Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.18
Back to Debate

11. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cad é líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéir trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal gach bliain ó 2020 ag aghaidh; cad atá beartaithe aige chun an líon sin a mhéadú agus chun an rogha lán-Ghaeilge a leathnú; agus an bhfuil ról an oideachais lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal pléite aige leis an Aire Oideachais chun a chinntiú go bhfuil sé cuimsithe sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus sa oholasaí comhtháite don Ghaeilge sa chóras oideachais. [13978/25]

Sentiment score: -0.19

Tá an cheist seo dírithe ar cad go díreach atá beartaithe chun an líon beag daltaí nó mic léinn atá ag déanamh-----

Sentiment score: 0.00

Is ceist í seo maidir leis an líon beag mac léinn atá ag déanamh staidéar trí mheán na Gaeilge sna hollscoileanna. Cad é atá an tAire chun déanamh chun an líon sin a ardú sna hollscoileanna go háirithe, toisc go bhfuil sé chomh beag sin?

Sentiment score: -0.40

Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin, ach níl aon rud nua ann. Tá a fhios againn go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Údarás um Ard-Oideachas líon na gcúrsaí Gaeilge a ardú sna hinstitiúidí seo. Tá an ceart ag an Aire. Tá na hinstitiúidí neamhspleách ach tá siad spleách ag an am céanna. Tá siad ag brath ar an Stát do mhaoiniú. Is féidir leis an Stát, tríd an Údarás um Ard-Oideachas nó trí mhaoiniú, níos mó brú a chur orthu cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do na mic léinn. Is é an figiúr atá ann go dtí seo ná go bhfuil 50,000 páistí ag dul trína mbunoideachas iomlán i nGaeilge. Titeann an figiúr go dtí 17,000 ag leibhéal na meánscolaíochta agus 3,000 ag an tríú leibhéal, is é sin, na hollscoileanna agus na hinstitiúidí eile. Is titim ollmhór é sin agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi.

Sentiment score: -0.19

Tá sé go maith go n-aithníonn an tAire go bhfuil géarghá ann, agus ní hamháin maidir leis an méid a dúirt mé faoi dhaltaí ag teacht amach. Tá dualgas anois ar an Stát a chinntiú go bhfuil 20% dóibh siúd a n-earcófar chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Beidh innealtóirí, banaltraí, dochtúirí lia agus é sin ar fad i gceist. Muna bhfuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh na dochtúirí agus Státseirbhísigh leis an nGaeilge cheart ann amach anseo. Caithfidh an Stát seirbhísí a sholáthar i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Beidh níos mó de dhíth amach anseo. Chomh maith leis sin, caithfidh níos mó fógraíochta a bheith as Gaeilge. Ní leor an líon beag cúrsaí atá ann faoi láthair. Caithfidh i bhfad Éireann níos mó a bheith ann. Ní múinteoirí amháin atá i gceist. Tá gach uile chúrsa eile ag teastáil. Caithfidh an tAire, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus na hinstitiúidí tríú leibhéal díriú isteach air sin.

Sentiment score: -0.13