Conor D McGuinness

Overall sentiment: -0.16
Back to Debate

Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, go háirithe i dtaobh an leasú seo. Tá cuspóir leis na leasuithe ar fad atá curtha síos agam féin agus ag mo chomhghleacaí taobh liom, agus leis na leasuithe atá curtha síos ag an bhFreasúra go hiomlán, cuid acu ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Is é an téama ginearálta atá ag rith tríd na leasuithe seo ná an daonlathas agus Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chomh daonlathach agus freagrach is gur féidir go dtí muintir na Gaeltachta agus pobal na ceantair Ghaeltachta. Bunaíodh é le freastal orthu. Is é sin an príomhsprioc atá againn ar an taobh seo den Teach, agus ba cheart go mbeadh sé ina sprioc againn go léir sa Teach seo agus i dTithe an Oireachtais. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh cluais éisteachta á thabhairt go dtí pobal na Gaeltachta mar gheall ar na rudaí atá ag cur srian agus bac ar na ceantair sin, mar shampla i mo cheantar féin, Gaeltacht na nDéise. Ní cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta a thuilleadh atá ag cur srian orainn. Buíochas le Dia tá leithéidí Nemeton, Red Shoe agus dreamanna eile nach iad san earnáil léiriúchán teilifíse. Tá Coláiste na Rinne againn maraon le fiontraíochtaí eile ag tabhairt fostaíocht. Ní hé sin an rud is mó, ach is é sin an rud is dócha a bhfuil Údarás na Gaeltachta dírithe air. An fhadhb is mó i nGaeltacht na nDéise - táim cinnte go bhfuil sé seo fíor i nGaeltachtaí eile i ndiaidh dom caint le daoine astu - ná tithíocht. An dara rud ná seirbhísí poiblí, mar shampla oifig an phoist sa Rinn. D'éirigh an mháistreás poist as a post nuair a bhí sí réidh éirí as, agus ní raibh éinne toilteanach an chonradh nua a chuir An Post ar fáil a thógáil. Ní dhéanfadh sé aon chiall - bheadh siad ag cailliúint airgid ag glacadh leis. Fiú dá mbeadh siopa agus suíomh acu, agus nach mbeadh cíos i gceist, bheadh siad ag cailliúint airgid leis an seirbhís poiblí sin a chur ar fáil. Is é sin an rud atá ag cur isteach ar phobail Gaeltachta. Mar an gcéanna leis an gcuan i gCé Heilbhic a dhreideáil, caithfear é a choimeád glan ionas gur féidir le báid iascaireachta teacht agus imeacht, agus dár ndóigh an bád tarrthála teacht is imeacht. Sin iad na rudaí atá ag cur srian agus ag cur isteach ar an bpobal Gaeltachta i mo cheantar, ach níl siad mar aidhmeanna ag Údarás na Gaeltachta. Nílim ag seasamh anseo ag rá gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag déanamh conradh An Post níos fearr, ach ba cheart go mbeadh sé ar a laghad ag tabhairt éisteacht agus freagracht chun stocaireacht a dhéanamh ar son na ceantair Ghaeltachta, agus níl sé. Táimid ag rá sa leasú seo gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag éisteacht leis na pobail Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh sé in ann stocaireacht a dhéanamh agus an tionól bliantúil seo a eagrú ionas go mbeidh an comhrá seo ag dul ar aghaidh. Sílim go bhfuil slí timpeall air sin. Níor ghlac an Rialtas lenár leasuithe i dtaobh na toghcháin chun iad a dhéanamh níos daonlathaí agus chun an bord a dhéanamh chomh daonlathach agus is féidir, ach ar a laghad is slí timpeall air sin atá i gceist anseo. Mura bhfuil an Rialtas sásta glacadh lenár leasuithe, agus is léir nach bhfuil, b'fhéidir go bhfuil slí eile gur féidir linn cluas éisteachta a thabhairt do na pobail. Ná déan dearmad go bhfuil muid anseo ag caint faoi eagras Stáit atá bunaithe chun freastal ar phobail Gaeltachta. Is é sin an cuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. N’fheadar, muna bhfuil an struchtúr ann sa dlí chun maoirsiú a dhéanamh ar an gcaidreamh sin, an mbeidh sé ag tarlú i gceart. Fágfaidh mé mar sin é ar an gceist áirithe seo. Tá ciall ag baint leis an leasú. Impím ar an Aire glacadh leis nó roinnt machnaimh a dhéanamh air le féachaint an féidir linn glacadh leis.

