Catherine Connolly

Overall sentiment: -0.10
Back to Debate

94. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén pleananna atá aige chun scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a reáchtáil arís de bhun Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22816/25]

Sentiment score: 0.00

Baineann mo cheist go sonrach le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus go háirithe le mír 9 d’Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001. Faoin mhír sin, tá cumhacht ag an Aire agus ag an Roinn airgead agus acmhainní deontais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge chun tithe a athchóiriú nó tithe a thógáil. Níl an mhír sin á húsáid faoi láthair ó 2009 ar aghaidh, áfach. Is mian liom soiléiriú a fháil cén fáth nach bhfuil sí in úsáid.

Sentiment score: -0.28

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tuigim nach luíonn an cúram seo leis. Tuigim a chás. Tá sé ag seasamh anseo in ionad an Aire, an Teachta Calleary. Is cúis díomá agus imní go bhfuil sé ráite go neamhbhalbh ag an Rialtas anois nach bhfuil sé chun scéim na ndeontas a thabhairt ar ais. Ní thuigim cén fáth mar bhí sé sin ag feidhmiú go maith. In 2009, cuireadh €4 milliún ar fáil don scéim seo. Mar is eol don Aire, tá géarchéim thithíochta sna Gaeltachtaí uilig. Is í an Ghaeltacht i nGaillimh an Ghaeltacht is mó sa tír. Tá BÁNÚ ar an dtalamh agus i dteagmháil le gach Teachta Dála go rialta le cur in iúl cé chomh deacair is atá sé tithe a thógáil sa Ghaeltacht agus na himpleachtaí atá ansin don teanga. Is bealach éifeachtach é seo. Tá an reachtaíocht agus an mhír ann ach níl an Rialtas ag baint úsáid astu. Seachas abairt amháin le rá nach mbeidh an scéim ar ais, níl aon chúiseanna tugtha ag an Aire dom cén fáth.

Sentiment score: -0.04

Gabhaim buíochas leis an Aire. Is maith an rud é go mbeidh cruinniú idir an t-údarás agus an tAire mar beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 os ár gcomhair arís an tseachtain seo. Bhí cruinniú le bheith ann idir BÁNÚ agus an tAire freisin. Tá súil agam go mbeidh an cruinniú sin ann sula dtagann an Bille os ár gcomhair arís. Arís, níl aon chúis tugtha ag an Aire nó ag an Roinn cén fáth nach bhfuil siad ag baint úsáid as an mír seo. Tá sí ann agus tá cumhacht ag an Roinn agus ag an Aire deontais a chur ar fáil chun daoine a chumasú chun athchóiriú a dhéanamh ar a gcuid tithe. Ní thuigim é. Tá muid ag caint faoi Údarás na Gaeltachta, údaráis áitiúla agus an Roinn. A fhad is atá muid ag caint, agus gach duine ag obair i mbealach nach bhfuil tagtha le chéile, beidh géarchéim tithíochta againn. Ní féidir glacadh leis.

Sentiment score: -0.06