Bhí sé seo pléite coicís ó shín. Níl aon teachtaireacht dhifriúil agam. Beidh rudaí i bhfad níos fearr tar éis an Bhille seo agus tar éis an toghcháin ná mar atá siad ag an nóiméad seo. Beidh ionadaíocht ann le guthanna ó Chontae Chorcaí, ó Chontae Phort Láirge agus ó Chontae na Mí ar an mbord nach bhfuil ann anois. I gcomhthéacs na gceantar nach mbeidh dírithe ar an mbord, tá na coistí réigiúnacha le bunú freisin. Beidh comhairleoirí áitiúla as na réigiúin ag obair le baill an údaráis ar na coistí réigiúnacha sin. Tá sé sin tábhachtach chun go mbeidh guthanna as na Gaeltachtaí beaga. Beidh comhairleoirí contae agus na comhairleoirí as na húdaráis áitiúla in ann oibriú ar an gcoiste réigiúnach sin i gcomhpháirt le bord an údaráis. Mar a dúirt mé an oíche cheana, ní údarás amháin é - is bord Stáit é freisin. Tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann daoine a chur ann. Níl aon ghá saineolaíocht a cheannach isteach mar beidh an saineolaíocht ar an mbord. Beidh taithí ag daoine áirithe. Dúirt mé an oíche cheana go gcuirfinn tuiscint ar na leasuithe ag an chéad Chéim eile faoin leagan amach agus na qualifications go mbeidh muid ag léiriú ar an mbord chun direction a thabhairt do PAS ionas nach mbeidh leatrom sa Bhille. Tá mé chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh tíreolaíocht ann. Ceapaim gur ceart mór é go pearsanta. Tá mé ag iarraidh fiosrú an mbeidh mé in ann leagan amach a chruthú le go mbeidh duine as na hoileáin ann. Lena dtaithí, tuigeann na Teachtaí Ó Snodaigh, McGuinness agus Connolly, nuair a bheidh duine as oileán amháin ann, beidh gach oileán ag iarraidh duine a bheith ar an mbord. I mo thuairim, ní bheadh bord mór amháin éifeachtach. Dúirt daoine go raibh comhairleoirí áitiúla i bhfad níos éifeachtaí. Is rud maith é an bealach a bhfuil an bord seo leagtha amach leis an mix idir daoine a bheidh tofa agus daoine a bheidh ceaptha. Is rud maith é do bhord an údaráis agus le haghaidh bhord Stáit. Is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha amach mar sin. Geallaim arís, roimh an chéad Céim eile, go bhfiosrófar leagan amach na gcáilíochtaí chun go mbeidh PAS in ann daoine a phiocadh tríd PAS. Ní an tAire amháin a bheidh páirteach ann; beidh PAS an-thábhachtach i gcomhthéacs na roghnúchán seo. Leagfar na qualifications amach sa chéad Chéim eile go gcaithfidh PAS úsáid agus é ag earcú daoine don bhord.
