Dara Calleary

Overall sentiment: -0.18
Back to Debate

Tá brón orm ach cén alt é sin?

Sentiment score: -0.56

An bhfuil leasú ann nó-----

Sentiment score: 0.00

Caithfidh mé teacht ar ais go dtí an Teachta ach rachaimid ar aghaidh leis na leasuithe ach tiocfaidh mé ar ais chuige amárach chun na sonraí sin a sholáthar. Tá brón orm ach caithfimid dul ar aghaidh leis na leasuithe ach tiocfaidh mé ar ais ag an Teachta leis na sonraí sin. Tá brón orm faoi sin.

Sentiment score: -0.56

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tuigim an méid atá á iarraidh ag an Teachta agus go mb'fhéidir go mbeidh leasú eile curtha chun cinn ar an gcéad Chéim eile. Tiocfaidh mé ar ais leis na sonraí amárach nó b'fhéidir dé hAoine.

Sentiment score: 0.00

Gabhaim buíochas le gach Teachta a bhí páirteach sa díospóireacht. Tá sé iontach, caithfidh mé a rá. Is cuimhin liom nuair a bhí an díospóireacht le haghaidh an tAcht oifigiúil nach raibh ach triúr nó ceathrar ann le hé a spreagadh. Tá na guthanna go léir anseo anocht. Luaigh an Teachta Pat the Cope Gallagher, agus bhí mé ag cuimhneamh ar, an t-iarAire, Donncha Ó Gallchóir, agus an obair a rinne sé ó bunaíodh an t-údarás agus an chéad toghchán ag an am sin. Is laoch mór é domsa go pearsanta agus laoch mór don Ghaeilge. Cuimhnímid air anocht. Maidir leis na leasuithe, tá scileanna áirithe riachtanacha mar a bhaineann sé le boird Stáit agus go deimhin le bord Údarás na Gaeltachta. Ní amháin gur bord toghcháin é nó bord áitiúil, is bord Stáit é freisin. Tá sé tábhachtach cuimhneamh air sin. Tugann meascán de bhaill tofa agus baill ceaptha deis chinntiú go bhfuil meascán ábhartha ar an mbord ó thaobh scileanna, taithí san eolas agus iomaíocht de. Tá daoine ag iarraidh go mbeidh daoine breise ar an mbord, ach leis an gcumhacht sin chun daoine a cheapadh, beimid in ann na fadhbanna sin a réiteach. Ós rud é gur bord Stáit atá ann, tá cúrsaí san eolas agus scileanna an-tábhachtach freisin. An uair dheireanach a reáchtáladh comórtas le haghaidh bhord an t-údarás, bhí scileanna áirithe san áireamh nár mhór d'iarrthóirí taithí a léiriú iontu. Is iad na scileanna a bhíonn san áireamh ná, gan dabht, cur chun cinn sa Ghaeilge agus pleanáil teanga, forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, forbairt pobail agus cur chun cinn na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Bhí cáilíochtaí i réimse bainistíochta le boird Stáit cosúil le gnó, bainistíocht, bainistíocht airgeadais nó cuntasaíochta, pleanáil teanga nó forbairt pobail san áireamh chomh maith mar scileanna inmhianaithe. Ní bealach gur féidir na scileanna sin a chinntiú is ea comhlachtaí a bheith ceaptha ag an Aire. Mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá na scileanna sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. Tá cúpla rud le rá agam faoi na leasuithe atá curtha ar leataobh. Beidh deis ag éirí as gach ceantar Gaeltachta dul san iomaíocht maidir le toghchán agus comórtas poiblí mar a bhaineann sin le bord an údaráis. Aontaím go mór leis an Teachta Ó Muirí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh bord ann agus gur rud tábhachtach é go mbeadh toghchán ann. Go pearsanta, ní aontaím go gcaithfidh sé a bheith tabhartha ionas go mbeidh sé éifeachtach agus le cothromaíocht a fháil chun go mbeidh éifeachtacht ann agus go mbeidh guth ann, ní hamháin do gach ceantar, ach do na Gaeltachtaí ar fad. D'fhéadfaí déileáil go cuí le saincheisteanna ionadaíochta ar son na n-oileán trí na coistí réigiúnacha, mar go rachaidh na coistí seo i ngleic le míbhuntáistí tíreolaíochta a fheictear laistigh de chontaetha nach mbaineann le muintir na n-oileán a mhaolú. Bhí leasú Uimh. 3 ag díriú ach go háirithe ar chúrsaí na n-oileán. Leagann na coistí réigiúnacha tábhacht ar deis a thabhairt do mhuintir na n-oileán bheith ann. Tugann daoine ceaptha deis chomh maith do dhaoine as na n-oileán. Tá sé tábhachtach go mbeidh deis agam caint faoi cé chomh tábhachtach is a bheidh na réigiúin freisin. Beidh seans againn filleadh air sin ar ball. Maidir leis na scileanna, caithfimid cuimhneamh gur bord Stáit atá ann freisin. Tá obair le déanamh mar gheall gur bord Stáit atá ann. Tá gá go mbeidh scileanna áirithe ar an mbord chun an obair sin a dhéanamh. Freisin is gá Gaeilge a bheith ag iarrthóirí agus fonn don Ghaeilge freisin. Beimid ag teacht ar ais go dtí cúrsaí tithíochta. Tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na scileanna agus go mbeidh deis ag an Aire ag an am, ní amháin mise ach cibé duine a bheidh mar Aire ag an am, daoine a phiocadh le tabhairt ní amháin go dtí an Ghaeltacht ach go dtí pobal na Gaeilge freisin.

