Catherine Connolly

Overall sentiment: -0.15
Back to Debate

D'oibrigh muid as lámha a chéile go dtí seo ag iarraidh an Bille seo a chur chun cinn. Bhí agus tá muinín agam as an Aire. An uair dheireanach nuair a bhí sé anseo, d’éist sé linn agus muid ag caint, tríd ár nguthanna sa Dáil, maidir le cúrsaí tithíochta agus na chumhachtaí atá nó nach bhfuil ag an údarás. Bhí an tAire chun cruinniú a bheith aige leis an údarás, le BÁNÚ agus le cibé eagraíocht eile. Thug sé gealltanais shollúnta dúinn go ndéanfadh sé sin. Chuir mé mo mhuinín san Aire. Maidir le cuid de na leasuithe seo, is dócha go raibh Sinn Féin sásta gan iad a chur chun cinn mar chuir muid ár gcuid muiníne san Aire. Ba mhaith liom go ndéarfadh an tAire cúpla focal faoin méid a tharla idir an uair dheireanach a bhí sé os ár gcomhair agus anocht. Maidir leis an leasú seo, ní thuigim an fáth a bhfuil an Rialtas in aghaidh leasuithe mar seo. Is rud thar a bheith simplí é go mbeidh tionól ann bliain tar éis an Acht a bheith achtaithe chun cluas éisteachta a thabhairt do chosmhuintir na Gaeltachta ar an dtalamh. Is dócha gurb í an teachtaireacht is láidre atá cloiste againn ná go bhfuil an cluas bhodhar faighte acu go dtí seo, go háirithe ó thaobh chúrsaí pleanála agus tithíochta. I gcomhthéacs phleanáil teanga, tá easpa cinnteachta agus rudaí mar sin. Tá an cluas bhodhar á tabhairt. Is bealach dearfach é seo chun fóram a chur ar fáil ionas go mbeidh muid in ann éisteacht leo, go háirithe i gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta agus an bhoird. Stopfaidh mé ag an bpointe seo. B’fhéidir go bhfuil freagra dearfach ag an Aire.

Sentiment score: -0.07

I dtús báire, níor thug an tAire aon chúis nach bhfuil sé sásta glacadh leis an leasú sin. Is dócha go bhfuil eagla ag an gcóras roimh thuilleadh daonlathais. Níor glacadh le leasú a chinnteodh go mbeidh cruinniú poiblí ag an údarás gach uile mhí. Leis an leasú seo, bheadh cruinniú amháin in aghaidh na bliana chun cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine. Níl aon fhreagracht eile i gceist. Níl aon dualgas eile i gceist. Níl muid ag cur tuilleadh brú ar an údarás seachas chun éisteacht le daoine ar an talamh agus fóram mar sin a thabhairt dóibh. Is dócha go bhfuil eagla ar an Rialtas roimh thuilleadh daonlathais ach b'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Má tá, cuirfidh mé mo lámha suas ach is é sin an chuma atá ar an scéal. Ag dul tríd an bpróiseas seo, níl an Rialtas sásta le haon leasú a thugann tuilleadh trédhearcachta don phróiseas. Is é sin an rud atá ag teastáil. Dhiúltaigh an tAire leis an leasú roimhe seo, a bhain le cruinniú poiblí, agus araile. Rinne an tAire pointí ginearálta agus gabhaim buíochas leis astu. Chuaigh sé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus beidh sé ag dul ar ais. Beidh sé ag bualadh le TINTEÁN agus BÁNÚ agus ag dul ar ais go dtí na húdaráis áitiúla. An mbeidh sé sin déanta roimh Chéim na Tuarascála because is é sin an rud-----

