Déarfaidh mé cúpla focal ar an alt seo. Fáiltím roimh an tslí a chinntíonn sé go mbeidh muintir na Gaeltachta ábalta a n-ionadaithe féin ó thoghadh. Is mór an dul chun cinn é sin agus caithfimid a bheith cinnte fáiltiú roimhe sin. Bhí córas lochtach ann, áit a raibh ar mhuintir Chorcaí, muintir Phort Láirge agus muintir na Mí ionadaí a roinnt eatarthu. D'fhág sé sin tréimhsí nach raibh aon duine ó, cuir i gcás, contae Chorcaí nó na ceantair eile ar an mbord in aon chor. Fáiltím an tslí a chinntíonn sé seo anois go mbeidh duine ó Chorcaigh, ó Phort Láirge agus ón Mí tofa ag an bpobal féin. Níl an oiread céanna daoine againn is atá ag contaetha eile ach anois beidh cinnteacht ann go mbeidh daoine ó na pobail sin ó chontae Chorcaí, Port Láirge agus an Mhí ann. Fáiltím roimhe sin.
Sentiment score: -0.31
Baineann na leasuithe seo leis an tslí go mbíonn an t-údarás ábalta talamh a dhíol agus a cheannach ar leas an phobail Ghaeltachta, ní hamháin ó thaobh na tionsclaíochta de, ach i slite éagsúla a bheadh ann ar leas an phobail. D'fhéadfadh cúrsaí cultúrtha, oideachais, tithíochta nó pé rud ar leas an phobail a bheith i gceist. Is amhlaidh go mbeidís ag neartú agus ag cothú phobal na Gaeltachta i slite éagsúla, ach is í sin an bhunaidhm - pobal na Gaeltachta a neartú agus a chothú. Tuigim go raibh a leithéid ann cheana féin ag an údarás i gcónaí, go mbeadh sé ábalta talamh a chur ar fáil mar sin, as gurbh amhlaidh gur éirigh éiginnteacht de bharr na gcinntí sna cúirteanna. Tá sé i gceist an chinnteacht sin a chur ar ais san údarás agus a chinntiú go mbeidh sé ábalta talamh a dhíol agus a cheannach ar son chúrsaí éagsúla a bheadh go huile agus go hiomlán ar leas an phobail agus nach mbeadh sé srianta go cúrsaí tionsclaíochta amháin.
Sentiment score: -0.33