Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.17
Back to Debate

Tairgim: Go ndéanann Dáil Éireann: a thabhairt dá haire, le himní: — go bhfuil an chaoi nach féidir le daoine teach dá gcuid féin a fháil ar cíos, a cheannach, ná a thógáil sa Ghaeltacht, ina chúinse mór ag brú oibrithe agus teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu amach as an gceantar, rud a dhéanann dochar d'iarrachtaí pleanála teanga agus d'infheistíocht shuntasach an Stáit trí inmharthanacht na bpobal a chur i mbaol; — go bhfuil céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gceantair Ghaeltachta tar éis titim le dhá Dhaonáireamh i ndiaidh a chéile, agus gur thug an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht rabhadh go bhfaigheadh an Ghaeilge bás mar phríomhtheanga an phobail fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta gan gníomh suntasach; — gur aithníodh le sonraí de chuid Pobal a scrúdaíodh i bpróifíl socheacnamaíochta ar na ceantair Ghaeltachta sa bhliain 2018 go bhfuil 26.9 faoin gcéad de chónaitheoirí Gaeltachta sna catagóirí "Faoi Mhíbhuntáiste" nó "Faoi Mhíbhuntáiste Mór", rud a chuireann isteach ar bhealach diúltach ar a n-ábaltacht íoc as teach; — gur teach saoire teach amháin as gach cúig theach sna ceantair Ghaeltachta, agus go ndeachaigh líon na dtithe iomlána a bhí ar fáil ar léas gearrthéarmach ar Airbnb in airde de 88 faoin gcéad ó 2019 go dtí 2025, i gcomparáid le hardú 48 faoin gcéad fud fad an Stáit; — nach raibh ach 10 dteach ar fáil ar chíos fadtéarmach ar Daft.ie sa Ghaeltacht in 2024 fad is a bhí 1,017 dteach liostáilte ar chíos gearrthéarmach ar Airbnb; — go bhfuil smacht ag cúig thiarna talún ar 217 réadmhaoin Gaeltachta atá liostáilte ar Airbnb, agus go bhfuil 53 réadmhaoin liostáilte ag an tiarna talún is mó acu, comhlacht Briotanach; — go ndéanann an easpa infreastruchtúir, go háirithe uisce agus séarachais, agus neamhaird ón Rialtas agus ó chomhlachtaí poiblí ar nós Uisce Éireann, bac a chur roimh an gcumas tithíocht a sheachadadh i bpobail Ghaeltachta; — gur aithníodh easpa inacmhainneachta na dtithe sa Ghaeltacht, an easpa seirbhísí chun forbairt na scéimeanna tithíochta a éascú ar an scála cuí, an easpa láithreán atá ar fáil, agus srianta ar thithíocht tuaithe mar phríomhfhórsaí atá ag cur brú ar phobail Ghaeltachta i ráiteas comónta a rinne Príomhfheidhmeannaigh de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Chomhairlí Contae Chorcaí, Chiarraí agus na Mí inar lorg siad soiléiriú ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; — go raibh ar phobail Ghaeltachta cásanna a chur faoi bhráid na cúirte chun a chruthú go raibh neamhaird á déanamh ag údaráis áitiúla ar dhualgais i leith na Gaeltachta faoin reachtaíocht pleanála; — gur thug pleanálaithe de chuid údarás áitiúil amháin atá freagrach as ceantar Gaeltachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le fios do Choiste Oireachtais nár shíl siad go raibh feidhm ag na dualgais seo ina leith; — go gcuirtear tréith theangeolaíoch agus inmharthanacht an phobail Gaeltachta i mbaol níos mó nuair atá seilbh nó úinéireacht glactha ag daoine gan Ghaeilge ar eastáit tithíochta ar scála mór, ar thithe saoire agus ar léasanna gearrthéarmacha sa Ghaeltacht; agus — céad bliain tar éis thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 1926, nach bhfuil na moltaí curtha i bhfeidhm go fóill a bhain le daoine atá inniúil sa Ghaeilge a chur in áit oifigigh gan Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta chun seirbhísí poiblí a sholáthar; cáineadh ar an méid seo a leanas: — tar éis ceithre bliana de