Sular chríochnaíomar an lá faoi dheireadh, d’ardaigh mé an cheist go raibh mé ag iarraidh caint faoi alt 5, mar is ceann de na hailt is tábhachtaí sa Bhille seo. Tá sé seo ríthábhachtach, mar, in ainneoin go bhfuil roinnt de leasuithe Shinn Féin as ord, tá an bhuncheist ann go fóill ó thaobh dhéantús an bhoird é féin, agus go bhfuil toghchán i gceist. Fós féin, tá an tAire ag roghnú daoine chun dul ar an mbord seachas go bhfuil toghchán ina iomláine ann. Fiú sa toghchán sin, níl ach deich suíochán i gceist. Tá sé soiléir d’aon duine a fhéachann air seo nach mbeidh ionadaíocht ag na ceantair bheaga Ghaeltachta ann mar níl go leor ball le toghadh. Fiú leis an seisear breise a bheidh á roghnú ag an Aire, níl aon ghealltanas nó níl sé leagtha amach sa reachtaíocht gur gá don Aire aitheantas a thabhairt do na ceantair nach bhfuil ionadaíocht acu. Is féidir linn smaoineamh ar roinnt ceantar cuíosach beag agus glacadh leis nach dtoghfar duine astu. Is féidir Gaeltacht Uíbh Ráthaigh a lua mar shampla mar tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne i bhfad Éirinn níos mó agus glacfar leis go dtoghfar duine ón gceantar sin i dtoghchán. Níl aon fhianaise nó foráil ann sa chás go dtarlaíonn an méid sin go mbeidh aitheantas ar leith do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh Chonamara de. D’fhéadfaí go mbeidh ionadaí amháin agus triúr ag teacht ón gcathair. Tá an fhadhb sin ann in áiteanna ina bhfuil ceantar beag nach bhfuil an toghlach chomh mór. Sa mhéid atá á leagadh amach ag an Aire, beidh air ní hamháin iarracht a dhéanamh déileáil leis an bhfadhb atá á lua agam anois, ach déileáil leis an bhfadhb a bheadh ann dá dtoghfaí fir ar fad nó mná ar fad toisc nach bhfuil aon rud sa Bhille go dtí seo – beimid ag teacht ar ais chuige – chun a chinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne, nó rud gar di, ar an mbord. Ardaíodh ceist an tsaineolais agus muid ag caint faoin mBille an lá faoi dheireadh. Dúradh go gcaithfidh an tAire daoine le saineolas a chur ar an mbord, agus, dá réir sin, go bhfuil gá le seisear ar leataobh a roghnóidh an tAire le cinntiú go mbeidh saineolas de shórt éigin nó sórt eile i gceist chun na spásanna sin a líonadh, in ainneoin go bhfuil mise agus an Teachta McGuinness den tuairim gur féidir daoine faoi leith a bheith ar an bhfoireann i gcásanna go bhfuil easpa saineolais ann. Is é sin an fáth go bhfuil feidhmeannas i gceist. Tá an feidhmeannas ann cheana féin, ach má tá breis saineolais ag teastáil, is féidir é sin a lorg ón gcuid eile den Státchóras. Más gá, d'fhéadfaí íoc as, mar a tharlaíonn i go leor bord Stáit nó eagraíochtaí Stáit eile. Tá na ceisteanna sin i gceist. Tá mise den tuairim gur cóir go bheimis ag athrú alt 5 chun cinntiú go bhfuil sé níos soiléire cad go díreach atá i gceist ag an Aire maidir leis na ceisteanna sin. Tá mé fós den tuairim gur cóir go mbeimid ag déanamh an leasaithe mar a bhí leagtha síos agam, a leag amach go díreach conas a roghnófar na ceantair. Ní fhaca mise aon loighic go dtí seo ar an leagan amach maidir leis na dtoghcheantar a leagadh síos, conas is féidir deichniúr a roinnt i gceantair na Gaeltachta uilig agus teacht ar an rochtain a leagadh síos sa Bhille seo.
Sentiment score: -0.22
Is an t-alt é féin atá i gceist.
Sentiment score: 0.00
Níl mé chun dul siar ar gach rud atá ráite agam cheana. Ba chóir go mbeadh níos mó daonlathais seachas a mhalairt. Is é sin an fáth go bhfuil mé den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó suíochán ann. Ní féidir liom cur i gcoinne an t-alt seo mar tá daonlathas de shórt éigin ann. Tá toghchán ag teacht ar ais agus is é sin atá á dhéanamh ag an alt ach amháin go bhfuil roghnú ag an Aire chomh maith céanna. Is é sin ceann de na pointí. Luaigh mé an lá faoi dheireadh gur féidir ainmniúchán a bheith ann do na hoileán agus é a bheith rollaithe timpeall na n-oileán le go mbeadh ainmniúchán ag oileán amháin bliain amháin agus ag oileán eile an bhliain dár gcionn, srl. Dhéanfadh sé níos deacra é ach is féidir é a dhéanamh, mar a dhéantar i gcás na gcathaoirleach gnó. Bogtar an t-ainmniúchán sin timpeall. B’fhéidir gur féidir leis an tAire díriú ar an ngné sin más ag déanamh athraithe a bheidh sé. Dá mhéad atá ar an mbord, is amhlaidh is mó saineolas a bheadh ann. Má tá bord níos mó, beidh níos mó daoine ann le saineolas bunaithe ar a gceantair féin nó ar a dtaithí féin agus a leithéid. Ag an stad seo tá mé ag iarraidh díriú isteach ar alt 5(c)(2E). Is alt 5 atá i gceist ach nuair a fheiceann tú, tá sé ag déanamh leasaithe ar an mbunBhille. Tá sé ag teacht salach ar an méid a bhí luaite ag an gcomhchoiste ina chuid moltaí. Luaitear i moladh 12 ón gcomhchoiste nach gcuirfeadh an tAire aon choinníoll i bhfeidhm a chuirfeadh srian, a bhaineann leis an áit a bhfuil iarrthóirí ina gcónaí, ar aon iarrthóir seasamh i dtoghchán i gcomhar bhallraíocht bhord Údarás na Gaeltachta. Molann an comhchoiste an moladh seo ionas nach mbeidh aon srian ar iarrthóirí, nach féidir leo a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall nach féidir leo áit chónaithe a cheannach inti nó nach féidir leo cead pleanála a fháil i gcomhair áit chónaithe dóibh féin a fháil inti, agus go mbeadh cead acu seasamh sna toghcháin. De réir alt 5, “Ní bheidh duine intofa mura rud é gur i gceantar atá cónaí air nó uirthi agus is sa cheantar arb ina leith a toghadh é nó í a bheidh cónaí ar chomhalta tofa”. Tuigim an bunús leis sin. Tuigim an sceon agus an raic a bhí ann thar na blianta nuair a bhí toghchán údaráis ann roimhe seo nó nuair a bhí toghchán eile ann. Dúradh nár bhain so-and-so leis an gceantar seo, nó nach raibh duine áirithe ag déanamh ionadaíocht ar ár son nó nach raibh cónaí ar an duine sin ann agus mar sin. Tá a fhios againn ar fad, áfach, go bhfuil géarchéim thithíochta ann - is iad na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a bheadh i bhfad Éireann níos fearr chun labhairt faoin cheist seo ná mé - ach tá a fhios agam ó bheith bainteach leis an gcoiste Gaeilge anseo agus an camchuairt a rinne muid ar na ceantair difriúla cé chomh deacair is atá sé ar lánúin teach cónaithe a fháil i gceantar Gaeltachta. Ardaíodh an cheist maidir le Airbnb. Ní féidir fiú áit a fháil ar cíos. Má chuirtear é seo i bhfeidhm, tá seans ann go gcuirfidh sé as do dhuine nó beirt a bheith san iomaíocht i gceantar áirithe nó mar sin. