Conor D McGuinness

Overall sentiment: -0.17
Back to Debate

Aontaím leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaithe. Agus muid ag teacht chun deiridh ar an díospóireacht mar gheall ar alt 5, teastaíonn uaim a rá arís go bhfuil deis againn anois Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chomh daonlathach, chomh hoscailte agus chomh trédhearcach agus is féidir trí níos mó ball tofa a bheith ar an mbord agus níos mó daoine a thoghadh ó gach ceantar Gaeltachta. I mo cheantar féin i nGaeltacht na nDéise, mhol an Rialtas go mbeidh duine amháin ar an mbord. Mholamar go mbeadh beirt, agus an rud céanna timpeall na tíre. Thacódh sé sin leis an bpobal cur le héagsúlacht ar an mbord i dtaobh éagsúlacht tíreolaíochta, pholaitiúil agus inscne de, gur féidir linn guthanna éagsúla a bheith iniata leis na comhráite atá ag dul ar aghaidh ag leibhéal bhord an údaráis ionas gur féidir leo cinntí níos fearr a dhéanamh amach anseo agus iad ag déileáil leis na géarchéimeanna atá ag cur isteach ar ár bpobal Gaeltachta.

Sentiment score: -0.11

Is breá liom athrá a sheachaint. Is é an rud ar mhaith liom a rá ar an téama céanna leis an méid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh. Tá sé mar gheall ar an bhforáil sin mar gheall ar iarrthóirí a bheith ina gcónaí laistigh de cheantar Gaeltachta. Is fadhb ollmhór é sin, go háirithe gur daoine óga ón nGaeltacht iad agus tá sé mar sprioc acu filleadh ar an nGaeltacht agus a gclanna a thógáil ansin. B'fhéidir go bhfuil a bpáistí ag freastal ar an scoil cheana féin sna ceantair Ghaeltachta ach de dheasca na géarchéime tithíochta, tá siad ina gcónaí i mbailte agus i sráidbhailte eile lasmuigh de na teorainneacha Gaeltachta. Maidir leis an méid a dúirt an tAire faoi PAS, agus na treoracha a bheith ann i dtaobh na gcáilíochtaí do na daoine agus na comhaltaí a bheidh ceaptha amach anseo, ba cheart an tinreamh ceannann céanna a bheith i gceist. Caithfidh nasc láidir a bheith ag comhaltaí boird leis an nGaeltacht. Caithfidh siad a bheith fite fuaite agus mar chuid den phobal Gaeltachta ach níl gach duine atá mar chuid den phobal Gaeltachta ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta atá ann. I mo chás féin i gContae Phort Láirge, agus is dócha go bhfuil sé seo coiteann ar fud an Stáit sna ceantair Ghaeltachta, tá mórmhór na glúine óige ón Rinn agus ón Sean Phobal ag maireachtáil i nDún Garbhán agus i mbailte eile mar níl na tithe sóisialta inacmhainne, nó fiú príobháideacha, ar fáil ar phraghas réasúnta sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid aghaidh a thabhairt air sin.

Sentiment score: -0.19

Fáiltím an méid a dúirt an tAire sa mhéid go bhfuil sé sásta é seo a phlé agus an comhrá seo a bheith againn mar is rud casta é conas is féidir é sin a chur síos i reachtaíocht ionas go bhfuil sé féaráilte agus cothrom. Deirimse i gcónaí go bhfuil na toghthóirí géarchúiseach nó i mBéarla "the electorate is very discerning". Beidh a fhios ag pobal na Gaeltachta agus iad ag caitheamh a gcuid vótaí más interloper atá i gceist nó más duine atá ag cur amú ama agus níl suim acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gaeltachta. Ach mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, caithfimid foirmle éigin a bheith againn chun a chinntiú gur féidir le daoine a bhfuil suim, dúil nó nasc acu leis an nGaeltacht iad féin a chur chun tosaigh mar iarrthóirí. Ansin beidh an cinneadh agus an rogha ag na vótálaithe ach ní bheidh cosc ar aon duine a tógadh le Gaelainn sa Ghaeltacht, ach nach féidir cónaí sa limistéar Gaeltachta, seasamh. Mar a dúirt an Teachta Connolly, is íoróin atá ann go mbeadh siad ag iarraidh na ceisteanna sin a ardú agus guth a thabhairt don aos óg atá thíos leis an ngéarchéim thithíochta, ach nach mbeadh sé de chead acu é a dhéanamh. Is é sin an rud. Cuirim fáilte roimh an deis an plé sin a bheith againn nuair atá na coistí curtha le chéile.

