Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an díospóireacht seo againn an tseachtain seo. Ba chóir go mbeadh muid ag caint ar cheisteanna idirnáisiúnta i bhfad Éireann níos minice toisc gur tír bheag imeallach ó thaobh na hEorpa muid ach go bhfuil ceangail againn timpeall an domhain. Féachann a lán daoine - nó d'fhéachadar go dtí le déanaí - ar Éirinn mar ghuth calma síochánta a bhfuil meas ag a lán den domhan uirthi. Is trua go bhfuil an meas sin ag dul in éag toisc na gcinntí ar ghlac an Rialtas seo agus roinnt rialtas eile le déanaí taobhú le Meiriceá nó gan seasamh leis na Náisiúin Aontaithe. Is ceann de na bunfhadhbanna atá ann é seo. Toisc nach bhfuil muid ag seasamh leis na Náisiúin Aontaithe, nach bhfuil muid ag cáineadh cad atá ar siúl san Iaráin agus nach ndéanaimid go leor ó thaobh na Palaistíne, táimid anois ceangailte leo siúd atá ag déanamh ísliú ar chumhachtaí agus seasamh na Náisiún Aontaithe timpeall an domhain. Gan an chumhacht sin agus gan an sórt conartha sin go mbeidh an meas céanna ag daoine ar na Náisiúin Aontaithe, tá deireadh leis na rialacha idirnáisiúnta a chinntigh go dtí seo nach raibh coimhlintí ar an leibhéal atá á fheiscint againn le déanaí. Feicimid anois Rialtais Mheiriceá agus Iosrael ag déanamh ionsaí i ndiaidh ionsaithe gan aon seasamh idirnáisiúnta leo. Tá siad ag briseadh na rialacha atá leagtha síos. Tá ionsaithe Iosrael ar an bPalaistín mídhleathach, ionsaithe a dhéantar le cabhair Mheiriceá i gcónaí. Tá na hionsaithe ar an réigiún sin a chonaic muid an tseachtain seo mar an gcéanna leo siúd a chonaic muid ar Gaza agus ar an bPalaistín le blianta beaga anuas. Inniu, tá bagairtí agus ionsaithe á ndéanamh ag Iosrael ar an Liobáin agus ar an Iaráin. Tá siad seo go huile agus go hiomlán mídhleathach agus ba chóir go mbeadh an Rialtas seo á gcáineadh. Seachas a bheith ag rá nár chóir gur tharla sé seo, ba chóir don Rialtas cáineadh iomlán a dhéanamh ar an Uachtarán Trump agus ar an bPríomh-Aire Netanyahu. Níl a fhios agam cé acu an máistir agus cé acu an puipéad. B'fhéidir go bhfuil an bheirt acu ag treorú a chéile. Tá an bheirt acu go huile agus go hiomlán ciontach as cinedhíothú sa Phalaistín agus anois tá siad ag triail leis an rud ceannann céanna a dhéanamh i ndeisceart na Liobáine agus san Iaráin. Tá siad ag ligean orthu go bhfuil cead acu dul timpeall an domhain ag léiriú gurb iadsan fórsa póilíneachta an domhain. Chonaic muid é seo cheana féin sa tslí inar chaith Meiriceá le Veiniséala. An é Cúba an chéad náisiún eile a bheidh faoi ionsaí ag Meiriceá? Chonaic muid cheana féin Stáit Aontaithe Mheiriceá ag teannadh a smachtbhannaí ar Chúba agus é ag triail leis an tír sin a thachtadh mar atá déanta ag Iosrael leis an bPalaistín. Tá sé tábhachtach go seasaimid go soiléir leis an nguth sin agus leis na Náisiúin Aontaithe. Tá sé tábhachtach seasamh leo siúd atá faoi ionsaí iomlán ag gach uile shórt diúracáin ó Mheiriceá agus ó Iosrael. Is léir cé chomh mídhleathach atá an t-ionsaí agus cogadh barbarach seo nuair a fhéachtar ar an tslí ar caitheadh leis na páistí scoile agus leis an bhfrigéad Iaránach, nach raibh aon áit in aice leis an gcogadh ná ceantar na hIaráine. Caithfear é sin a cháineadh amach agus amach. Caithfimid seasamh i gceart. Tá obair á déanamh ag Teachtaí anseo tríd an ngrúpa parlaiminte atá againn a thugann tacaíocht agus a tharraingíonn aird ar cheist na Palaistíne. Táimid ag déanamh ceangal le tíortha eile chomh maith chun labhairt amach. Is cóir é sin a dhéanamh. Ba chóir don Rialtas seo labhairt amach i gcoinne Mheiriceá agus Iosrael, go háirithe sa chás seo. Tá aon duine a sheasann leo gafa le briseadh na rialacha idirnáisiúnta.
Sentiment score: -0.13