Pat the Cope Gallagher

Overall sentiment: -0.07
Back to Debate

Sula mbogann an Teachta ar aghaidh, an bhfuil cóip de na leasuithe ar fáil? Is there a copy of the amendments available?

Sentiment score: 0.00

Níl mé iarraidh cur isteach ar an obair, ach ma tá, bheadh sé go maith.

Sentiment score: 0.00

I can go to the Library to get them.

Sentiment score: 0.00

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Bhille seo ar ais sa Dáil. Tá súil agam go ndéanfar cinnte anois go mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta againn i mbliana, b’fhéidir ar an lá céanna is a bheidh toghchán fá choinne na hUachtaránachta. Ar ndóigh, tá mé féin thart fada go leor agus tá cuimhne agam ar an chéad toghchán d’Údarás na Gaeltachta in 1979. Ba é an t-iarTheachta Dála as Maigh Eo, Donncha Ó Gallchóir, a bhí ina Aire ag an am sin, cosúil leis an Aire reatha arb as Maigh Eo dó fosta. Is cuimhin liom an lá nuair a bhí an toghchán sin againn. Bhí sé againn i rith an gheimhridh agus bhí sé ag cur báistí i rith an lae. Bíonn sé iontach deacair daoine a fháil amach i rith an gheimhridh agus an aimsir chomh olc sin. Tá súil agam go mbeidh an aimsir níos fearr agus go mbeidh sé ar an lá céanna mar beidh sé níos éasca daoine a mhealladh amach chun a vóta a chaitheamh ar an lá sin. Chaith mé tréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta ó 1989 go dtí 1994. Bhí cúraimí na Gaeltachta orm nuair a bhí an t-iarThaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, mar Aire Gaeltachta ag an am sin. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ábalta poist a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Gan Údarás na Gaeltachta, tá mé cinnte de nach mbeidh an oiread sin post sa Ghaeltacht. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh lántacaíocht an Aire, agus tá a fhios agam go mbeidh, don seans seo maoiniú ceart a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun jabanna a mhealladh go dtí na háiteanna ar imeall an domhain, cosúil le hiarthar Dhún na nGall, Contae Mhaigh Eo, Contae na Gaillimhe agus áiteanna eile. Ar ndóigh, beidh ceisteanna faoin leasú seo. Nuair a bheidh an toghchán thart agus an deichniúr tofa mar ionadaithe ar Údarás na Gaeltachta, agus ba mhaith liomsa go mbeadh níos mó ná beirt againn i nDún na nGall ach, mar a dúradh liom, tá an deichniúr bunaithe ar an daonra sna réigiúin éagsúla agus caithfear glacadh leis sin, beidh deis ag an Aire seisear a ainmniú ansin agus bí cinnte de go mbeidh siad ag dul thart ar na Gaeltachtaí go léir agus b’fhéidir ar na hoileáin. Ní bheadh a fhios agat. Tá súil agam go mbeidh sé ábalta teacht ar réiteach maidir leis sin. Go ginearálta, cuirim fáilte roimh an méid seo agus cuirim fáilte roimh an Aire. Ní hé an chéad Aire Gaeltachta as Contae Mhaigh Eo. Smaoiním ar dhaoine cosúil le Paddy O'Toole, Donncha Ó Gallchóir agus Pádraig Ó Floinn. Tá go leor oibre le déanamh ag an Aire ach tá a fhios agam go bhfuil a chroí sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge. Molaim go mór é ós rud é gurb é seo ceann de na chéad Bhillí a tháinig ar ais go dtí an Dáil. Bhí sé anseo roimhe. Gheobhaidh an tAire lántacaíocht na dTeachtaí atá anseo ag déanamh ionadaíochta thar ceann na Gaeltachta. Tá an Ghaeltacht i bhfad níos mó ná an Ghaeltacht amháin; tá pobal na Gaeilge ann. Deirtear liom go bhfuil níos mó daoine i mBaile Átha Cliath ag labhairt Gaeilge ná mar atá sna Gaeltachtaí eile. Tá pobal na Gaeilge ann agus tá an Ghaeltacht ann. Beidh lántacaíocht le fáil ag an Aire uainn. Ádh mór air.

Sentiment score: -0.15

Maidir leis an leasú seo, bhí mise i gcónaí i bhfabhar go mbeadh deis ag comhairleoirí contae seasamh i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta. Tá nasc idir obair an chomhairle contae agus obair an údaráis agus ceapaimse go mbeidh sé sin tábhachtach don duine a toghfar. B’fhéidir nach mbeidh suim ar bith acu ann ach ba cheart deis a thabhairt do na daoine sin. Is dóigh go mbeidh sé seo inchreidte ach bhí mise mar bhall den Teach seo, mar bhall den chomhairle contae agus mar Aire Stáit ag an am céanna, agus bhí mé ábalta freastal ar gach ceann acu. Bhí mise ag iarraidh dul ar ais ag obair sa chomhairle contae sa bhliain 1999 ach tugadh reachtaíocht isteach ag cur deireadh leis an dual mandate. Tá mise i bhfabhar é fhágáil mar atá sé toisc gur cheart go mbeadh deis ag comhairleoirí contae. Sa lá atá inniu ann, tá comhairleoirí contae againn i nDún na nGall atá ag déanamh ionadaíochta thar ceann Dhún na nGall, oiread is na Gaeltachtaí eile, ina measc fear a bhfuil clú agus cáil air tríd an tír, an comhairleoir a thug chorn Sam ar ais go dtí Dún na nGall sa bhliain 1992, Anthony Molloy. Tá sé ag freastal ar bhord Údarás na Gaeltachta agus ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus é ag déanamh jab iontach. Níl mise i bhfabhar iad a fhágáil amach as.

Sentiment score: -0.18