Sentiment score: -0.28

Tairgim leasú Uimh. 8: Ar leathanach 13, idir líne 1 agus líne 2, an méid seo a leanas a chur isteach: "(1) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3A), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "eacnamaíoch na Gaeltachta": ", lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis". I dtús báire, ba mhaith liom gearán a dhéanamh nó mo mhíshástacht a léiriú i dtaobh ár leasú, leasú Uimh. 12. Tá sé rialaithe as ord, rud nach féidir liom aontú leis i ndáiríre. Le linn Chéim an Choiste ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt an bhliain seo caite, bhí leasú ag Sinn Féin chun feidhm a thabhairt mar chomhlacht ceadaithe tithíochta, nó approved housing body, d'Údarás na Gaeltachta. Cé nach nglacfadh an Rialtas leis an leasú sin, rialadh in ord an leasú agus bhí deis againn é a chur chun tosaigh. Anois, tá leasú curtha chun tosaigh againn ag iarraidh go mbeadh feidhm ag an údarás comhlacht ceadaithe tithíochta a bhunú agus tá sé rialaithe as ord. Ní féidir glacadh leis sin i ndáiríre. Ní dhéanann sé ciall domsa. Seans nach bhfuil mórán gur féidir liom a dhéanamh ach é a ardú anseo agus mo mhíshástacht agus míshástacht Shinn Féin a chur ar an taifead.

