223. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science an bhfuil sé i gceist aige aon mhaoiniú ar leith a chur ar fáil chun tacú le hinstitiúidí tríú leibhéal cúrsaí a sholáthar trí mheán na Gaeilge; ar phléigh sé riamh an gá atá le breis cúrsaí trí Ghaeilge chun an sprioc 20% earcaíochta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhaint amach leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, leis an Údarás Ardoideachais nó leis na hinstitiúidí tríú leibhéal; agus an mbeidh sé sásta labhairt leo mura pléadh go fóill é. [22074/26]
Sentiment score: 0.13
An bhfuil maoiniú breise chun a bheith tugtha do na hinstitiúidí tríú leibhéal chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil siad ag soláthar cúrsaí trí mheán na Gaeilge chun cuidiú leis an Stát an 20% atá leagtha síos ó thaobh earcú isteach sa Státchóras a shroicheadh?
Sentiment score: 0.00
Ar a laghad tá tuiscint ann anois go bhfuil gá chun gníomh a dhéanamh agus díriú isteach ar an gceist seo. Tá roinnt de na hinstitiúidí tríú leibhéal ar an eolas faoin ngá díriú isteach ar an gceist, ach don chuid is mó tá siad ag caint faoi láthair ar modules a chur ar fáil sna cúrsaí, seachas go mbeadh an cúrsa iomlán i nGaeilge. Tá buntáiste ag an dá chóras, ach sa deireadh thiar thall, muna bhfuil an cúrsa ina iomláine trí Ghaeilge, déanann sé níos deacra do roinnt de na gairmeacha a chur i láthair i gceart as Gaeilge. Ní leor do dhochtúir a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Is gá dóibh an t-eolas a bheith acu agus é a chur i láthair sa Ghaeilge theicniúil a bhainfeadh le dochtúir, innealtóir nó aon duine mar sin.
Sentiment score: -0.11
Deputy Aengus Ó Snodaigh: Táimid ag díriú isteach ar cheann de na ceisteanna go gcaithfimid mic léinn a mhealladh isteach sa chóras chun na hábhair seo a dhéanamh. Ní bhíonn a fhios acu. Níl an cúrsa ar fáil. Faoin am atá sé ar fáil, tá na mic léinn seo tar éis bogadh ar aghaidh. Mar shampla, bhíodh céim san iriseoireacht ann go hiomlán trí Ghaeilge. Níl sé ann a thuilleadh, in ainneoin go bhfuil TG4 againn anois agus tá fás i ngach uile gné den saol ó thaobh na meán cumarsáide. Tá roinnt réimsí ar féidir linn daltaí a mhealladh isteach ann an-tapa. Tógfaidh sé i bhfad Éireann níos faide do chinn eile. Caithfidh straitéis a bheith ann ionas go bhfuil a fhios againn go bhfuil innealtóirí, dochtúirí, lianna de shóirt eile, fiú garraíodóirí agus a leithéid, go bhfuil an tomhas acadúil acu as Gaeilge, ní díreach an Ghaeilge.
Sentiment score: 0.00