Conor D McGuinness

Overall sentiment: -0.16
Back to Debate

Tearmann agus tobar na nGael: is é sin an cur síos is fearr atá agam ar ár gceantair Ghaeltachta. Is tearmann iad i gcomhar ár dteanga, ár gcultúr dúchais, ach chomh maith leis sin, is tobar as ar féidir le gach uile duine in Éirinn agus gach Gael ar fud an domhain, saibhreas an teanga a fháil agus é a bheith roinnte agus dáilte ina measc. Tá na pobail Ghaeltachta gann ar pháistí chun scoileanna áitiúla a choimeád ar oscailt agus cumainn spóirt - clubanna Chumann Lúthchleas Gael agus uile - a choimeád beo. Tá siad gann chomh maith ar chlanna óga ag teacht tríd agus ag tógaint an chéad ghlúin eile de Gael Ghaeltachta na hÉireann. Le deich mbliana anuas, tógadh díreach 1,200 teach sna pobail Ghaeltachta ina iomlán. Tógadh 36 teach i mo cheantar féin i nGaeltacht na nDéise le deich mbliana anuas. Sin idir trí agus ceithre theach sa bhliain agus ní leor sin. Níl sé sin inbhuanaithe in aon phobal, ach go háirithe i bpobal teanga den tsaghas seo. Faoi láthair, tá daoine óga ag bogadh go dtí áiteanna eile agus tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag laghdú in an-chuid Gaeltachtaí. Fiú sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil fás tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne, tá easpa tithíochta ag cur srian ar an bhfás sin agus ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol. In ainneoin an dea-oibre agus an dea-infheistíochta atá déanta ag comharchumainn, ag comhlachtaí forbartha agus ag oifigigh pleanála teanga, cén mhaitheas na milliúin a bheith á gcaitheamh inár gceantair Ghaeltachta ar phleananna teanga muna bhfuil an chéad ghlúin eile chun a bheith ann ar an bhfód? Ach is é seo an áit ina bhfuilimid. Tá géarchéim thromchúiseach tithíochta ag cur Gaeltachtaí i mbaol. Tá an ghéarchéim tithíochta atá ar fud an Stáit faoi chúram an Aire agus faoi chúram Fhine Gael, Fhianna Fáil agus na dTeachtaí neamhspleácha ag cur pobail ar fud fad na tíre i gcruachás ach tá sé ag déanamh dochair agus ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá Gaeltacht na nDéise faoi bhrú ach tá gach ceantar Gaeltachta faoin mbrú céanna. Táimid ag caint faoi phobail bheaga sa Rinn agus sa Seanphobal, i Ráth Chairn, i mBaile an Fheirtéirigh, in Indreabhán agus i nGaoth Dobhair, áiteanna a bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail fós. Mar a dúirt me, an tearmann agus an tobar. Ach gan tithíocht inacmhainne do mhuintir na háite ní féidir leis na pobail seo maireachtáil. Nuair atá moill ar thithe sóisialta a fhorbairt, tá na pobail seo i mbaol. Tuigeann na daoine áitiúla go maith nár leor an tacaíocht ón Stát agus is léir go bhfuil Gael óga, na páistí óga sna ceantair seo, á dtógáil le haghaidh easpórtála. I mo cheantar féin, tá siad ag dul go dtí Mainistir na Corann, Cluain Meala, cathair Phoirt Láirge, Baile Átha Cliath nó níos faide i gcéin thar lear de bharr easpa tithe sóisialta agus inacmhainne, córas pleanála nach n-aithníonn na riachtanais shóisialta agus teanga atá ag ceantair Ghaeltachta, agus teip iomlán an Aire agus an Rialtais na treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú thar na mbliana. Tá géarghá anois don Aire agus don Rialtas beart de réir briathair a dhéanamh. Má táimid dáiríre mar gheall ar ár gceantair Ghaeltachta a choimeád agus a bheith againn mar thearmann agus mar thobar mar a luaigh mé, tá géarghá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta anois. Is gá cumhachtaí sa bhreis a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta agus plean a chur le chéile ionas go bhfuil gach Ranna agus gach Aire ag obair as lámha a chéile chun dul i ngleic leis sin. Tá an fhreagracht leis an Aire agus impím air beart de réir a bhriathair agus gníomhú anois.

Sentiment score: -0.16