Sentiment score: -0.20

Luaigh an tAire na treoirlínte pleanála Gaeltachta. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, táimid ag feitheamh leis na blianta leis na treoirlínte sin. Tá ár gceantair Ghaeltachta i gcruachás i ndáiríre. Tá clanna óga ach go háirithe i gcruachás mar gheall ar easpa tithíochta. Tá sé seo pléite againn go mion minic sa Teach seo de bharr theip an Rialtais tithíocht inacmhainne agus shóisialta a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta. Anuas air sin, theip ar an Rialtas creatlach chuimsitheach a bheith ar fáil ionas gur féidir leis na húdaráis áitiúla cead pleanála a thabhairt do chlanna óga sna ceantair seo. Is daoine iad seo a bhfuil gaol acu leis an gceantar agus atá, i go leor cásanna, ag obair sa cheantar agus ar tógadh sa cheantar seo iad, ach ní féidir leo bheith ina gcónaí sa cheantar nó a bpáistí a thógaint sa cheantar. Caithfimid dul i ngleic leis sin. An bhfuil amlíne ag an Aire maidir le cathain a fhoilseofar na treoirlínte pleanála Gaeltachta? Táimid ag feitheamh le tamall an-fhada. Aontaím leis an Aire nár cheart dúinn ligint leis na húdaráis áitiúla, leis an bhfeidhmeannas sláinte, leis na gardaí nó leis An Post gan a bheith freagrach ar na pobail ar bhonn náisiúnta. Mar gheall ar an tslí ar bunaíodh Údarás na Gaeltachta, is féidir an argóint sin a chasadh siar. An bhfuilimid ag ligint leis an IDA, le Enterprise Ireland agus leis na hoifigí fiontraíochta áitiúla timpeall na tíre gan a bheith freagrach díreach mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cruthú fostaíochta agus fiontraíochta? Ní dóigh liom go bhfuilimid. Tá an t-údarás ann ar an tuiscint go raibh cás ar leith sna ceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil tábhacht ar leith dár náisiún agus dár dtír na ceantair Ghaeltachta a choimeád beo. Tá siad ag díriú isteach ar fhadhb a bhí ann sna 1980idí agus 1990idí cur leis an méid fostaíochta agus fiontraíochta sna ceantair seo. Tá obair fós le déanamh ina leith sin i gceantair áirithe. Is é an pointe a bhí á dhéanamh agam níos luaithe ná go bhfuil an deacracht tar éis athrú. Níl ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa fostaíochta agus fiontraíochta; tá siad i mbaol de dheasca easpa tithíochta, seirbhísí poiblí agus na rudaí a ndéanann áiteanna tarraingteach do chlanna óga cur fúthu sna ceantair sin. Is cinnte go bhfuil áiteanna Ghaeltachta ina bhfuil tuilleadh fiontraíochta agus fostaíochta de dhíth. Nílim ag rá nach amhlaidh, ach an ganntanas is mó atá ann do dhaoine ná cúrsaí tithíochta. Is é sin an pointe a raibh á dhéanamh agam. Má táimid chun Údarás na Gaeltachta a choimeád mar eagras atá dírithe ar aonaid Gteic a chruthú, tacú le monarchana teacht isteach sna ceantair, páirceanna gnó a bhunú agus tacú le hábhar fiontraíochta agus fostaíochta amháin - cé go bhfuil sé sin go léir an-tábhachtach, ní cheart go mbeadh sé mar an t-aon sprioc amháin nó an fheidhm is mó ag Údarás na Gaeltachta - an bhfuilimid i ndáiríre ag freastal ar ár bpobal Gaeltachta? Ní dóigh liom go bhfuilimid. Is é sin an fáth go bhfuil an taobh seo den Teach ag iarraidh go mbeadh níos mó feidhmeanna ag Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis na rudaí eile sa tslí a bhfuil sé tar éis dul i ngleic le cúrsaí fostaíochta agus fiontraíochta thar na blianta nuair a bhí sé sin mar an baol nó riosca ba mhó dár bpobal Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh sé anois in ann dul i ngleic le seirbhísí poiblí, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála. Níl sé sin le rá go mbeadh sé ag déanamh obair an fheidhmeannas sláinte, obair na ngardaí nó obair na n-údarás áitiúil, ach go mbeadh sé ag comhoibriú leo, ag cur brú orthu, go mbeadh sé ag déanamh stocaireachta agus ionadaíochta ar ár bpobal agus go mbeadh sé ag cinntiú go bhfuil cás na Gaeltachta cloiste go láidir ag na heagrais Stáit maidir le pé pleananna atá á ndéanamh acu. An tslí is fusa chun é sin a dhéanamh ná bord iomlán daonlathach a bheith ann ina bhfuil baill thofa freagrach dá bpobail. Níor glacadh leis na leasuithe sin. Tá sé sin déanta, ach anois an leasú atá againn ná go mbeadh an fóram nó tionól sin ann laistigh de bhliain amháin ionas gur féidir le daoine teacht isteach agus úinéireacht nó smacht a bheith acu ar an eagras atá bunaithe díreach chun freastal orthu. Sin an leasú atá os ár gcomhair. Tá an Teachta Ó Cearúil imithe ón Teach anois, ach teastaíonn uaim a chur ar an taifead go nguím rath air agus é ceaptha anois mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil. Impím air dul i dteagmháil leis na pobail Ghaeltachta mar níl siad pioc sásta leis an mBille seo. Níl na ceanneagraíochtaí, Conradh na Gaeilge nó na hoifigigh pleanála teanga sásta. Ní dóigh liom go bhfuil roinnt mhaith daoine laistigh d’Údarás na Gaeltachta sásta, le bheith macánta. Tá daoine le fís laistigh den eagraíocht sin atá ag iarraidh níos mó a dhéanamh chun freastal ar na pobail Ghaeltachta. Ní dóigh liom go bhfuil siad sásta. Tá seans nach bhfuil siad á rá é sin i gcruinnithe leis an Aire agus nach bhfuil sé fíor do gach uile dhuine laistigh den údarás ach caithfimid éisteacht leis na daoine a bhfuil an saineolas agus an taithí acu agus an rud ceart a dhéanamh leis an leasú seo agus leis an mBille ina iomláine.

