Mairéad Farrell

Overall sentiment: -0.15
Back to Debate

Tá sé go maith go bhfuil sé seo á phlé againn sa Dáil anocht. Mar is eol don Aire, táim cinnte, go minic mothaíonn muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeltachta nach bhfuil guth sách láidir acu agus nach n-éistear lena nguth. Ceann de na príomhrudaí atá á éileamh acu le fada an lá ná go mbeadh toghchán tagtha ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta. Is mór an trua é nach nglacfar le leasú Uimh. 1 áit a chuir muid an méid chun tosaigh chun a chinntiú go raibh an ionadaíocht is láidre ag an údarás. Chomh maith leis sin, agus muid ag caint ar an ionadaíocht sin, is dócha gurb shin ceann de na príomhrudaí. B’fhéidir go mothaíonn muintir na Gaeltachta go gcabhródh sé sin lena nguth a ardú agus go mbeadh cinntí déanta ar bhonn daonlathach sa nGaeltacht í féin. Tá sé go maith go bhfuil sé seo á phlé againn ach mothaím go láidir gur mhór an trua é nár glacadh le leasú Uimh. 1 mar chuid de seo.

Sentiment score: -0.15