Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh agus Eoghan Finn for tonight. Ar dtús, caithfidh an Rialtas tacú le Scoil Náisiúnta Thuar Mhic Eadaigh, Gaelcholáiste Chomáin agus leis na bunscoileanna go léir i gContae Mhaigh Eo. Anois, le teacht an earraigh agus an lá ag dul chun síneadh, fós níl meánscoil lán-Ghaeilge i lár Chontae Mhaigh Eo, san áit ar chónaigh Raifteirí an file. Teastaíonn Gaelcholáistí i gContae Mhaigh Eo le freastal ar an 700 dalta Gaelscoile i gCathair na Mart, i gClár Chlainne Mhuiris, i mBéal an Átha agus i gCaisleán an Bharraigh, atá ina baile seirbhíse Gaeltachta. Tacaíonn an rún seo atá ag Sinn Féin leo. Aithníonn an rún freisin ról mhná tí na Gaeltachta. Tá 30% de mhná tí na Gaeltachta tar éis imeacht ó 2017. Is léir go bhfuil géarchéim ann. Tá costais do mhná tí ag ardú, cosúil le praghas an bhia sa siopaí, billí leictreachais, an teas, árachas agus an teastas ó hinnealtóir chun deontas a fháil. Tá costas wear and tear sa teach freisin. Má tá na costais ag ardú, ba chóir go n-ardófaí an liúntas do lóistín dá réir. Tá deontas €6,000 ann do mhná tí nua, ach cad faoi na mná tí atá ann le 30 bliain? Gan obair na gcapall a bheith déanta ag na mná tí seo, ní bheadh coláistí samhraidh ann, ní bheadh deis ag daltaí ar fud fad na tíre am a chaitheamh sa Ghaeltacht agus ní bhainfeadh siad tairbhe ó shaibhreas Gaeilge na mná tí. I gContae Mhaigh Eo, tuigeann muid go maith luach na mban tí in áiteanna cosúil le Ceathrú Thaidhg, Port Durlainne agus Acaill.
Sentiment score: 0.00