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar Chéim na Tuarascála le leasú ach is ceann de na rudaí é sin. Níl a fhios agam go huile is go hiomlán conas déileáil leis mar aithním an fáth go raibh sé ann. Rinne an coiste plé air seo agus bhí siadsan den tuairim sin, tar éis na camchuairte agus labhairt leis na heagrais agus le roinnt díobh siúd. Shílfeá amach anseo go mbeadh siad sásta dul san iomaíocht ar mhaithe leis an gceantar toisc go bhfuil an saineolas sin acu sa cheantar ach nach raibh siad in ann cónaí laistigh den teorainn Ghaeltachta. Aon duine a dhéanann taistil go hUíbh Ráthach, go háirithe, feictear cé chomh ait is atá an teorainn sin. Téann tú isteach agus amach uaithi agus tú ag bogadh timpeall an cheantair sin. Tá sé sin fíor i gceantair eile freisin. D'fhéadfá a bheith ar imeall na Gaeltachta, go bhfuil na páistí ag freastal ar an scoil sa Ghaeltacht, ag obair d'Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ach fós ní bheadh sé de chead agat de réir na forála seo, seasamh ann. Caithfimid féachaint an féidir linn foclaíocht eile fháil a dhéanfadh cinnte de sin. Táimid tar éis glacadh leis cheana féin leis an gceist faoi B2, coinníoll amháin atá ann. Táimid ag déanamh iarracht gur muintir na Gaeltachta a bheidh mar ionadaithe amach anseo ar Údarás na Gaeltachta ach nílimid ag iarraidh go mbeadh an srian ann. D'fhéadfadh duine a bheith bogtha isteach in aice leis an sráidbhaile mór is giorra ach go bhfuil sé nó sí fós ar imeall na Gaeltachta. Ní hé sin a bhí i gceist aige nó aici ach go raibh sé i gceist acu mbeadh siad bogtha sa Ghaeltacht ach nach raibh teach ar fáil dóibh. Is é sin bun agus barr na faidhbe atá agam leis seo.
Sentiment score: -0.25
Tuigim gur rud casta é ach ní bheadh gach duine in ann seasamh sa toghchán mar ní bheadh siad inniúil sa Ghaeilge. Is é sin ceann de na buncháilíochtaí atá ann. Is alt 5(c)(2E) atá i gceist leis an trácht atá ar siúl againn anseo. Ghlacamar cheana féin - bhí díospóireacht ann ag an gcoiste agus anseo - gur gá do dhuine a bheith inniúil sa Ghaeilge agus ábalta gnó an údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Is bunrud é sin. Tá fíorbheagán Gaeilgeoirí sa tír seo - tá roinnt acu ann – a bheadh naimhdeach don Ghaeilge agus a bheadh ag dul san iomaíocht i dtoghchán de chuid an údaráis. Bheidís ag cur as dóibh féin agus don saol chun seasamh sa toghchán agus ansin a bheith tofa. Thuigeadh daoine nach mbeadh meas madra acu sa chás sin. Tá sé deacair ach tá daoine sa tír seo atá ceangailte leis an nGaeltacht agus atá ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht, ar imeall na Gaeltachta, a bheidh dícháilithe anois seasamh sa toghchán toisc nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Muna n-athraítear seo, beidh dualgas orthu siúd a bhfuil spéis acu seasamh sa toghchán dul agus áit cónaithe a fháil sa Ghaeltacht má tá siad chomh gafa sin le seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. An deacracht atá ann ná nach bhfuil na háiteanna ann. Ní féidir leo siúd atá ag obair ann áit cónaithe a aimsiú. Tá aithne againn ar dhaoine ar nós Victor Bayda agus a leithéid atá ina chónaí thíos in Uíbh Ráthach a bhfuil Gaeilge den scoth aige. Is duine de na daoine é atá gafa leis na scéimeanna teanga i gceantar Uíbh Ráthach. Is cuimhin liomsa nuair a bhuail muid leis gur leag sé amach cé chomh deacair is a bhí sé air teacht ar áit cónaithe sa Ghaeltacht, agus ní hé siúd amháin a luaigh sin linn go raibh an fhadhb bhunúsach sin ann. Gheofá áit cónaithe ar feadh sé mhí den bhliain agus ansin hard luck, bheadh tú amuigh i bpuball, ar thaobh na sráide nó lasmuigh den Ghaeltacht dá mbeadh an t-ádh leat. Tá fadhb bhunúsach ann munar féidir le daoine teacht ar áit, fanacht sa cheantar nó teach a fháil. Caithfimid teacht ar ais chuige seo. Caithfimid féachaint chuige nach bhfuilimid ag cur cosc ar dhaoine. Níl mise ag iarraidh go mbeadh duine ó Uíbh Fhailí, atá ina chónaí nó ina cónaí in Uíbh Fhailí, ag seasamh don toghchán cé gur Béarlóir é nó í gan spéis ar bith. Ní le bheith ar an mbord. Níor chóir go mbeadh aon duine ag seasamh don toghchán seo muna bhfuil siad sásta ionadaíocht cheart a dhéanamh dá gceantar, anois nó sa todhchaí. Sin atá i gceist. Is bord ar leith é seo atá ag cur bunréitigh ar fhadhbanna Údarás na Gaeltachta chun cinn. Tá súil agam nuair atá an feachtas á dhéanamh ag an údarás, agus ag an Aire féin nuair atá an Bille seo rite againn, go ndíreoimid isteach air sin. Is é sin an fáth a bhfuil daoine á gcur féin chun cinn. Ní ar mhaithe le hairgead é mar is airgead suarach atá i gceist don obair atá le déanamh agus gur chóir a bheith á dhéanamh ag aon duine a thoghfaidh an bord sin nó a roghnóidh an tAire amach anseo. Tiocfaimid chuige sin chomh maith.
