Tairgim leasú Uimh. 1: Ar leathanach 7, líne 11, “agus” a scriosadh agus “do leasú an Achta Rialtais Áitiúil, 2001; agus” a chur ina ionad. Is leasú teicniúil é leasú Uimh. 1 atá á mholadh agam mar aon le leasú Uimh. 32, rud a leasóidh an tAcht Rialtais Áitiúil tríd an mBille seo freisin. Ní mór é seo a léiriú ag tús an Bhille, áit a leagtar amach cuspóir an Bhille. Deimhníonn an leasú sin mar atá leagtha amach i leasú Uimh. 32 gur aidhm de chuid an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta í an aidhm maidir le logainm a athrú a bhaineann le háit i limistéar Gaeltachta. I leasú Uimh. 32, sonraítear ach deimhnítear gurb é an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an tAire atá freagrach as logainm i limistéar Gaeltachta a athrú. Baineann alt 192 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, a cuireadh isteach le halt 48 den Acht comhshaoil - foráil a leagadh amach in 2011 - le haidhm de chuid an Aire atá freagrach as an nGaeltacht. Is é an aidhm atá i gceist ná athrú a chur ar logainm i gcás áit atá i limistéar Gaeltachta. Anuraidh, nuair a bhí an obair ullmhúcháin ar siúl chun aidhmeanna na Gaeltachta agus na Gaeilge a aistriú ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, tugadh faoi deara go raibh botún i dteideal an Aire in alt 192 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001. Rinneadh cinneadh dá bhrí sin nach bhféadfaí an aidhm áirithe sin a chur san áireamh san ordú lena ndéanfaí feidhmeanna na Gaeltachta agus na Gaeilge a aistriú agus go gcaithfí soiléiriú a dhéanamh ar an Aire atá freagrach as an bhfeidhm atá i gceist le reachtaíocht phríomha. Leis an leasú atá á mholadh agam anseo, cuirfear an méid sin i gcrích. Teastaíonn uaim leasuithe Uimh. 2 agus 27 a dhéanamh mar gur aistríodh aidhmeanna na Gaeltachta agus na Gaeilge ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta ar tionscnú an Bhille seo. Maidir le leasú Uimh. 32, toisc go bhfuil an aidhm atá i gceist le haistriú go díreach chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta le reachtaíocht phríomha, sin an reachtaíocht atá á moladh anseo, níl ordú aistrithe aidhme breise de dhíth. Níl aon impleachtaí ag an leasú seo i dtaobh various ordaithe logainmneacha atá déanta cheana féin. Molaim na leasuithe seo don Teach agus gabhaim buíochas leis na Teachtaí as an tuiscint.
Sentiment score: -0.12
Tairgim leasú Uimh. 2: Ar leathanach 7, líne 19, “tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán” a scriosadh agus “tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta” a chur ina ionad.
Sentiment score: 0.00
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Tá scileanna áirithe riachtanach ar bhoird Stáit agus, go deimhin, ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tugann meascán do bhaill thofa agus baill cheaptha deis chun a chinntiú go bhfuil meascán áirithe de scileanna, taithí, saineolas agus ionadaíocht ag an mbord. An uair dheireanach a reáchtáladh comórtas le haghaidh bhord an údaráis, bhí scileanna áirithe san áireamh nach mór d'iarrthóirí taithí a léiriú iontu. Is iad na scileanna a bhí san áireamh ná cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon; agus rialachas corparáideach. Bhí cáilíochtaí i réimsí atá bainteach le boird Stáit - mar shampla, cáilíochtaí i mbainistíocht gnó, bainistíocht airgeadais nó cuntasaíocht, pleanáil teanga nó forbairt pobail - san áireamh chomh maith mar rudaí inmhianaithe. Níl bealach ann inar féidir na scileanna sin a chinntiú gan comhaltaí a bheith ceaptha ag cibé cén tAire a bheidh ann. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.