Sentiment score: -0.12
Tá a lán ama caite againn ag iarraidh go mbeidh bord níos mó ann agus go mbeidh níos mó daoine á dtoghadh. Tuigim go bhfuil brú ar dhaoine nach bhfuil mórán deiseanna acu tithe a cheannach sa Ghaeltacht. Beidh sé sin á phlé againn. Má osclaímid an bord agus toghadh don bhord go dtí daoine lasmuigh den Ghaeltacht, ní bheidh sé ina údarás Gaeltachta. Is é an dainséar anseo, b'fhéidir, nach mbeidh suim ag daoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht dul os comhair an phobail chun a bheith tofa. Tá mé ag iarraidh go mbeidh a lán daoine in ann dul sa toghchán ach tá sé tábhachtach go mbeidh cáilíocht ann chun go mbeidh suim ag daoine sa Ghaeltacht agus gur Gaeilgeoirí a bheidh iontu. Tá sé sin leagtha amach. Níl a fhios agam an bhfuil na Teachtaí ag rá gur chóir go mbeadh an toghchán oscailte do gach duine. B'fhéidir go mbeidh siad ag iarraidh leasú a chur ar aghaidh ar an gcéad Chéim eile agus beimid in ann é sin a phlé ag an am sin. Caithfidh mé a rá nach dtuigim cad go díreach atá ag teastáil ó na Teachtaí. An bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh na toghcháin oscailte do gach duine sa tír, nó cén saghas ceangail a gcaithfí a bheith ag daoine leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge? B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a phlé idir inniu agus an chéad Chéim eile. Is í seo an fhadhb atá agamsa más rud é go bhfuilimid oscailte do gach duine, ina measc daoine nach bhfuil aon cheangal nó suim acu sa Ghaeilge: má fheiceann siad toghchán, b'fhéidir go mbeidh siad ag iarraidh iad féin a chur ar aghaidh ar platform amháin nó platform eile, agus iad b'fhéidir ag baint úsáid as na meáin shóisialta. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a phlé. Tá súil agam go mbeidh na coistí bunaithe agus táim an-sásta dul os comhair an choiste nua chun ceisteanna cosúil leis sin a phlé. Ní thuigim go díreach cárbh as a bhfuil na Teachtaí ag teacht sa phíosa seo.
Sentiment score: -0.22
Is maith gur luadh na córais sin. Níl mé ag iarraidh a bheith greannmhar ach tá réiteach na bhfaidhbe agam: cúrsaí PAS. Tá sé leagtha amach sa Bhille gurb iad an saghas sin daoine - na daoine a bhfuil cáilíochtaí acu agus suim acu i nGaeilge, mar atá leagtha amach go hiontach ag an Teachta McGuinness - a mbeimid ag iarraidh a chur ar an mbord tríd an gcóras PAS atá leagtha amach sa Bhille. Maidir le cúrsaí toghcháin, beimid in ann é a phlé. Tá buairt amháin agam toisc go bhfuilimid sna laethanta ina bhfuilimid. Tuigim go bhfuil electorate iontach againn ach tá mé buartha go mbeadh daoine in ann dul leis na cáilíochtaí agus leis an nGaeilge, ach nach bhfuil mórán suime acu i gcúrsaí Gaeilge, polasaithe Gaeilge nó dúshlán na Gaeilge agus go mbeadh siad in ann an t-údarás a úsáid mar ardán do rudaí eile. Beimid in ann é a phlé. Freisin, tá bealach PAS ann chun daoine a bhfuil suim sa Ghaeilge agus cáilíochtaí Gaeilge acu a chur ar an mbord. Beidh siad in ann dul ar an mbord tríd an gcóras PAS.
Sentiment score: -0.12