Sentiment score: -0.19
Maidir leis na leasuithe atá in ord, táimid ag déileáil le leasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11, sraith leasuithe a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta. Bhíomar ag labhairt faoi sin tamall ó shin agus faoi na feidhmeanna atá nó ar chóir a mbeadh nó a bhéas ag an údarás. Bhí cúpla agóid thar na bliana ag BANÚ nó Tinteán agus ag Conradh na Gaeilge lasmuigh de Thithe an Oireachtais. D'ardaigh siad an cheist faoin easpa tithíochta agus an ghéarchéim ar leith atá sa Ghaeltacht nach bhfuil i gceantair eile. Tá mé tar éis é a lua cheana féin nach féidir le daoine teach a cheannacht nó a thógaint faoi láthair agus nach féidir teacht ar cinn ar cíos. Baineann sé sin le cúrsaí turasóireachta. Níl muid ag iarraidh scrios a dhéanamh ar ghnó turasóireachta na dtithe samhraidh. Tá siad i sáinn iad féin, de réir cosúlachtaí. Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil cónaí ar dhaoine sna ceantair Ghaeltachta, gur pobail beo beathach atá iontu agus go bhfuil seans ag lánúineacha lonnú ann, a gcuid páistí a thógaint ann agus go mbeidh na seirbhísí cuí ann chun go mbeadh siad in ann saol iomlán a bheith acu trí Ghaeilge. Ní féidir sin a dhéanamh, áfach, muna bhfuil teacht ar thithe. Táimid tar éis déileáil leis an gceist seo i gcomhchoiste na Gaeilge. Bhí tuairisc an-leathan againn ag díriú isteach ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht. Nuair a phléamar an cheist seo, mholamar an gá go mbeadh feidhmeanna breise agus maoiniú breise ag an údarás. De réir mholadh Uimh. 20 den ghrinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille: Molann an Comhchoiste gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach. Molann an Comhchoiste go mbeidh sé de chumas ag an Údarás an talamh a bhfuil faoina úinéireacht a ligean amach ar léas, ar mhaithe le heastáit tithíochta a thógáil i gceantair Ghaeltachta, nó chun athnuachan a dhéanamh ar chórais reatha uisce agus séarachais, nó chun bonneagair eile a thógáil, chomh fada is a chuideoidh na hoibreacha sin le príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta ar dtús tar éis fheachtas chearta daonna na gcainteoirí sna ceantair Ghaeltachtaí sa 1970idí, bhí sé i gceist acu déileáil le ceist na fostaíochta toisc go raibh bánú ag tarlú ag an am sin de thairbhe nach raibh aon phoist sa Ghaeltacht. Tá tar éis éirí go hiontach leis an údarás thar na blianta. Tá poist sa Ghaeltacht anois. Nuair a thugtar cuairt ar an nGaeltacht, is léir go bhfuil fadhbanna ann, ach nuair a fheictear na haonaid Gteic, na comhlachtaí atá tógtha ag an údarás ann agus an chóiríocht atá á dhéanamh aige ar na seanfhoirgnimh tionsclaíochta sna ceantair Ghaeltachta, tuigtear go bhfuil gá le breis airgid agus caipiteal breise chun cuidiú leis san obair sin. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na hoibreoirí ag cónaí sa cheantar, go bhfuil an pobal ann chun a chinntiú go leanann an obair sin, go bhfuil an pobal agus na teaghlaigh ann chun a chinntiú go bhfuil pobal beo beathach ann, go bhfuil siopaí, búistéirí agus scoileanna ann, mar mura bhfuil an daonra ann, beidh daoine ag tiomáint isteach sa cheantar sin. Tá an leasú seo ag déanamh cinnte gur féidir roinnt den talamh atá agus a bheidh ag an údarás - is gá dó talamh a cheannach anois is arís - a chur ar fáil chun a chinntiú, ar mhaithe le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta, go mbeidh sé de chead ag an údarás córas séarachais a chur ar bun nó aon shórt infreastruchtúir eile ar shuíomh, agus go mbeidh an tuiscint ann ní hamháin go mbeidh seirbhís á cur ar fáil do na monarchana nó na haonaid Gteic aige, ach freisin go mbeidh sé ar fáil chun seirbhís a dhéanamh ar eastát beag tithíochta. Nílimid ag caint faoi eastát tithíochta cosúil le Tamhlacht nó Cluain Dolcáin, ach faoi deich nó 20 teach anseo is ansiúd. Fógraíodh anuraidh nó an bhliain roimhe go raibh scéim phíolótach chun tarlú agus go raibh an t-údarás chun breathnú ar na féidearthachtaí a bheadh aige. Is í aidhm na leasuithe seo, agus roinnt cinn eile, ná a chinntiú go bhfuilimid ag tabhairt na cumhachta don údarás tríd an mBille seo agus nach bhfuil aon srian ann. Tá deis againn rudaí a leathnú. Is féidir linn é a shrianadh agus a rá gur gá don údarás dul chuig an Aire nó seo nó siúd a dhéanamh, ach nach mbeadh an cosc ar an údarás talamh a dhíol nó a chur ar léas ar mhaithe le tithíocht. Faoi láthair, níl an chumhacht sin ag an údarás. Is é an jab atá aige ná déileáil le cur chun cinn na Gaeilge agus tionsclaíocht nó poist a chruthú sa Ghaeltacht. Ciallaíonn na leasuithe seo go mbeidh jab ar leith ag an údarás cuidiú le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh na dualgais sin air. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a deir go bhfuil dualgais ag na comhairlí contae agus gur cóir dóibh díriú ar an tithíocht. Tá frustrachas ann. Tá a fhios ag daoine go bhfuil an dualgas sin ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, mar shampla, ach níl sé ag tarlú. Níl an talamh sa cheantar á ceannach aici agus níl an t-infreastruchtúr á chur isteach. Is de bharr gur scéimeanna beaga tithíochta atá i gceist nach bhfuil an tosaíocht chéanna á tabhairt mar is gá. Níl aitheantas ann ar an ngá an Ghaeltacht a chosaint agus gur gá rudaí eisceachtúla a dhéanamh seachas an ghnáthchóras. Tá jab ar leith le déanamh. B'fhéidir go mbeidh na comhairlí contae chun déileáil leis seo, ach an frustrachas a bhí ar lucht na gcomhairlí contae nuair a tháinig siad os comhair an chomhchoiste ná nach raibh na treoirlínte ann. Is féidir linn dul tríd ceist na dtreoirlínte agus cén tAire atá i gceist - deir duine amháin an tAire Gaeltachta agus deir duine eile an tAire tithíochta. Seachas sin, táimid ag tabhairt na deise don údarás, áit a bhfuil talamh aige nach bhfuil aon fhiúntas nó plean aige di, gur féidir leis féachaint an gcuideoidh sé le fadhb thithíochta i gceantar áirithe a leighis. Bheadh clanna á gcur ann agus fostaithe á gcothú do chomhlachtaí atáthar ag triail a lonnú sa cheantar. Dhéanfaí cinnte de go mbeadh beocht ag teacht ar ais i roinnt de na ceantair Ghaeltachta atá an-leochaileach faoi láthair agus a d'fhéadfadh bás a fháil laistigh de ghlúin amháin.
