Gabhaim buíochas leis an gCoiste Gnó as an deis seo cúrsaí Gaeilge a phlé. Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus mar Aire na Gaeltachta, fáiltím roimh an deis labhairt inniu anseo i nDáil Éireann. Mar atá ráite agam in áiteanna eile, is onóir mhór dom é a bheith anseo mar Aire na Gaeltachta agus Gaeilge. Mar a dúirt mé i ngach díospóireacht a bhí againn sa Dáil le haghaidh 18 bliain anois, níl an Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge amháin. Tá sí ann gach lá. Ba cheart, mé féin san áireamh, go mbainfear i bhfad níos mó úsáide as an nGaeilge atá againn sa Teach gach lá. Is teanga bheo í an Ghaeilge ach chun an bheocht sin a choimeád, ní mór dúinne, mar ionadaithe poiblí, í a labhairt go rialta agus a bheith inár n-eiseamláir dár bpobail. Le linn na seachtaine nó na coicíse seo, déanaimis gach iarracht aon chomhrá a bhíonn againn a thosú as Gaeilge. Caithfimid é sin a leanúint gach seachtain eile den bhliain. Tá réimse leathan freagrachtaí ar mo Roinn maidir leis an nGaeilge, ní hamháin sna ceantair Ghaeltachta ach ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Bhain an Rialtas deiridh mórán amach maidir le cur chun cinn na Gaeilge, agus tá an Rialtas seo tiomanta na spriocanna maidir leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge atá sa chlár Rialtais a bhaint amach. Tá méadú suntasach tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anuas. Mar thoradh ar ardú €6 mhilliún i mbliana, tá an chistíocht is airde fós - €106 mhilliún san iomlán - ar fáil ag mo Roinn don bhliain seo. Léiríonn an maoiniú suntasach seo tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Tá Údarás na Gaeltachta i mbun cúraim sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre ó bunaíodh é. Lean sé leis an obair a bhí ar siúl ag Gaeltarra Éireann roimhe sin agus freagrachtaí níos leithne aige i bhforbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Mar bhunchuspóir de pholasaí an údaráis, tá caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile. Is cúram fíorthábhachtach i bhforbairt aon phobail é an fhostaíocht agus cruthú fostaíochta. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás beagnach 900 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2024 agus go raibh beagnach 10,000 post ina gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana seo caite. Tréaslaím a chuid oibre leis an údarás. Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 ar ais sa Dáil go luath tar éis dó an Dara Céim a chríochnú roimh olltoghchán na bliana seo caite. Tá athbhunú toghcháin don údarás luaite sa chlár Rialtais nua agus tá sé i gceist agam leanúint leis an mBille seo a thabhairt trí Thithe an Oireachtais. Ceann de na ceisteanna is práinní laistigh de phobail na gceantar Gaeltachta agus go náisiúnta araon ná soláthar tithíochta. Soláthraítear i mBille an údaráis chomh maith an chumhacht don údarás tailte atá i seilbh na heagraíochta a dhiúscairt chuig comhlacht aitheanta ceadaithe tithíochta nó chuig údarás tithíochta chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Táimid an-dáiríre faoin ábhar seo. Bhí cúpla smaoineamh iontach sa díospóireacht faoi rún Shinn Féin aréir. Ag leibhéal náisiúnta agus ar fud an oileáin, tá Foras na Gaeilge ag obair ar bhonn uile-oileáin agus é ag cur na Gaeilge chun cinn. Is áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas é agus obair thábhachtach idir lámha aige ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá dlúth chomhoibriú ag mo Roinn lenár bpáirtithe sa Roinn Pobail ó Thuaidh ag cinntiú go n-éireoidh le hobair Fhoras na Gaeilge agus, go deimhin, le hobair an Fhorais Teanga. Leanann dúshláin aon chomhoibriú. Tá dúshláin airgeadais an fhorais tagtha chun solais le déanaí, agus an cheist pléite anseo sa Dáil arís inné agus ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin. Mar a dúirt mé ag an am sin, bhí cruinniú práinneach agam féin le Foras na Gaeilge chun an cheist a phlé nuair a tháinig sé chun solais. Is dúshlán é seo don fhoras agus do na heagraíochtaí pobail a fhaigheann tacaíocht ón bhforas. Is dúshlán é don Rialtas chomh maith agus, dá réir, tá gach iarracht fós ar siúl agus á dhéanamh againn chun teacht ar réiteach. Leanann an obair ar aghaidh agus tá mé ag coinneáil súil ghéar air. Tá cloiste againn go léir mar gheall ar an bpleanáil teanga agus na pleanálaithe teanga atá i mbun na hoibre seo. Deich mbliana ó shin, rinne an Stát infheistíocht dár luach €500,000 sa réimse seo. Inniu, deich mbliana níos déanaí, tá infheistíocht dár luach €6.7 milliún á déanamh ag an Stát sa Ghaeilge agus i bpobal na Gaeltachta trí obair na pleanálaithe teanga. Dar liom, tugann an infheistíocht shuntasach sin le fios tiomantas an Rialtais i leith na teanga. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bpróiseas ó cuireadh tús leis agus gach ceann den 26 limistéar pleanála teanga chomh maith leis an gcúig líonra Gaeilge agus an naoi mbaile seirbhíse Gaeltachta anois i mbun gnímh, agus toradh a gcuid oibre le brath ar an talamh i measc an phobail. Is trí chomhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge atáthar ag baint amach spriocanna an Rialtais maidir leis an obair seo ach tá cistíocht ar fáil do roinnt eagraíochtaí eile, leithéidí: Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Cuireann an chistíocht seo ar a gcumas tacaíochtaí praiticiúla breise a chur ar fáil ar leas an phróisis. Tacaíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, mar shampla, le tuismitheoirí atá ag tógáil a leanaí le Gaeilge. Tuigimid uile a thábhachtaí is atá sé an Ghaeilge a bheith á labhairt sa mbaile, le leanaí agus leis an gcéad ghlúin eile. Chomh maith leis sin, tá scéim na gcúntóirí teanga leathnaithe amach go dtí na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí le cúpla bliain anuas, scéim atá fíorthábhachtach mar go gcuireann sé tacaíochtaí breise ar fáil sna scoileanna do leanaí nach bhfuil an Ghaeilge sa bhaile acu, b'fhéidir. Oibríonn na scéimeanna fíorthábhachtacha seo ó lá go lá, ó bhaile go baile agus ó shráidbhaile go sráidbhaile i measc an phobail ag buanú na teanga mar theanga phobail. Sna blianta amach romhainn, táthar ag súil le tús áite a thabhairt don obair chun seirbhísí óige sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a leathnú amach ar bhonn lárnach. Ar ndóigh, gan an óige nó an chéad ghlúin eile, ní mhairfidh an teanga mar theanga pobail. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as an díospóireacht aréir. B'fhéidir nár ghlacamar leis an rún ach bhí díospóireacht iontach againn agus tháinig a lán codanna iontacha as. Gan dabht agus muid ag caint ar an bpleanáil teanga, táimid ag caint ar phobal an oileáin trí chéile. Táimid ag comhoibriú ar bhonn uile-oileáin, ag buanú agus ag neartú an phobail tríd an teanga. Ar ndóigh, tá mórán scéimeanna tacaíochta don phobal teanga á gcur ar fáil ag mo Roinn d'ár gcéad ghlúin eile agus lárnach san obair atá ar bun ar an talamh. Luaigh mé scéim na gcúntóir teanga níos luaithe, ach d'fhéadfáinn trácht a dhéanamh freisin ar scéim na gcampaí samhraidh agus, gan dabht, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge atá ar bun le breis is 50 bliain. Ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí ag coláistí Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in 2024. Beidh níos mó ná €6 mhilliún á infheistiú ag mo Roinn go bliantúil san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Sin infheistíocht shuntasach, dar liom. Cuireadh tús leis an scéim DEIS Gaeltachta, sé sin scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS, le blianta beaga anuas. I mbliana, ceadaíodh ciste €900,000 chun an scéim a leathnú amach. Tá súil againn go mbeidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as na hiarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht. Creidim gur deis iontach é seo d'óige na tíre. Ritheadh rún sa Dáil inné le hoideachas sa Ghaeilge a chinntiú. Tá dlúthchaidreamh ag mo Roinn leis an Roinn Oideachais agus comhoibriú leanúnach idir an dá Roinn maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Beidh mé ag obair an-dian ar an ábhar seo. Mairimid inniu sa ré dhigiteach, ré dhúshlánach do phobail teanga ar nós phobal na Gaeilge. Ní mór do phobal na Gaeilge a fheidhmiú sa ré nua seo. I mí na Nollag 2022, d'fhoilsigh an Rialtas plean digiteach don Ghaeilge. Ta sé mar aidhm ag an bplean leas a bhaint as acmhainní teicneolaíochta agus digiteacha chun tacú le húsáid na Gaeilge ar ardáin dhigiteacha éagsúla, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, na meáin shóisialta, áiseanna oideachais, áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas agus uirlisí digiteacha eile. Anuraidh, foilsíodh an straitéis d'ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge 2024-27, straitéis atá fíorthábhachtach leis na healaíona teangabhunaithe a chur chun cinn agus a neartú i measc an phobail i gcoitinne agus freisin mar bhealach chun iad a chur san áireamh sa chóras oideachais agus sa chóras luathbhlianta. Cuirfidh an straitéis seo bonn níos láidre faoi na healaíona teangabhunaithe nuair a bheidh na moltaí atá inti curtha i bhfeidhm. Tá infheistíocht mhór á déanamh againn freisin in Oireachtas na Gaeilge chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a neartú agus a chur chun cinn. Ag croílár obair mo Roinne, tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021-----
Sentiment score: -0.08
The Deputy is looking for a quorum.
