Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.02
Back to Debate

5. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén réiteach sealadach atá beartaithe aige, fad is atá réiteach fadtéarmach á lorg, chun a chinntiú nach mbeidh eagraíochtaí agus grúpaí pobail Gaeilge thíos leis toisc ciorruithe de €800,000 orthu ó Fhoras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10182/25]

Sentiment score: 0.08

Is ceist í seo mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus an gá go ndíreofaí isteach le teacht timpeall ar an bhfadhb bhunúsach go bhfuil ciorraithe anois de €800,000 ar an mbuiséad a bheas ag na sé cheanneagraíocht Gaeilge de thairbhe chinneadh Fhoras na Gaeilge.

Sentiment score: 0.00

Cloisim go ndeir an tAire nach bhfuil an buiséad réitithe go fóill ach tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil an buiséad réitithe mar tá sé soiléir nach bhfuil airgead breise ag teacht ón bhFeidhmeannas toisc cinntí an DUP. Dá réir, ní bheidh aon fhás ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Caithfimid teacht timpeall ar fhadhb atá cuíosach bunúsach le tamall de bhlianta anuas áit atá an Stát ag rá go hoscailte go bhfuil sé sásta cur leis an airgead agus go bhfuil an fhadhb ó Thuaidh. Is fadhb pholaitiúil í ach is fadhb í sa chás seo atá ag cur as do na sé cheanneagrais go bhfuil €800,000 á tharraingt siar ón obair atá ar bun acu. Na dreamanna a bheidh thíos leis seo ná dreamanna atá thíos cheana féin toisc nach raibh aon ardú sa bhuiséad acu le blianta agus an fhadhb bunúsach seo ann. Caithfimid teacht timpeall air seo ar bhealach. Tabharfaidh mé roinnt samplaí don Aire nuair a thagaim ar ais.

Sentiment score: 0.00

Gabhaim buíochas leis an Aire as sin. Tuigim go bhfuil, mar a dúirt sé, na feidhmeanna á n-aistriú go dtí an Aire, an Teachta Calleary, ach is an Aire, an Teachta O'Donovan, atá os mo chomhair inniu agus tá sé anseo thar ceann an chórais mar sin. Is teachtaireacht é seo don chóras. Caithfimid uilig teacht ar bhealach timpeall air. Ní rud polaitiúil atá i gceist go bhfuil mé ag spochadh as an Aire, an Teachta O’Donovan, nó as an gcóras. Tá mise sásta cuidiú in aon bhealach gur féidir liom ach caithfimid smaoineamh ar bhealaí cliste más gá le teacht timpeall ar an bhfadhb ionas nach bhfuil na heagrais thíos €800,000 nach bhfuil ar fáil dóibh. Mar shampla, tá an scéim tacaíochta gnó agus beidh an chéad glaoch eile ann do scéim na bhféilte. Beidh an scéim seo thíos €140,000. Tá a fhios agam go raibh an-spéis ag an Teachta O’Donovan i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail. Tá €140,000 bainte as scéim dírithe ar fhéilte. Is féidir linn, is féidir leis an Aire agus is féidir leis an Roinn tograí aonuaire a mhaoiniú agus b’fhéidir gur sin an bealach timpeall air seo láithreach bonn chun cuidiú leis na féilte seo sa bhealach sin.

Sentiment score: -0.17