Sentiment score: -0.14
Maidir leis na trí leasú atáimid ag déileáil leo faoi láthair, leasú Uimh. 8 go dtí 11, is cinn cuibheasach simplí iad. Níl siad ach ag déanamh cinnte de go bhfuil na cumhachtaí breise ag an údarás agus ní cumhachtaí móra atá i gceist ann. Tá siad ag déanamh cinnte de má tá an t-údarás ag díol nó ag ceannach, gur féidir leis é sin a dhéanamh i gceart. D'fhéadfadh an t-údarás talamh a dhíol. Bheadh sé in ann talamh nó teach a dhíol nó a chur ar léas. Aontaím leis an Teachta Connolly nár chóir go mbeimid i gcónaí ag díol talamh poiblí nó teach poiblí ach caithfimid féachaint air sin. Uaireanta, is teach amháin atá i gceist: má cheannaítear suíomh mór talaimh chun ionad tionsclaíochta nó Gteic nua a thógáil, bíonn teach leis an suíomh. Caithfidh cead a bheith ag an údarás an teach sin a dhíol sa chás sin nó b'fhéidir tithe a dhíol, is é sin go bhfuil sé dírithe chun déileáil leis an bhfadhb bhunúsach atá ann nach bhfuil tithe inacmhainne ar fáil. Is mionrudaí iad. Chuala mé an tAire agus gur chóir dúinn díriú isteach air seo agus tá súil agam go ndéanfaimid é sin. Tá an t-aitheantas ann go bhfuilimid ag bogadh sa treo ceart sa Bhille seo agus go bhfuil an leasú seo ag teacht leis an bPríomh-Acht. Go háirithe nuair a smaoinítear siar ar an bPríomh-Acht ó 1979, scríobhadh ann: Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh [sin áit a bhfuil cónaí ar dhuine] nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. Bhí aitheantas éigin ann in 1979 go raibh gá don údarás díriú isteach air seo ag am éigin ach tharla athrú idir an dá linn agus níor tugadh an mhaoin agus an caipiteal dó chun díriú isteach ar an gceist seo. Mar atá léirithe, níl an saineolas nó an fhoireann acu toisc nach raibh sé dírithe ar an gceist seo go hiomlán. Ghlac sé, mar a ghlac an chuid eile den tír, go raibh an jab seo le déanamh ag na comhairlí contae. Ní dhearna na comhairlí contae a leithéid, tá a fhios agam, agus tá an ceart ag an Aire. B’ait liom an tslí nuair a tháinig na comhairlí contae os comhair an choiste cé chomh haineolach is a bhí siad ar shlí amháin. Chuir siad an milleán ar an Aire tithíochta agus iad á rá nach bhfuil aon treoirlínte agus níor thuig siad céard a bhí le déanamh acu. Bhí dream amháin ag déanamh rud amháin agus dream eile nach raibh ag déanamh rud ar bith. Ar shlí amháin, bhí siad ag rá go raibh siad ag fanacht ar threoir éigin. Bhí agus tá gach uile chomhairle contae sa tír seo in ann tithe a thógáil agus tá suíomhanna acu. Mura bhfuil na suíomhanna acu, tá sé de cheart agus de chead ag na comhairlí sin na tailte sin a cheannach. B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an tAire gurb é sin an fáth go bhfuil na comhairlí contae breá sásta anois á rá go bhfuil muid dírithe isteach ar an gceist seo. Rud amháin ná go bhfuil dualgais bhreise acu toisc an tAcht Pleanála agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar na treoirlínte am éigin amach anseo. B'fhéidir go bhfuil siad sásta dá mbeimid ag rá chun an dualgas ar fad a bhogadh chuig an údarás. Ansin, déarfadh siad happy days, mar nach mbeadh gá acu ansin déileáil leis an nGaeltacht, le BÁNÚ nó le haon dream mar sin. Ní hé sin a bheadh i gceist againn agus ní hé go mbeadh na comhairlí contae scartha amach as. Ní gá ach féachaint ar chathair na Gaillimhe agus an tslí ina bhfuil an chomhairle ansin tar éis eastáit tithíochta a thógaint sa chathair gan coinníollacha teanga ann nó aon chur chuige a bheith ag an gcomhairle chun a dhéanamh cinnte de go raibh an Ghaeilge slánaithe sna heastáit tithíochta sin thar na blianta. Tá bunfhadhb ansin. Táim sásta ar shlí amháin go bhfuilimid ag teacht ar ais chuige seo. Chun an tAire a chur ar an eolas, ní bheidh coiste Gaeilge ag bualadh le chéile roimh lár mhí Bealtaine. Bhíomar ag an gcruinniú díreach roimhe seo, mé féin, an Ceann Comhairle, agus a lán daoine eile, ag iarraidh díriú isteach ar Chathaoirligh agus ar bhaill a roghnú. Beidh siad roghnaithe agus beidh sé ag tarlú go luath i mí Bhealtaine ach ní bheidh cruinnithe ann. Caithfimid díriú isteach ar an mBille seo ar an gCéim seo istigh anseo idir an dá linn. Tiocfaimid ar ais ar an gceist sin ach tá an deis againn ar an gCéim seo. Nuair a bheimid ag teacht ar ais anseo ar Chéim na Tuarascála, tá an deis ag an Aire díriú níos mó isteach air seo agus féachaint an féidir an cúpla focal breise a chur san Acht, le go mbeadh breis deiseanna ag an údarás díriú isteach ar an gceist seo. Is ansin freisin go dtabharfadh an tAire Airgeadais - ní hé an tAire, an Teachta Calleary, an tAire Airgeadais - níos mó airgid don údarás chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an caipiteal aige chun cur leis an méid talaimh atá ag an údarás agus díriú isteach ar roinnt den tithíocht seo a chur ar fáil, más é sin an treo ina bhfuil an tAire, an Teachta Calleary, sásta dul. Mura bhfuil sé, is fiú go ndéanfaidh sé cinnte de go bhfuil carn airgid ar leith curtha ar leataobh ag an Stát le go bhféadfaí, mura bhfuil an chumhacht ag an údarás - tá súil agam go mbeidh - le go mbeidh an t-údarás nó na comhairlí contae in ann tarraingt as chun díriú leis an bhfadhb bhunúsach ó thaobh infrastruchtúir, séarachais, uisce agus leictreachais de i gceantair Gaeltachta maidir leis an gceist thithíochta. Mura tharlaíonn sé sin, is léir dom ó bhualadh le hUisce Éireann nach bhfuil tosaíocht ar bith ag an gcomhlacht sin faoi na ceantair bheaga Ghaeltachta. Tá an comhlacht sin dírithe ar na pleananna móra agus uisce a chur ar fáil do 1,000 teach nó 2,000 teach. Níl sé buartha faoi