Mairéad Farrell

Overall sentiment: -0.13
Back to Debate

Is rud é seo a bhfuilimid ag plé le fada an lá. Táimid soiléir go gcaithfidh an bord iomlán a bheith tofa agus go gcaithfear ionadaíocht ó gach ceantar Gaeltachta a bheith ann. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá muintir na Gaeltachta ag fanacht le fada an lá i gcomhair bord tofa agus teacht ar ais na dtoghchán. Ar ndóigh, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh sé seo déanta agus go mbeadh an bord iomlán tofa. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo á gcur chun tosaigh.

Sentiment score: -0.19

Má tá an tAire dáiríre faoi bhord daonlathach agus guth a chinntiú san údarás do phobail Ghaeltachta atá níos lú nó atá lonnaithe ar na hoileáin, ba chóir dó glacadh leis na leasuithe seo. Má tá sé ag diúltú do na leasuithe seo, ní mór dó a mhíniú cén fáth go bhfuil sé níos tábhachtaí go mbeidh seisear ionadaithe aige féin ar an mbord in áit ionadaithe atá roghnaithe ag Gaeltacht na bpobal oileánda nó Gaeltacht Uíbh Ráthach. Mar a dúradh níos luaithe, is dúbailt atá ann ó mar a bhí, ó thriúr go seisear.

Sentiment score: 0.00

Táim ar an gcoiste airgeadais.

Sentiment score: 0.00

Déanann an leasú seo ciall. Déanann sé ciall go mbeadh an cinneadh seo déanta ag an mbord féin. Ar aon bhord ar a raibh mé féin, agus fiú sa Seomra seo, roghnaíonn na baill an cathaoirleach. Ba chóir dó a bheith mar sin ar an mbord seo freisin. Ní rud fíoreisceachtúil é go mbeadh sé seo i gceist. Mar gheall air sin, tacaím leis an leasú.

Sentiment score: -0.19

Mar is eol don Aire, is í ceist na tithíochta ceann do na príomhcheisteanna atá sa Ghaeltacht. Is é tithíocht Gaeltachta ceann de na rudaí is mó ar a bhfuil feachtasaíocht á déanamh sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá mé ag caint ar leithéidí BÁNÚ, Tinteán agus daoine eile, ar ndóigh, atá ag cur leis an bhfeachtas sin. Tá sé soiléir nach bhfuil daoine in ann teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos sa nGaeltacht agus is é sin an bhunfhadhb atá anseo. Ón méid atáimid ag plé anseo agus ansin tá na leasuithe ann, an é go bhfuil an tAire ag rá go bhfuil cumhachtaí breise agus reachtaíocht bhreise ag teastáil ón údarás le talamh a dhíol go AHB nó le húdarás tithíochta? Más rud é go dtugtar an chumhacht sin do chomhairle chontae nó do AHB, ar an gcéad dul síos an bhfuil a fhios againn go díreach go mbeidh sé sin i gcomhair tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne nó tithíocht ar phraghas réasúnta ionas go mbeadh daoine in ann iad a cheannach? Cén cinnteacht a bheadh ann i dtéarmaí cúrsaí teanga? Céard a chiallódh sé do dhaoine le Gaeilge agus do dhaoine gan Ghaeilge? Céard go díreach a bheadh ann? Cén smacht a bheadh ag an údarás ar an scéal le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach dhó sin? Ón méid a thuigim, dúirt an tAire go mbeadh sé ag neartú an leasú faoin tithíocht ach ón méid atá feicthe againn, níl sé sin go hiomlán soiléir. Is iad sin na chéad ceisteanna atá agam. Tiocfaidh mé ar ais le níos mó.

Sentiment score: -0.28