Sentiment score: -0.14
Is bord Stáit é sin freisin. Ba cheart go mbeadh gach duine atá ar an mbord freagrach ní hamháin do cheantar áirithe, ach don Stát. Tá sé tábhachtach go mbeidh guth ag na ceantair air ach is bord Stáit é a bhfuil dlíthe ag baint leis. Tá an Teachta Farrell ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí nó bhí sí.
Sentiment score: -0.14
Tuigeann sí an fhreagracht atá ar bhoird Stáit. Tuigeann sí freisin go dtarlaíonn timpistí nuair atá an fhreagracht sin lag. Tá sé tábhachtach go bhfuil an tíreolaíocht tugtha san áireamh, gan dabht, ach tá sé tábhachtach freisin go bhfuil an meascán seo ann agus go mbeidh na scileanna ar leag mé amach ann. Ba iad: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta; cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon; agus rialachas corparáideach. Tá seans ann nach mbeidh daoine le toghadh ina gcónaí sna ceantair a bhfuil na scileanna sin acu. Beidh ar cibé cén tAire a bheidh ann seans a thabhairt do dhaoine. Is bord Stáit é sin. Tá an tíreolaíocht agus na toghcháin tábhachtach ach tá an meascán idir baill thofa agus baill cheaptha tábhachtach freisin. Leis na ceapacháin sin, beidh an tAire in ann a chinntiú go bhfuil na scileanna atá riachtanach do bhord Stáit timpeall an bhoird. Leis an meascán idir baill thofa agus baill cheaptha, beidh deis ag cibé cén Aire a bheidh ann na scileanna sin a chur i seirbhís Údarás na Gaeltachta. Is é sin an rud is tábhachtaí.
Sentiment score: -0.32
Ar dtús, ní bhíonn leas-chathaoirleach i gceist le boird rialachais nó comhlachtaí Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta. Tá foráil san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a dhéileálann le hasláithreacht an chathaoirligh, ina bhfuil sé ráite: mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Tá an socrú seo fós i bhfeidhm. Ní léir go bhfuil gá an cur chuige seo a leasú. Ní bheidh sé ag teacht le dea-chleachtas go mbeadh an bord ag ainmniú cathaoirleach óna bhallraíocht féin. Tá sé i gceist go mbeidh cumhacht ag an Aire an cathaoirleach a ainmniú. Tá scileanna ar leith ag teastáil ón gcathaoirleach a bhíonn á lorg tríd an bpróiseas earcaíochta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé sin tábhachtach. Beidh comórtas eagraithe ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ní mór go léireoidh iarrthóirí ar ról an chathaoirligh fianaise ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach, lena n-airítear cumas cathaoirleacht a dhéanamh ar bhord, agus taithí chuí i réimse amháin, ar a laghad, de na réimsí seo a leanas: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga, forbairt fiontraíochta, cruthú fostaíochta, forbairt phobail, cur chun na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Freisin, beidh sé ar chumas an cathaoirligh ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stiúradh, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh dearfach a chothú le príomhfheidhmeannach na heagraíochta chun dea-rialtas a éascú. Tá traidisiún de chathaoirligh neamhspleácha den údarás. Tá sé maslach a rá go mbeidh aon chathaoirleach a cheapfaidh an Aire ar son an Rialtais. Ní hé sin an traidisiún san údarás ná ina lán comhlachtaí Stáit eile. Mar a dúirt mé, beidh na hainmneacha ag teacht ó chomórtas PAS. Beidh a lán daoine a bhfuil an taithí agus scileanna atá leagtha amach in ann cur isteach ar an gcomórtas sin tríd an PAS. Phléigh mé na tuairimí ón díospóireacht a bhí againn an oíche dheireanach. Tagann sé ar ais go dtí an pointe céanna. Tá an t-údarás difriúil. Is bord Stáit é. Mar gheall gur bord Stáit é, tá freagrachtaí air. Mar a dúirt mé sa díospóireacht dheireanach a bhí againn, tá freagrachtaí ag bord an údaráis nach bhfuil againn mar Theachtaí Dála. Tá freagrachtaí dlíthiúla agus comhlachta ag an mbord nach bhfuil againn. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir an tOireachtas agus an t-údarás. Mar sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.