chóras séarachais atá dírithe ar 50 nó 60 teach i gceantair iargúlta na Gaeltachta. Caithfimid teacht ar bhealach éigin chun an tosaíocht sin a bhronnadh ar na ceantair sin. Ba chóir go mbeadh ciste ar leith ann agus, más féidir, é a bheith bainistithe ag an údarás, ag approved housing body Gaeltachta, ag na comhairlí contae nó ag an Stát féin. Caithfear é sin tarlú chun a dhéanamh cinnte de go bhfuilimid ag díriú isteach ar na ceisteanna tithíochta. Is mionleasuithe iad seo. Tá leasú eile nach raibh cead againn a chur chun cinn toisc go raibh costas i gceist. Is é sin ceann de na fadhbanna bunúsacha nuair atá ag an bhFreasúra, go bhfuil tuairimí maithe againn, nó ag eagras cosúil le Conradh na Gaeilge, agus go gcuirtear na leasuithe seo chun cinn in ainneoin go bhfuil a fhios againn go minic go mbeidh cosc curtha orthu go mbeidh siad faoi deara “muirear ar an ioncam”. Is dóigh liom gurb é sin an bealach a luaitear é nuair atá leasuithe mar sin curtha as ord. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go bhféadfaimis a mholadh don Aire féachaint orthu - leasuithe Uimh. 12, 13, 14 agus 16 - in ainneoin go bhfuil siad as ord toisc go bhfuil siad faoi deara muirear a chur ar an ioncam. Iarraim ar an Aire díriú isteach orthu siúd mar go gcuireann siad leis an méid atá á rá againn anseo. Leagann siad amach ar bhealach níos mine an cás ná na mionleasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11. Leagann siad amach conas is féidir díriú isteach ar an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
Sentiment score: -0.16
Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte againn agus guím gach rath ar an obair sin. Tuigim go bhfuil an tAire sa jab ar feadh tréimhse an-ghairid ach tá an t-eolas ag an údarás maidir leis na fadhbanna a shíleann sé atá aige. Ní gá ach scairt a chur ar bhaill an údaráis agus leagfaidh siad síos an bhuairt atá orthu nó cá háit a bhfuil soiléireacht ag teastáil maidir leis na feidhmeanna tithíochta nó an chumhacht a shíleann siad nach bhfuil acu nó áit nach bhfuil an mhaoin ann. Níor tugadh airgead riamh d’Údarás na Gaeltachta ón Státchiste chun tithe a thógaint nó chun infheistiú a dhéanamh in infreastruchtúr ar mhaithe le tithíocht in ainneoin, mar atá luaite agam, go bhfuil an chumhacht acu. Ó thaobh an leasú atá againn, níl muid ach ag iarraidh cur leis an méid atá á chur isteach ag an Aire. Is mionrudaí iad an trí leasuithe seo. Níl muid ag dul níos faide ná sin. Luaigh an tAire nach féidir gach rud a dhéanamh i mBille faoi thoghchán. Tá an ceart aige ach tá sé leagtha síos sa Teideal Fada go bhfuil sé seo dírithe ní hamháin ar an toghchán ach freisin ar “leathnú fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta” agus ar shocraithe “i dtaobh nithe gaolmhara”. Tá sé in ord againn mar sin an rud seo a phlé. An fáth go bhfuilimid á phlé seo ná toisc nach minic a bhíonn reachtaíocht ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais ag déileáil le ceist na Gaeltachta. B’fhéidir go mbeimid ag fanacht deich mbliain eile sula mbeidh an chéad Bhille eile ag déileáil le hÚdarás na Gaeltachta. Tá súil agam nach mar sin a bheidh ach sin mar atá tarlaithe. Táimid ag tapú an deis breis a chur isteach anseo chun cinnte a dhéanamh de nuair atá muidne críochnaithe leis an mBille go mbeidh pé cumhachtaí breise ag an údarás atá de dhíth air, atá ag teastáil uaidh, nó a shílimid a bhfuil gá leo. Táimid ag déanamh cinnte de go bhfuil an tuiscint ceart againn anseo. Tá triúr againn tar éis a lua go sílimid go bhfuil cumhachtaí ag an údarás nach bhfuil in úsáid acu cheana féin. Ó thaobh an leasuithe de, má fhéachaimid ar an gcéad cheann, níl muid ach ag iarraidh go bhféadfadh an t-údarás talamh nó teach a dhíol le comhlacht ceadaithe tithíochta. Tá sé éasca go leor talamh a dhíol le ceann de na comhlachtaí ceadaithe tithíochta seo nó le húdarás tithíochta ach tá seans ann go mbeadh an t-údarás ag tógaint tithíochta agus ansin nach mbeadh sé ag iarraidh bainistíocht a dhéanamh ar na tithe sin. Sa chás sin, bheadh siad á ligin ar léas, ag déanamh conradh nó á ndíol leis na comhlachtaí seo chun iad a bhainistiú. Níl comhlacht bainistíochta tithíocht atá i gceist in Údarás na Gaeltachta faoi láthair. B’fhéidir amach anseo gurb é sin ceann de na rólanna a bhéas aige agus go mbeadh sé ag déanamh deisiú ar thithe shóisialta nó inacmhainne. Níl muid ach ag déanamh iarracht gach angle a chlúdach sa chás seo. Ansin, ní hé go mbeadh na rudaí seo díreach á ndíol ach go bhféadfaí iad a chur ar léas. Ansin coimeádann tú roinnt smachta air agus muna bhfuil an comhlacht ceadaithe tithíochta sin nó na húdaráis tithíochta ag cloí leis an léas gur féidir iad a tharraingt siar nó ar a laghad amach anseo, i gceann 100 bliain, go bhfuil an talamh fós ag an údarás agus gur féidir a fhéachaint an bhfuil sé ag iarraidh iad a dhíol ina iomláine, cur leo nó pé rud atá i gceist. An leasú is mó atá againn ná go bhfuilimid ag iarraidh cur leis an méid atá luaite ag an Aire trí cinnte a dhéanamh go gcuirfí san áireamh: “lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis”. Beidh talamh i gceist uaireanta. Tagann moill ar chúrsaí toisc an maorlathas nuair a ghlacann sé smacht ar an gcóras agus ansin cailltear an deis a bheith ag cuidiú leis an gcomhphobal áitiúil. Uaireanta bíonn na deiseanna sin i gceist ó thaobh tithíochta agus ó thaobh talaimh de. Is trí rud shimplí iad. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann glacadh leis na leasuithe agus ansin gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad alt eile.
