Ar an gcéad dul síos, tuigim go bhfuil leasuithe Uimh. 1 agus Uimh. 3 as ord. Ní aontaím leis an gcinneadh sin, ar ndóigh. Mar dhuine atá ag cur faoi i gceantar Gaeltachta agus mar dhuine, roimh dom bheith i mo Theachta Dála, a bhí i mo chomhairleoir ag déanamh ionadaíochta ar cheantar Ghaeltachta, tá a fhios agam go bhfuil an t-éileamh ann ón bpobal go mbeadh Údarás na Gaeltachta iomlán daonlathach. Tá sé sin againn sna comhairlí áitiúla - déanaim tagairt anseo do leasú Uimh. 2 - agus níl an tAire tithíochta ag iarraidh go mbeadh cead aige nó aici comhairleoirí a cheapadh ar na húdaráis áitiúla. Ní fheictear dom go bhfuil aon mhaitheas, aon chúis nó argóint á dhéanamh ag aon duine, nó aon éileamh á dhéanamh ag aon duine, go mbeadh an tAire in ann comhaltaí boird a cheapadh ar an údarás nuair atá an t-éileamh a bhí á dhéanamh i gcónaí - ag daoine ó gach páirtí agus daoine neamhspleácha - go mbeadh toghchán tagtha thar n-ais agus go mbeadh iomlán na gcomhaltaí boird tofa ag muintir na Gaeltachta. Tá seanphrionsabal ann i dtaobh cúrsaí daonlathais go mbeadh na daoine atá ag déanamh na gcinntí tofa agus freagrach do na daoine atá á roghnú agus sílim go bhfuil orainn freastal ar an mbunphrionsabal sin agus muid ag déileáil leis seo. Cinnte, thar ceann Ghaeltacht na nDéise, is é sin an t-éileamh atá againn i bPort Láirge. Ach ag caint le daoine i gceantracha Gaeltachta eile ar fud fad na tíre seo, an t-éileamh atá acu ná go mbeadh an struchtúr nua daonlathach seo iomlán daonlathach mar bhunphrionsabal. Is é sin an fáth go raibh leasú Uimh. 1 leagtha síos. Is é sin an fáth go rabhamar ag iarraidh i bhfad níos mó comhaltaí boird a bheith ainmnithe anseo le leasú Uimh. 1 atá as ord, ionas go mbeadh deis ag na ceantracha Gaeltachta a rogha daoine a thoghadh ar an mbord seo ionas gur féidir tuairimí níos leithne a fháil. Mar shampla, b'fhéidir go mbeadh beirt tofa ó Ghaeltacht na nDéise. Is ceantar beag ach ceantar an-tábhachtach é. Is cuid de chroílár Ghaeltacht na hÉireann é, an t-aon cheantar Gaeltachta ina bhfuil líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais tar éis fás thar tréimhse dhá dhaonáireamh, atá ag dul i gceart agus áit a bhfuil an-chuid gá le fostaíocht, le tithíocht agus le rudaí den tsaghas sin. Táimid ag moladh go mbeadh an deis acu beirt a toghadh agus ceantracha eile chomh maith. Táimid ag lorg an daonlathas is mó gur féidir linn a bhaint amach anseo agus an ionadaíocht. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú curtha síos againn.
