Fáiltím roimh an mBille seo agus go bhfuilimid faoi dheireadh na dála ag an bpointe go bhfuil muid ar Chéim an Choiste. Is maith an rud é sin. Mo bhuíochas leis an iarAire, Éamon Ó Cuív, a chuir tús leis an bpróiseas seo. Tá sé tábhachtach é sin a aithint. Lean muidne ar aghaidh, agus seisean freisin. Ní raibh sé ina bhall den choiste ach d’fhreastail sé go mion minic ar na cruinnithe. Ní mór dom é sin a rá go poiblí. Ach táimid anseo anois. Is é an rud is dearfaí ná go mbeidh toghchán ar ais. Is é sin an rud atá ag teastáil go géar. Tá muid, agus an tAire, faoi bhrú chun an toghchán a thabhairt ar ais d’Údarás na Gaeltachta. Tá muid go léir d’aon guth ó thaobh an ábhair sin. Agus mé ag taisteal timpeall na tíre leis an gcoiste, ag dul siar nuair a bhí mé i mo Chathaoirleach agus nuair a bhí an Teachta Ó Snodaigh ina Chathaoirleach ar an gcoiste deireanach, is iad na téamaí ceannann céanna a tháinig suas arís agus arís eile. Clúdaíonn na trí leasú ceann amháin de na téamaí sin. Bhí réimse téamaí i gceist, cúrsaí tithíochta nó easpa tithíochta go háirithe. Maidir le hionadaíocht, áfach, clúdaíonn na trí leasú sin ionadaíocht bealach amháin nó bealach eile. Faraor, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil intinn an Aire déanta suas aige agus beidh seisear agus deichniúr i gceist. Ní thuigim an fáth a bhfuil leasuithe Uimh. 1 agus 3 as ord, agus tá leasuithe eile curtha agam, ach amháin ar chúrsaí airgid. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá sé thar a bheith deacair feidhmiú mar dhuine den Fhreasúra agus leasuithe a chur chun cinn. D’fhreastail mé ar gach cruinniú. Bhí mé anseo, cosúil leis na Teachtaí Dála eile. Déanann muid ár ndícheall a bheith páirteach sa phróiseas ionas go mbeadh Bille níos fearr againn ach, faraor, beidh an Bille seo ag dul tríd. Ar leibhéal amháin, beidh mé sásta de bharr na gcúiseanna a dúirt mé. Maidir le hionadaíocht, áfach, thaisteal muid timpeall na tíre go gach Gaeltacht agus ba é an téama ba láidre, taobh amuigh de chúrsaí tithíochta, ná nach raibh aon rialtas ag éisteacht leo. Ní raibh carthanas ag teastáil uathu beag ná mór. Bhí guthanna láidre acu agus bhí siad ag cur in iúl na bhfadhbanna agus na réitigh. Is é ceann de na réitigh shimplí ná ionadaíocht níos fearr a bheith ar an údarás nua agus go mbeadh, ar a laghad, ionadaíocht ó gach Gaeltacht ar an mbord. Ní dóigh liom gur éileamh an-mhór é sin. Tá íomhá Uíbh Ráthaigh go láidir i m’aigne agus na deacrachtaí atá acu siúd de bharr chúrsaí tíreolaíochta agus an chaoi a bhfuil an Ghaeltacht leagtha amach. Is é an t-aon éileamh a bhí acu maidir le hionadaíocht ná go mbeadh duine ón Ghaeltacht sin ar an mbord nua. Níl tásc na tuairisc air sin. Ní hamháin sin ach tá dhá leasú as ord.