Gabhaim buíochas le gach Teachta a bhí páirteach sa phíosa sin. Tá sé an-tábhachtach. Is cuimhin liom an cruinniú a bhí ag an gcomhchoiste le príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae. Chun a bheith deas dóibh, déarfaidh mé nach raibh mórán tuisceana acu. Is cuimhin liom go raibh foighne an Chathaoirligh faoi bhrú ar an lá sin. Is cuimhin liom an cruinniú sin go soiléir. Táim ag iarraidh spáis maidir leis seo. Bhí comhrá beag agam leis an Teachta Ó Snodaigh. Ba mhaith liom tuiscint a fháil ón údarás maidir leis an bhfadhb atá aige agus maidir leis an drogall atá ann ó thaobh na gcúrsaí seo. Tá sé leagtha amach sa Bhille. Táimid ag iarraidh a rá go láidir agus go soiléir go mbeidh an t-údarás in ann a bheith ina chomhlacht ceadaithe tithíochta nó ina údarás tithíochta. Tá sé sin leagtha amach i bhfad níos láidre sa Bhille ná mar a bhí. Bhí na rudaí a dúirt an Teachta Connolly an-suimiúil. Níl mé chun comhairle contae a ainmniú ach cén fáth go mbeadh aon chomhairle contae ag iarraidh an locht a chur ar an údarás? Is í sin a bhuairt atá orm. Nuair a thabharfaimid an chumhacht don údarás, b'fhéidir go gceapfaimid gurb é sin freagra na faidhbe. Nílim cinnte gurb é. Nuair a thabharfaimid an chumhacht don údarás, caithfidh sé taithí thithíochta a fháil. Ag an bpointe seo, tá taithí aige ar fhoirgnimh thionsclaíochta. Tá sé ag déanamh an-jab leis sin. Nuair a bhí mé i m'Aire Stáit le freagracht as fiontar, bhí taithí agam air sin. Nuair a thabharfaimid an chumhacht sin don údarás, an mbeidh an taithí agus na resources aige chun an chumhacht sin a bhainistiú? Níl mé ag iarraidh hope a thabhairt do dhaoine gurb é seo an freagra mar tá i bhfad níos mó píosaí leis an jigsaw seo. Maidir le ceist an Teachta Uí Shnodaigh, táim tar éis scríobh chuig an Aire tithíochta, an Teachta Browne, ag iarraidh air suí síos liom, mar Aire Gaeltachta, chun a phlé cá bhfuil na treoirlínte ag an bpointe seo agus chun brú a chur chun na treoirlínte sin a fhoilsiú. Roimhe sin, táim ag iarraidh cruinniú a bheith agam leis an údarás chun tuiscint a fháil díreach óna bhainistíocht ar an tuiscint atá aici ar na cumhachtaí atá ag an údarás, na cumhachtaí breise a bheidh aige de bharr an Bhille seo agus cad a bheidh an t-údarás in ann a dhéanamh leis na cumhachtaí breise sin. Ón eolas atá agam faoi chúrsaí tithíocht an údaráis, tá deich dteach aige. Nuair a cuireadh an t-údarás ar bun sna hochtóidí, bhí tithíocht aige chun an bhainistíocht a thabhairt go dtí an Ghaeltacht. Tá an tithíocht sin fós ann cé go bhfuil droch-chaoi uirthi. Léiríonn sé sin dom nach bhfuil mórán suime ag an údarás sa soláthar tithíochta beag atá aige. Táim ag iarraidh spáis idir seo agus an chéad chéim eile chun go mbeidh mé in ann smaointe an údaráis faoi na deiseanna agus na dúshláin atá ann a phlé. Ní raibh mórán deis agam go dtí an pointe seo cruinnithe a eagrú le grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge, BÁNÚ nó Tinteán, ach tá sé ar intinn agam cruinnithe a eagrú leis na grúpaí sin chun plé go díreach leo. Nílim ag iarraidh geallúint a dhéanamh go gcaithfidh mé a bhriseadh. Ag an bpointe seo, ní aontaím go bhfuil an t-údarás in ann a bheith mar chomhlacht ceadaithe tithíochta. An bhfuil an taithí agus na scileanna aige? Níl mé ag iarraidh a rá le daoine go bhfuil an fhreagra agam, go mbeidh gach rud go hiontach agus go mbeidh an t-údarás i gceannas ar chúrsaí tithíochta. Ceapaim go dtuigeann gach duine nach bhfuil aon fhreagra amháin i gceist. Táim an-dáiríre faoin bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, is cosán é go dtí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Má éiríonn linn an fhadhb seo a réiteach, is deis é freisin daoine a thabhairt ar ais, clainne óga a thabhairt ar ais, agus ní hamháin an teanga ach saol an Ghaeilge agus saol na Gaeltachta a dhéanamh níos láidre. Ag an bpointe seo, nílim in ann glacadh leis an leasú atá leagtha amach. Nílim ag rá go bhfuil