Cuirim fáilte roimh an Aire agus aontaím gurb é tithíocht an rud is tábhachtaí trasna na tíre, an Ghaeltacht ina measc. Cuirim fáilte roimh an méid atá leagtha amach sa chlár Rialtas maidir leis an ról lárnach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil sé sásta an comhoibriú sin a dhéanamh leis an rialtas áitiúil. Tá sé sin fíorthábhachtach, agus leis sin go mbeidh ról lárnach idir an t-údarás, na comhairlí contae agus Uisce Éireann chun leanúint ar aghaidh le tithe sóisialta agus tithe ar phraghas réasúnta a thógáil. Is ceist amháin é cén chaoi a n-oibríonn sé sin ach tá comhoibriú fíorthábhachtach. Ó na cainteanna a bhí agam leis an t-údarás, tuigim go mb’fhéidir go mbeadh sé ag obair mar chomhlacht tithíochta sa ról seo, ach ag an am céanna tá sí fíorthábhachtach go mbeadh ról ar leith aige ag obair leis an gcomhairle contae. Tá an talamh agus an taithí innealtóireachta aige. B'fhéidir nach bhfuil an taithí aige tithe a thógáil ach tá an taithí aige ó thaobh innealtóireacht de, agus tá an taithí chuí ag an gcomhairle contae. Idir an dá eagraíocht agus Uisce Éireann, beidh siad in ann leanúint ar aghaidh. Teastaíonn an dara scéim phíolótach idir an trí eagraíocht Stáit chun talamh a fháil agus scéim a thógáil. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil sé sásta go mbeidh tógálaithe in ann scéimeanna a thógáil le hionaid séarachais sealadacha freisin. Cabhróidh sé sin sna háiteanna nach bhfuil scéim séarachais amháin ann. Aontaím go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh ról ar leith ag an t-údarás maidir le tithíocht.
Sentiment score: -0.19
Cuirim fáilte roimh ráiteas an Aire go bhfuil sé sásta breathnú ar scéim phíolótach maidir leis sin. Tá a lán áiteanna ina bhféadfaí leanúint ar aghaidh nó breathnú isteach ar scéim phíolótach cosúil leis An Fhairche i gConamara, áit ina bhfuil scéim séarachais faoi láthair. Áit eile is ea Baile na hAbhann, a bhfuil a lán rudaí eile ó thaobh fostaíochta de ann. Tá scoileanna, séipéil agus tithe do dhaoine aosta sa bhaile sin freisin. Mar sin, tá áiteanna a bhféadfaí breathnú orthu sa chomhthéacs seo. Leanaimis ar aghaidh idir an trí eagraíocht sin – an chomhairle contae, an t-údarás agus Uisce Éireann – chun scéimeanna a thógáil sna háiteanna sin.
Sentiment score: -0.41