Sentiment score: -0.21
Bhí comhrá agus díospóireacht leathan againn ansin cé go rabhamar ag díriú isteach ar leasú áirithe. Bhí caint mar gheall ar phobal mór na Gaeilge agus lucht labhartha na Gaelainne fud fad na tíre seo. Is ceart an comhthéacs sin a bheith againn ach caithfimid a aithint go bhfuil an Ghaeltacht éagsúil. Is rud aonarach í Gaeltacht na hÉireann. Ní hamháin go bhfuil an Ghaelainn beo bríomhar mar theanga labhartha laethúil ag an bpobal ach tá sé ann leis na glúnta siar. Tá sé beo beathach ó bhí an Ghaelainn ann mar theanga den chéad uair. Ní raibh am riamh nach raibh an Ghaelainn á labhairt sna ceantair sin. Caithfidh an t-aitheantas sin a bheith againn. Tá sé iontach an comhrá mór seo agus an comhthéacs mar gheall ar an nGaelainn fud fad na tíre a bheith againn ach, sa díospóireacht seo, caithfimid díriú isteach ar an nGaeltacht agus iarrachtaí an Stáit thar na blianta an Ghaeltacht a chaomhnú agus daoine a choimeád inti. Mar a dúirt urlabhraí amháin, bhí fostaíocht de dhíth roimhe agus anois tá tithíocht agus infheistíocht i slite eile de dhíth. Maíodh an tAire go bhfuil gá le bord níos lú ionas go mbeidh sé éifeachtach. Ní fheadar an bhfuil aon staidéar déanta ag an Aire nó ag an Roinn mar gheall ar éifeacht an bhoird agus cé mhéad comhalta is fearr. An bhfuil aon fhianaise mar bhunchloch leis an méid a dúirt an tAire gur ceart bord níos lú a bheith againn in ionad ceann níos mó ionas go mbeidh sé níos éifeachtaí? Mar a luaigh mé cheana féin, is iarchomhairleoir mé. Tá 32 comhairleoir ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus bhíomar in ann ár ngnó a dhéanamh, bhíomar in ann cur le straitéis agus bhí an-chuid taithí againn. Tá sé mar an gcéanna i ngach comhairle áitiúil, sa Teach seo agus sa Seanad. Tá gá orainn a bheith macánta mar gheall air seo. Ba cheart go mbeadh muinín againn sna pobail Ghaeltachta gur féidir leo a gcinntí féin a dhéanamh, go bhfuil ceart acu a gcinntí féin a dhéanamh agus go dtuigeann siad cad is fearr dóibh a dhéanamh mar phobal. Is é sin an daonlathas. Ní gá dúinn ailtirí nó tógálaithe a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta chun tosaíocht a dhéanamh de thithíocht Gaeltachta. Tá gá ann daoine atá ag maireachtáil, a bhfuil taithí acu, ó gach ceantar Gaeltachta a bheith ar an mbord ionas go bhfuil sé sin mar thosaíocht. Ní gá dúinn tuismitheoirí agus múinteoirí a bheith againn ar bhord Údarás na Gaeltachta ionas go dtuigimid agus go dtuigeann siad go bhfuil an Gaeloideachas mar chuspóir agus rud an-tábhachtach. Is gá dúinn daoine atá ag maireachtáil agus taithí acu ar an nGaeltacht a bheith air. Chomh maith leis sin, tá gá le pobal iomlán na Gaeltachta a bheith in ann a chead cainte a bheith acu agus an cinneadh seo a dhéanamh, ní Aire - pé Aire a bheadh ann amach anseo - ag ceapadh seisear bunaithe ar pé saghas ruda gur mian leis nó léi amach anseo.
Sentiment score: -0.14
Tá an leasú seo dírithe ar chathaoirleach agus leas-chathaoirleach a bheith ceaptha ar an mbord ionas go mbeadh an t-údarás acu labhairt ar son na Gaeltachta agus an t-aitheantas acu chun é sin a dhéanamh. Bheadh an dlisteanacht acu go mbeadh siad in ann é sin a dhéanamh agus bheadh éisteacht á fáil acu. Ar ndóigh, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá gá leis an mbord iomlán a bheith neamhspleách. Is cinnte go gcaithfidh an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach a bheith neamhspleách ón Aire agus ón Rialtas. In an-chuid babhta, tá seans ann go mbeidh siad ag easaontú agus i mbun stocaireachta ag lorg acmhainní agus cumhachtaí breise agus ag iarraidh ceisteanna a ardú. Mar sin, caithfidh go mbeadh an t-údarás atá acu ina róil mar chathaoirleach agus leas-chathaoirleach ag teacht ón mandáit a bheadh acu ón mbord iomlán. Tá muid ag iarraidh go mbeadh siad tofa ag an mbord, go mbeadh siad neamhspleách ón Aire agus go mbeadh deis ag gach ceantar a bheith ina cathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ionas go mbeadh rotation i gceist agus nach i gcónaí go mbeadh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach lonnaithe sna ceantair mhóra. Bheadh deis agus an ceart ag gach ceantar a thréimhse a bheith aige.