Sentiment score: -0.11

Is géarchéim eiseach - an existential crisis - í an géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Ní bheidh ceantair Ghaeltachta againn, nó pobal labhartha Gaeilge againn, muna bhfuil réiteach ar an ngéarchéim seo. Tá sé sin ag teacht ó na saineolaithe agus na pobail. Tá sé istigh sna pleananna teanga atá faomhaithe ag Roinn an Aire le blianta anuas. I bplean teanga Ghaeltacht na nDéise, tá sé an-soiléir: is í tithíocht an cuspóir is mó inár bplean teanga. Tá an Stát agus an Rialtas ag infheistiú sna ceantair Ghaeltachta i dtaobh na pleananna teanga agus is maith an rud é. Tá an-chuid obair á dhéanamh ag na comhlachtaí forbartha agus na pleanálaithe teanga. Muna bhfuil na tithe ann do dhaoine le maireachtáil iontu agus clann a thógáil - táthar ag iarraidh an chéad ghlúin eile agus an ghlúin ina dhiaidh sin a thógáil sna ceantair Gaeltachta - beidh stop leis an nGaeltacht don chéad uair riamh i gContae na Gaillimhe, i gContae Mhaigh Eo, i gContae Phort Láirge, i gContae Chorcaí, i gContae na Mí, i gContae Chiarraí agus i dTír Chonaill. Beidh deireadh le ré na Gaeltachta agus beidh an nasc ársa sin briste don chéad uair. Tá sé chomh tubaisteach tábhachtach sin. Muna féidir glacadh lenár leasuithe - ina measc leasú Uimh. 12, atá ag iarraidh cumhachtaí a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le AHB a bhunú chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo - b'fhéidir gur féidir leis an Aire ó thaobh an Roinn de leasú den saghas sin a chur isteach ag an gcéad Chéim eile, nó ar a laghad féachaint air. Is dócha go bhfuil an gá sin ann. Chun a cheart a thabhairt don Aire, tá an ceart aige nach bhfuil taithí ag an údarás feidhmiú mar údarás tithíochta, ach níl taithí ag aon eagras Stáit nó eagras poiblí, aon AHB nó aon údarás áitiúil bheith ag feidhmiú mar údarás tithíochta Ghaeltachta. Níl a leithéid de rud ann go dtí seo. Níl na comhairlí áitiúla tar éis freastal ar an éileamh sna ceantair Ghaeltachta riamh. Níl siad á dhéanamh anois agus iadsan atá freagrach as tithíocht shóisialta, phoiblí agus inacmhainne a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, níl sé déanta acu. Níl sé déanta ag aon dream. Glacaim leis an méid a dúirt an Aire nach féidir gan locht a chur ar na comhairlí áitiúla. Caithfidh siad a bheith freagrach as an gceist seo chomh maith, ach ní féidir a rá go bhfuilimid chun brath orthu amháin. Caithfimid féachaint ar cad gur féidir leis an údarás a dhéanamh mar an eagras Stáit atá ainmnithe le infheistíocht agus bainistiú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta. Táimid tar éis díospóireacht an-fhada a bheith againn ar conas é seo a dhéanamh níos daonlathach ionas go mbeidh an t-údarás freagrach as na pobail sin. Tá an t-údarás i bhfeighil ar na pleananna teanga cheana féin. Tá sé freagrach as an Ghaeltacht a choimeád beo. Glacaimid leis sin. Is é sin an dualgas i ndáríre atá ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh fostaíocht, fiontraíocht, an eacnamaíocht agus pleanáil teanga. Anuas air sin, caithfimid freagracht a thabhairt dó i dtaobh cúrsaí tithíochta. Tá fianaise ann le blianta anuas nach bhfuil na húdaráis áitiúla á dhéanamh sin. Tá sé sin soiléir ón méid atá tar éis titim amach leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta - táimid ag fanacht orthu ó 2021 ach níl siad feicthe ag aon duine. Níl sé sin díreach ag teacht ó na húdaráis áitiúla, ach ón Roinn tithíochta chomh maith. Ní thuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Táim ag súil leis go dtuigeann an Roinn Gaeltachta cé chomh tábhachtach is atá an fhadhb seo, ach ní dóigh liom go bhfuil sé tar éis landáil istigh i gcloigne an Roinn tithíochta cé chomh tábhachtach is atá sé. Tá cuid d'ár leasuithe an-simplí i go leor slite. I gcás leasú Uimh. 6, táimid ag caint mar gheall ar an deis a thabhairt don údarás maoin a cheannach agus ní hamháin a dhíol. Beidh rudaí ag titim amach anseo. Tá muid ag caint mar gheall ar cheantair Ghaeltachta éagsúla. Dá bhrí sin, beidh éagsúlacht agus solúbthacht ag teastáil ón údarás chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta i ngach ceantar éagsúil. I gceantair áirithe, is ceisteanna mar gheall ar chead pleanála don chuid is mó atá i gceist. I gceantair eile, is mar gheall ar líon na tithe saoire agus na Airbnbs atá na ceisteanna. I gceantair eile, is mór an fhadhb í an easpa tithe shóisialta. I gceantair eile, táimid ag caint faoi conas is féidir suíomhanna seirbhísithe inacmhainne, serviced sites, a chur ar fáil do dhaoine lena dtithe féin a thógáil. In áiteanna eile, táimid ag caint faoi conas is féidir housing co-operative a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a sholáthar. Beidh réitigh éagsúla i gceist i ngach ceantar. I gceantair áirithe, beidh níos mó ná réiteach amháin ar an fhadhb. Caithfimid an tsolúbthacht is mó gur féidir linn a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus, mar chuid de sin, ba cheart dúinn a chinntiú ní hamháin gur féidir leis talamh a dhíol, ach gur féidir leis talamh a cheannach freisin. Ní hamháin gur talamh atá i gceist ach maoin, sé sin property, tithe san áireamh. Beidh ceist ann amach anseo. Táim cinnte go mbeidh cás ann nuair a bheidh píosa talún de dhíth ón údarás le cur le píosa talún atá aige cheana féin, ionas gur féidir leis rochtain a dhéanamh ar shuíomh. Beidh air píosa talún a cheannach ar mhaithe le access to a site. Caithfimid solúbthacht agus cumhachtaí a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis é sin a dhéanamh, nó beimid ar ais anseo i gceann cúpla bliain tar éis don Bhille seo bheith curtha i ndlí. Beidh fadhbanna ag teacht anuas agus beidh mise ag cur Topical Issues nó oral questions chuig an Aire mar gheall ar rud éigin i nGaeltacht na nDéise. Beimid ag rá nach mbeimid ag ardú na ceisteanna seo dá mba rud é go raibh deis againn é seo a dhéanamh i gceart trí bliana ó shin. Is é seo an deis é seo a dhéanamh i gceart. Impím ar an Aire féachaint ar na leasuithe seo. Níl aon rud as an ngnáth istigh anseo. Tá sé mar gheall ar ghnáthchumhachtaí a thabhairt d'eagrais Stáit, ionas gur féidir leis an eagras sin déileáil leis na rudaí a bheidh ag teacht anuas. Gabhaim buíochas.

