Shónagh Ní Raghallaigh

Overall sentiment: -0.02
Back to Debate

Can we restart the clock when the Minister is finished?

Sentiment score: 0.00

Tá an timpeallacht dhigiteach lena bhfuil ár gcuid páistí ag idirghníomhú deartha ar bhealach andúileach ionas go gcaitheann úsáideoirí an méid is mó ama ar an ardán. Is tríd am an úsáideora a dhéanann na comhlachtaí teicneolaíochta brabús. Mar sin, déanfaidh siad pé rud chun aird a choinneáil ar an scáileán, beag beann ar an tionchar sláinte. Is fiú a bheith an-soiléir faoi seo. Tá rath-ardáin Meta, X agus Tiktok ag brath ar an díbhinn ar féidir leo a híoc lena gcuid scairshealbhóirí, ní ar fhorbairt an duine atá á n-úsáid. An-mhinic, téann an dá chuspóir sin in aghaidh a chéile. Go deimhin, tá a fhios againn go ndearna Meta féin taighde ar éifeachtaí meabhairshláinte an ardáin i measc déagóirí agus fuair sé amach go gcuireann úsáid leanúnach le himní agus dúlagar san aos óg. Ar athraigh na torthaí seo cur chuige an chomhlachta? Níor athraigh. D'aithin na hardáin teicneolaíochta go raibh na halgartaim ag obair díreach mar ba chóir dóibh a bheith chun daoine a choinneáil báite sa fón. Seo cruthúnas dobhréagnaithe gur cuma sa tsioc leo faoinár gcuid páistí. Agus an méid seo ar fad ar eolas againn, is beag iarracht atá déanta srian a chur ar na comhlachtaí seo. Le rófhada, tá na hardáin seo fágtha chun iad féin a rialú. Déanann siad stocaireacht fíochmhar in aghaidh aon iarracht rialacha a chur orthu. Tá sé thar am againn cur i gcoinne na moltaí algartamacha. Anois an t-am ceart chun iad a rialú, mar faoi láthair tá siad agus a n-úinéirí ag déanamh rialú orainne. Tá rannpháirtíocht ar líne mar chuid lárnach de shaol an lae inniu. Más olc nó maith é, beidh na glúnta ag teacht aníos ag baint úsáid as scáileáin, ach ní shin le rá nach bhfuil aon neart againn ar cén cuma atá orthu. Is féidir linn spásanna ar líne atá sábháilte agus fabhrach ar fhorbairt phearsanta a mhúnlú dár bpáistí. Seasaimid an fód in aghaidh na fathacha teic. Cosnóimid páistí na hÉireann ó dhochar agus ó shaint na gcomhlachtaí. Is iad a dtodhchaí agus a bhfolláine atá idir dhá cheann na meá. Tá mé ag tacú leis an mBille ar an gCéim seo. Beidh Sinn Féin ag cur isteach leasaithe, ach i bprionsabal aontaímid leis.

Sentiment score: -0.04