Sentiment score: -0.19

Tuigim. Tá tábhacht leis sin. Bhíomar sásta géilleadh le cuid de na leasuithe. Bhí an formhór acu curtha isteach ag Sinn Féin agus bhí cúpla ceann agam féin. Aontaím le formhór na leasuithe. Bhíomar go léir sásta géilleadh le cuid acu mar thug an tAire a bhriathar go dtiocfadh sé ar ais agus go mbeadh tuilleadh deiseanna againn sa Fhreasúra ag Céim na Tuarascála. I ndáiríre, braitheann sé ar an méid atá le rá ag Údarás na Gaeltachta faoi na fadhbanna agus constaicí atá aitheanta aige. Dar liom, tá neart cumhachtaí ann ach ní saineolaí mé. Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire cad iad na fadhbanna atá ag an údarás agus cad é an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh agus an t-údarás a láidriú ó thaobh cúrsaí tithíochta. Má leanaimid ar aghaidh leis an mBille seo agus an t-aon mhír atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta, beidh sé go dona because, sa mhír sin, níl i gceist ach cumhacht shoiléir a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol do approved housing bodies. Is é sin an t-aon rud atá curtha isteach ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ní leor é sin. I ndáiríre, níl mé sásta leis sin a bheag nó a mhór. Más rud é go mbeimid in ann, tar éis na gcruinnithe, leasuithe a chur chun cinn le chéile chun an Bille a láidriú agus aitheantas a thabhairt don ghéarchéim atá ar an talamh, bheinn sásta. Ba mhaith liom obair as lámh a chéile leis an Aire ach braitheann sé ar an bpróiseas as seo amach. Ba chóir go mbeidh na cruinnithe sin críochnaithe, go mbeidh sé soiléir cad atá á rá ag na heagraíochtaí ar an talamh agus go mbeimid in ann na leasuithe cuí a chur chun cinn ag an leibhéal sin.

Sentiment score: -0.20

Gabh mo leithscéal. An féidir na leasuithe sin atá le chéile a athrá?

Sentiment score: -0.28

Tá sé ráite ag an Aire go mbeidh sé ag teacht ar ais le sraith leasuithe ar Chéim na Tuarascála. Ceann de na leasuithe sin ná a chinntiú go mbeidh ardú céime san áireamh don 20%. Má tá daoine a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu ag lorg ardú céime laistigh den chóras agus éiríonn leo an t-ardú céime a fháil, beidh sé sin san áireamh den 20%. Ní drochrud é sin. Aontaím leis, agus ceapaim go raibh sé ann, ach bhí beagáinín doiléire i gceist. B'fhéidir go bhfuil soiléireacht ann anois, ach tá sé thar a bheith tábhachtach. Beidh an coiste ag díriú isteach go géar ar an sprioc 20% agus go mbainfear amach é. Sin an rud is bunúsaí atá ag teastáil chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil má táimid dáiríre faoin nGaeilge. Baineann na leasuithe eile os ár gcomhair le rudaí teicniúla, ach amháin go bhfuil méadú ó sé comhalta go seacht gcomhalta i gceist. Níor thuig mé ar tharla maidir le leasú Uimh. 24 maidir leis an oifigeach pleanála teanga atá inár n-ainmneacha. An bhfuil an tAire sásta glacadh leis sin? B'fhéidir go dtiocfaidh an tAire ar ais maidir leis sin.

Sentiment score: -0.26

Is toisc gur iarradh orainn an leasú sin a dhéanamh. Tá frása "obair na gcapall" ann. Tá obair na gcapall á déanamh ag na foirne beaga ar an talamh, go háirithe na hoifigigh phleanála teanga. Ní mór dúinn éisteacht go cúramach leo, mar tá siad ag obair i gcoinníollacha nach bhfuil rómhaith i ndáiríre. Níl cinnteacht ar bith i gceist. Níl a fhios acu an mbeidh siad ann an bhliain dár gcionn ó thaobh airgid agus cinnteachta de. Sin rud amháin atá ag teastáil go géar. Tá taithí againn, nuair a bhí Aengus ina Chathaoirleach ar an gcomhchoiste agus roimhe sin, thaisteal muid ar fud na tíre ag éisteacht le daoine. Sin an taithí atá againn. Ní saineolaithe muid. Is dócha gur fiú éisteacht leis an taithí atá ag na hoifigigh phleanála teanga i mbealach atá dearfach. Cé mhéad leasú a bheidh i gceist ag an bpointe seo?

