Maidir le Seachtain na Gaeilge, ní leor é ráitis sheanchaite a thabhairt don teanga; gaoth mhór gan aon chur leis. Tríd an rún seo a thabhairt chun tosaigh inniu, tá an méid a chaithfimid a dhéanamh chun cearta oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil leagtha amach go cruinn ag Sinn Féin. Mar thuismitheoir páistí a d’fhreastail ar Ghaelscoil agus ar Ghaelcholáiste, creidim go hiomlán go gcaithfidh an deis chéanna sin a bheith ar fáil do gach páiste. Is féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus seans a chur ar fáil do gach duine an teanga a fhoghlaim agus a labhairt. Mar dhuine atá ag déanamh iarrachta faoi láthair feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge labhartha féin, tuigim go bhfuil sé níos éasca do pháistí teanga a fhoghlaim. Is cúis mhór díomá é go háirithe an laghdú i líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaelacha a tharla i dtréimhse an Rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael dheireanaigh. Tá sé thar am don Rialtas tacaíocht chuí a thabhairt d’oideachas trí Ghaeilge agus cúnamh a thabhairt do na pobail Ghaeltachta mar is iadsan atá mar bhunchloch do thodhchaí ár dteanga. Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas le mo chomhghleacaí, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, as ucht na hoibre atá déanta aige chun an teanga a chothú. Glaoim ar an Rialtas na moltaí faoin teanga atá leagtha amach sa rún seo a chur i bhfeidhm.
Sentiment score: -0.06