Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.10
Back to Debate

64. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Culture, Communications and Sport cén plean atá ag a Roinn agus ag na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain ó tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeltacht den chéad uair. [43393/26]

Sentiment score: 0.00

Cad atá beartaithe ag an Stát, an Roinn agus na hinstitiúidí náisiúnta cultúir chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain ó tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeltacht?

Sentiment score: 0.00

Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta in 1925 chun daonáireamh a dhéanamh orthu siúd a raibh Gaeilge acu timpeall na tíre. Rinne An Garda Síochána an census sin. Tháinig a lán eolais as. Bunaithe air sin, leagadh amach na ceantair ar ghá cosaint a dhéanamh orthu agus tacaíocht bhreise a thabhairt dóibh le déanamh cinnte go gcosnófaí an tseoid náisiúnta a bhíodh timpeall na gceantar sin, is í sin, an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach agus Gaeltachta. Bhí 82 moladh ag an gcoimisiún. In 1928, bhí díospóireacht sa Dáil faoi. I dtuairisc uachtarán an choimisiúin, dúirt sé, “Our language has been waylaid, beaten and robbed, and left for dead by the wayside”. Dúirt an Teachta Dála, Proinsias Ó Fathaigh, le linn na díospóireachta sin, “A patient in such dire straits needs special care and attention, needs nursing and special remedies.” Níl na remedies sin ag tarlú go fóill. Tá géarchás fós ó thaobh na teanga de sa Ghaeltacht.

Sentiment score: -0.29

Ag an am a rinneadh an daonáireamh, is An Garda Síochána, mar a dúirt mé, a rinne an daonáireamh. Bhí na Gaeilgeoirí á gcomhaireamh timpeall na gcontaetha acu. Ag an am céanna, bhí siad ag comhaireamh cé mhéad bó agus caora a bhí ag daoine. Those who spoke Irish in what are now Gaeltacht areas were equated with sheep and cattle, which were also being recorded by the commission and the census by An Garda Síochána at the time. Ag an stad seo, ceapann daoine fós go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mbaol agus is léir sin ó na fadhbanna atá ann. Cad atáimid chun a dhéanamh? Cad iad na céimeanna? Ní comóradh agus céimeanna amháin atá ann, cad iad na céimeanna breise ar gá a dhéanamh chun a chinntiú, i gceann 100 bliain eile go mbeidh an Ghaeltacht fós beo beathach? Sin an cheist mhór seachas díreach comóradh agus ceiliúradh.

Sentiment score: -0.12