an freagra agam. Táim ag iarraidh an spás idir an Chéim seo agus an chéad Chéim eile a úsáid chun plé a bheith agam leis an údarás ach go háirithe. Tá sé i gceist agam freisin na treoirlínte a phlé leis an Aire, an Teachta O'Brien, agus plé a bheith agam le grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge. We might even have an Irish-language committee up and running. Beidh plé de dhíth leis an gcoiste faoin tuarascáil a chur na Teachtaí Ní Chonghaile agus Ó Snodaigh a lán obair istigh ann, mar aon leis an Teachta Ó Muimhneacháin agus an iarTheachta Ó Cuív. Is dóigh liom go raibh mé ann le haghaidh cúpla cruinniú ag tús an phróisis sin. Nuair a dúirt an Teachta Ní Chonghaile nár chuimhin léi iad, bhí mé ag ceapadh go raibh na mothúcháin céanna agam fúthu. Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe ag an bpointe seo, ach tá mé ag rá go bhfuil muid chun leasuithe a dhéanamh ar an gcéad Chéim eile, Céim na Tuarascála. Tá sé tábhachtach go dtagann gach duine le chéile chun é a phlé. Beimid in ann rud éigin a dhéanamh faoi cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ní hamháin sa tír, agus béim a chur ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Ceapaim gur jab maith a bheidh ansin le haghaidh an chéad cúig bliana eile.
Sentiment score: -0.17
Aontaím leis na Teachtaí Connolly agus Ó Snodaigh. Leag an Teachta Connolly amach na cumhachtaí atá ag an údarás ag an bpointe seo mar gheall ar Acht 1979. Tá sé in ann tithe a cheannach agus a dhíol. Leag an Teachta gach rud amach ansin, na cumhachtaí atá aige ag an bpointe seo san áireamh. Ceapaim gur dhéileáil an tAcht a bhunaigh Údarás na Gaeltachta, agus a bhronn na cumhachtaí sin air leis na leasuithe atá leagtha ag na Teachtaí Connolly agus McGuinness. Tá na cumhachtaí aige. Leis an mBille seo, tá muid ag leagan amach go mbeidh sé in ann tithe nó talamh a dhíol le comhlachtaí ceadaithe tithíochta. Le dul ar ais go dtí an pointe faoi thaithí agus AHBs, fadó bhí na AHBs, nó na comhlachtaí ceadaithe tithíochta, bunaithe chun tithe áitiúla a chur le chéile ag an am nó tithe ar mhaithe le daoine áitiúla, ach chuaigh siad i dtreo difriúil. Ar an lá gur bunaíodh iad, is cuimhin liom i Maigh Eo gur tháinig na daoine le chéile sna gceantair tuaithe chun scéimeanna tithe a chur le chéile ar mhaithe leis na gceantar sin agus chun fadhbanna na gceantar sin a réiteach. Bhí cúpla sráidbhaile páirteach agus áiteanna gur níos lú ná sráidbhailte iad. Bhí sé seo ar mhaithe le daoine níos sine nó daoine a tháinig ar ais ó thar lear. Is é sin, b’fhéidir, an model go mbeidh ceantair Ghaeltachta ag leanúint. Tá an ceart ag an Teachta McGuinness; tá dúshláin difriúla ag gach uile Gaeltacht agus i measc na sráidbhailte sna Gaeltachtaí iad féin. B’fhéidir gur AHB Gaeltacht a bheas againn amach anseo. Ó thaobh ról an údaráis, níl tuiscint agam air ag an bpointe seo. Tá mé ag iarraidh deis a bheith agam é a phlé leis an údarás le fáil amach an bhfuil suim aige dul sa treo sin. Tá mé ag iarraidh tuiscint a fháil cén fáth nach bhfuil sé ag baint úsáid as na cumhachtaí atá aige. Tá cumhachtaí láidre aige. Mar a dúirt an Teachta Connolly - déanann muid dearmad faoi seo - tá sé leagtha amach san Acht pleanála go bhfuil an t-eolas aige faoi cad atá ag tarlú. Mar gheall air sin, tá sé ag feidhmiú agus i gceannas ar cad é atá ag tarlú i gcomhthéacs na gcúrsaí tionsclaíochta freisin. Tá i bhfad níos mó eolais aige. Ba cheart go mbeadh sé in ann an t-eolas sin a úsáid. Níl mé ag