Paul Nicholas Gogarty

Overall sentiment: -0.06
Back to Debate

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Agus Seachtain na Gaeilge ar siúl go luath i gceann coicíse, bhí mé ag smaoineamh faoi conas a chothaítear níos mó Gaeilge a úsáid, go mór mór i measc na nÉireannach nua. I ndáiríre, tá fadhb againn. Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfuil 8% de dhaltaí bunscoile sna Sé Chontae Fichead ag freastal ar Ghaelscoileanna agus go bhfuil 8.3% de na bunscoileanna sna Sé Chontae Fichead ag baint le Gaelscoileanna. Léiríonn taighde ón ESRI, áfach, go bhfuil an leibhéal éilimh ar an nGaelscolaíocht ag 23%. Tá níos mó daoine ag lorg spás sna Gaelscoileanna. Dúirt mé an tseachtain seo chaite go gcaithfidh muid níos mó Gaelscoileanna a oscailt. Tá sé seo fíor. I measc thuismitheoirí na ndaltaí sna Gaelscoileanna atá againn anois, áfach, cé mhéad acu siúd a rugadh in Éirinn? Níl figiúirí níos deireanaí agam, ach sa bhliain 2017 measadh go raibh 6% de dhaltaí ar fud an bhunleibhéil Gaeilge, agus go raibh titim go 1.6% i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil go leor tuismitheoirí ag iarraidh go bhfoghlaimíonn a gcuid páistí Gaeilge ach níl an deis nó an t-eolas acu lena dhéanamh. Tá sé deacair nuair nach é an Béarla a gcuid teanga dúchais, gan trácht ar an nGaeilge. Mar sin, caithfidh muid féachaint i ndáiríre conas líon na nÉireannach nua a mhéadú sna Gaelscoileanna. Is cinnte go bhfuil daoine ag cur isteach ar shaoránacht Éireannach. Is é mo thuairim ar aon nós gur cheart go mbeadh siad in ann líofacht a léiriú i gceann amháin dár dteangacha náisiúnta ar a laghad, agus leibhéal réasúnta comhrá sa teanga eile, an Ghaeilge is dócha. Is smaoineamh é sin. Ag an am céanna, tá orainn níos mó Gaeilge a labhairt i rith an lae. Níl mé ag caint faoi Ghaeilge líofa ach faoi chomhráite Ghaeilge. Tá a fhios ag formhór na ndaoine go bhfuil caighdeán níos fearr Fraincise ag daltaí meánscoile thar an Ghaeilge tar éis sé bliana, cé go raibh ocht mbliain acu roimhe sin sa bhunscoil ag foghlaim Gaeilge. Cén fáth a bhfuil sé mar seo? Is í an dara cheist atá agam ná cad a cheapann an Taoiseach faoi chúrsaí nua sna scoileanna san ardteist nó sa junior certificate le béim ar chomhráite trí Ghaeilge?

Sentiment score: -0.09

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach. Tá a fhios agam go bhfuil caighdeán Gaeilge an-mhaith sna gnáthscoileanna freisin agus go bhfuil na hÉireannaigh nua ag lorg áiteanna chun an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad freisin. Tá a fhios agam sin. Is mór is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo mhéara ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, fuarthas cuireadh ó ghrúpa reilige ar Lá Fhéile Pádraig agus bhí an ghrúpa ag canadh go leor amhrán. Chan siad amhráin as Béarla agus as Gaeilge. Ba mhór an bród a bhí ar an ngrúpa seo as a bheith ina nÉireannaigh agus as a gcuid tíortha nádúrtha ag an am céanna. Chuala mé freisin an Córán á léamh trí Ghaeilge. Tá a lán daoine ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach caithfear an tslí a dhéanamh níos simplí. B’fhéidir go bhfuil orainn comhrá a bheith againn faoin chaighdeán Gaeilge.

Sentiment score: -0.04