Sentiment score: -0.08
Tá muinín agam i bpobal na Gaeltachta freisin. Tá muinín agam go mbeidh daoine in ann cur isteach ar an gcomórtas PAS. Tá muinín agam freisin go bhfuil tuiscint ann gur údarás é Údarás na Gaeltachta, rud atá tábhachtach, ach gur bord Stáit é freisin. Tá sé sin tábhachtach. Mar gheall gur bord Stáit é, tá sé tábhachtach go mbeidh meascán de bhaill thofa agus baill cheaptha ann. Ní bheidh na ceapacháin ag teacht ó phóca an Aire ach ó chomórtas PAS. Is daoine leis na scileanna a cheapfar. Beidh a lán daoine ón nGaeltachta agus ó phobal na Gaeilge a bhfuil na scileanna sin acu in ann dul os comhair PAS chun agallamh a dhéanamh agus dul tríd an bpróiseas chun seirbhís a dhéanamh ar bhord an údaráis. Tá muinín mhór agam go mbeidh muintir agus pobal na Gaeltachta in ann é sin a dhéanamh.
Sentiment score: -0.19
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Mar is eol dóibh, níl an foráil seo ag teastáil mar tá sé clúdaithe sa phríomh-Acht cheana féin ó thaobh Comhaltaí don Dáil, don Seanad agus baill foirne na hEorpa. Maidir le comhaltaí d’Údarás na Gaeltachta, i gcás go n-ainmneofar é nó í mar Chomhalta de Seanad Éireann nó go dtoghfar é nó í mar Chomhalta de cheachtar Theacht an Oireachtais, nó chun a bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa, stadfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta don údarás. Maidir le comhaltaí na húdaráis áitiúla, sílim gur cheart go mbeadh baill na gcomhairlí contae san áireamh le haghaidh ballraíocht ar bhord an údaráis. Tá siad san áireamh ar an mbord reatha mar atá, agus bhí roimhe seo. Chomh maith leis sin, sílim nach mbeidh sé indéanta comhalta nua a bheith roghnaithe laistigh de sheachtain. Ní dóigh liom go mbeidh dóthain ama i gceist ansin chun comhalta nua atá incháilithe a roghnú. Teastaíonn solúbthacht áirithe le haghaidh rudaí mar sin. Agus é sin san áireamh, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.
Sentiment score: -0.19
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Cuirim fáilte ar ais go dtí an Teach roimh an Teachta Kyne. Déanaim comhghairdeas leis as a bheith tofa arís chuig an Seomra seo den Oireachtas. Nílim in ann glacadh leis na leasuithe. Leagann siad amach go bhfuil cumhacht agus taithí ag an údarás i leith cúrsaí tithíochta. Níl aon taithí ag an údarás ar chúrsaí tithíochta ag an bpointe seo. Níl scileanna aige chun déileáil le cúrsaí tithíochta. Tá ráite go bhfuil sites agus tograí ann go mbeadh sé in ann íoc astu. B'fhéidir go bhfuil róil eile i gceist do na sites sin, mar shampla, róil a bhaineann le fiontar ná fostaíocht. Tá rud eile sna leasuithe nach bhfuilim in ann glacadh leis. Tá na húdaráis áitiúla i gceannas ar chúrsaí pleanála. Tá sé tábhachtach go bhfuil mar tá cúrsaí pleanála bunaithe ar phleananna forbartha contae agus cathrach. Tá na cumhachtaí sin agus cumhachtaí pleanála ag na húdaráis áitiúla. Níl cumhachtaí pleanála ag an údarás ag an bpointe seo. Agus é sin ráite, mar Aire, tá ceist na tithíochta sa Ghaeltacht an-tábhachtach dom. Bhí roinnt cruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta James Browne, chun é seo a phlé. Táimid ag obair ar ráiteas pleanála le haghaidh na Gaeltachta. Táimid ag obair ar na ceisteanna atá leagtha amach ag an Teachta Farrell agus muid ag iarraidh déileáil leo. Níl sé éasca teacht ar na freagraí. Táim oscailte do thuairimí nó proposals ó na Teachtaí as na Gaeltachtaí atá anseo faoi na ceisteanna sin. Chuir an Teachta Farrell cúpla ceist faoi na roghanna go gcaithfimid a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, caighdeáin