cur an locht air, áfach. Tá mé ag iarraidh é seo a phlé leis an údarás le hoibriú amach cén fáth nach bhfuil sé ag úsáid na gcumhachtaí. What are the blockages i dtaobh úsáid na gcumhachtaí atá aige? An é airgead nó taithí is cúis leis? Tá mé ag ceapadh go bhfuil tuairimí ag an údarás faoi chúrsaí tithíochta freisin agus tá mé ag iarraidh é sin a phlé leis. Tá mé chun am a thógáil ach ní mórán ama. Tá me ag iarraidh an Bille seo a chríochnú. In ainneoin na rudaí atá ag tarlú sa Teach seo ag an bpointe seo, tá muid ag plé an Bhille seo agus tá mé ag iarraidh dul ar aghaidh leis an mBille. Tá mé ag iarraidh seans a thabhairt chun labhairt le daoine, go háirithe leis an údarás, le fáil amach cén fáth nach bhfuil sé ag baint úsáid as na cumhachtaí atá aige. Tá na cumhachtaí sin ag an údarás le beagnach 50 bliain. Tá muid ag cur cumhachtaí breise air maidir le cúrsaí tithíochta. Tá mé ag rá leis an Teachta Connolly go bhfuil mé ag tabhairt gealltanais go bhfuil mé ag iarraidh iarracht a dhéanamh na fadhbanna faoi na cumhachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta a thuiscint. Tar éis an tuisceana sin a bheith agam, beidh cruinniú agam leis na grúpaí atá ag obair ar na cúrsaí seo, a bhfuil obair na gcapall ar siúl acu. Beidh mé ag léamh tuarascáil an choiste arís agus nuair a thagaimid ar ais chuig an chéad Chéim eile déanfaidh mé iarracht déileáil leis an gceist seo. I gcomhthéacs Bhille faoi thoghchán, táimid ag caint faoi chúrsaí toghcháin agus tá sé tábhachtach. Ní bheimid in ann gach réiteach ar fhadhbanna tithíochta na Gaeltachta a chur sa Bhille seo ach b’fhéidir go mbeimid in ann úsáid a bhaint as an údarás chun scaffolding a thógáil agus bunús i bhfad níos láidre a dhéanamh chun na fadhbanna a réiteach. Creidim go mór gurb iad na AHBs, nó version de na AHBs, a réiteach a bheimid in ann a úsáid. Mar a dúirt an Teachta McGuinness, tá dúshlán difriúil ag gach Gaeltacht difriúil agus i ngach cuid de na Gaeltachtaí difriúla agus b’fhéidir gur sin an todhchaí. Mar fhocail scoir, beidh cruinniú agam, mar a dúirt mé, leis an Aire tithíochta faoi threoirlínte tithíochta na Gaeltachta. Beidh cruinniú agus comhrá agus beidh mé ag iarraidh na treoirlínte sin a chur le chéile chomh luath agus is féidir.
Sentiment score: -0.15
Is é sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh cruinniú a eagrú agus cúrsaí a phlé. Beidh cumhachtaí tithíochta i gceist de bharr an Bhille seo. Scrúdóidh mé leasuithe na hoíche anocht arís tar éis an phlé seo. Scrúdóidh mé iad roimh an gcéad Chéim eile agus tiocfaidh mé ais chuig an Teachta roimhe sin. Munar féidir linn aon rud a dhéanamh, fillfidh mé ar an Teachta i bhfad roimhe sin ionas go mbeidh sé in ann na leasuithe a chur le chéile freisin. Tá mé ag iarraidh rudaí a athrú anseo, áfach. Tá mé ag iarraidh ceisteanna a fhreagairt ní hamháin domsa ach freisin le haghaidh muintir na Gaeltachta, muintir na Gaeilge agus an dream atá ag déanamh na feachtasaíochta seo. Tá mé ag iarraidh spás chun na leasuithe a phlé, chun tuiscint níos fearr a bheith agam agus chun iad a phlé leis an Teachta. B’fhéidir nach mbeidh an coiste ar siúl ach beidh mé in ann cruinniú a bheith agam leis an Teachta Ó Snodaigh, leis na Teachtaí McGuinness agus Connolly agus le haon Teachta a bhfuil suim acu i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus suim i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltachta. Beidh mé in ann cruinniú neamhfhoirmiúil a shocrú roimh an gcéad Chéim eile.
