Táim sásta leanúint ar aghaidh.
Sentiment score: 0.00
Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe as na leasuithe sin a chur síos. Aontaím leis an méid a bhí á rá ag an Teachta McGuinness. I dtuairim Pháirtí an Lucht Oibre agus i mo thuairim féin, tá gá le bord níos mó agus caithfidh an bord iomlán a bheith tofa. Tacaím le leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22.
Sentiment score: -0.11
Chuala mé an méid a bhí le rá ag an Aire. Tá a lán cumhacht fós ag an Aire. Impím air glacadh leis na leasuithe seo. Bheadh sé níos daonlathaí. Tá iarrtha sna leasuithe na toghcháin seo a athrú ionas go mbeidh siad níos láidre.
Sentiment score: 0.00
Táim sásta tacú leis an leasú seo chomh maith. Aontaím leis. Tá sé fíorthábhachtach ó thaobh daonlathas agus trédhearcacht an bhoird agus na cathaoirleachta.
Sentiment score: 0.00
Tá mé an-sásta tacaíocht a thabhairt don leasú seo mar gheall ar an méid a bhí le rá ag an Aire faoin údarás mar bhord Stát agus mar gheall ar an gcomórtas PAS. Bhí a fhios agam cheana féin go raibh daoine ann a bhí agus atá mar Bhaill den Dáil agus go raibh orthu éirí as bord Stát roimh dóibh a bheith tofa mar Theachta Dála nó mar Sheanadóir. Aontaím go mór leis an leasú seo mar gheall ar na rudaí céanna a bhí á rá ag mo chomhghleacaí, an Teachta McGuinness.
Sentiment score: 0.00
Ar dtús báire, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Kyne as ucht bheith tofa arís ina Teachta Dála. Ba mhaith liom chomh maith mo chuid tacaíochta a thabhairt don leasú seo. Aontaím leis an méid a bhí le rá ag na Teachtaí Conor McGuinness, Hearne agus Kyne. Tá an saineolas agus an eolas ag an t-údarás chun é seo a dhéanamh go héifeachtach. Caithfidh an Rialtas ról reachtúil lárnach a thabhairt don údarás maidir le tógáil tithe sa Ghaeltacht. Caithfidh an t-údarás a bheith in ann maoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht. D’fhéadfadh sé talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht a sholáthar. Tá sé riachtanach go mbeidh cead agus cumhacht ag Údarás na Gaeltachta maoin nó talamh a cheannach chun pobail Ghaeltachta a chothú agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a dhéanamh sna ceantair sin. Roimh dom teacht isteach anseo anocht, bhí mé ag dul trí shuirbhé tithíochta Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an suirbhé sin go bhfuil géarchéim thar a bheith dian ann do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine óga ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht, go háirithe daoine óga. Nuair a bhí mé ag dul tríd an suirbhé, chonaic mé go bhfuil 56% dóibh siúd atá faoi láthair ag lorg tithíocht sa Ghaeltacht faoi 44 bliain d’aois. Tá sé cosúil le seanfhocal anois ach mar a deirtear, Gaeltacht gan tithíocht is ea Gaeltacht gan todhchaí. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire chun an rud céanna a rá - nach bhfuil seisean amháin freagrach as cúrsaí tithíochta; is é an tAire tithíochta atá freagrach as - ach ba chóir go mbeadh Aire na Gaeltachta freagrach maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh Údarás na Gaeltachta freagrach astu chomh maith.
Sentiment score: -0.08
Tá mé buíoch den Aire as an méid a bhí le rá aige mar gheall ar an scéim phíolótach agus mar gheall ar an méid a bhí curtha i láthair ag an Teachta Kyne. Caithfidh muid bogadh ar aghaidh leis sin. Ag an am céanna, áfach, bíonn an t-údarás ag obair maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht pé scéal. Ní aontaím leis an Aire nach bhfuil na scileanna ag an údarás. Tá roinnt scileanna aige agus tá daoine fostaithe ann. Caithfidh muid glacadh leis an leasú seo chun an chumhacht a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta ionas go mbeidh ról lárnach aige maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Sentiment score: -0.09