Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.24
Back to Debate

B’fhéidir nuair atá rudaí mar seo curtha le chéile nach dtuigeann na Teachtaí cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge i ngach gné den saol; san oideachas ach go háirithe. Is cothaitheoir eacnamaíoch í chomh maith. Is léir nach dtuigeann an maorlathas an tábhacht sin, ós rud é gur fágadh an t-ardoideachas as an bpolasaí oideachais lán-Ghaeilge, mar shampla. Tá neamhaird chomh dona sin á déanamh uirthi sa chóras gur freagraíodh ceist pharlaiminte de mo chuid le déanaí leis an bhfreagra “Ní choinníonn an Institiúid Oideachais taifead faoi láthair ar líon na mic léinn atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge san ardoideachas.” Tá sé sin scannalach. Maidir leis na staitisticí atá ann, is léir nach bhfuil an Rialtas ach ag ligean air i dtaobh na ndaltaí agus na nGaeilge. Titeann líon na ndaltaí atá fáil oideachais trí Ghaeilge ó 50,000 ag an mbunleibhéal go dtí 17,000 ag an dara leibhéal, agus tá titim níos tubaistí arís go dtí 3,000 ó thaobh mic léinn ag déanamh staidéir ar an nGaeilge nó trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Teastaíonn gníomh le hé a dhéanamh níos éasca do mhic léinn ar mhian leo leanúint leis an nGaeilge ag leibhéal na hollscoile, le réimse leathan cúrsaí mealltacha agus an Stát ag obair i dtreo institiúid lán-Ghaeilge nó Gael-ollscoil, leis sin a dhéanamh níos éasca dóibh. Tá taighdeoirí, dlíodóirí, innealtóirí, dochtúirí agus Státseirbhísigh le Gaeilge de dhíth más mian linn seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus má táimid ag tnúth go sroichimid 20% d’earcaithe sa Státseirbhís a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh 2030.

Sentiment score: -0.24