Aindrias Moynihan

Overall sentiment: -0.17
Back to Debate

Ar an gcéad dul síos, fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sa díospóireacht inniu. Ar ndóigh, tá riachtanais ag pobal na Gaelainne ar fud na bliana, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge. Táim chun é sin a bhrú chun cinn i gcónaí. Is maith an rud é go bhfuil deis againn labhairt inniu ach beimid ag brú chun cinn riachtanais phobal na Gaelainne ar fud na bliana chomh maith. Cloisimid i gcónaí go bhfuil dúshláin ann ó thaobh an líon daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil, agus is cinnte go bhfuil. Is maith an rud é go bhfuil an tAcht nua tógtha chun cinn ag an Rialtas deireanach chun a léiriú go mbeadh deiseanna fostaíochta sa Státchóras amach anseo. Tá brú ar chúrsaí Gaelainne. Tá rudaí dearfacha ar siúl chomh maith. Is minic nach gcloistear mar gheall ar na rudaí dearfacha. Tá fás ar chúrsaí teanga, go háirithe laistigh de na cathracha agus na bruachbhailte. Tá gá le hinfreastruchtúr chun tacú leis sin agus chun é a neartú. Táim ag caint faoi infreastruchtúr bunúsach cosúil le naíonraí agus scoileanna. I mo dhúthaigh féin, tá gá le scoil nua i gcomhair phobal Gaelainne Bhaile an Chollaigh, áit a bhfuil Gaelscoil an Chaisleáin, scoil nuabhunaithe, i bhfoirgneamh sealadach le roinnt blianta anuas. Tá suíomh ceannaithe chuige sin agus tá foireann dearaidh tosaithe ar an obair don Ghaelscoil agus don scoil dara leibhéal, Le Chéile Secondary School. Faraor, níl an togra ar liosta práinneach an Aire oideachais. Is mór an chailliúint é sin. Iarraim ar an Rialtas gach iarracht a dhéanamh chun an togra tábhachtach sin a thabhairt chun cinn ar son na teanga i measc phobal Bhaile an Chollaigh agus phobal lár Chorcaí. Dar ndóigh, bainfidh pobal Le Chéile Secondary School tairbhe as chomh maith. Is é an tithíocht an deacracht is mó ar fud na tíre ar fad. Tuigim go bhfuil sé mar an chloch is mó ar phaidrín an Rialtais. Feicimid é sin leis an líon tithe atá á dtógáil i mo dhúthaigh féin, in Áth an Chóiste, sa Chloch Dhubh agus i go leor áiteanna eile. Tá brú breise ann nuair a thagann tú chuig an nGaeltacht, áfach. Gan tithe sa Ghaeltacht, níl deis ag daoine an teanga a thabhairt chun cinn chuig an gcéad ghlúin eile. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tithíocht ann agus go mbeadh deis ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina ndúthaigh féin. Tá gá le tithe inacmhainne go háirithe. Inseoidh mé don Aire faoi na hiarrachtaí a bhfuil Comhairle Contae Chorcaí ag déanamh mar gheall ar thithe inacmhainne. Tá togra an-dearfach á chur chun cinn aige i nGaeltacht Mhúscraí faoi láthair. Sna míonna amach romhainn, beidh tithe inacmhainne á gcur ar fáil i gCluain Réidh i mBaile Mhic Íre. Is tithe iad seo a bheidh dírithe ar phobal na Gaelainne. Is rud an-dearfach é sin. Ní chloisimid rómhinic, nó riamh b'fhéidir, faoin dul chun cinn atá á dhéanamh. Nuair atá dul chun cinn á dhéanamh, tá sé fíorthábhachtach é a aithint. Beidh deis ag muintir na Gaelainne tithe inacmhainne a fháil ina ndúthaigh féin. Is féidir le Gaeilgeoirí ó fud na tíre iarratas a dhéanamh chomh maith. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an gcomhairle contae maidir leis an bplean forbartha don chontae chomh maith. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bplean sin faoi láthair. Dar ndóigh, ní hé Comhairle Contae Chorcaí an t-aon chomhairle contae atá ag déanamh athbhreithniú ar phlean forbartha faoi láthair. Tá deis sna contaetha éagsúla ina bhfuil Gaeltacht breis béime a chur ar riachtanais phobal na Gaelainne agus phobal na Gaeltachta laistigh de na pleananna forbartha sin. Táimid á bhrú chun cinn i gCorcaigh. Tá an deis chéanna ann sna contaetha eile chomh maith ag an tráth seo. Tá togra amháin eile gur mhaith liom díriú isteach air is ea Coláiste Íosagáin. Aithneoidh daoine ar fud na tíre an foirgneamh mór fada bán sin a fheiceann tú agus tú ag gabháil trí Bhaile Bhuirne idir Chill Airne agus Corcaigh. Bhí togra fadradharcach ar fad i gceist nuair a ceannaíodh é na blianta ó shin. Idir an dá linn, tá an-obair déanta ar an suíomh. Braitheann go leor daoine nach raibh aon rud ar siúl ann, ach tá páirc peile forbartha ann agus tá ceithre chomhlacht mór le rá ag cur táirgí bia ar fáil ar fud na tíre ar fad ón suíomh sin, a bhfuil 41 acra ann. Anois, le maoiniú ó Roinn an Aire agus ó Údarás na Gaeltachta, tá athchóiriú mór ar an bhfoirgneamh féin, an scoil, faoi lán seoil. Dar ndóigh, tá an chéad phas den obair seo ullamh faoin tráth seo agus an t-ionad fiontraíochta beagnach ullamh le bogadh isteach ann. Beimid ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh an oscailt oifigiúil ann. B'fhéidir nach bhfuil sé i bhfad uainn. Tá an-obair déanta ar an ionad fiontraíochta sin. Beidh deiseanna ann amach anseo chomh maith chun cúrsaí oideachais agus cultúrtha a fhorbairt sa dá sciathán faoi phas 2 agus faoi phas 3. Tá sé fíorthábhachtach a aithint go bhfuil an-obair ar siúl ann, chomh maith leis an obair atá déanta sa chúlra ag an údarás, na grúpaí éagsúla agus na hionadaithe pobail - m'athair féin, Dónal Ó Muimhneacháin, san áireamh - thar na blianta chun an togra sin a bhrú chun cinn. Táim cinnte go ndéanfaimid gach iarracht é a bhrú ar aghaidh. Luafaidh mé freisin na comhairleoirí contae sa dhúthaigh agus na baill den údarás. Mar fhocal scoir, tá na bóithre go hainnis tar éis na drochaimsire ar fad. Tá gá mór le hathchóiriú a dhéanamh orthu. Tá an chomhairle contae an-ghnóthach leis. An féidir leis an Aire tacú leis? Bhí scéim na mbóithre áise ann ar feadh roinnt blianta. Tuigim go bhfuil sé ar na bioráin ag an Aire é sin a thabhairt chun cinn am éigin. Iarraim air an scéim sin a bhrú chun cinn chomh luath agus is féidir. Is mór an chabhair do phobal na Gaeltachta a bheadh ann dá mbeadh caighdeán bóithre níos oiriúnaí acu. Is é sin an chéad phíosa bóthair a dtiomáineann tú air ar maidin agus an píosa deireanach a dtiomáineann tú air um thráthnóna nuair a bhíonn tú ag filleadh abhaile. Más féidir obair a dhéanamh ar an bpíosa sin, scéim na mbóithre áise, ba mhór an chabhair a bheadh ann.

Sentiment score: -0.17