Sentiment score: -0.19
Gabhaim buíochas leis an Aire as an dtairiscint sin. Tá mé breá sásta ar bhonn na geallúna sin na trí leasú seo a tharraingt siar. Measaim go mbeidh sé tábhachtach, fiú má tá an Rialtas ag iarraidh é seo a bhogadh ar aghaidh, sula mbogaimid go dtí Céim na Tuarascála go mbeadh na cruinnithe sin ag an Aire leis na heagrais a luaigh sé. Tá an cheist a d’ardaigh an Teachta Connolly an-tábhachtach chomh maith. Is féidir linne a bheith ag rá anseo go bhfuil an chumhacht ag an údarás ach má tá an Ard-Aighne ag rá nach bhfuil, ba cheart dúinn a bheith cinnte nuair atá muid ag déileáil leis seo agus á chríochnú go bhfuilimid ag tabhairt na gcumhachtaí is cuí don údarás ionas gur féidir leis an ról atá agus a bhéas aige a imirt chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta sna ceantair Gaeltachta. Tá ról ag an údarás agus tá ról freisin ag na húdaráis áitiúla, an Stát agus na co-ops agus comhlachtaí tithíochta atá luaite againn. Tá ról ag a lán eagraíochtaí. Beidh mé ag tarraingt siar leasuithe Uimh. 8, 10 agus 11 chun gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí roinnt de na cinn eile.
Sentiment score: -0.19
Tairgim leasú Uimh. 9: Ar leathanach 13, líne 4, “nó teach” a chur isteach i ndiaidh “talamh”. Tá sé sin á tharraingt siar.
Sentiment score: -0.19
Tairgim leasú Uimh. 10: Ar leathanach 13, líne 4, “, a léasú nó a ligean” a chur isteach i ndiaidh “a dhíol”. Tá sé sin á tharraingt siar.
Sentiment score: -0.19
Tairgim leasú Uimh. 11: Ar leathanach 13, líne 8, “agus féadfaidh an tÚdarás talamh nó teach a cheannach, a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a athchriosú, nó a shealbhú don chúis seo” a chur isteach i ndiaidh “sa Ghaeltacht”. Tá sé sin á tharraingt siar.
Sentiment score: -0.19
Tairgim leasú Uimh. 15: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis achtú an Achta seo, i gcomhair gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, ina leagfar amach spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú agus chun soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin. (11) Déanfar na Straitéisí a shonraítear i bhfo-alt (10) a uasdátú gach 5 bliana.”.”. Táimid ag déileáil anseo le grúpa de leasuithe atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus againn féin chun díriú isteach ar cheist a bhfuilimid tar éis roinnt di a ardú cheana féin, is é sin, ceist an bhonneagair nó infreastruchtúir sa Ghaeltacht agus an fhreagracht atá ar pé duine ar a bhfuil sí. Faoi láthair, den chuid is mó, tá sí ar na comhairlí contae nó ar Uisce Éireann. Is léir dúinn nach bhfuil an infheistíocht cheart ann. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt teanga, tionscail agus pobail sa Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh feidhm a thabhairt di maidir le tithíocht sa Bhille seo. Mar a dúirt mé, tá sé riachtanach go ndéileálfaimid ní hamháin leis an tithíocht ach leis an mbunfhadhb infreastruchtúir freisin. I roinnt cásanna, bheadh tithe tógtha ag an ngnáthphobal ach níl an t-infreastruchtúr ann agus ní féidir cead pleanála a fháil toisc nach bhfuil córas uisce, séarachais ná leictreachais ar fáil. Chonaic muid cé chomh leochaileach is atá ceantair éigin leis an stoirm le déanaí. Mar atá a fhios againn, tá an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta ar an gcósta. Tá siad leochaileach toisc go bhfuil an tAtlantach timpeall orthu agus á mbualadh nuair a tharlaíonn stoirmeacha. Bíonn ceantair eile oscailte don fharraige, don ghaoth agus do na gálaí a bhíonn ag bualadh na tithe. In ainneoin go bhfuil na ceantair sin go hálainn le feiceáil ar laethanta breá samhraidh, go minic bíonn sé deacair a bheith ag maireachtáil iontu nuair atá stoirm á mbualadh toisc go bhfuil siad iargúlta. Feiceann tú ansin cé chomh leochaileach agus scoilte amach is atá siad. Ní bhaineann roinnt de na fadhbanna seo le ceantair Ghaeltachta amháin. Baineann siad le ceantair thuaithe agus ceantair atá scartha amach ó na bailte nó na sráidbhailte. Mar a luaigh mé cheana féin, sa chás seo táimid ag caint faoin nGaeltacht agus táimid den tuairim gur chóir go mbeadh eisceacht déanta chun cosaint a thabhairt don tseoid chultúrtha atá againn. Ní mhairfidh an tseoid sin muna bhfuil daoine ina gcónaí sna ceantair sin, ag labhairt na Gaeilge agus ag obair trí Ghaeilge agus muna bhfuil páistí ag freastal ar scoil trí Ghaeilge. Caithfidh sé seo a tharlú glúin i ndiaidh glúine má tá an stair sin le leanúint ar aghaidh. Is é sin an fáth go bhfuil riachtanas ann go ndéanfar cinnte de go bhfuil an bonneagar ann chun gur féidir daoine a mhealladh chun fanacht sna ceantair sin agus tithe a thógáil nó a cheannach iontu. Leis na leasuithe seo, táimid ag iarraidh an Bille a dhíriú ar na fadhbanna bunúsacha atá leagtha síos. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh straitéis a bheith ann don daonra agus do thithíocht sa Ghaeltacht. Caithfidh a fhios a bheith againn cé mhéad teach atá agus a bheidh i gceist, cad iad na nithe breise atá ag teastáil má táthar ag caint faoi deich, 20 nó 100 teach breise i gceantar, cad é an t-ualach breise a bheidh ar chóras uisce an cheantair agus an bhfuil gá cur leis an infreastruchtúr sin. Ansin, caithfidh a fhios a bheith againn conas a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh sé sin. Tá a fhios ag aon duine atá ina chónaí sna ceantair seo cad í an bhunfhadhb. Tá tuairimí agus réiteach na faidhbe acu ach níl an chumhacht, an t-airgead ná an cead acu. Caithfimid díriú isteach ar na trí rud sin. Leis na leasuithe seo, tá muinín á chur san údarás gur féidir leis cuidiú leis an rud seo. Sna ceantair sin, níl muinín sna comhairlí contae ná sa Rialtas.