Ghaeilge agus rudaí mar sin. Má tá aon tuairimí aici, táim sásta comhrá agus díospóireacht a bheith agam léi fúthu sula bhfoilsímid an ráiteas pleanála. Labhair an Teachta Sheehan faoin suirbhé a rinne an t-údarás. Tá sé seo tábhachtach freisin. Tá ról ag an údarás. Glacaim leis go bhfuil ról tábhachtach ag an údarás ina leith seo. Bhí a lán cruinnithe agam leis an bpríomhfheidhmeannach faoin ról sin agus faoi na scileanna atá chun a bheith úsáidte. De bharr ceann de na cruinnithe sin, cuireadh an post le chéile. Tá post san údarás anois maidir le cúrsaí tithíochta, go háirithe tithe folmha. Tá an t-údarás ag déanamh an tsuirbhé sin mar gheall ar an bpost sin. Tá cúpla scéim ann. Táim sásta obair le haon Teachta chun scéim phíolótach a dhéanamh. Bhí scéim ann i nGaeltacht Chiarraí. Bhí tithíocht tógtha ag an gcomharchumann, le tacaíocht airgeadais, chun árasáin a chur ar fáil do na coláistí samhraidh. Ba scéim shuimiúil é sin. Thug sé cúpla idea dom. Níl sé ceart a rá go bhfuil freagracht ag an údarás amháin as na dúshláin tithíochta. Níl sé féaráilte don údarás ná do na daoine atá ag lorg tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an freagra sna húdaráis áitiúla, sa ráiteas pleanála don Ghaeltacht a bheidh á fhoilsiú againn agus b'fhéidir sna comharchumainn trí AHBs a chur le chéile. Tá an ceart ag an Teachta Hearne. Tá talamh ag an údarás nach mbeidh sé in ann a úsáid le haghaidh cúrsaí fiontair agus tionscail. Táimid ag scrúdú an talaimh sin chun a fháil amach an bhfuil séarachas agus uisce ann. Is dúshlán dúinn é sin. Tá an ceart ag an Teachta Kyne. Tá obair le déanamh againn le hUisce Éireann ar an dúshlán sin chun go mbeidh seirbhísí ann. Nuair atá na seirbhísí sin ann - táimid ag plé seirbhísí séarachais agus uisce leis an Aire, an Teachta Browne - beimid in ann díriú isteach ar an talamh sin agus ansin scéim phíolótach a dhéanamh ach ní bheidh an t-údarás ag tógáil tithe. Ag an bpointe seo, tá an chumhacht aige tithe a dhíol ach ní bheidh aon ról aige i dtógáil tithe. Beidh sé an-tábhachtach. Beidh ról tánaisteach aige. Is le haghaidh na húdaráis áitiúla cúrsaí pleanála. Táimid go léir ag teacht le chéile. Tá a lán rudaí ag teacht le chéile anseo. Táimid á mbailiú le chéile. Beidh sé sin leagtha amach sa ráiteas pleanála. Táim ag tabhairt cuiridh. I am inviting people to give their proposals on what a planning statement for the Gaeltacht should look like. There are tough decisions and tough calls to be made on it. However, to say that Údarás na Gaeltachta would have the entire role for housing in the Gaeltacht is wrong because it does not have the skills at the moment in terms of housing development. It has a role, an absolutely central role, in housing. Deputy Kyne’s proposal for pilot schemes is something we will pursue. However, the local authorities have the planning authority based on their development plans and based on the law. The údarás definitely has a role. The difficulty in giving it other roles is that its prime role in terms of enterprise, language planning and the work that it does well would be diluted. At a time when we have good employment in the Gaeltacht, we need to maintain its focus on that. As we will be discussing later, it needs to retain its focus on other opportunities for Gaeltacht employment. We need to grow Gaeltacht employment. We need to grow its role in language planning and strengthen that role. We need to grow its role in supporting the local co-ops. We need it to focus on that role along with an important advisory role in housing as a role tánaisteach.
