Tá sé go hiontach go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl. Is sórt ráitis atá i gceist agus caint faoi rudaí seachas díospóireacht. Is trua nach bhfuil rún os ár gcomhar gur féidir linn ar fad tacú leis, mar shampla go dtacaíonn Tithe an Oireachtais le gach uile iarracht chun an spórt seo a chur chun cinn le cinntiú go bhfuil infheistiú ceart ann ar gach leibhéal. Mar atá cloiste agam ó tháinig mé isteach sa Seomra agus fiú roimhe sin, táimid ag tabhairt aitheantais don obair leanúnach atá ar siúl acu siúd atá gafa le clubanna sacair, clubanna peile agus gach uile sórt clubanna timpeall na tíre. Mar Pharlaimint, táimid ag tabhairt an aitheantais sin dóibh agus cloisimid iad nuair atá siad ag lorg cabhrach agus cúnaimh. Tá an oiread sin rudaí gur féidir linn a dhéanamh chun cuidiú leo ach go háirithe sna spóirt áit a bhfuil mná ag teacht chun cinn i bhfad Éireann níos mó ná mar a bhí agus ag ráta níos tapúla. Níl na seomraí feistis acu, ní féidir leo gléasadh agus tá easpa leithris agus sin ann. Is jab mór é sin le déanamh nuair atáimid ag cur leis na háiseanna atá ag na clubanna seo. Tá ceantair timpeall na tíre nach bhfuil aon pháirceanna féir acu cosúil leo siúd atá bainteach le Sporting Liberties. Chuala mé Teachtaí ó thuaisceart na cathrach ag caint faoi seo chomh maith. Caithfimid cinnte a dhéanamh de nach bhfuil ceantair ann nach bhfuil páirceanna peile - páirceanna féir nó AstroTurf - cearta acu. Tá fadhb agam leis an astro agus bhí orm labhairt leis an Aire faoi sin cheana gur chóir go ndéanfaimid cinnte de go bhfuil an stuif ceart á chur isteach ann seachas an stuif a thugann ailse do dhaoine. Tapóidh mé an deis seo chomh maith chun cáineadh beag tapa a dhéanamh ar FIFA. B’fhéidir gur chóir don FAI glaoch ar FIFA anois agus gur chóir an duais don tsíocháin a thug sé don demi-God nua sin atá ann, Trump, a tharraingt siar de bharr an chogaidh atá á fhógairt timpeall an domhain; ní síocháin atá sé ag cur chun cinn. Tapóidh mé an deis chomh maith tacú go huile is go hiomlán le mo chomrádaí an Teachta Joanna Byrne as an seasamh a ghlac sí ar son na Palaistíne. Níor chóir go mbeadh muid ag imirt an chluiche sin agus ba chóir don Stáit tacaíocht a thabhairt don fhoireann náisiúnta agus seasamh ceart a ghlacadh seachas an seasamh atá á ghlacadh go dtí seo. Níor chóir go mbeadh Iosrael ag glacadh páirt in aon spóirt idirnáisiúnta ag an stad seo tar éis an áir a dhein sé.
Sentiment score: -0.22