Sentiment score: -0.25

Le cead an Chathaoirligh Gníomhaigh, is mian liom cúpla focal a rá maidir le leasú Uimh. 22.

Sentiment score: 0.00

Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, ní thuigim cén fáth a bhfuil leasú Uimh. 22, a chuir Conradh na Gaeilge isteach ach a bhfuil ár n-ainmneacha air, as ord ach go bhfuil leasuithe an-chosúil ón Aire ceadaithe. Is dócha go bhfuil double standard de shaghas éigin i gceist. Nílim, mar Theachta Dála agus ionadaí poiblí, sásta leis sin. Ní thuigim é. Is dócha gur ceart míniú a thabhairt ar sin mar tá daoine ag féachaint air seo. Níl a lán Teachtaí sa Seomra anois, ach tá daoine ag féachaint agus beidh daoine ag féachaint siar ar an díospóireacht seo. Is dócha go mbeidh sé á phlé sna ceantair Ghaeltachta, ar Raidió na Gaeltachta, ag na hoifigigh phleanála teanga agus ag na ceanneagraíochtaí amach anseo. Ba mhaith liom an deis roinnt aiseolais a fháil air sin. Táim ag teacht go dtí ár leasú, Uimh. 24. Aontaím go hiomlán leis na Teachtaí Connolly agus Ó Snodaigh sa mhéid a dúirt siad. Seo iad na daoine go bhfuil an dualgas orthu na pleananna atá pobalbhunaithe agus atá curtha le chéile le hionchur an pobal Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Is iad siúd na daoine atá ag caint leis na tuismitheoirí, na daoine óga, na daoine níos sine, na daoine atá i mbun fostaíocht a chruthú agus na daoine atá ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta go háitiúil. I mo chás féin, i dtaobh Chomhlucht Forbartha na nDéise, is é atá tar éis an cháis seo a ardú arís agus arís eile agus atá ag déileáil leis an údarás, leis an gcomhairle áitiúil agus an Roinn tithíochta agus atá ag cur pleananna le chéile. Ba cheart go mbeadh oifigeach pleanála teanga agus ionadaithe ón bhfoireann sin iniata sna comhráite seo ar a laghad. Is maith an rud é go bhfuil an doras oscailte ag an Aire, ach tá an leasú anseo. Tá an leasú os ár gcomhair ag an bpointe seo. Tá ciall ag baint leis. Tá an-mheas agam ar an Aire, mar is eol dó, ach tá sé ag rá go bhfuil ciall leis, go dtuigeann sé, go bhfuilimid ag caint sa tslí chéanna agus go dtuigimid go léir ar an dá thaobh den díospóireacht seo na fadhbanna céanna agus go gcaithfimid ar an dá thaobh den Teach bheith tiomanta agus déileáil leo. Ach, i ndáiríre, tá leasuithe ciallmhara curtha síos againn. Ní leasuithe uaim agus ó na Teachtaí Ó Snodaigh, Connolly agus daoine eile nach iad amháin, ach atá ag teacht ó Chonradh na Gaeilge atá ag déileáil leis na hoifigigh phleanála teanga agus atá ag éisteacht agus i mbun comhráite fud fad na Gaeltachta tríd an bhfeachtas TINTEÁN agus uile. Níl an tAire ag glacadh ceann díobh. Ní dóigh liom gur ghlac sé le hoiread agus leasú amháin. Ní thuigim. An bhfuilimid ag imirt na polaitíochta leis an gceist seo? Tá leasuithe ciallmhara againn a rialaíodh as ord. Ní ghlacaim leis sin agus ní dóigh liom go bhfuil sé i gceart. Is maith an rud go bhfuil an doras oscailte. Cuirim fáilte roimh sin, ach tá an deis againn glacadh leis an leasú. B'fhéidir gur cóir don Aire triail a bhaint as. Ní dóigh liom go dtitfeadh an díon nó an spéir isteach orainn. Seans go bhfaigheadh an tAire glaoch feargach ón Chief Whip. Ba chóir don Aire triail a bhaint as. Bheadh sé i bhfad níos éasca don Aire agus dá oifigigh glacadh i slí amháin leis an leasú ciallmhar, réasúnta agus proifisiúnta seo atá curtha faoina mbráid anois ná teacht ar ais agus cruinnithe a dhéanamh agus comhráite a bheith acu chun leasú eile a dhéanamh a bheadh an-chosúil leis i ndáiríre díreach chun an Príomh-Aoire a choimeád sásta. Sin í mo thuairim. B'fhéidir go nglacfadh an tAire leis an gcomhairle.