Sentiment score: -0.19
Maithfidh an tAire dom é, ach tá a fhreagra beagáinín lag agus é ag cur in iúl go mbeidh an bord i bhfad níos éifeachtaí más rud é go mbeadh deichniúr tofa agus seisear ceaptha i gceist. Ní aontaím leis sin. A mhalairt atá i gceist sa Teach seo. Tá méadú ollmhór tagtha, 174 Ball, agus ní raibh aon chaint faoi mhí-éifeacht. I nGaillimh tá 39 comhairleoir ar an gcomhairle contae. Is méadú mór é sin le cúpla bliain anuas. Ar an gcomhairle cathrach, tá 18 comhairleoir. Ní ghlacaim leis sin. Ceapaim go bhfuil sé lag. Ó thaobh an choiste de, mar a dúirt an iarChathaoirleach ar an gcomhchoiste Gaeilge, rinneamar ár ndícheall gan mhoill a chur ar an mBille seo. D’oibríomar leis an Rialtas agus as lámha a chéile, in ainneoin nach rabhamar iomlán sásta leis an rud a bhí á dhéanamh. Ní rabhamar ag iarraidh aon leithscéal a thabhairt don Rialtas agus bhíomar ag iarraidh go mbeadh an Bille ann agus ag feidhmiú roimh an toghchán deireanach. Bhí tuarascáil thar a bheith praiticiúil againn ina raibh 22 moladh i gceist léi. Baineann an chéad mholadh go huile agus go hiomlán leis an leasú seo: "Molann an Comhchoiste go dtabharfaidh an tAire aird ar na bearnaí atá ann sa Scéim Ghinearálta" a bhí ann ag an am. Agus, an rud ba thábhachtaí: "Molann an Comhchoiste é seo lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó gach pobal Gaeltachta, rud atá an-tábhacht ag baint leis i meon na bpobal sin." Aontaím. Sin an meon a bhí os comhair an choiste. Tá saineolas agus easpa saineolais i gceist. Tá easpa saineolais anseo freisin, agus ghlacamar leis an digest ón leabharlann chun oideachas a chur orainn, le cibé saineolas atá ag teastáil uainn. Mar sin, ní leithscéal é sin ar féidir glacadh leis. Táim ag smaoineamh ar an ospidéal nua a bhfuilimid ag fanacht leis le fada an lá: ospidéal na leanaí. Bhí sé de phribhléid agam a bheith ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí ar feadh ceithre bhliain. D’ardaigh na costais ansin as cuimse agus an cinneadh a rinne an Rialtas ná bord lán de shaineolaithe a chur ann chun an rud a stiúradh, ailtire, innealtóir gach saghas saineolaí ina measc, mar dúradh linn go raibh easpa saineolais i gceist. Chuir siad bord le chéile chun súil ghéar a choinneáil ar thógáil an ospidéil nua agus ar gach rud, agus cad a tharla? Tá a fhios againn agus an costas atá i gceist anois breis is €2 bhilliún. Ní ghlacaim le cur chuige an tsaineolais. Glacaim leis go mbeidh agus go mbeadh gá le saineolas, ach is féidir é sin a thabhairt isteach fad is atá an fhís againn agus an t-údarás tofa. Baineann sé seo leis na baill a bheith tofa agus ionadaíocht leathan a bheith i gceist. Phléamar na rudaí seo go mion, mar shampla, ceist an inscne. Ní raibh muid in ann réiteach a fháil air sin. Tá a fhios ag an Aire faoi sin mar ní raibh sé fiú in ann. Ceann de na fadhbanna a bhí againn ná cé chomh beag is a bhí líon na mball ar an mbord. Ní raibh i gceist ach 16 duine agus bhí fadhbanna. Bhí fadhbanna eile mar bhí sé leagtha amach ag an Rialtas go mbeadh ach ball amháin ó gach Gaeltacht. Chruthaigh sin fadhbanna dúinn i measc fadhbanna eile. Luaigh an Teachta Ó Gallchóir stair an údaráis agus é ag gabháil siar, ach is fiú béim a chur ar an údarás a bhí ann i dtús báire faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, nuair a bhí seisear ball i gceist agus ní raibh aon toghchán i gceist. Ag dul ar aghaidh go dtí 1999, bhí 20 ball i gceist, agus ní raibh aon cheist ag an am sin, de réir mo thuisceana, go raibh mí-éifeacht nó easpa éifeachta i gceist. Bhí 20 duine ar an mbord in 1999, 17 duine tofa agus triúr a bhí ainmnithe ag an Aire. Ansin praiseach a bhí ann in 2012 nuair a fuair siad réidh leis na toghcháin. Táimid ar ais anois. Is é sin an ciorcal. Má bhí an bord in ann feidhmiú le 20 duine, cén fáth a bhfuil 16 pioctha amach, agus seisear ainmnithe ag an Aire? Ní féidir glacadh leis sin.