gheallúintí go bhfoilseofaí go luath na treoirlínte pleanála do na ceantair Ghaeltachta, agus spriocdháta i ndiaidh spriocdháta a bheith imithe in éag, gur lean an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta de na geallúintí go seachadófaí treoirlínte nach raibh indéanta a thuilleadh tar éis an chumhacht a bhí tugtha ina leith sin ag an dlí a bheith scriosta; — an neamhaird atá tugtha ag an Rialtas ar thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar Thithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht agus na Treoirlínte Nua a Bhaineann Leo ina raibh 22 mholadh aontaithe ar bhonn traspháirtí sa bhliain 2022; — nach bhfuil gníomh ar bith beartaithe go dtí go bhfoilseofar ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht sa bhliain 2027 in ainneoin na práinne a bhaineann leis an ngéarchéim; — nach bhfuil dul chun cinn ar bith tar éis tarlú sa Dáil ón 14ú Bealtaine 2025 leis an mBille chun toghcháin dhaonlathacha a thabhairt ar ais d'Údarás na Gaeltachta, rud a bhí ar cheann d'éachtaí lárnacha ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, rud ar chuir Fianna Fáil ar fionraí agus ar scrios Fine Gael é, agus go dteipeann ar an mBille cumhachtaí a bhronnadh ar an Údarás chun dul i ngleic le géarchéim thithíochta na Gaeltachta; — an tearcmhaoiniú atá déanta ag rialtais i ndiaidh a chéile ar Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le forais forbartha eile an Stáit, agus an chomparáid idir maoiniú caipitil na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail agus Údarás na Gaeltachta tar éis fás ó 3:1 sa bhliain 2009 go dtí 11:1 in 2022; an mhoill atá curtha leis an ngeallúint chun rialáil a dhéanamh ar an earnáil cíosa ghearrthéarmach; — oifigigh agus eagraíochtaí pleanála teanga a bheith fágtha ag deileáil le "mearbhall agus frustrachas" mar thoradh ar chóras lochtach, dar le hathbhreithniú ar phleananna teanga a foilsíodh le déanaí, athbhreithniú a cáineadh go mór ann féin toisc míchruinnis; agus — in ainneoin geallúint go ndéanfar caighdeáin teanga nua a chur in áit na scéimeanna teanga reatha do sheirbhísí poiblí, gur scriosadh na scéimeanna reatha gan aon rud a bheith tagtha i gcomharbas orthu, rud a chuir cearta teanga siar 22 bliain; tréaslú leo seo a leanas: — grúpaí feachtais, lena n-áirítear Bánú, Todhchaí na Tuaithe, Tinteán, Conradh na Gaeilge, CATU, agus Inside Airbnb, leis na meáin, lena n-áirítear The Ditch, TG4, Tuairisc.ie agus Raidió na Gaeltachta, agus le pobail áitiúla a bhain úsáid as na cúirteanna, chun an fhírinne atá leagtha amach sa tairiscint seo a nochtadh; agus — oifigigh pleanála teanga a leanann d'obair na gcapall a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar ais in úsáid níos forleithne sna pobail Ghaeltachta in ainneoin na heaspa tacaíochta ón Stát; agus a éileamh ar an Rialtas: — Ráiteas Pleanála Náisiúnta láidir a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm láithreach don Ghaeltacht; — Scéim Deontais don Tithíocht Ghaeltachta a thabhairt ar ais de réir Achtanna na dTithe (Gaeltacht); — polasaí 10 bpointe Shinn Féin don Tithíocht Gaeltachta, Ag Pleanáil don Athchóiriú, a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear measúnuithe tionchair teanga ar thograí molta, B2+ faoin gComhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha a shocrú mar chaighdeán náisiúnta inniúlachta i gcomhair coinníollacha teanga, machnamh a dhéanamh ar réadmhaoin a cheannach agus clásail aisghlámtha chun soláthar na tithíochta Gaeltachta a chinntiú nuair a imíonn feidhm coinníollacha teanga in éag, aitheantas do phatrúin lonnaíochta