Sentiment score: -0.11

Beidh mé an-ghasta mar tá sé ráite go beacht agus go soiléir ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, atá in éineacht liom. Tá m’ainm ar an leasú agus aontaím go huile is go hiomlán lena bhfuil ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. I slí amháin, is féidir léamh a bheith agat ar an srian seo gur ardú céime é do bhord Údarás na Gaeltachta agus a chomhaltaí mar beidh siad ar chomhchéim le hUachtarán na hÉireann. Mar a dúirt mo chomhghleacaí cúpla nóiméad ó shín, is iad seo an t-aon dream, agus is é seo an t-aon toghchán, a bhfuil srianta ama ag baint leo. Tuigim an dea-chleachtas, áfach. I dtaobh bhord an fhorais, mar shampla, tá dhá théarma i gceist. Tuigim é sin. Sa chás seo, áfach, níl muid ag caint ar bhord Stáit amháin. Tá muid tar éis an díospóireacht seo a bheith againn arís is arís eile. Cé gur bord Stáit é i slí amháin, is fóram daonlathach é chomh maith. Táthar ag cur srian ar an nguth daonlathach. Cé gurbh fhearr liom dá mbeadh gach uile chomhalta tofa, glacaim nach n-éireoidh linn leis an argóint sin mar tá an tromlach ag an Aire agus an Rialtas sa Seomra Dála seo. B’fhéidir gurb í an tslí timpeall air seo ná go mbeidh srian ama ar na comhaltaí atá ceaptha ag an Aire agus nach mbeidh aon srian ar na comhaltaí tofa. B’fhéidir gurb í sin an tslí timpeall air. Glacaim leis nach bhfuil an tAire chun glacadh leis an leasú. Why break the habit of what seems like a lifetime don díospóireacht áirithe seo? B’fhéidir gurb í sin an tslí timpeall air, áfach. Impím ar an Aire féachaint air sin le go mbeidh cosaint ann don daonlathas agus nach mbeidh aon srian á chur ar ghuth na ndaoine.

