Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.13
Back to Debate

1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an gcáineadh ar chur chuige na Roinne sa rún a d’aontaigh an Dáil maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ag tús mhí an Mhárta, agus an bhfuil sé i gceist aige gníomhú dá réir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22301/26]

Sentiment score: 0.00

Tá brón orm as bheith beagáinín déanach. Ghlac an Dáil seo le cinneadh nuair a bhí rún os comhair na Dála maidir le cúrsaí tithíochta. Laistigh den rún sin bhí cáineadh ar an gcur chuige a bhí ag an Rialtas ó thaobh na tithíochta sa Ghaeltacht go dtí seo. Cad atá chun tarlú dá réir?

Sentiment score: -0.14

Tá súil agam go mbeidh Bille Údarás na Gaeltachta ag teacht chugainn ar Chéim an Tuarascála gan mhoill mar tá obair fós le déanamh ar an mBille sin le cinntiú go mbeidh, ó thaobh an róil a luadh maidir le tithíocht, ról ceart ag an údarás amach anseo maidir leis na suíomhanna atá aige ach chomh maith leis sin ó thaobh chuir chuige. Tá ról ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga, ní díreach tionsclaíocht. Déanann daoine dearmad go minic ar an ról lárnach sin atá aige. Ní gá an talamh atá ag an údarás a dhíol le AHB; s féidir leis an údarás an talamh sin a ligean ar léas. Luaigh an tAire cruinniú le hUisce Éireann le déanaí. Mar chuid de róil Údarás na Gaeltachta, tá suíomhanna aige. Tá tionsclaíocht ar chuid de na suíomhanna sin ach d’fhéadfadh an chuid eile de na suíomhanna a bheith ina n-eastáit thithíochta dá mbeadh cead aige, nó ag dream éigin eile, an córas séarachais atá aige don eastát tionsclaíochta a úsáid do thithíocht chomh maith.

Sentiment score: -0.33

Níl mé ag rá nach bhfuil aon rud ag tarlú. Aithním go bhfuil nithe ag tarlú. Tá siad ag tarlú i gceantair ar leith ar luas rómhall, áfach. Caithfidh muid straitéis a bheith againn sna háiteanna ina bhfuil na scoileanna i mbaol de bharr easpa páistí. Má aithníonn muid é sin anois, is cóir go mbeidh straitéis ann. Níl de dhíth ach dhá nó trí theach le teaghlaigh iontu chun scoileanna a choimeád oscailte i roinnt de na ceantair seo. Ní mór dúinn dul isteach agus féachaint ar líon na suíomhanna atá ann agus, mar a dúirt an tAire, líon na dtithe atá tréigthe agus iad a chur ar ais in úsáid. Muna bhfuil straitéis ann, fágfar é seo. Beidh na háiteanna seo tréigthe. Beidh na scoileanna agus na clubanna CLG dúnta dá réir de dheasca nach bhfuil aon dream ag teacht isteach. Tá tithe samhraidh sna ceantair seo, agus bíonn siad ar díol. Ba chóir go mbeadh straitéis ag an gcomhairle, ag an Stát nó ag Údarás na Gaeltachta na tithe seo a cheannach lena gcur ar an liosta tithe sóisialta nó inacmhainne le ligin do theaghlaigh bogadh isteach sna ceantair sin. Ní hamháin go bhfuil gá le tithe nua a sholáthar agus na cinn atá tréigthe a chur ar ais in úsáid, ach ní mór dúinn na tithe samhraidh atá ar díol faoi láthair a aistriú ina dtithe teaghlaigh.

Sentiment score: -0.07