Sentiment score: -0.13

Ní dúirt mé go bhfuil aon rud mór mí-éifeachtach. Chuir mé amach mar chuid den díospóireacht é. Luaigh an Teachta Connolly an Coiste um Chuntais Phoiblí. Is é ról an bhoird nua go mbeidh bainistíocht an údaráis freagrach dó maidir le cúrsaí cuntasacha agus cúrsaí dlí. Luaigh an Teachta go mbeimid in ann é a thabhairt isteach agus íocaíochtaí a thabhairt isteach, ach nuair a íocfar é, ní bheidh sé neamhspleách. Tá sé tábhachtach go mbeimid in ann mix a fháil ar an mbord idir saineolaithe agus daoine arb as an nGaeltacht dóibh freisin. Nílim ag déanamh masla ar aon duine a bheidh ag dul os comhair an phobail, ach is bord Stáit é. Tá freagrachtaí ag baint le gach bord Stáit. Tá freagrachtaí maidir le cúrsaí airgid agus cáinaisnéis ag an údarás. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach, caithfimid bord a chur le chéile trí thoghchán agus trí cheapachán a mbeidh na saineolaithe ann ionas go mbeidh an bord sin in ann bainistíocht a dhéanamh ar an bhfoireann san údarás agus ar cháinaisnéis an údaráis mar gheall gur bord Stáit agus údarás é. Is bord Stáit agus údarás é, nó údarás agus bord Stáit. Tá mé freagrach go dtí an Teach agus go dtí an Coiste um Chuntais Phoiblí maidir le cáinaisnéis an údaráis, agus tá sé tábhachtach go mbeidh mé in ann breathnú ar gach scil ar an mbord faoi na cúrsaí sin. Beimid in ann é seo a phlé, ach tá tuiscint dhifriúil agam faoi bhord Stáit agus obair na mbord Stáit.

Sentiment score: -0.10

Bheadh bord lán de mhuintir Mhaigh Eo iontach. Tá tuairim dhifriúil agam faoi ról an údaráis. Tá cúpla ról ann. Is údarás áitiúil é agus is údarás don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é, ach is bord Stáit é freisin. Caithfear a bheith díreach faoi sin. Beidh freagrachtaí difriúla i gceist nach bhfuil ag comhairleoir áitiúil, Teachta Dála, Seanadóir nó feisire aon pharlaimint mar gheall gur bord Stáit é. Beidh freagrachtaí difriúla ar na daoine a bheidh ar an mbord. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh deis againn, b’fhéidir tar éis an toghcháin, saineolaithe a fháil chun é sin a dhéanamh. Ní bheidh aon Aire chomh daft nach gceapfadh sé nó sí daoine ón nGaeltacht agus pobal na Gaeilge chuig bord an údaráis. Tá sé sin tábhachtach agus léiríonn an Teachta Ó Snodaigh leis sin go bhfuil sé tábhachtach i mo thuairim go mbeidh guth na Gaeltachta agus guth phobal na Gaeilge ar bhord an údaráis freisin. Tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh muid é seo: is bord Stáit é agus is údarás é freisin. Táimid ag féachaint ar chaiteachas de €32 milliún ar an údarás sa cháinaisnéis sa bhliain seo agus tá sé tábhachtach. Tá freagrachtaí difriúla ag baill bhord an údaráis mar gheall air sin ná mar atá ag comhairleoirí áitiúla, Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Baill de Pharlaimint na hEorpa. Tá sé tábhachtach go gcuirfear isteach an teachtaireacht dhíreach go bhfuil an t-údarás difriúil. Is údarás é. Tá sé tábhachtach go mbeadh guth na Gaeltachta ann ach is bord Stáit é freisin. Mar gheall ar an mix sin, tá sé tábhachtach go mbeidh sé de chumhacht ag an Aire daoine a cheapadh.

