We only have two minutes left, so I will give each speaker 30 seconds. I call Deputy O'Shea.
Sentiment score: 0.00
103. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén obair atá ar siúl aige maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22886/25]
Sentiment score: 0.00
Cén obair atá á déanamh ag an Aire chun soláthair tithíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú? Is géarchéim é seo. Ar ndóigh, tá géarchéim tithíochta ann ach tá géarchéim tithíochta ar leith sa Ghaeltacht. Cén obair atá á déanamh aige ina thaobh?
Sentiment score: 0.00
Gabhaim buíochas leis an Aire. Cé go dtuigim gurb é an tAire, an Teachta Calleary, a bheidh i gceannas ar na cúrsaí seo, tá an tAire, an Teachta O’Donovan, ag bord an Rialtais. Tá muid ag plé le géarchéim thithíochta sa Ghaeltacht le tamall fada. Tá mé tar éis freagra ar cheist Dála a fháil ar ais atá ag rá nach bhfuil muid cinnte cén uair a fhoilseofar na dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta, cé gur gealladh iad in 2021. Cé go dtuigim gur Rialtas nua é seo, tá an dá pháirtí, Fianna Fáil agus Fine Gael, arís i gcumhacht. Bhí siad chun an cáipéis a fhoilsiú, ach níl sí foilsithe. Níl aon am luaite anois maidir le cén uair a bheidh na treoirlínte foilsithe. Tá fadhb ollmhór ann i gcomhthéacs na seirbhísí do suíomhanna ionas gur féidir tógáil orthu. Níl na serviced sites ann in áiteanna cosúil le deisceart Chonamara nó fiú don chomhairle contae é féin i nGaillimh. Cén plean atá ag an Aire ina leith ionas gur féidir tithíocht a chur ar fáil?
Sentiment score: 0.02
Tuigim cás an Aire. Tá súil agam go bhfuil chuile shórt all right leis. Tá cúpla rud is féidir leis an Rialtas seo déanamh - rudaí gur chóir go ndéanfadh an Rialtas deireanach i ndáiríre – lena n-áirítear na dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú láithreach ionas gur féidir comhairliúcháin poiblí a bheith againn agus na treoirlínte iad féin a bheith againn ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, bhí sé ráite againn i Sinn Féin agus ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, gur chóir go mbeadh ciste airgid i gcomhair maoinithe do thithíocht sa Ghaeltacht mar tá géarchéim ar leith ann. Chonaic muid an méid a bhí ráite ag Uisce Éireann an tseachtain seo nach bhfuil an t-airgead aige agus go bhfuil poll airgid aige i ndáiríre. Má tá muid dáiríre go mbeidh suíomhanna agus na seirbhísí sa Ghaeltacht, i gceantair cosúil le deisceart Chonamara, mar ní féidir tógáil muna bhfuil na seirbhísí ann, muna bhfuil an t-airgead ag Uisce Éireann lena dhéanamh, tá muid i bponc agus ní bheidh muid in ann brú ar aghaidh. Is iad sin trí rud a d’iarramar.
Sentiment score: -0.24