Sentiment score: -0.17
Ní mór dom a rá go bhfuil sé beagáinín íorónta, cé go bhfuil neart cainteoirí ann agus nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil 174 Teachta Dála i gceist, go bhfuil cuid acu ar na meáin chumarsáide ag gearán nach bhfuil deis chainte acu ach níl siad anseo anois lena gcuid guthanna a chloisteáil. Ní mór dom é sin a rá. Maidir leis an leasú seo, níl m’ainm ar an leasú ach aontaím leis agus tugaim tacaíocht dó. Tá sé thar a bheith réasúnta agus praiticiúil. Bhí mé chun fanacht le freagra an Aire mar b’fhéidir go bhfuil sé sásta géilleadh leis an leasú. Níl a fhios agam an bhfuil sé. Mar a dúirt mé, tá an leasú praiticiúil agus réasúnta go mbeadh beirt, an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach, tofa ó bhaill bhord an údaráis. Is dócha mura ngéilleann an tAire leis sin, díreoidh sé an solas ar an mbaol a bheidh ann nach mbeidh an t-údarás nua iomlán neamhspleách beag ná mór. Níor ghéill an tAire ó thaobh na mball uilig a bheith tofa. Níl an Rialtas ag géilleadh ó thaobh líon na mball a mhéadú. Tá súil agam go bhfuil an tAire sásta géilleadh don rud seo agus go mbeidh deis ag an údarás é féin an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach a phiocadh. Le dul ar ais go sciobtha, ar eagla na míthuisceana, ní raibh mé ag rá, nuair a bhí mé ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, go raibh saineolaithe á dtabhairt isteach againn. Ní hé sin a bhí á rá agam. Dúradh linn, áfach, gur easpa saineolais a bhí taobh thiar den phraiseach a bhí déanta ó thaobh cúrsaí tógála maidir leis an ospidéal nua. Is é sin a dúradh linn agus sin an fáth gur dúradh linn go raibh bord i gceist le saineolas, mar a dúirt mé, ina raibh ailtirí, innealtóirí agus cuntasóirí, ach ní dhearna sé aon difríocht. Bhí rudaí níos measa. An pointe atá á dhéanamh agam, nuair a chuireann tú béim ar shaineolas, agus ní dhearna an tAire é seo, tá an baol ann gur drochmhaslú atá i gceist ó thaobh na cosmhuintire agus na ndaoine a bheidh tofa. Ba mhaith liom cothromaíocht a fheiceáil, ní níos mó béime a chur ar shaineolaithe gan aon fhís acu agus gan a bheith tofa. Just ar eagla na míthuisceana.
Sentiment score: -0.13
Tá m’ainm ar an gcéad leasú. Arís, tá sé thar a bheith praiticiúil. Tá ciall ceannaithe againn anois agus ba chóir go mbeadh caighdeán anseo. Phléigh muid é arís go mion ar an gcoiste. Ní raibh muid ag iarraidh ualach mór a chur ar dhaoine ach amháin a chinntiú go mbeadh ar cibé duine atá ar an údarás a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, tuarascála a léamh agus mar sin de. Tá a fhios agam go bhfuil muid go léir ag foghlaim an t-am uilig agus níl sé éasca. Ag an am céanna, áfach, tá dualgas orainn a bheith in ann ár gcuid gnó a dhéanamh, tuarascála a léamh agus araile trí Ghaeilge. Tá moladh 8 ón gcomhchoiste Gaeilge praiticiúil. Molann sé go gcuirfidh an tAire córas nua i bhfeidhm a ligfidh d’iarrthóirí a léiriú - is córas a chur a bhfeidhm a ligfidh do dhaoine atá i gceist, in áit a rá gur rud riachtanach é, tá muid ag rá go n-éascófaí dóibh é - go bhfuil Gaeilge fheidhmiúil acu i labhairt, i léitheoireacht agus i scríobh na Gaeilge. Molann an comhchoiste go mbeidh rochtain láithreach ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach i bhfeidhm, agus ar fáil go héasca. Tá sé seo tábhachtach agus is dócha go n-aontódh an tAire liom go n-éascódh muid an córas do gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Sa chomhthéacs seo, áfach, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh an Fráma Tagartha Comónta Eorpach ar fáil go héasca ionas gur féidir le daoine ar mian leo a bheith ina n-iarrthóirí sa toghchán an deis sin a thapú - roimh aon rud agus roimh toghchán - agus é sin a dheimhniú láithreach go bhfuil an cumas sin acu. Molann an comhchoiste go mbeidh dóthain ama ag na daoine sin é sin a léiriú sula ndúnfar dátaí deiridh na n-iarratas. Molann an comhchoiste nach mbeidh cead ag daoine nach bhfuil an cumas sin léirithe acu roimh na dátaí deiridh sin seasamh in aon toghchán i gcomhair bhallraíocht bhord Údarás na Gaeilge. Cé gur alt sách fada é, léiríonn sé an méid machnaimh a rinneamar sular cuireadh isteach é. Is é sin atá i gceist anseo. Nuair a bhreathnaím ar an méid atá ag an Rialtas ina leith, tá sé róghinearálta. Tá gá le bheith níos sonraí ó thaobh cad atá ag teastáil. Is leibhéal B2, ar a laghad, atá i gceist. Tá píosa i leasú Uimh. 5 a deir nach mbeidh “feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge”. Tháinig daoine os ár gcomhar ag rá nach raibh siad chun scrúdú a dhéanamh agus go raibh sé seo maslach do dhaoine le Gaeilge. Tá sé, i ndáiríre. Níl mise anseo chun a mhalairt a rá ach tá gá le caighdeán agus bealach le cur in iúl go bhfuil an caighdeán sin ag duine. Tá freagracht ar an gcóras é a éascú do dhaoine, nach bhfuil an caighdeán sin acu, an caighdeán sin a fháil neart ama roimh an toghchán nó roimh aon sprioc ama. Ceapaim go n-aontóidh an tAire liom leis an méid seo. Is é an t-aon difríocht a fheiceann muid ná go bhfuil rud faoi leith á chur isteach againn, is é sin, an leibhéal is bunúsaí i ndáiríre.
Sentiment score: -0.20
Fanfaidh mé go dtí go gcloisfidh mé an freagra ón Aire.
Sentiment score: 0.00
Níl m'ainm leis an leasú seo. Is dócha go bhfeicim an dá thaobh. Arís, tá sé mar mholadh ón gcoiste. Phléamar é seo, agus bhreathnaíomar ar an dá thaobh. Is dócha, i ndeireadh na dála, go bhfuil an leasú seo stuama, ach ní mór dom a admháil go raibh mé idir dhá chomhairle ar feadh tréimhse ag smaoineamh an raibh gá leis. Ceapaim i ndeireadh na dála go bhfuil an leasú stuama. Má táimid i ndáiríre faoi údarás nua le cumhacht, le fís agus le hacmhainní chun díriú isteach ar na fadhbanna atá ar an talamh sna Gaeltachtaí uilig, seacht gcinn acu, is dócha go bhfuil gá le daoine go bhfuil dírithe isteach ar an obair seachas a bheith ar an gcomhairle contae freisin. Tá a fhios agam ó mo thaithí féin go bhfuil an dualgas atá ar chomhairleoirí ag éirí níos tromchúisí. Bíonn ualach ollmhór orthu agus iad ag iarraidh freastal ar gach saghas cruinnithe laistigh agus taobh amuigh den chomhairle cathrach agus den chomhairle chontae. Tá orthu freastal ar SPCs agus chuile rud gan trácht ar na tuarascálacha atá le léamh acu. Ní dóigh liom i ndáiríre gur féidir an dá thrá a fhreastal. Ar ndóigh, ní raibh mé cinnte faoi sin, ach sin é mo chinneadh i ndeireadh na dála. Dá bhrí sin, aontaím leis an leasú seo.
Sentiment score: -0.10