Sentiment score: -0.22

No.

Sentiment score: -0.30

Gan dul ar ais ar an díospóireacht dheireanach, níl mé ag cur aon mhaslú ar na daoine tofa. Mar gheall gur údarás agus bord de chuid an Stáit é, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh an mix sin againn. Bhí go leor díospóireachta againn air sin. Maidir leis an leasú seo, go hiondúil, ní bhíonn leas-chathaoirleach i gceist ar bhord Rialtais nó ar chomhlachtaí Stáit ar nós an údaráis. Tá muid ag díriú isteach ar an gcathaoirleach mar sin. Tá foráil in Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 maidir le ról an chathaoirligh ina bhfuil sé luaite, mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an údaráis i láthair nó fad is a bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an údaráis a bheidh i láthair duine dá líon chun a bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Tá an socrú seo fós i bhfeidhm agus ní léir go bhfuil gá an cur chuige seo a leasú. Ní bheidh sé ag teacht le dea-chleachtas go mbeidh an bord ag ainmniú cathaoirligh óna mheasc féin. Tá sé i gceist go mbeidh cumhacht ag an Aire an cathaoirleach a ainmniú. Tá scileanna ar leith ag teastáil ón chathaoirleach a bheidh á lorg i rith an phróisis earcaíochta. Ní mór d’iarrthóirí do ról an chathaoirligh fianaise a bheith acu ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach lena n-airítear an cumas cathaoirleachta a dhéanamh ar bhord agus taithí chuí i réimse amháin ar a laghad dóibh seo a leanas: cur chun cinn sa Ghaeilge agus i bpleanáil teanga, forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Beidh sé ar chumas an chathaoirligh ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stocaireacht, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh a chothú le príomhfheidhmeannach na heagraíochta don Rialtas a éascú. Leis an méid sin san áireamh, ní féidir liom a ghlacadh leis an leasú seo. Beidh mé sásta, áfach, breathnú ar an chéad chéim eile agus cáilíochtaí riachtanacha an chathaoirligh a leagan amach. Tá sé tábhachtach go mbeadh an cathaoirleach agus an t-údarás neamhspleách agus go mbeadh an neamhspleáchas sin ann. Níl aon fhaitíos agam nach mbeidh an neamhspleáchas ann. Ní bheidh aon Aire chun aon duine a chur ar an mbord nó cathaoirleach a phiocadh le haghaidh bord Stáit chun obair an Rialtais a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-údarás neamhspleách ón Rialtas agus go mbeadh sé in ann teacht amach le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht. Ag an bpointe seo, níl muid ag glacadh leis an leasú seo ach b’fhéidir go mbeidh muid in ann obair a dhéanamh chun cáilíochtaí do ról an chathaoirligh a leagan amach le go mbeidh cosaint ann do neamhspleáchas an chathaoirligh agus neamhspleáchas an údaráis.

Sentiment score: -0.12

Chun a bheith soiléir, táim fós ag rá go mbeidh an cathaoirleach ceaptha ag an Aire ach b'fhéidir go mbeimid in ann na cáilíochtaí, the qualifications, a bheidh ag an gcathaoirleach chun an jab a dhéanamh a shoiléiriú ionas go mbeidh cosaint ann maidir le haon neamhspleáchas. Le cuidiú liom, ar mhiste leis an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Ní Chonghaile freisin é sin a dhéanamh? Tugaim cuireadh d’aon Teachta eile atá ag éisteacht a dtuairimí faoi na cáilíochtaí a bheidh ag cathaoirleach an údaráis a thabhairt ar ais dom. Dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur poist dhifriúla iad. Is bord Stáit é ach is bord an údaráis é freisin agus iarraim ar an Teachta a mheas a thabhairt ar na cáilíochtaí, ina thuairim agus ina thaithí féin, gur chóir go mbeadh ag an gcathaoirleach. Níl mé ag rá nach mbeidh an chumhacht ag an Aire chun é nó í a cheapadh ach táim ag rá go mb'fhéidir go mbeimid in ann leagan amach an saghas cáilíochtaí a bheidh aige nó aici a phlé le go mbeimid soiléir faoi sin.