Sentiment score: -0.20

Níl aon uimhir ag an Aire maidir le líon na leasuithe fós.

Sentiment score: 0.00

Tá mo dhóthain ráite ach tá m'ainm ar an leasú sin. Tá mise sásta freisin an leasú a tharraingt siar mar tá an tAire oscailte chun breathnú ar an rud. Níl i gceist anseo ach réiteach praiticiúil i dtaobh an modh ainmniúcháin, agus ní gá ach glacadh leis an gcoincheap.

Sentiment score: -0.19

Leasú Uimh. 50 agus cad eile?

Sentiment score: 0.00

Gabh mo leithscéal. Cad iad na leasuithe eile a phléifear le leasú Uimh. 50?

Sentiment score: 0.00

Nílim cinnte má ghlacann nó nach nglacann an tAire le leasú Uimh. 50. Ach, arís, is rud thar a bheith praiticiúil atá anseo. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh na critéir seo i gceist. Nílimid ag rá go mbeadh na critéir ó Uimh. 1 go Uimh. 6 ag gach duine, ach go mbeadh ceann amháin acu ar a laghad. Mar a dúirt na Teachtaí eile, tháinig na moltaí seo ó Chonradh na Gaeilge agus daoine ar an talamh atá a buartha faoin saghas ceapachán a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Aire eile. D’fhéadfadh ceapacháin mar bhronntanas polaitiúil a bheith i gceist seachas go n-aithneofaí an ról mar ról thar a bheith tábhachtach. Tá gá le taithí - ní oideachas, ach taithí shaoil - agus scileanna faoi leith ag an té a cheapfar. Is rud praiticiúil é. Níl a fhios agam cén fhadhb atá ag an Aire leis. Maidir leis na hoileáin is rud praiticiúil é leasú Uimh. 51 a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag na hoileáin bealach amháin nó bealach eile. Bhain an chéad rún a chur mé faoi bhráid an Tí seo in 2016 nó 2017 le polasaí a fhorbairt do na hoileáin. Thóg sé an-mhéid ama, ach tá an polasaí ann. Níl sé bunaithe ar reachtaíocht, faraor, cosúil le hAlbain, áit a bhfuil polasaí bunaithe ar an reachtaíocht acu. Tá líon na lonnaitheoirí ar na hoileáin ag méadú an t-am uilig, de réir mo thuisceana. Ar a laghad tá polasaí againn tar éis tréimhse fhada. Ba chóir dúinn aitheantas a thabhairt don pholasaí sin. Is céim bheag í seo a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag duine ó na hoileáin ann.

Sentiment score: -0.03

Tá sé go léir ráite ag an Teachta Dála agus ní mé chun é a athrá ach tá sé deacair glacadh le leasuithe mar seo. Tá an tAire ag rá gur rudaí teicniúla amháin iad agus nach bhfuil aon athrú suntasach i gceist. An athruithe teicniúla iad seo? Sin rud amháin. Muna leasuithe teicniúla iad, ní féidir glacadh le hathruithe mar seo. Tá an méid sin le léamh. Dhírigh mise isteach air agus mé á léamh agus chuir mé marc le “sheirbhísí craolacháin closamhairc” freisin. Níl mé chun aon phointe a dhéanamh ag an staid seo mar níl mé in ann. Ba mhaith breathnú ar cad atá i gceist agus cad atá taobh thiar de seo. Má tá an tAire ag rá gur rudaí teicniúla iad, creidim é mar dúirt sé sin maidir le rudaí eile. Ach ní cloisim go soiléir uaidh gur rudaí teicniúla atá i gceist so ba mhaith liom breathnú air seo. D’iarr an tAire orainn leasuithe a tharraingt siar. B’fhéidir go mbeadh an tAire in ann an leasú seo a tharraingt siar ionas go mbeadh soiléireacht agus cinnteacht i gceist. Oibríonn sé sa dá threo.

Sentiment score: -0.12

Cén leasú é sin?

Sentiment score: -0.56

Tar éis na cruinnithe.

Sentiment score: 0.00