Sentiment score: -0.09
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Is tábhachtach comhthéacs a chur leis an díospóireacht seo. Bunaithe ar na figiúirí ó na húdaráis áitiúla, ceadaíodh, ar an meán, 90% d’iarratais phleanála le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht in 2025, rud a léiríonn go bhfuil a lán rudaí ag tarlú sa Ghaeltacht i réimse na tithíochta. Ina theannta sin, bronnadh os cionn €3 milliún ar iarratais i limistéir Ghaeltachta faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh, is é sin, the vacant houses grant. More than €3 million was given to the empty houses grant in Gaeltacht areas le linn 2024 agus 2025, between 2024 and 2025. Léiríonn sé sin go mbíonn pobail na Gaeltachta ag baint leas as an scéim seo. Léiríonn sé go bhfuil rudaí ag tarlú. Aontaím leis an Teachta McGuinness; tá sé seo ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn. Is é sin an fáth nach mbeidh mé in ann a rá go bhfuil freagra éasca air seo ná a mholadh go gcuirfí an freagracht go léir ar an údarás. Tá a lán scileanna san údarás. The údarás has fantastic skills but, in terms of developing housing and planning responsibilities for housing, there are other, quicker ways to do it to get the kind of supply of housing we need for Irish-speaking families in the Gaeltacht areas. Is é sin an fáth a mbíonn muid ag obair go dlúth leis an Aire, an Teachta Browne. Bíonn oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta ar an ráiteas pleanála. Agus an ráiteas pleanála sin á chur le chéile, áfach, tá a lán ceisteanna deacra le freagairt, go háirithe maidir leis na cineálacha cáilíochtaí agus conditions a bheidh i gceist le haghaidh cúrsaí pleanála. Tá mé dírithe ar chúrsaí pleanála agus tithíochta. Tá suim agam i bhfad níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine chun tithe a chruthú sa Ghaeltacht, agus tá mé ag obair ar scéimeanna lena dhéanamh. Léiríonn na figiúirí go bhfuil rudaí ag tarlú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go leagann muid na figiúirí seo amach freisin.
Sentiment score: -0.13
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Rachaidh na coistí réigiúnacha i gcomhairle le grúpa pleanála teanga sa limistéar faoi leith ina bhunófar an choiste chun comhairle a thabhairt don údarás agus chun cuidiú leis an údarás i gcomhlíonadh a aidhmeanna sa limistéar sin. Léiríonn sé seo an ról atá ag na coistí réigiúnacha ó thaobh na hionadaíochta de. Is fiú a rá chomh maith go bhfuil oifigeach pleanála teanga ar bhord reatha de chuid Údarás na Gealtachta agus iar-oifigeach pleanála teanga chomh maith. Mar a sheasann rudaí, ní cheapaim go bhfuil gá ar leith go mbeadh spás oscailte d’oifigigh pleanála teanga ar na coistí. Tá mé an-chinnte go mbeidh comhráití fiúntacha idir na coistí agus na grúpaí pleanála teanga. Dá bhrí sin ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 21.
Sentiment score: -0.14
Tuigim agus aontaím leis an Teachta go bhfuil na hoifigigh phleanála teanga ag déanamh sárjab sna ceantair ina bhfuil siad. Tá muinín agam freisin go mbeidh siad lánpháirteach sna struchtúir seo agus i gcoiste réigiúnach an údaráis agus go mbeidh siad in ann obair leis an gcoiste sin. Ní bheidh an coiste in ann obair cheart a dhéanamh gan obair na n-oifigeach pleanála teanga. Táim sásta nach gcaithfimid é a leagan amach sa dlí agus go n-oibríonn sé.
Sentiment score: -0.14