Sentiment score: -0.21
Tá an ceart ag an Teachta Ó Conghaile. Nuair atá tú ag caint faoi leasuithe, deir tú an méid atá le rá agat agus ansin síleann tú go dtuigeann daoine an loighic atá ann. Sa chás seo, ní gá ach féachaint ar leasú Uimh. 15. Tá sé an-simplí. Deir sé "Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú". Nílimid ag tarraingt dualgas ó na húdaráis áitiúla. Táimid ag déanamh cinnte de go ndéanfaidh siad na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá an jab sin acu cheana féin ach, mar a dúirt an Teachta Connolly, tá siad ag déanamh neamhairde orthu. Sa bhealach seo, bheadh ar an údarás dul i gcomhairle leo agus tuairisc a fhoilsiú agus a uasdátú gach cúig bliana chun díriú isteach ar na ceisteanna gur gá a leigheas. Tá a fhios againn na fadhbanna ach níl na hacmhainní, an scil, an chumhacht ná an seasamh agam chun é sin a dhéanamh ná chun na Ranna nó na hAirí a mhealladh chun éisteacht a thabhairt dom. Leis seo, leagfaí amach straitéis. Má tá straitéis ann, chaithfí gníomhú dá réir. Táim cinnte go bhfuil an gá sin ann. Is ceann de na rudaí atá taobh thiar de seo ar fad ná nárbh fhiú tráithnín straitéis a chur le chéile muna bhfuil geallúint ann go mbeadh an maoiniú ann nuair atá sé foilsithe. Luaigh muid cheana féin go bhfuil cumhachtaí ag an údarás ach caithfidh an t-airgead a bheith aige. Tá a fhios againn ar fad cad a tharla ó thaobh an údaráis nuair a tháinig an ghéarchéim eacnamaíochta nuair a theip ar an tíogar Ceilteach. D'fhéach an bord snip agus a leithéid air amhail is gur fiú fáil réidh leis. Is é an fáth go bhfuarthas réidh leis na toghcháin ná gur chosain siad airgead, cé nár ghá leo aon mhórairgead a chosaint. Ag an am, bhíodar den tuairim gur chóir an t-údarás a chur isteach leis an IDA nó Fiontraíocht Éireann. Bhí an t-ádh linn go raibh cosaint ann, gur lean an t-údarás agus gur láidríodh é i mbealach amháin toisc go ndíríodh isteach ar cheist na pleanála teanga. Má théitear siar 30, 40 nó 50 bliain ó shin, ní raibh an phleanáil teanga chomh lárnach sin ó thaobh an údaráis. In ainneoin go raibh sé ar cheann de na rudaí ar ghá dó a dhéanamh, ní raibh an cur chuige ann. Nuair a tugadh dualgais bhreise agus maoiniú dó chun dul i dtreo na pleanála teanga, bhí sé in ann é a dhéanamh. Má tá tú ag obair ar an ngannchuid, muna bhfuil tú in ann teacht ar airgead tú féin agus má tá d'obair ag brath go huile agus go hiomlán ar an Stát, tá sé níos deacra. Tá a fhios againn go bhfuil titim ar an gcoibhneas ó thaobh an t-airgead a bhí á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó 2009. In 2009, do gach uile euro a bhfuair Údarás na Gaeltachta, fuair an IDA €3. Bhí airgead maith ag dul isteach san údarás ach, ag an am sin, bhí sé dírithe ar fhiontraíocht, ar thionsclaíocht agus ar phoist a chruthú amháin. D'éirigh go maith leis agus feiceann muid an toradh sna ceantair Ghaeltachta. Níl an dífhostaíocht chomh mór agus a bhí sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Níl an pobal ag bánú ó na ceantair Ghaeltachta de thairbhe easpa fostaíochta anois ach de thairbhe easpa tithíochta. Mar a dúirt mé, in 2009 ba 1:3 an coibhneas a bhí ann. Anois, is 1:11 é. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar an maoiniú don IDA ach níl sé sin tar éis tarlú don údarás. Tá ardú tagtha ach tá an coibhneas as riocht. Níl aon mhórardú tagtha ar an airgead nó an caiteachas caipitil. Smaoineofá gur san áit seo a bheadh an t-airgead ag fás. D'ardaigh mé an cheist seo cúpla uair sa choiste le hAirí difriúla. D'fhiafraigh mé cén fáth nach raibh ach €1 milliún breise, nó airgead breise ar bith, á thabhairt don bhuiséad. An é nach raibh pleananna ag an údarás aon rud a dhéanamh? Nach raibh athchóiriú le déanamh ar na foirgnimh atá aige? Níor tugadh freagra ceart dom riamh. Tá go leor scéimeanna trínar féidir leis an údarás airgead breise caipitil a chaitheamh. Faoi cheann amháin, is féidir cuidiú a thabhairt le bonneagar a thógáil ach, gan aon straitéis ná cur chuige, tá sé níos deacra mar níltear ach ag déanamh giota anseo agus ansiúd go piecemeal. Níl tú ag obair leis an údarás áitiúil chun leath den airgead a thabhairt do thogra toisc go bhfuil tú ag iarraidh páirc thionsclaíochta a thógáil agus go bhfuil suíomh béal dorais á oscailt gur féidir leis an údarás áitiúil tithíocht a thógáil air má cheannaíonn sé é. Ba chóir go mbeadh caidreamh leanúnach mar seo ann. B'fhéidir go bhfuil ach ní fheicim toradh aon obair idir an t-údarás agus na comhairlí áitiúla. Ní fheicim ceann amháin ag déanamh rud éigin toisc go bhfuil an ceann eile ag déanamh rud eile chun cuidiú le pé maoiniú caipitil atá acu a leathnú amach. Sa chás seo, níl muidne ach ag déanamh moltaí maidir le tuairisc.
Sentiment score: -0.07
Tairgim leasú Uimh. 17: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás straitéis a ullmhú agus a fhoilsiú nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Acht a seo, i gcomhairle le pobail Ghaeltachta, Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais, Líonraí Gáis Éireann, Bonneagar Iompair Éireann, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus na soláthraithe bonneagair cumarsáide faoina rialáil, na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceantair Ghaeltachta, agus na Ranna Rialtais iomchuí, maidir le tosaíochtaí don bhonneagar uisce, séarachais, leictreachais, gáis, bóithre agus iompair, cumarsáide fóin, leathanbhanda, agus eile, a chuimseoidh amchlár feabhsúcháin agus seirbhíse do cheantair ag a bhfuil easpa seirbhíse nó fadhbanna seirbhíse sa Ghaeltacht, go háirithe iad siúd atá ag cur bac ar fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus cultúir an phobail agus deiseanna fostaíochta agus cónaithe a chruthú agus a choimeád, agus beidh sé de dhualgas ar na heagrais stáit go léir thuasluaite gníomhú dá réir.”.”