Sentiment score: -0.19

Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire agus roimh an tairiscint chun bualadh go neamhfhoirmiúil chun é seo a phlé níos doimhne. Is maith an rud é go bhfuil an tAire sásta cluas éisteachta a thabhairt dúinn. Is léir go bhfuil suim ag na daoine sa Seomra seo san ábhar seo. Tá moltaí suntasacha againn. Is maith an rud é go mbeidh deis againn iad a phlé. Mar sin, táim sásta na leasuithe a tharraingt siar go foirmiúil.

Sentiment score: -0.09

Le leasú Uimh. 15, táimid ag iarraidh go mbeadh straitéis daonra agus tithíochta curtha le chéile do gach limistéar pleanála teanga. Is é seo bunchloch na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá cuid den obair seo déanta cheana, in ainneoin an Rialtais i slite. Nuair a bhí na pleananna teanga á gcur le chéile tráth dá raibh, chuir an-chuid de na comhlachtaí forbartha míreanna isteach mar gheall ar chúrsaí tithíochta agus daonra. Is iad an tslat tomhais atá againn i dtaobh an phleanáil teanga agus sláinte sna ceantair Ghaeltachta ná an daonra, an tuairisc a thagann i ndiaidh an daonáirimh agus líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den earnáil oideachais. Tá an-chuid staitisticí ar fáil ón Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ón CSO agus a leithéid ach tá anailís agus plé le déanamh maidir le gach limistéar éagsúil. Caithfear féachaint ar spriocanna. Cé mhéad teach atá ag teastáil agus cén t-éileamh atá ag teacht ón bpobal? An bhfuil éileamh ar thithíocht inacmhainne atá tógtha nó ar shuímh inacmhainne le seirbhísí ionas gur féidir le daoine a dtithe féin a thógáil? An bhfuil éileamh ar chóras pleanála atá níos tuisceanaí ar an gcultúr agus slí bheatha atá ag daoine sna ceantair Ghaeltachta? An bhfuil éileamh ar níos mó tithe sóisialta? Níor chóir go mbeadh an straitéis ag féachaint ar an top-level objectives nó KPIs i dtaobh líon na dtithe. Ba chóir di féachaint ar conas is féidir leis na heagrais go léir iad a chur ar fáil. An bhfuil gá dualgas ar leith a chur ar na húdaráis áitiúla deich gcinn de thithe sóisialta a thógáil sa Seanphobal agus ar Údarás na Gaeltachta obair leis an gcomhlacht forbartha chun 20 teach a thógáil sa Rinn ionas go mbeidh an straitéis intuigthe i ngach limistéar teanga agus go mbeidh an Roinn tithíochta, an Roinn Ghaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an t-údarás áitiúil, aon AHBs atá i gceist agus na comhlachtaí forbartha ar an leathanach céanna mar gheall ar an straitéis? Ní dóigh liom gur rud radacach é an leasú i ndáiríre. Tá sé mar gheall ar straitéis agus plean a chur le chéile ar bhonn áitiúil ionas go mbeidh a fhios ag gach éinne agus ionas gur féidir daoine obair as lámh a chéile. Impím ar an Aire tacú leis an leasú seo. Anuas air sin, cé nach fadhb í seo a bhaineann leis an nGaeltacht amháin, tuigimid go léir nach féidir tithe a thógáil ar scála gan an t-infreastruchtúr, is é sin, uisce, córais séarachais, soilsiú poiblí, cosáin, bóithre agus a leithéid, a bheith ar fáil dóibh. De dheasca roinnt mhaith cúiseanna, níl an fhorbairt infreastruchtúir tar éis tarlú sna ceantair Ghaeltachta. In go leor cásanna, tá siad iargúlta agus imeallach. Anuas air sin, go stairiúil, ní raibh an iomarca airde tugtha dóibh ag rialtas i ndiaidh rialtais. Bhí meon ann gur leor monarchana a thógáil agus nár ghá cur leis an infreastruchtúr eile. I mo cheantar féin, tá fadhbanna le Cé Heilbhic, cé iascaireachta, agus easpa tuisceana na Roinne talmhaíochta ar cé chomh tábhachtach is atá sé i gcomhair an gheilleagair áitiúla. Níl an t-infreastruchtúr ann a bheadh mar bhunchloch i gcomhair na dtithe gur mhaith linn go léir a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid dul i ngleic leis sin. Inár leasuithe, táimid ag iarraidh go mbeidh iniúchadh déanta ar an nganntanas infreastruchtúir sna ceantair Ghaeltachta ionas go mbeidh tuiscint againn ar na heasnaimh, na tosaíochtaí, cad atá indéanta, cad ba cheart dúinn a dhéanamh anois láithreach agus cén mhoill atá á cur ar fhorbairt tithíochta de dheasca an ghanntanais sin. Ansin, táimid ag iarraidh go mbeidh plean curtha le chéile ionas gur féidir dul i ngleic leis an méid sin. I ndáiríre, tá an méid atá istigh inár leasuithe de dhíth orainn. Ní rud deacair é sin d'aon duine. Is féidir linn go léir tuiscint a bheith againn gur cheart dúinn pleanáil don todhchaí agus plean a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí tithíochta inacmhainne. Luaigh an tAire an dualgas atá ar na húdaráis áitiúla. Is slí é seo chun cuid den dualgas sin a chur orthu. Is féidir leis an iniúchadh a fháil amach cad iad na ganntanais agus cad iad na rudaí atá ag teastáil ionas gur féidir obair le Bonneagar Iompair Éireann, le hUisce Éireann agus le heagrais eile nach iad chun dul i ngleic leo.