Sentiment score: 0.00
Ag croílár obair mo Roinne, tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus an bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach. Tabharfaidh sé conair chun cur le líon na mball foirne le hinniúlacht Ghaeilge chun soláthar na seirbhísí sin a éascú freisin, de réir sprioc earcaíochta an Achta, is é sin go mbeidh ar a laghad 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030. Tacófar leis an bplean náisiúnta seo le dhá phlean gníomhaíochta trí bliana, leis an chéad cheann le tréimhse 2025 go 2027 a chlúdach. Tá sé beartaithe an chéad phlean gníomhaíochta sin a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú sna míonna amach romhainn. Chun tacú leis seo go léir, tá buiséad €1.5 milliún ar fáil in 2025 do thionscnaimh seirbhíse poiblí a chuirfidh go mór leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i soláthar seirbhísí poiblí. Sheol mo chomhghleacaí, an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, gréasán Gaeilge na hearnála poiblí anuraidh. Infheisteofar os cionn €1 milliún sa tionscadal seo sna trí bliana amach romhainn le tacaíocht ó mo Roinn chun tacú leo siúd atá ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Molaim do na Teachtaí go léir a gcuid bhfoirne ina n-oifigí sna Dáilcheantair agus san Oireachtas a spreagadh le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge agus clárú leis an ngréasán, agus le leas a bhaint as na tacaíochtaí agus na deiseanna atá an Stát ag cur ar fáil do na Comhaltaí ar fad anseo i dTeach Laighin. Aithníonn mo Roinn an gá atá le cabhrú leis na daoine ar fad atá ag teacht chun na tíre seo ar chúis amháin nó eile. Tá sé tábhachtach dóibh go mbeadh sé ar a gcumas a bheith páirteach sa tsochaí anseo. Chuige sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag mo Roinn le cúpla bliain don fheachtas Céad Míle Fáilte, feachtas fiúntach agus fíorthábhachtach a thugann deis do nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú. Chun imeachtaí na seachtaine seo, Seachtain na Gaeilge, a chlúdach, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don chiste spreagtha, ciste atá ag tacú le himeachtaí pobail ar fud na tíre le linn na seachtaine agus go háirithe thar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig. Anseo inár bpríomhchathair, tá Baile Átha Cliath le Gaeilge i mbun oibre chun dlús a chur le húsáid na teanga i measc an lucht gnó. Le seachtain anuas, d'fhógair mé ós cionn €4 milliún don togra Gaeilge365 chun an teanga a nascadh le seirbhísí na n-údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Bhí oíche iontach againn aréir i Halla na Cathrach i lár Bhaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair Gaeilge365. Aithníonn an Rialtas an fiúntas a bhaineann leis na scéimeanna agus na feachtais éagsúla seo, an dea-thionchar atá acu i measc an phobail, agus an chaoi a gcuireann siad an Ghaeilge chun cinn ar bhealach atá éadrom, spreagúil agus cumasach. Ar ais san ardchathair arís, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin bhí áthas orm an athfhorbairt mhór atá á dhéanamh ar 6 Sráid Fhearchair a fhógairt. Ar ndóigh, is ionad stairiúil é an foirgneamh seo a bheidh mar mhol lárnach don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeilge i lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath. Tá allúntas €3.1 milliún ceadaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun tús a chur leis an obair i mbliana ionas go mbeimid réidh le tairiscintí a lorg don mhórfhorbairt faoi 2026. Tá an Rialtas seo, mé féin agus m'fhoireann tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus buanú na Gaeilge a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis na Teachtaí uile agus leis an bpobal, agus tá muid ag súil le leanúint leis an obair le linn na blianta atá amach romhainn. Tá súil agam go mbeidh deis ag Teachtaí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine seo. Tá sé iontach go bhfuil - tá mé ag ceapadh - níos mó Gaeilgeoirí sa Dáil seo ná mar a bhí lena lán blianta anuas. Tá sé tábhachtach go labhraímid an teanga sa Dáil agus sa Seanad. Tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid ar aghaidh agus an gcoiste Gaeilge agus na Gaeltachta a athbhunú. Go mbaine na Teachtaí sult as úsáid na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó díospóireachtaí againn i nGaeilge faoin nGaeilge agus faoi ábhair eile, agus ní hamháin an díospóireacht bhliantúil le haghaidh Seachtain na Gaeilge.
Sentiment score: -0.06
Tá a lán Gaeilge ann freisin.
Sentiment score: 0.00
Tá leagan Gaeilge ann ach níor úsáid an Teachta é.
Sentiment score: 0.00