Sentiment score: -0.21
Tairgim leasú Uimh. 5: Ar leathanach 11, idir líne 24 agus líne 25, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2D) Chun críocha fho-alt (2C), déanfaidh an tAire, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, leibhéal B2 a fhorordú mar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine dá dtagraítear san fho-alt sin. (2E) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge.”. Ní mór a léiriú go mbeidh iarrthóirí do na toghcháin in ann feidhmiú trí mheán na Gaelainne agus iad ar bhord an údaráis agus ag déanamh ionadaíochta thar ceann phobal labhartha na Gaeilge agus na gceantar Gaeltachta. Mar sin, táimid ag tacú go hiomlán le moladh an Rialtais a bhí ann istigh i gceannteidil an Bhille go mbeadh coinníoll ar iarrthóirí leibhéal inniúlachta B2 a bheith acu sa Ghaeilge de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus go mbeadh orthu é sin a léiriú sular féidir leo dul in iomaíocht le bheith tofa. Bhí an coinníoll seo, B2, geallta sa scéim ghinearálta agus i gceannteidil an Bhille. Ba cheart go mbeadh an riachtanas seo ann ach ní fheictear é i mBille an Rialtais atá os ár gcomhair anois. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo curtha síos againn. Ar ndóigh, bheadh eisceacht i gceist do chainteoirí dúchais Gaeilge ón nGaeltacht nach gá dóibh, is dócha, é sin a thaispeáint nó an leibhéal B2 a bhaint amach ach caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil cumas na Gaelainne ag pé duine a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar na ceantair Ghaeltachta mar ní hé sin i gcónaí a bhí i gceist nuair a bhí daoine ann a bhí ainmnithe ag na comhairlí áitiúla ar fud na tíre. Is rud scannalach é, i ndáiríre, go raibh daoine ar an mbord le blianta anuas nach raibh in ann freastal ar a ndualgais mar chomhaltaí boird trí mheán na Gaeilge, nach raibh tuiscint acu ar na díospóireachtaí a bhí ag dul ar aghaidh agus nach raibh in ann feidhmiú nó ionadaíocht a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge. Is iad sin na leasuithe atá againn, leasú Uimh. 5 agus leasú Uimh. 6, i dtaobh an B2. Chun tagairt a dhéanamh ar leasú Uimh. 6, táimid ag lorg leibhéal B2 nó níos airde sa leasú sin.
Sentiment score: -0.26
Tá díomá orm a chloisteáil nach bhfuil an tAire chun glacadh leis na leasuithe seo. Is dócha go bhfuil sé seo chomh tábhachtach gur cheart é a bheith istigh sa bhunreachtaíocht in áit é a bheith ag teacht ón Aire i ndiaidh don reachtaíocht a bheith curtha i bhfeidhm. Ní hamháin go mbeidh sé tábhachtach go mbeadh comhaltaí boird in ann feidhmiú ag leibhéal an bhoird sna cruinnithe as Gaeilge agus tuarascála agus a leithéid a léamh, díospóireachtaí a bheith acu agus cinntí a dhéanamh, ach caithfidh siad a bheith in ann déileáil leis an bpobal agus leis na daoine ina gceantair féin trí mheán na Gaeilge. Caithfidh sé sin, i mo thuairimse, a bheith istigh sa bhunreachtaíocht ionas go bhfuil an tuiscint sin ón tús mar bhunús agus mar bhunchloch ón mbun aníos. Beidh orthu éisteacht agus a bheith in ann déileáil, labhairt agus ionadaíocht a dhéanamh ar chosmhuintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo a bheith ar an eolas mar gheall ar na rudaí atá ag titim amach ionas gur féidir leo a bpoist a dhéanamh, ní hamháin sna cruinnithe agus ag déileáil le hoifigigh an údaráis, ach ag déileáil leis an bpobal freisin.
Sentiment score: -0.16