Sé sheachtain ó shin, dhúisigh muid go léir san Eoraip agus trasna an domhain le radharc nua is drámata de bhuamaí agus cogadh sa Mheánoirthear. Dá bharr seo, tá taithí ag gach tír san Eoraip le méadú ar phraghas an ola mar aon le ganntanas. Baineann sé seo le gach duine. Tá sé seo ag tarlú na mílte míle ón tír seo, ach tá éifeacht láidir aige ar phobal, ar ghnóthaí agus ar theaghlaigh na hÉireann. Mar Aire Stáit a bhfuil freagrachtaí na ngnóthaí Eorpacha orm, tá a fhios agam, ó bheith ag labhairt le mo chomhghleacaithe Eorpacha, nach bhfuil Éire léi féin sa ghéarchéim seo. San Aontas Eorpach, tá an pacáiste is cuimsithí agus is mó de thacaíocht airgeadais ar fáil in Éirinn ná mar atá in aon tír in Eoraip chun cabhrú le teaghlaigh agus le gnóthaí Éireannacha déileáil leis an ngéarchéim. Is é seo an pacáiste is suntasaí, is cuimsithí agus is mó san Eoraip. Má éiríonn le rún Shinn Féin, ní bheidh deis ag an Dáil an pacáiste seo a chur i bhfeidhm. A bhuí leis an mBunreacht, is tír daonlathach muid. Chonaic muid an tseachtain seo san Ungáir an bua ar Viktor Orbán. Chuir sé na polasaithe de shaghas Independent Ireland i bhfeidhm, ag dul ar aghaidh agus ag iarraidh gach rud a dhéanamh chun freagraí simplí a thabhairt do mhuintir na tíre sin. Is rogha don tír seo é an damáiste a rinne sé don Ungáir a bheith ag tabhairt na bhfreagraí simplí sin. Is é an dearcadh a bheidh againn ná, uaireanta, bíonn na fadhbanna seo an-deacair agus ba cheart dúinn díospóireacht iomlán a bheith againn sa Dáil agus i measc an Rialtais faoin mbealach ar féidir linn déileáil le fadhbanna na tíre seo. Is tír daonlathach muid. Ba mhaith liom freisin aontú go hiomlán leis an Aire dlí agus cirt as gach a rinne sé le linn na seachtaine seo caite.
Sentiment score: -0.07