na Gaeltachta, pleanáil fáis daonra agus anailís shochtheangeolaíoch, pleanáil teanga a lárnú sa phleanáil forbartha, tithe sóisialta agus inacmhainne a sholáthar do Ghaeilgeoirí, Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú, bonneagar, fostaíocht agus teacht aniar aeráide a phleanáil, agus rannpháirtíocht, monatóireacht agus freagracht a chinntiú; — spriocanna uaillmhianacha agus indéanta don fhás daonra agus soláthar tithíochta a shocrú do gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta, lena n-áirítear don mheascán cuí de thithe aon uaire nua, tithe tréigthe agus folmha athchóirithe, agus tithe nua nó athchóirithe i ngráigeanna tuaithe, bunaithe ar anailís shochtheangeolaíoch ar phobail Ghaeltachta agus treochtaí deimeagrafacha; — tithíocht a sheachadadh bunaithe ar éileamh a thuar ar bhonn coinníollacha teanga ar gá iad a chur i bhfeidhm go seasta, lena n-áirítear tríd an bpraghas a ísliú más gá chun inacmhainneacht na dtithe atá curtha ar leataobh do Ghaeilgeoirí a chinntiú; — a chinntiú go gcuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh eisimircigh atá ag filleadh agus a léiríonn tiomantas i dtreo páirt a ghlacadh go gníomhach sa phobal Gaeltachta agus in áiseanna Gaeilge, trí thabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim nó faoin gclann a chur chuig scoileanna lánGhaeilge áitiúla mar shampla, agus gur chóir go dtabharfar a dtiomantas san áireamh in aon mheasúnú tionchair teanga; — díolúine ón dleacht stampa a thabhairt do dhíolachán an dara teach i gceantar Gaeltachta má dhíoltar mar theach teaghlaigh do Ghaeilgeoirí, do chónaitheoirí Gaeltachta, nó d'eagrais ar nós Údarás na Gaeltachta nó comhlacht ceadaithe tithíochta ar mhaithe le cur ar fáil ar cíos do Ghaeilgeoirí ar an liosta tithíochta áitiúil; — scéim ar leith a fhorbairt d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí poiblí chun dlús a chur leis an infreastruchtúr uisce agus séarachais a thógáil atá ag teastáil ó phobail Ghaeltachta; — maoiniú d'Údarás na Gaeltachta a ardú go suntasach mar atá leagtha amach i gcáinaisnéis mhalartach Shinn Féin do 2026 agus na cumhachtaí riachtanacha a chur ar fáil dó chomh maith le toghcháin dhaonlathacha athuair chun deis a thabhairt do phobail Ghaeltachta soláthar cuí ar thithíocht áitiúil a mhúnlú; — dréacht den ráiteas beartais pleanála do léasanna gearrthéarmacha a fhoilsiú le práinn agus am a thabhairt don Choiste Oireachtas Tithíochta chun an dréacht a scrúdú agus éisteacht a thabhairt mar chuid den scrúdú sin d'eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann phobail Ghaeltachta a mbeidh tionchar aige orthu; agus — forbairt a dhéanamh ar thacaíocht bhreise nó amchlár níos giorra roimh cheadúnas d'fhorbairtí nuair atá cosúlacht ann go mbeidh dea-thionchar acu ar an bpobal Gaeltachta. Tá rún ríthábhachtach os ár gcomhair anocht. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar plé ceart air. Fáiltím roimh an gcinneadh a ghlac an Rialtas gan cur i gcoinne an rúin thábhachtaigh seo. Ní leor sin. Muna bhfuil an Rialtas ag cur ina choinne, caithfidh sé gníomhú dá réir agus caithfidh sé glacadh leis an gcáineadh sa rún seo ar an easpa oibre atá déanta go dtí seo. Bhí léirsiú lasmuigh um thráthnóna ó ghrúpaí difriúla: BÁNÚ, Tinteán agus daoine eile nach iad. Bhí roinnt Teachtaí Dála ó pháirtithe difriúla ina measc, mo pháirtí féin san áireamh, ag tacú leo mar tá aitheantas ann - Éire gan Ghaeltacht, Éire gan anam - go bhfuil an Ghaeltacht chomh tábhachtach sin. Táimid ag caint anseo inniu 100 bliain ó tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeltacht. Ceann de na jabanna a bhí ann nuair a bunaíodh an Stát nua ná chun oibriú amach cad é agus cad é an leagan amach a bheadh ag an nGaeltacht. Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus rinne sé daonáireamh speisialta. Tá sé an-spéisiúil torthaí an daonáirimh sin a léamh. Bhí sé déanta ag An nGarda Síochána ag an am toisc go raibh an tír chomh corraitheach fós tar éis an Chogaidh Chathartha. Ní hamháin gur dhein siad taighde ar cé mhéad Gaeilgeoir a bhí ann, ach rinne siad taighde ar cé mhéad bó, capall agus uan a bhí ann. Is taighde an-tábhachtach é mar leag sé amach líon na nGaeilgeoirí a bhí i gceantair dhifriúla timpeall na tíre agus i gcontaetha difriúla. Tá sé fós ann. Níl na mionsonraí fós ar fáil go bhfios dúinn, ach b’fhéidir go bhfuil siad i bpoll éigin ag duine éigin in áit éigin. Bheidís an-spéisiúil dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Céad bliain tar éis an choimisiúin sin, táimid fós ag déileáil le heaspa cur chuige ó thaobh cosaint a dhéanamh ar an nGaeltacht, ó thaobh easpa aitheantais ar na cearta teanga atá acu siúd sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, áit nach raibh seirbhísí ar fáil dóibh siúd ón Státchóras. Bhí orthu Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú beagnach 50 bliain ó shin chun iarracht a dhéanamh na cearta a bhí ag dul dóibh agus do phobal na Gaeltachta a fháil. Fós féin, táimid ag an staid chéanna nach bhfuil an cur chuige ceart ann ó thaobh an Stáit de i leith na Gaeltachta. Is cás ar leith atá ann. Ar deireadh thiar thall, sin atáimid ag caint faoi. Is seoid ar leith í an Ghaeltacht. Is an bunchlár ó thaobh na Gaeilge atá ann, áit a bhfuil an Ghaeilge fós á húsáid go laethúil ag an ngnáthphobal sa cheantar sin. Má ghlacaimid leis sin, ba chóir go ndéanfar gníomhartha eisceachtúla chun a chinntiú go bhfuil an chosaint sin ann. Sa chás seo, táimid ag caint faoi cheist na tithíochta. Is féidir dul trí na fáthanna ar fad - déanfaidh na Teachtaí eile é sin - gur gá é sin. Is féidir dul sa bhreis ar an líon cosaintí atá ann don Ghaeilge. Is féidir dul chun tosaigh ar líon na ndeontas atá ar fáil don chuid eile den tír. Is féidir leis an Stát a ladar a chur isteach chun eisceachtaí a dhéanamh, chun ciste eisceachtúil a chur ar bun chun díriú isteach ar cheist an infreastruchtúir, ceist an tséarachais, an easpa bóithre agus uisce i gceantair áirithe, an gá le cosaint a dhéanamh ar an stíl lonnaithe atá sa Ghaeltacht, áit a mbíonn clusters timpeall ar thithe, nó i gceantair eile go mbíonn na tithe tógtha ar thaobh an bhóthair agus nach sráidbhaile sa ghnáthbhealach sa chuid den tír a bhíonn i gceist go minic ach go mbíonn an daonra ann. Bíonn na scoileanna ann agus gnéithe eile den tsochaí sa cheantar, ach fós níl aitheantas cuí ann. Tá sé leagtha síos againn sa rún seo an gá gur cóir dúinn a chinntiú go mbeadh spriocanna uaillmhianacha agus indéanta don fhás daonra leagtha síos. Níl siad sin ann. Níl sé leagtha síos go díreach cé mhéid duine ar chóir a bheith ann. Ní féidir le gnáthphobal na Gaeltachta teach a cheannach nó a fháil ar cíos mar ní ann do na tithe a thuilleadh toisc na rachmasaithe agus iad siúd atá gaolta le tiarnaí talún agus atá i seilbhe na dtithe. Tá Airbnb ann seachas áiteanna gur féidir a fháil ar cíos nó a cheannach. Ní féidir le gnáthphobal na Gaeltachta maireachtáil sa Ghaeltacht a thuilleadh. Tá na cinntí atá á nglacadh ag an Rialtas ag brú an ghnáthphobal as an nGaeltacht agus caithfidh sé sin stopadh. Tá sé go maith go bhfuil an Rialtas ag glacadh na cinntí seo ach, mar a dúirt mé, is gá dó gníomhú dá réir.