Sentiment score: -0.14
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as na leasuithe. Mar a dúirt mé cúpla am anois, baineann an Bille seo le toghcháin chuig bord an údaráis. Níl mé ag iarraidh saorphas a thabhairt do na húdaráis áitiúla. An bhfuil sé sin á dhéanamh againn? Is é sin an bhuairt atá agam. Tagaim ar ais go dtí sin. Níl sé, agus ní raibh sé riamh i gceist, go leasófaí an reachtaíocht phríomha iomlán, aidhmeanna uile na heagraíochta nó go mbronnfaí cumhachtaí ar Údarás na Gaeltachta. Geallaim don Teachta Ó Snodaigh go mbeidh Bille eile faoin údarás agus cúrsaí Gaeltachta ann. Beidh cúpla Bille eile againn orthu. Tá rudaí ag athrú i gcúrsaí fiontair agus caithfimid é sin a phlé. Beidh deiseanna eile ann comhrá a bheith againn faoi chúrsaí fiontair, AI agus cúrsaí eile mar sin a bhfuil orainn déileáil leo. Tuigim, i gcomhthéacs infreastruchtúir agus chúrsaí pleanála, tithíochta, uisce agus leictreachais - go háirithe i gcúrsaí leictreachais agus cumarsáide tar éis na Stoirme Éowyn - go bhfuil daoine mífhoighneach agus feargach faoin infreastruchtúr sa Ghaeltacht. Bhí mé ann san ionad community ar An gCeathrú Rua a bhí iontach le linn na Stoirme Éowyn, ach caithfidh muid dul ar ais go dtí na comhlachtaí ar nós Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais agus na daoine atá i gceannas sna sectors sin agus déileáil go díreach leo. Níl sé féaráilte a rá leis an údarás go bhfuil sé i gceannas ar gach fadhb atá sa Ghaeltacht nó a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta. Ní miste a nótáil gur chuir mé an straitéis tithíochta chuig na húdaráis áitiúla agus an Roinn tithíochta. Mar a dúirt mé cheana, beidh cruinniú agam leis an Aire, an Teachta Browne, faoi threoirlínte tithíochta na Gaeltachta. Tá na treoirlínte le foilsiú, agus tá oifigigh mo Roinne fós ar fáil chun tacú. Beidh siad, agus beidh muid go léir, ag obair go dian chun na treoirlínte sin a fhoilsiú agus iad a chur ar fáil. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile bunchuspóir Údarás na Gaeltachta agus tá an ghníomhaireacht freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta, teangeolaíochta agus chultúrtha na Gaeltachta. Táimid chun cúrsaí tithíochta a phlé leis an údarás freisin. Déanann an t-údarás chuile iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh cruthú fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobail cultúrtha seanbhunaithe. Tá an t-údarás dírithe ar fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta den chuid is mó, agus tá sárobair á déanamh aige. Aontaíonn gach duine sa Teach go bhfuil sárobair á déanamh aige i