Sentiment score: -0.19

Mar chuid den Bhille nua, beidh cumhacht ag an Aire an leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge is gá a bheith ag comhalta a fhorordú faoin Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach. Beidh sé de chumhacht ag an Aire leibhéal B2 faoin Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach nó níos airde - agus i gcomhthéacs na dtuairimí atá ag an Teachta Ó Snodaigh faoin chathaoirleach, tá an chumhacht sin ann - a fhorordú más gá agus más cuí. Tugann an fhoclaíocht mar a sheasann sé roinnt spáis ar son na solúbthachta de maidir leis an leibhéal a bheidh ag teastáil. Is dóigh liom gur rud maith é an tsolúbthacht seo a sholáthar agus nach bhfuil gá díriú isteach ar leibhéal áirithe srianta sa reachtaíocht. Maidir le heisceacht a chur ar fáil do chainteoirí dúchasacha, ní bheidh sé cuí leibhéal amháin a chur isteach sa Bhille nó leibhéal eile a chur isteach do dhaoine áirithe. Bheadh sé an-deacair sainmhíniú a leagan síos dá leithéid chomh maith. Tugann an fhoclaíocht mar atá sé solúbthacht don Aire maidir leis an leibhéal a bheidh ag teastáil. Is dóigh liom gur rud maith é an tsolúbthacht agus nach bhfuil gá díriú isteach ar leibhéal áirithe srianta sa reachtaíocht. Cé nach féidir liom glacadh leis an leasú, tuigim go mór agus aontaím leis an Teachta McGuinness gur rud an-tábhachtach é go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge ag baill an údaráis. Tá sé sin leagtha amach sa Bhille. Ní oibreodh an t-údarás go héifeachtach mura mbeadh an Ghaeilge agus ardchaighdeán Ghaeilge ann. Tuigim go mór, mar Aire, cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh leibhéal ann faoi chúrsaí Gaeilge.

Sentiment score: -0.09

Níl aon easaontas eadrainn faoin gcaighdeán. Má tá aon duine ag éisteacht leis an díospóireacht seo a bhfuil suim acu a bheith mar iarrthóir don chéad bhord eile san údarás, is cóir dóibh é sin a chloisteáil. Níl aon easaontas ansin. Tá easaontas faoi cathain a fhoilseoimid an caighdeán. Breathnóidh mé air agus b’fhéidir go mbeimid in ann rud éigin a chur isteach faoi na rialacháin chun deadline cúpla mí a chur air sin. Deirim le gach duine atá ag éisteacht áfach, aon duine sa tír seo a bhfuil suim acu a bheith mar iarrthóir sa toghchán do bhord an údaráis, níl aon easaontas faoin B2.

Sentiment score: -0.19

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus gabhaim buíochas leis na daoine agus leis na Teachtaí as an leasú seo. Ar dtús, ba mhaith liom a nótáil ag an bpointe seo go bhfuil leasú le déanamh ag alt 5(c)(2F) sa Bhille mar go bhfuil botún curtha i gcló le lúibíní ann agus beidh sé seo le leasú ar Chéim na Tuarascála. Ní bheidh an fhoráil seo ag teastáil mar go bhfuil sé clúdaithe sa phríomh-Acht cheana féin ó thaobh Comhaltaí den Dáil, den Seanad agus de Pharlaimint na hEorpa. Maidir le comhalta de chuid Údarás na Gaeltachta, i gcás go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, go dtoghfar é nó í mar Chomhalta de cheachtar Teach an Oireachtais, nó go n-aimneofar nó go dtoghfar é nó í le bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, scarfaidh sé nó sí de bheith ina comhalta den údarás. Maidir le comhaltaí de na húdaráis áitiúla, sílim gur cheart go mbeadh baill de na comhairlí contae san áireamh le haghaidh ballraíocht de bhord an údaráis. Tá siad san áireamh ar an mbord reatha mar a bhí roimhe seo. Chomh maith leis sin, sílím nach mbeadh sé indéanta comhalta nua bheith roghnaithe lastigh de sheachtain. Ní dóigh liom go mbeadh a dhóthain ama i gceist ansin le comhalta nua incáilithe a roghnú. Teastaíonn solúbthacht áirithe le haghaidh rudaí mar seo. Ós rud é go bhfuil sé seo tógtha san áireamh agam, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Sentiment score: -0.06