Sentiment score: -0.17

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Murchú agus gach duine a labhair sa díospóireacht seo. Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil díospóireacht againn dírithe ar ábhar ar leith chuile bliain. Toghadh mise tamall maith ó shin in 2002. Bíonn ráitis i gceist uair sa bhliain. An fhadhb le ráitis nach bhfuil ceangailte le haon rud ná gur féidir le haon duine teacht isteach anseo agus béalghrá a chraobhscaoileadh ó thaobh na teanga. Measaim go raibh sé go maith anuraidh agus go bhfuil sé go maith i mbliana go bhfuil rún os comhair na Dála. Anuraidh, chuir an Rialtas i gcoinne an rúin a bhí againn maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. I mbliana, níl sé ag cur i gcoinne an rúin seo agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Tá buíochas ag dul dóibh siúd ar fad a ghlac páirt sa díospóireacht, i mBéarla, i nGaeilge, nó i pé teanga a bhí siad ag déileáil leis. Tá sé tábhachtach go dtarlaíonn sé sin. Aithním nach bhfuil an leibhéal Gaeilge ag gach duine is atá agamsa. Is trua sin, ach sin mar atá. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh tobar na Gaeilge fós beo amach anseo. Tobar na Gaeilge is ea na ceantair Ghaeltachta, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáththeanga laethúil an gnáthphobail. Má tá dainséar ann - agus tá sé ann - caithfimid a chinntiú go nglacfaimid céimeanna eisceachtúla ar leith chun an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus pobail sna ceantair Ghaeltachta a chosaint. Sin an fáth go bhfuil na céimeanna gur chóir a ghlacadh leagtha amach sa rún seo. Sa rún chomh maith, táimid ag leagan amach go bhfuil an Rialtas seo, agus Fianna Fáil agus Fine Gael thar an mblianta, le cáineadh, toisc an neamhaird ar dhein na páirtithe sin ar mholtaí ón gcoiste Gaeilge faoi mhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta, faoin mhoill ar thoghcháin an údaráis agus cumhachtaí breise a thabhairt dó, agus faoin mhoill ar rialáil ar chíos gearrthéarmach agus ar Airbnb, atá ag déanamh scrios ar an méid áit atá ar fáil ar chíos sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad ag fágáil oifigigh pleanála teanga ag déileáil le moill agus frustrachas toisc nach bhfuil infheistiú nó cur chuige ceart ann ó thaobh an Stát de i leith an obair ríthábhachtach sin atá ag teastáil ionas gur féidir linn cosaintí a dhéanamh. Ba cheart go mbeimid ag obair i gceart chun cuidiú le lánúin sna ceantair Ghaeltachta, agus leis an ghnáthphobal, teacht timpeall ar na constaicí atá rompu ó thaobh an Ghaeilge a bheith ina ghnáththeanga acu. Tá an Rialtas ag admháil agus é ag glacadh leis an rún seo go bhfuil sé tar éis dian-scrios a dhéanamh ar chearta teanga agus gan fiú sop in áit scuaibe maidir leis an tithíocht Gaeltachta. Má tá an Rialtas ag admháil go bhfuil sé freagrach as sin, níor chóir go mbeadh sé ag fanacht mar Rialtas, ach beidh sé ann. Ag glacadh leis an rún seo, caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil beart á dhéanamh de réir na briathra sa rún seo. Ba cheart dó tacaíocht a thabhairt do na moltaí atá sa rún. Gheall an Rialtas seo treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi Nollaig 2021, sa chéad ráithe de 2022, roimh dheireadh 2022, go luath in 2023, i lár 2023, faoi Cháisc 2024 agus i lár 2024. Fiú tar éis cumhacht na treoirlínte foilsithe a bheith scriosta as an dlí, tá siad fós á dhéanamh, mar a dhein an Taoiseach an tseachtain seo caite. Sin cé chomh seafóideach is atá an cur chuige faoi láthair. Bhí mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary, níos luaithe agus tá súil agam go mbeidh sé sásta suí síos, cur chuige ceart a shocrú agus na deontais agus na cinntí breise a sholáthair ó thaobh an méid atá ráite ag an Aire Stáit, an Teachta O'Sullivan; sé sin, go mbeidh an t-údarás in ann déileáil le ceisteanna tithíochta, séarachais nó infreastruchtúir agus na cumhachtaí sin a roinnt leis na comhairlí contae más gá. Ba cheart go mbeadh cur chuige i bhfad Éireann níos tapúla i gceist ionas go mbeidh an plean náisiúnta ó thaobh pleanáil sna Gaeltachtaí foilsithe, ní ag deireadh 2027, ach i mbliana. Dúradh linn faoi na treoirlínte thar na blianta go raibh an obair ar fad déanta, agus nach raibh gá fanacht go dtí go raibh siad foilsithe. Má tá an obair déanta, ní chóir go mbeadh sé ró-dheacair an obair sin a bhogadh trasna go dtí an coincheap nua atá ann agus iad a bheith foilsithe. Tá an rud ceannann céanna i gceist ó thaobh Bille Údarás na Gaeltachta. Cad é an moill? Cén fáth a bhfuilimid ag fanacht air? Ba cheart dúinn díriú isteach ar na rudaí praiticiúla atá luaite agamsa agus ag na dreamanna a bhí lasmuigh inniu. Tá tacaíocht agus moladh ag dul do BÁNÚ, Tinteán, CATU, Todhchaí na Tuaithe agus dreamanna mar sin, agus do ghnáthphobail na Gaeltachtaí as an bhfoighne atá acu ar shlí amháin ach freisin as an bhfearg atá siad ag léiriú anois toisc nach bhfuil an obair ag tarlú. Molaim an rún seo. Tá súil agam nach bhfuil muid chun glacadh leis ach go leanfaidh an obair ar na ceisteanna atá ardaithe anseo ag gach uile duine a ghlac páirt sa díospóireacht.

Sentiment score: -0.18