gcomhthéacs an airgid atá aige agus caithfimid obair air sin. Mar sin, tá buairt orm má ghlactar leis na leasuithe seo go bhfuilimid ag rá leis na húdaráis áitiúla go bhfuil free pass acu agus gur faoin údarás a bheidh an cúram sin. Nílim chun é sin a dhéanamh. Tá mífhoighne orm anois faoi cad nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag déanamh. Ba cheart go mbeidh cúrsaí ar An gCeathrú Rua réitithe tar éis 25 bliain. Bhí an chumhacht acu agus bhí an t-airgead acu. Ba cheart go mbeidh cúrsaí uisce i bhfad níos fearr. Sular bunaíodh Uisce Éireann, bhí na húdaráis áitiúla i gceannas ach ní dhearna siad é. Mar Aire, deirim le Teachtaí anocht go mbeidh mé ag cur brú ar na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht, agus beidh cruinniú agam leis na príomhfheidhmeannaigh ionas go gcaithfidh siad seasamh suas ar son mhuintir, cheantar agus dhaoine na Gaeltachta atá mar pháirt den údarás. Pléadh cúrsaí na n-oileán freisin. Tuigim go mór na deacrachtaí atá ann. Is é sin an fáth go raibh airgead breise ann le haghaidh na n-oileán sa grant do na tithe folmha. Ba cheart go seasfaidh na húdaráis áitiúla ar son na n-oileán agus go ndéanfaidh siad iarracht é sin a fhoilsiú. Chonaic mé an scéal sa The Irish Times faoin gcaoi nach bhfuil mórán suime ag mórán daoine dul go dtí na hoileáin. Caithfimid déileáil leis sin, ach baineann sé sin le mo Roinn, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn forbartha tuaithe, agus leis na húdaráis áitiúla. Beidh ról ag an údarás sna hoileáin maidir le cúrsaí fiontair agus cúrsaí turasóireachta, ach níl mé ag iarraidh jab an údaráis a dhéanamh chomh leathan nach mbeidh sé in ann an jab a dhéanamh. Is é sin an rud is mó suime dom, go mbeidh jab ag an údarás, go mbeidh sé in ann é a dhéanamh agus go mbeidh sé freagrach as an jab sin a dhéanamh. Tá dainséar ann go ndéanfaí an jab sin chomh leathan go dtitfeadh a lán rudaí eile sna cracks. Tuigim go bhfuil fadhb mhór tithíochta ann, agus táim ag díriú air sin, ach ní hé freagra na ceiste jab i bhfad níos mó a thabhairt don údarás. Tuigim é sin, agus táim ag iarraidh é a phlé, ach sin an fhadhb atá againn. Ag an bpointe seo, an bhfuilimid ag déanamh ról an údaráis rómhór? An bhfuil seans, dá ndéanfaí an ról sin rómhór, nach mbeadh sé dírithe ar na príomhjabanna atá aige, cúrsaí fiontair, cultúrtha agus tithíochta ina measc? Cé a dhéanfadh é? Cé a bheadh dírithe ar chúrsaí fiontair agus ar an gclár iontach sin maidir le cumhacht agus fiontar na mban sa Ghaeltacht? Cé a dhíreodh ar chúrsaí cultúrtha? Cé a dhéanfadh an jab sin mar ní bheadh an t-údarás áitiúil á dhéanamh?