Tá an ceart ag an Teachta Ó Snodaigh. Muna bhfuil tú ag déanamh na hoibre mar ionadaí poiblí, beidh tú imithe as do phost. Tá sé tábhachtach go dtugaimid an seans an obair a dhéanamh. Tá díospóireacht eile le bheith ann, ní hamháin an ceann seo, faoin obair atá á cur ar chomhairleoirí chontae nó ar chomhairleoirí áitiúla ag an bpointe seo. Caithfimid seasamh leo chun cuidiú leo san obair sin. Ní cheapaim go bhfuil sé ceart mar gheall go bhfuil an iomarca oibre le déanamh, agus nach bhfuil an cuidiú ann, go bhfuilimid ag rá nach bhfuil ceart ag duine seasamh do bhord Údarás na Gaeltachta. Tá mé ag ceapadh freisin go bhfuil a lán comhairleoirí áitiúla le taithí agus le suim i gceantair Ghaeltachta agus táimid ag rá nach mbeidh siad in ann bheith tofa d’Údarás na Gaeltachta mar gur comhairleoirí contae iad. Ní hé sin an freagra le go mbeadh údarás den chéad scoth againn. Beidh daoine nua agus daoine nach bhfuil tofa roimhe seo á gcur iad féin chun tosaigh mar go bhfuil suim acu ann, mar a tharlaíonn i ngach toghchán. Seasann daoine nua. Is dócha gur tharla sé do gach éinne anseo. Seasann daoine nua i gcoinne na ndaoine atá ina suí agus buann siad an suíochán de bharr an fheachtais nó mar gheall ar an obair atá déanta acu sa cheantar. Tá sé sin taobh amuigh den díospóireacht seo. Caithfimid seasamh suas le haghaidh na gcomhairleoirí i ngach páirtí agus na comhairleoirí neamhspleácha. Caithfimid resources breise a thabhairt dóibh chun an post a dhéanamh. Ní freagra na faidhbe sin a rá nach bhfuil daoine in ann seasamh le haghaidh toghcháin an údaráis. Tá freagraí i bhfad níos tábhachtaí eile chun an fhadhb sin a réiteach. Tá mé ag ceapadh go ndéanfaimid dochar do na deiseanna atá againn leis an údarás agus le toghchán an údaráis má deirimid le comhairleoirí áitiúla nach bhfuil siad in ann cur isteach ar na toghcháin sin díreach toisc gur comhairleoirí áitiúla iad. Tuigim an méid a dúirt an Teachta Connolly faoin dá thaobh. Tá dhá thaobh ann ach tá an taobh atá le réiteach taobh amuigh den díospóireacht seo agus taobh amuigh den údarás. Caithfimid, agus muid ag tabhairt na dtoghchán ar ais, an deis a thabhairt do gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge - agus a bhfuil Gaeilge acu, a bhfuil taithí saoil acu, agus b'fhéidir a bhfuil contacts acu - ionas go mbeidh an t-údarás is fearr againn. Nuair atá an deis ar fáil údarás nua a bheith againn, ba cheart go mbeadh muid ag iarraidh an t-údarás is fearr a bheith againn. Ní deirimid le comhairleoirí áitiúla nach bhfuil siad in ann dul go dtí an t-údarás sláinte le haghaidh na réigiún. Tá siad ag tabhairt a gcuid taithí go dtí an t-údarás sláinte agus ní ceart go ndeirimid nach bhfuil siad in ann seasamh do thoghchán Údarás na Gaeltachta freisin.

Sentiment score: -0.14

Déanfaidh mé-----

Sentiment score: 0.00

An mbeimid in ann an leasú a chríochnú le cúpla nóiméad a bheith agam?

Sentiment score: 0.00

Mar fhreagra ar an leasú sin, mar gheall go bhfuil na baill sin páirteach agus tofa go dtí an údarás nó an chomhairle áitiúil, beidh taithí acu maidir leis na cúrsaí áitiúla le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tuigim go mór gur rud maith é go mbeidh deis acu agus níl barántas ann go dtoghfar iad mar gheall gur comhairleoirí iad. B'fhéidir gur míbhuntáiste é agus ag éisteacht leis an Teachta Gallagher, ní dhéantar daoine cosúil leis a thuilleadh - bhí sé ina Aire, ina chomhairleoir contae agus ina Theachta ag an am céanna - mar go bhfuil an lá sin imithe. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh deis ag comhairleoirí contae a bheith páirteach freisin.

Sentiment score: -0.34