarlú mícheart, ach sin atá i gceist. Ó thaobh an dlí de, is é an leagan Gaeilge an ceann uachtarach. B'fhéidir gur chóir dúinn a bheith ag athrú an leagan Béarla. Sa chás seo, measaim go bhfuil an ceart ag an Aire ach is ait an rud é. Ní tharlaíonn sé go minic toisc gur fíorannamh a fhoilsítear an dá leagan den reachtaíocht go chomhionannach mar a tharla i gcás in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mar atá ag tarlú anseo. Ó thaobh an tarna ceist lena bhfuil an Aire ag déileáil, tá sé i gceist i leasú Uimh. 58 eisceacht a dhéanamh nuair atá comhlachtaí Stáit ag déanamh fógraíochta i dteangacha iasachta. Nuair nach bhfuil an fógraíocht á dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge, ach sa tSínis nó teanga eile, tuigim go bhfuil gá le foráil den tsórt seo. Ardaíodh an cheist agus tá an leasú seo ag déanamh cinnte den cur chuige atá i gceist. Nuair atá a leithéid ag tarlú, ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil na lógónna i nGaeilge. Mar shampla, d'ardaigh mé ceist scríbhinn an tseachtain seo caite faoi Oifig na nOibreacha Poiblí. Is "OPW" atá sa lógó seachas "Oifig na nOibreacha Poiblí". Má tá siad ag déanamh fógraíochta thar lear, feictear "OPW" mar is é sin atá sa lógó. In ainneoin an rud atá ag tarlú anseo, díreach ar bhonn an lógó, go dtí go n-athrófar sin - níl Acht na dTeangacha Oifigiúla ag brú ar dhaoine na lógónna a athrú láithreach - nuair atá siad ag déanamh athrú ar bhrandáil agus mar sin de caithfidh siad iad a athrú go dtí Gaeilge. Is é sin an riail atá ann agus is é sin an freagra a thug an Aire dom an tseachtain seo caite. Dúirt sé nach raibh sé i gceist aige na héadaí atá á gcaitheamh ag foireann an OPW atá ag obair sa Ghaeltacht, nó na veaineanna nó a leithéid atá acu, a athrú toisc gurb é 2019 an uair dheireanach ar athraíodh iad agus b'shin roimh teacht i réim an leagan leasaithe d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ní hé go bhfuilim ag cur i gcoinne na leasuithe seo ach ag cinntiú go dtuigeann gach duine gur fógraíocht é seo nach bhfuil i nGaeilge nó i mBéarla. An t-aon rud eile a impím ná má tá QR cód in úsáid nó ag tarraingt daoine i dtreo an Roinn nó an comhlacht Stáit atá i gceist, go ndéanfaidh sé iad a tharraingt go dtí an suíomh Gaeilge-Béarla. Uaireanta cuirtear rudaí mar sin suas agus nuair a dhéantar scanáil orthu, tógann sé go dtí an suíomh Béarla thú agus bíonn ort é a aistriú. Ní tharlaíonn sé sin i gcónaí ach nílimid i gcleachtadh ar na bealaí chun teacht timpeall ar an domhan nua atá ann. Is gá go minic gan fhoclaíocht a bheith ar fhógraíocht - just lógónna, íomhánna nó a leithéid. Measaim go luíodh sé sin leis an rud a bhí taobh thiar de. Is rud eile atá i gceist má tá suíomh ar leith don tSínis ann. Má tá fógraíocht a dhéanamh sa tSín sa tSínis, is féidir QR code a úsáid a thógann an duine go dtí an leagan Sínis den suíomh. Sa lá atá inniu ann, tá sé chomh héasca le cnaipe a bhrú agus an suíomh Gaeilge nó an suíomh Béarla a aistriú go dtí an tSínis. Tá tuiscint éigin ansin. Ó thaobh an chuid eile, cén fáth go dteastaíonn eisceacht ó fhógraí de chláracha in Éirinn ach go háirithe? Mar a luaitear, tá sé i gceist: (a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus (b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge. Más craoltóir dhátheangach é RTÉ, ní cóir go mbeadh aon chomhlacht Stáit ag déanamh iarracht éalú ón dualgas atá orthu. Is trua gur tháinig sé seo isteach mar seo mar bheadh muid in ann níos mó ama a chaitheamh leis. Measaim go bhfuil siad ceart go leor ach b’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála nuair a bhreathnóidh mé arís go díreach le féachaint an bhfuil aon fhadhb eile taobh thiar do na leasuithe seo mar tá eisceacht á thabhairt do chomhlacht Stáit atá ag déanamh fógraíocht ar sheirbhísí craolacháin closamhairc nó fuaime chun clár a chur chun. Tá siad á mbaint ón ndualgas atá in alt 10(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Glacaim leis gur RTÉ a bhí i gceist ansin. Níl mé céad faoin gcéad cad é an rud praiticiúil atá i gceist anseo, conas a n-oibríonn sé seo nó cad í an fhadhb a d’aithin duine éigin maidir leis na craolacháin closamhairc nó fuaime nó cén fáth gur tháinig an chuid sin den leasú chun cinn.
Sentiment score: -0.13
Tá trí chuid dhifriúla ann-----
Sentiment score: 0.00
-----rud a dhéanann níos deacra é. Tá trí ghné dhifriúla.
Sentiment score: 0.00
Níl fadhb ar bith againn leis seo. Is rud praiticiúil é seo a tharlaíonn d'aon ghuth agus ba chóir go mbeadh sé ann. Tá mé sásta tacú leis.
Sentiment score: 0.00
Go luath.
Sentiment score: 0.00