13. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nuashonrú a thabhairt maidir leis an bplean chun scéim na mbóithre áise a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10120/25]
Sentiment score: 0.00
Is cúis mhór áthais é dúinn go bhfuil scéim na mbóithre áise geallta mar chuid den chlár Rialtais amach romhainn. Bhí mo chomhghleacaithe agus mé féin ag brú go mbeadh sí san áireamh. Beidh sí an-tairbheach do mhuintir na Gaeltachta nuair a chuirfear i bhfeidhm í. An bhféadfadh an tAire tuairisc a thabhairt ar an gcur chuige chun an scéim sin a chur i bhfeidhm, ar na treoirlínte agus ar aon tuairimíocht atá aige mar gheall ar rith na scéime sin?
Sentiment score: -0.20
Cuirfidh scéim na mbóithre áise go mór le hinfreastruchtúr agus le caighdeán maireachtála phobail na Gaelainne. Is é an chéad cúpla méadar den bóthar ar a mbíonn daoine ag taisteal gach maidin agus an píosa deireanach den bhóthar ar a mbíonn siad ag taisteal sa tráthnóna atá i gceist. Is deis é seo chun na píosaí sin a fheabhsú. Glacaim leis go bhfuil sé luath go leor go fóill. An bhfuil an tAire in ann a rá cé acu Roinn na Gaeltachta nó na comhairlí contae a bheidh ag láimhseáil na n-iarratas agus an srutha airgid seo? An bhfuil aon leagan amach nó aon tuairimíocht mar gheall air sin? Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh scéim na mbóithre áise ag feidhmiú in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil ionas go mbeidh buntáiste ag pobail na Gaeltachta, seachas scéim amháin nó scéim eile a bheith ar fáil dóibh.
Sentiment score: -0.16
Tá an tAire tagtha chuig an chéad ábhar eile ansin nuair a deir sé go n-aontófar í go luath. Is dócha gurb í an cheist is mó atá ag a lán daoine ná cathain a bheidh an scéim ann. An bhfuil a fhios ag an Aire an bhfuil sé in aigne go mbeidh sí ar fáil i gcomhair an chéad cáinaisnéis eile agus go mbeidh daoine ábalta iarratais a dhéanamh in 2025 i gcomhair oibreacha, b’fhéidir, in 2026? Cé go nglacaim leis go bhfuil sé luath go leor fós agus nach bhfuil ach roinnt den obair tosaithe ar na scéimeanna nua agus ar spriocanna an chlár Rialtais a bhaint amach, is ceann an-tábhachtach í seo i gcomhair phobail na Gaeltachta go bhféadfaí a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Is dócha go bhfuil an deis ann chun riachtanais na scéime a leagan síos. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sí in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil agus nach mbeidh sí ag glacadh a háite. Caithfidh go mbeidh sí ar fáil gan puinn sriana agus go mbeidh deis ag an-chuid de phobal na Gaeltachta í a chur i bhfeidhm.
Sentiment score: 0.00