Dessie Ellis

Overall sentiment: -0.06
Back to Debate

Dúirt Pádraig Mac Piarais uair amháin, “Tír gan teanga, tír gan anam”. De bharr stair an chultúir Ghaelaigh, agus gur cuireadh an Ghaeilge faoi chos, tá sé de dhualgas orainn go léir, go háirithe ar an Rialtas, a chinntiú tar éis na gcéadta bliain d’ionsaithe ar an teanga nach mbeidh sí ina teanga mharbh. Tógann sé go leor oibre agus tiomantais an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo. Bhí Sinn Féin i gcónaí tiomanta don teanga. Inár fhorógra don olltoghchán is déanaí, trínár gcáipéis, Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge, chuireamar pleananna uaillmhianacha chun cinn maidir le conas an Ghaeilge a chuimsiú agus a normalú sa ghnáthshaol laethúil. In ainneoin easpa cur chuige an Rialtas i gcur chun cinn na Gaeilge, tá athbheochan de saghas éigin tagtha ar an teanga ón talamh aníos. Is féidir é seo a fheiceáil go háirithe i gceantair cosúil le Béal Feirste agus Doire agus fiú i gcodanna de Bhaile Átha Cliath cosúil le Baile Munna, ina bhfuil líon mór cainteoirí Gaeilge. Léiríonn figiúirí sa daonáireamh 2022 go bhfuil an líon is airde cainteoirí Gaeilge in aon toghcheantar i mBaile Átha Cliath i dtoghcheantar Bhaile an Ásaigh agus go bhfuil fás dochreidte tagtha ar an nGaeilge sa chathair trí na leabharlanna, na scoileanna agus na grúpaí spóirt is pobail. Mar sin, tá sé níos tábhachtaí fós go nglacfaidh ár gcóras oideachais ról ceannasaíoch i gcur chun cinn agus múineadh na teanga. Tá fonn léirithe cheana féin ó thuismitheoirí go mbeidh a gcuid páistí ag foghlaim trí Ghaeilge. Gan dabht, tá claonadh níos mó ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chur chuig Gaelscoil nó Gaelcholáiste má tá ceann ina gceantar. Déanann siad é seo toisc go bhfuil an-cháil oideachais ar na scoileanna agus go dteastaíonn uathu go bhfoghlaimíonn a bpáistí Gaeilge. Tá liosta feithimh i mbeagnach gach Gaelscoil ar fud na tíre. I mo cheantar, Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh, tá Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas, Gaelscoil Bhaile Munna agus Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna agus Gaelscoil Colmcille i gCúlóg gann ar acmhainní ar nós foirgneamh nua. Tá nuachóiriú de dhíth.

Sentiment score: -0.06