Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.13
Back to Debate

Tá mé ag cur i gcoinne an chuid seo den Bhille. Bhuel, tá mé i gcoinne an Bhille ina iomlán. Bhí mé ag éisteacht leis an Aire nuair a thosaigh sé níos luaithe nuair a bhí sé ag trácht ar an Ministeries and Secretaries Act 1924, áit a rinneadh seacht parliamentary secretaries a roghnú ag an am. Ní raibh an Bunreacht ann fiú ag an am. An fáth go ndeirim sin ná go bhfuil sé an-soiléir cad atá i gceist sa Bhunreacht ó thaobh an Cabinet de nach mbeadh ach cúigear déag ann agus é sin leagtha síos sa Bhunreacht lom amach. Chomh maith leis sin má tá dualgais agus ualach oibre á thabhairt d’Aire agus airgead, táillí, liúntais agus pá ar leith á thabhairt dóibh chun jab a dhéanamh, is é sin an t-aitheantais go bhfuil dualgais bhreise orthu. Ansin tugtar na dualgais sin do na hAirí sóisearach? Ní fheicim conas is féidir dualgas a thabhairt. Is féidir “functions” a thabhairt mar a luadh ach ní féidir dualgas nó na cumhachtaí atá i gceist leis sin a roinnt ar dhaoine nach bhfuil ag suí sa Cabinet agus nach bhfuil freagrach don Executive mar atá sé leagtha síos sa Bhunreacht. Ar phointe eile a ghabhann leis seo chomh maith, má fhéachaimid ar Airteagal 15 den Bhunreacht, tá sé cuíosach soiléir in alt 4.1°: 4 1° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú a bheadh ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo. Nuair a fhéachtar go bhfuil sé leagtha amach cuíosach soiléir sa Bhunreacht go bhfuil sé i gceist nach mbeadh ach cúigear déag san Executive, feicfear go bhfuil sé seo ag teacht go huile is go hiomlán salach air sin. Is é sin an fáth go dtacaím leo siúd, cosúil leis an Teachta Pa Daly, ó mo pháirtí féin, atá ag tógaint cás cuairte i gcoinne an rud atá an Rialtas ag triail a dhéanamh anseo agus i gcoinne an sórt cur chuige atá tar éis a bheith ag an Aire sa chás seo agus ag rialtais le déanaí, cur le líon na nAirí bliain i ndiaidh bliana beagnach, mar go bhfuil sé ag teacht salach ar an méid atá sa Bhunreacht. Má ritear an Bille seo - ag féachaint anois ar an vóta, tá an chosúlacht air go rithfear - sa Dáil agus b’fhéidir sa Seanad ina dhiaidh, ba chóir go mbeadh ról ansin ag Comhairle an Stáit. Ba chóir go bhféachadh an tUachtarán air seo agus go gcuirfeadh sé chuig Comhairle an Stáit é le go mbeadh an chomhairle sin nó an Chúirt Uachtarach ag féachaint ar an gceist seo chun tuiscint a bheith acu an bhfuil an reachtaíocht seo ag teacht salach ar an méid atá sa Bhunreacht. Tá mise den tuairim go bhfuil agus is é sin an fáth go raibh mé ag tagairt d’Airteagal 15.4.1° agus d'Airteagal 15.4.2° ar an ábhar céanna. Measaim go bhfuil sé seo go huile is go hiomlán droim ar ais ar cad atá i gceist sa Bhunreacht, ag smaoineamh ar an méid airgid agus an méid tacaíochta a fhaigheann Airí sa chéad dul síos agus ansin go bhfuil neamhaird á dhéanamh de sin nuair atá an obair chéanna nó roinnt den obair sin á tabhairt do dhaoine in ainneoin cad atá ráite sa Bhunreacht.

Sentiment score: -0.36

Very briefly, arís casfaidh mé ar an mBunreacht. Níor léigh mé amach Airteagal 15.4.2°: 2° I gcás aon dlí dá n-achtóidh an tOireachtas a bheith ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo beidh sé gan bhail sa mhéid go mbeidh sé in aghaidh an Bhunreachta seo agus sa mhéid sin amháin. 2° Every law enacted by the Oireachtas which is in any respect repugnant to this Constitution or to any provision thereof, shall, but to the extent only of such repugnancy, be invalid. Tá an Aire ag triail rud a dhéanamh atá invalid. D'úsáid sé an leithscéal maidir leis an daonra - that is, the excuse that we have an increased population. I do not think that stands up, because if we look at 1924 we had 4.23 million. In 1977, when the first change came from seven to ten - if we take it that permanent secretaries were, in fact, junior ministers, we had dropped down to 3.282 million. There was not a reduction; in fact there was an increase. Then again, in 1980 when it increased by another five, we were still well below the 1926 population - 3.413 million. Even in 1995, we had not reached the 4.23 million. In 2007 we were only just reaching slightly above the 1926 level but in that year we had 20 ministers of State. The increase in population has absolutely nothing to do with it and it should not be used as an excuse to try to cover the Government in this case.

Sentiment score: 0.11