Sentiment score: -0.12

Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh. Tá muid ag bogadh sa treo ceart, cé nár glacadh lenár moltaí i dtaobh an toghcháin. Tá muid ag bogadh go dtí eagras a bheidh – cuid de ar a laghad – daonlathach. Leis an daonlathas, tagann an trédhearcacht. Ní féidir, is dócha, aon sampla a thaispeáint d’eagras, eagraíocht, fóram, bord nó aon rud atá tofa ag an bpobal trí toghchán nach bhfuil na cruinnithe den eagras sin oscailte don phobal. Leis an toghchán, tá muid go léir mar dhaoine tofa. Tá muid freagrach dár bpobail, dár nDáilcheantair agus dár dtoghthóirí a chuir sa ról seo muid. Caithfidh an rud céanna a bheith i gceist le bord Údarás na Gaeltachta. Tá mé cinnte go ndéarfaidh an tAire gur bord Stáit é seo agus go mbíonn cruinnithe boird i gceist le boird Stáit agus a leithéid. Is saghas hybrid eagras é seo i ndáiríre. Ní bord Stáit ina iomláine é a thuilleadh mar beidh toghchán ann agus beidh daoine ag dul isteach chun vóta a chaitheamh. Is é sin an fáth go raibh muid ar an taobh seo den Teach ag iarraidh go mbeadh an bord iomlán tofa mar is rud as an nua atá á chruthú againn anseo i ndáiríre. Má tá cuid den bhallraíocht ceaptha ag Aire agus cuid eile tofa ag an bpobal, is dhá rud i slí amháin é. Caithfidh sé a bheith trédhearcach. Caithfidh daoine a bheith in ann féachaint an bhfuil na daoine, ar chaith siad vóta ar a son, ag feidhmiú, ag déanamh an jab, agus oiriúnach i gcomhair na rudaí. Tá mé cinnte go mbeidh miontuairiscí foilsithe ar an suíomh cúpla mí i ndiaidh na gcruinnithe nó rud éigin mar sin. Is gnáthnós é sin. Is ceart, áfach, go mbeadh cead ag daoine dul isteach go dtí na cruinnithe, díreach mar a gcéanna agus is féidir le daoine teacht isteach anseo nó in aon chomhairle áitiúil sa tír i gcomhair na gcruinnithe. Is beag duine a thagann isteach chun díospóireacht a leanúint, ach tá an deis sin acu. Tá sé oscailte do dhaoine é sin a dhéanamh. Ar ndóigh, is féidir leis na meáin dul isteach agus tuairisciú. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tarlaíonn sé sin sna húdaráis áitiúla. Tarlaíonn sé sna fhóraim shláinte réigiúnacha mar shampla. Tarlaíonn sé anseo agus sa Seanad. Is gnáthnós é sin. Má tá toghchán le bheith ann, agus daoine curtha i róil de bharr gur toghadh iad, caithfidh daoine a bheith in ann féachaint orthu ag déanamh a gcuid oibre. Is bunphrionsabal daonlathach é sin.