Sentiment score: -0.25
Tá sé tábhachtach go n-aithníonn an Teachta go bhfuil airgead breise tugtha agus leasuithe breise déanta maidir le cúrsaí pleanála teanga an údaráis nach raibh ann roimhe seo. Rinneadh infheistíocht sa phróiseas pleanála sin. Tá ról an údaráis difriúil ón ról a bhí aige. Tá suim mhór agam in infheistíocht i gcúrsaí fiontraíochta an údaráis freisin. Tá taithí orm ar an údarás agus tá an-suim agam ann. Mar Aire Stáit sa Roinn fiontair, chaith mé am leis an údarás in Freudenberg Medical sa Spidéal. Bhí sé sin iontach. Mar a dúirt mé, tá rudaí ag tarlú maidir le cúrsaí cumarsáide freisin. Tá an t-údarás ag baint úsáide as airgead ach ba cheart go mbeadh airgead breise aige chun é a chaitheamh ar chúrsaí fiontraíochta, ar chúrsaí turasóireachta agus, b'fhéidir, ar chúrsaí tithíochta. Tá sé ar an mbóthar sin. Dá mbeadh an bóthar níos leithne, b'fhéidir nach mbeadh sé in ann díriú ar na deiseanna atá ann agus ar na fadhbanna atá ann. Ag an am céanna, ní bheadh mórán brú ar an údarás áitiúil mar gheall ar chúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta. Bheadh sé ag rá go bhfuil na rudaí sin le haghaidh an údaráis. Tá a fhios ag an Teachta go dtapóidh na húdaráis áitiúla an deis sin má tá sé acu. Is é sin an taithí atá againn go léir. Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe. Is é sin an fáth. Táim ag iarraidh go mbeimid dírithe ar ról an údaráis, go bhfanfaidh sé leis an ról sin, go mbeidh sé freagrach as agus go mbaineann sé gach buntáiste agus deis as.
Sentiment score: -0.25
Táimid ar ais ag an agóid céanna idir bhord Stáit agus údarás. Tuigim an pointe a rinne an Teachta Ó Snodaigh go bhfuil coistí Oireachtais in ann dul go dtí seisiún príobháideach. Bhí an Teachta McGuinness ag lorg sampla d'aon áit ina bhfuil daoine tofa ann ach nach bhfuil ceamaraí ann. Bhí mé ag déanamh machnaimh air, agus smaoinigh mé ar Choimisiún Thithe an Oireachtais. Ní dóigh liom go mbíonn ceamaraí in úsáid ag cruinnithe an choimisiúin. Ní dóigh liom go n-úsáidtear ceamaraí sna Choiste Ghnó anseo ach an oiread, ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeidís in úsáid tar éis an mhéid a tharla i mbliana. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr athrú a dhéanamh sa choiste sin; níl mé ach ag magadh. Léiríonn sé an pointe atá á dhéanamh agam - nuair atá gnó príobháideach le plé ag coiste poiblí, ní bhíonn na ceamaraí ar siúl. Mar gheall ar chúrsaí an údaráis, tá an ceart ag an Teachta go bhfuil cúrsaí fiontar agus trádála i gceist. Uaireanta bíonn cúrsaí an-príobháideacha ar bun ag an údarás maidir le comhlachtaí atá ag lorg deontais, agus ba cheart go mbeadh na himeachtaí sin príobháideach. Is é sin an fáth gur bord rialachais é bord an údaráis; tá sé freagrach as a chinntiú go bhfuil na heagraíochtaí á rith ó thaobh bainistíocht airgeadais, acmhainní daonna agus ábhair eile a bhaineann le comhlachtaí Stáit. Aontaím gur obair fíorthábhachtach atá ann agus nach féidir cuid den obair sin a dhéanamh os comhair na ceamaraí nó go poiblí. Le bheith freagrach, tá sé tábhachtach go n-éisteofar le guth an phobail agus go bhfuil deis ag an bpobal a cuid mianta a bhrú chun cinn. Tá sé i gceist sna leasuithe reachtaíochta seo go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiún Ghaeltachta agus go dtabharfaidh na coistí réigiúnacha tuairisc don údarás i ndiaidh gach cruinniú, a chuideoidh leis an údarás lena cuid oibre. Láidreoidh sé sin an nasc idir pobal na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach. Táim sásta breathnú ar an bpíosa sin le hé a láidriú. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird, mar aon leis an mbearta a bhaineann leis na coistí réigiúnacha, ionadaíocht iomlán daonlathach agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcúrsaí a bhaineann leis an údarás. Táim cosúil le broken record - mo leithscéal as sin - ach tá sé an-tábhachtach gur bord Stáit agus údarás atá ann. Mar gheall ar obair thábhachtach agus obair shonrach an bhord Stáit sin, níliimid in ann glacadh leis na leasuithe.
Sentiment score: -0.26