Sentiment score: -0.12

Gan athrá a dhéanamh ar an díospóireacht, bhí muid ag iarraidh go mbeadh gach comhalta tofa agus ní hé sin an cás. Dóibh siúd atá le bheith ceaptha ag an Aire, ba cheart go mbeadh sé leagtha síos go beacht sa bhunreachtaíocht na scileanna, an taithí agus an cumas a bheadh acu, ionas nach bhfuil aon dul as - táim cinnte nach ndéanfadh an tAire reatha an méid seo ach ní hé sin le rá nach ndéanfadh Aire amach anseo é – agus nach mbeadh sé úsáidte mar political patronage. Is é sin an dainséar agus an bhuairt a bheith ar dhaoine. Sin an bhuairt atá orainne agus ar dhaoine sa phobal mar gheall ar na ceapacháin seo. Táim cinnte de nach ndéanfaidh an tAire reatha é sin, ach caithfimid reachtaíocht maith a chur i gcrích chun nach féidir sin a dhéanamh agus nach bhfuil an saoirse céanna ag Airí amach anseo an méid sin a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh sé curtha sa reachtaíocht is go bhfuil an leasú seo curtha os ár gcomhair ag na Teachtaí Quaide, Ní Chonghaile, Ó Snodaigh agus mé féin. Tá an téarmaíocht agus cuid den fhoclaíocht ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Léiríonn sé an suim agus an meon atá ag an Aire agus atá ag an Roinn i dtaobh an saghas duine gur ceart a cheapadh. Bheadh sé an-úsáideach má tá an t-údarás le dul chuig PAS, an Public Appointments Service, chun daoine a aimsiú, go mbeadh sé sa reachtaíocht nach féidir a rá nach bhfuil rud éigin ar fáil nó sa mhargadh, toisc go bhfuil sé sa bhunreachtaíocht agus caithfimid go léir cloí leis, idir an Aire, an Roinn, PAS nó pé duine a bheadh ag déileáil leis. Tuigimid uilig go bhfuil an méid i leasú Uimh. 51 difriúil. B’fhéidir nach dtuigimid os rud é nach bhfuil aon duine anseo ina gcónaí ar oileán. Tá sé difriúil. Cé gur ceantair Ghaeltachta iad i go leor cásanna, i gCorcaigh, i dTír Chonaill, ar Oileán Acla mar shampla agus i gcontae na Gaillimhe, is gur cuid iad na hoileáin de na contaetha agus na ceantair Ghaeltachta sin, is áiteanna ar leith iad agus tá dúshlán ar leith ag na pobail ar na hoileáin. Ar shlí amháin, tá níos mó de ghaol idir na hoileáin Ghaeltachta is na hoileáin Ghalltachta agus caithfimid aitheantas a thabhairt do sin i slí amháin nó slí eile. Seo slí leis an aitheantas sin a thabhairt, mar aon le cosaint do na ceantair is lú daonra. Tuigim sin mar dhuine ó Ghaeltacht na nDéise. Tuigimid daoine ó Ghaeltacht Chontae na Mí agus Contae Chorcaí chomh maith. Tá dainséar i bheith beag i gcomparáid le Gaeltachtaí na Gaillimhe, Thír Chonaill agus Chiarraí. Is slí é seo le déanamh cinnte go bhfuil an guth sin cloiste ag leibhéal an bhoird. Arís mura bhfuil an tAire chun glacadh leis an leasú ag an bpointe seo, agus glacaim leis nach bhfuil, b'fhéidir is féidir féachaint ar conas is féidir déanamh cinnte de go bhfuil an guth sin le cloisteáil. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh faoi leasú Uimh. 53, is é an meon a bhí againn ón tús ná go mbeadh an stádas céanna ag Údarás na Gaeltachta faoin mBille seo le húdarás áitiúil, agus go mbeadh deis againn ardú stádas nó ardú cumhachta a thabhairt, cé go mbeadh na cumhachtaí difriúil; go mbeadh an t-údarás ar chomhleibhéal, cé nach mbeidh sé riamh ina húdarás áitiúil. Ní bheadh na cúraimí céanna ann ach bheadh an stádas céanna i gceist. Sin an fáth go rabhamar ag iarraidh go mbeidh gach comhalta tofa, nach mbeadh double jobbing nó dual mandate i gceist agus go mbeadh an pá céanna ag dul leis chun an tsaoirse sin a thabhairt do chomhaltaí bheith ag freastal ar an bpobal, ag éisteacht leo, ar fáil dóibh agus ag bualadh leo. Cé gur rialaíodh an leasú as ord, is é sin an fáth ar mholamar é agus is fiú an pointe é a dhéanamh. Sa spirit den mhéid a bhí á rá cheana féin agus muid ag impí ar an Aire glacadh lenár leasuithe, mar a dúirt mo chomhghleacaí taobh liom, tacóimid le leasú Uimh. 52. Déanann sé ciall. Baineann sé leis an méid seo a dhéanamh oscailte. Go háirithe agus muid ag caint mar gheall ar chúrsaí fiontraíochta agus daoine atá ag iarraidh poist a chruthú agus fiontar a bhunú, uaireanta teipeann orthu agus bíonn orthu tosú as an nua arís. Baineann an leasú seo le gan phionós agus srian a chur orthu dá saol ar fad. Aontaímid leis sin.

Sentiment score: -0.26