Sentiment score: 0.00
Tairgim leasú Uimh. 19: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Reáchtálfaidh an tÚdarás cruinnithe míosúla i seisiún poiblí, a mbeidh rochtain oscailte ag an bpobal agus ag na meáin orthu, ach beidh de chumas agus de chead ag an mbord cinneadh a dhéanamh roimh ré nach féidir leo ábhair áirithe, a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, a phlé i seisiún poiblí, ach gur gá na hábhair sin a phlé i seisiún príobháideach.”.”. Is ceann simplí é seo. Déanann sé cinnte de, sa lá atá inniu ann, go mbeidh an daonlathas trédhearcach agus go mbeidh cruinnithe míosúla an údaráis poiblí, mar atá ag na húdaráis áitiúla agus ag na area committees i mBaile Átha Cliath chomh maith. B’fhéidir go bhfuil a leithéid ag coistí eile. Tuigim go bhfuil cásanna ar leith nuair nach féidir é seo a dhéanamh, agus is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha síos nach gá go mbeidh na seisiúin, ina bhfuil cinntí á nglacadh nó á bplé a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, poiblí. Tá aitheantas ann gur comhlacht trádála atá i gceist a bhíonn ag déileáil le rudaí casta airgeadais. Sa chomhthéacs sin, uaireanta ní cheart go mbeadh na seisiúin phoiblí. Bíonn an comhairle cathrach i mBaile Átha Cliath ag déileáil le ceisteanna móra casta faoi rátaí, páirceáil, cíos agus a leithéid. Tagann na nithe sin faoi bhráid an chomhairle agus is féidir iad a phlé go hoscailte leis na comhairleoirí tofa. Is minic go mbíonn an obair déanta roimh ré ag an feidhmeannas le plé agus cruinnithe laistigh den chomhairle. Is cruinnithe míosúla an údaráis atá i gceist, is iad sin, na cinn dlíthiúla is gá tarlú, áit a mbeidh na cinntí deireanacha á nglacadh seachas na bunchinntí. Is ag an stad seo gur gá don daonlathas a bheith ann. Dá mbeadh sé chomh oscailte sin, ní bheadh na lads nó lassies, mar a bhí an tAire ag déanamh trácht orthu, ag seasamh sa toghchán le Gaeilge ach gan spéis ar bith acu. Ní bheadh siad sásta go mbeadh an pobal ag féachaint isteach mar bheadh sé soiléir cuibheasach tapa cé acu de na comhaltaí tofa - nó fiú na comhaltaí atá á roghnú ag an Aire - atá gafa le hobair an údaráis nó atá dírithe isteach uirthi. Bheadh na leisceoirí aitheanta cuibheasach tapa, dá mba ghá. Is gnáthchleachtas anois é seo. Tá sé le feiceáil sna coistí anseo. Bíonn seisiúin phríobháideacha ann agus ansin téann tú isteach go seisiún oscailte. Is féidir a leithéid a dhéanamh. Caithfidh an cleachtas sin a bheith ann ó thús. Is cuimhin liom an díospóireacht – ní raibh mise ar an gcomhairle cathrach anseo riamh – nuair a bhíothas ag caint faoi live streaming a dhéanamh. Bhí alltacht ar na comhairleoirí cathrach siúd. Dúirt siad go mbeadh deireadh le gach rud, ach níor thit an tóin as an domhan dá thairbhe sin. Is gnáthrud anois é. Níl a fhios agam cé mhéad den phobal a fhéachann isteach ar na cruinnithe seo, má fhéachann siad isteach orthu in aon chor. B’fhéidir go bhfuil sé cosúil le Oireachtas TV. Titeann daoine ina gcodladh ag féachaint air sin. Is é sin an fáth go bhfeiceann siad air. Tá sé tábhachtach don daonlathas go bhfuil an deis sin ann. Is é sin an sórt ruda atá i gceist. Tuigim má tá an tAire ag iarraidh féachaint ar a leithéid seo agus teacht ar ais. Agus muid ag tabhairt an daonlathais ar ais, nó ag bogadh i dtreo an daonlathas a thógáil ar ais ina iomláine ó thaobh an údaráis, is cuid den domhan nua é seo go bhfeiceann an pobal na cinntí á nglacadh agus an daonlathas ag obair.
Sentiment score: -0.20
D’úsáid an tAire mar shampla an Choiste Gnó anseo. Gach seachtain tugtar tuairisc dúinn go hoscailte sa Teach seo, tríd an bPríomh-Aoire, ar cad a bhí á phlé ag an gCoiste Gnó. Maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais, is bord comhlachta atá i gceist ansin - tá príomhfheidhmeannach ann - a bhíonn ag plé ceisteanna caiteachas agus a leithéid. De ghnáth in aon bhord, ní dhéantar é sin i mbealach atá oscailte don phobal ach bíonn an cinneadh ar fáil sa deireadh thiar thall. Sa leasú seo, níl muid ach ag lorg go mbeadh an cruinniú míosúil oscailte. Níl muid ag iarraidh go mbeadh gach uile chruinniú oscailte. Tá aitheantas tugtha, dar ndóigh, toisc an castacht atá i gceist anseo, go bhfuil siad ag déileáil le gnéithe faoi leith. B’fhéidir go gcosnóidh sé airgead ar an Stát nó ar an údarás dá mbeadh an scéal á phlé go hoscailte agus go mbeadh daoine ag baint buntáiste as seo. Bheadh siad á phlé anyway agus bheadh daoine ann sa seomra a bheadh in ann é sin a úsáid dá mbeadh sé sin i gceist acu. Ní chóir gur rud rúnda a mbeadh san údarás. Ba chóir go mbeadh an pobal in ann féachaint ar na comhaltaí atá tofa agus na comhaltaí a bhéas roghnaithe anois de réir an slí atá an Bille seo ag dul. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an pobal iad sin ag obair. Ní hamháin go bhfeicfeadh siad ag obair iad ach go mbeadh siad ag plé na gceisteanna go hoscailte atá á gcur acu i dtuairiscí ón bhfeidhmeannas, ón Stát nó ó thaobh rúin a bheadh roinnt de na comhaltaí ag iarraidh a rith. Measaim gur sin an áit atá sé i gceist. Ní gá go mbeadh ach leath huair a chloig ann nó b'fhéidir uair a chloig in aghaidh na míosa ach go mbeadh sé sin oscailte. Ansin bheadh a fhios ag daoine go raibh dul chun cinn ag tarlú ar a laghad. Bhíodh sé amhail is go raibh rúndiamhair á plé agus nach raibh cead ag éinne fáil amach cad a bhí nó cad a bheadh ag tarlúint. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an cur i gcoinne seo ann. Shíl mé go mbeadh sé seo ar cheann de na leasuithe a bheadh an Aire breá sásta leis agus go mbeadh sé ag rá linn é a tharraingt siar agus go ndéanfadh sé ina chuid focail féin é. Is ait an kickback atá ann ó thaobh an leasuithe seo. Tá kickback níos mó sa chás seo ná le roinnt de na leasuithe a shíl mé a bheadh an Rialtas ag seasamh ina gcoinne. Tá mise ag iarraidh go mbeadh sé seo rite.
Sentiment score: -0.14