Sentiment score: -0.19

Is bord Stáit agus údarás tofa atá ann. Mar sin, caithfimid féachaint ar na rialacha timpeall air seo. Ní féidir a rá gur dhá rud atá ann agus, mar sin, cloímid leis na rialacha a bhaineann le rud amháin. Dá mba rud é go bhfuilimid chun glacadh leis mar bhord Stáit le baill ceaptha agus tofa, agus is cosúil go bhfuil, is fóram daonlathach de shaghas éigin a bheidh san údarás agus mar sin caithfimid riail hibrideach a dhéanamh. Má tá ballraíocht an bhord chun bheith curtha le chéile i slí hibrideach, caithfimid rialacha hybrideacha a bheith againn ionas gur féidir leis na daoine atá ag caitheamh vóta bheith sásta go bhfuil a ngnó á dhéanamh. Is prionsabal bunúsach é sin. Tuigim an méid atá á rá ag an Aire maidir leis an gCoiste Gnó san áit seo, mar aon le coistí eile, ach nuair a bheidh na coistí nua bunaithe istigh anseo, beidh daoine in ann féachaint ar an mhéid atá ar siúl acu. Tuigim nach dtarlaíonn sé sin i gcás coistí áirithe. Anseo i Seomra na Dála, nuair atáimid in seisiún, is féidir le daoine teacht isteach, féachaint ar líne nó féachaint ar an teilifís. Bíonn iriseoirí thuas anseo ag déanamh tuairisciú sna meáin ar an méid atá á rá againn. Inár gcomhairlí áitiúla bíonn na cruinnithe míosúla - na cruinnithe iomlánacha, nó plenary - ar fáil. Is féidir le daoine i mórmhór na háiteanna dul isteach iontu. Uaireanta caithfidh siad coinní a dhéanamh nó áit a chur in áirithint má tá spásanna teoranta. In an-chuid áiteanna is féidir leo na cruinnithe a leanúint ar líne nó ar an teilifís. Ar ndóigh, is féidir leis na meáin nó iriseoirí ón bpreas bheith istigh ann chun tuairisciú. É sin ráite, is féidir leis na fochoistí nach bhfuil rochtain orthu a gcuid gnó a dhéanamh go príobháideach. Caithfidh an meascán sin a bheith ann. Is dócha gurb é sin an moladh atá againn. Is moladh reasúnta é go mbeadh cuid den ghnáth-ghnó míosúil ar fáil ionas gur féidir leis an bpreas, iriseoirí agus leithéidí Raidió na Gaeltachta atá an-chuid freastal á dhéanamh acu ar ghnó a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, freastal air agus gur féidir leis an bpobal freastal air. Ar ndóigh, más gá plé a dhéanamh ar ábhar ar leith faoi rún nó go príobháideach chun cosaint a thabhairt do na baill agus don eagras, nó chun cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis príobháideach nó ar fhaisnéis a bhaineann le cúrsaí trádála nó a leithéid, ba cheart go mbeadh an rogha sin ann. Nílimid á rá go mbeadh gach rud oscailte i gcónaí. Táimid á rá go mbeadh sé sin mar nós ach go mbeadh an deis ag an mbord cinneadh a dhéanamh go mbeadh gnó sonrach á dhéanamh go príobháideach. Is dócha gurb é sin an tslí gur féidir linn a chinntiú go bhfuil an daonlathas cosanta. Ní dóigh liom go bhfuil sampla ar bith - in Éirinn ar aon nós ach b'fhéidir ar fud an domhain – d’aon fhóram, aon eagras, aon choiste nó aon rud tofa nach bhfuil an mórchruinniú iomlánach ar fáil don phobal ionas gur féidir leis na daoine a chaith vóta é sin a leanúint. Is dócha go bhfuil muid ag cruthú rud éigin difriúil, as an nua, nach bhfuil go maith. Tá muid ag cruthú riail ait a chiallaíonn gur féidir vóta a chaitheamh i dtoghchán ach ní féidir an méid atá á rá ag na baill tofa a leanúint. Is rud dainséarach é sin, i mo thuairim. Táimid ag tabhairt moladh atá réasúnta. Tá slí timpeall air má tá gnó ann gur gá a dhéanamh taobh thiar do dhoirse dúnta, ach ba cheart go mbeadh an ghnáth-nós ann go ndéanfar gnó an údaráis go hoscailte, go trédhearcach agus go daonlathach.

Sentiment score: -0.25