Gabhaim buíochas le Páirtí Shinn Féin as ucht an rún seo a chur faoi bhráid na Dála anocht. Tugann Páirtí an Lucht Oibre tacaíocht don rún. Bhí mé ag éisteacht le mo chara, an Teachta Ní Fhearghail, agus dúirt sí rud éigin spéisiúil. Chuir sí ceist faoi bhráid na Dála; céard is fiú é? Aontaím leis an méid a bhí le rá aici. Céard is fiú Seachtain na Gaeilge gan Gaeltacht bheo agus gan teanga bheo? Tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ina bagairt ollmhór dár dteanga náisiúnta. I ndáiríre, níl an Rialtas ag déanamh móráin. Níl sé ag déanamh an iomarca chun feabhas a chur ar chúrsaí. Mar shampla, labhair a lán Teachtaí faoi chúrsaí Airbnb agus faoin bhfadhb atá ann. Maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, tá fadhb ann le polasaithe an Rialtais seo agus polasaithe an Rialtais dheireanaigh. Tá siad ag cur isteach ar mhuintir na háite agus iad ag iarraidh tithe a thógáil nó a cheannach. Nuair a bhí an iar-Theachta Dála, Éamon Ó Cuív, mar Bhall den Dáil, labhair sé go minic faoi chúrsaí Gaeltachta agus faoi chúrsaí tithíochta inti. Caithfidh an tAire éisteacht le muintir na Gaeltachta agus lena sheanchomhghleacaí, Éamon Ó Cuív. Tá gá leis an gcothromaíocht a athrú maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht i bhfabhar daoine áitiúla. Chun an méid sin a dhéanamh, is gá ráiteas pleanála náisiúnta láidir a thabhairt isteach. Tá a fhios ag gach uile dhuine nach bhfuil suímh ann le seirbhísí do mhuintir na Gaeltachta. Is í fadhb an easpa bonneagair an fhadhb is ollmhóire sa Ghaeltacht agus i roinnt áiteanna eile in Éirinn faoi láthair. Caithfidh an Rialtas cumhacht a thabhairt do na comhlachtaí Stáit agus maoiniú cuí a aimsiú d'Údarás na Gaeltachta chun go bhféadfaí talamh a cheannach agus suímh a fhorbairt le seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá gá le ráiteas pleanála náisiúnta láidir mar tá deacrachtaí le fada ag daoine cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. Bhí ráitis sa Dáil i mbliana faoi chúrsaí a bhaineann le hUisce Éireann. Tá an fhadhb chéanna ann sa Ghaeltacht maidir le cóireáil séarachais ach tá sé níos measa. Is deacracht mhór é sin chomh maith. Dúradh go mbeidh 2027 ann faoin am go mbeidh cóireáil á déanamh ar an séarachas ar an gCeathrú Rua sa Ghaeltacht i gContae na Gaillimhe. Caithfear déileáil leis na fadhbanna pleanála ar dtús. Is é sin an fáth go bhfuil gá le ráiteas pleanála náisiúnta láidir. Ba chóir go raibh na treoirlínte foilsithe in 2021. Tá sé dodhéanta saol a bhunú gan an cumas teach a cheannach i do cheantar féin. Bhí mé i nDubrovnic dhá bhliain ó shin, agus mé ann, thug mé le fios go raibh fadhb ann maidir le longa crúsála. Bhí a lán long crúsála ollmhóra ag teacht isteach i nDubrovnic gach uile lá agus muintir na long sin ag siúl trí na sráideanna gan mórán airgid a chaitheamh agus an áit a fhágáil díreach ina dhiaidh sin. Measaim go bhfuil an fhadhb chéanna ann le Airbnb agus tiarnaí talún móra Briotánacha sa Ghaeltacht. Is gá rud éigin a dhéanamh faoi. Is gá an bhéim a athrú i bhfabhar daoine áitiúla. Caithfidh an Rialtas níos mó cumhachta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. Bhí mé sa Teach seo an bhliain seo caite agus mé ag éisteacht le roinnt Teachtaí ag labhairt ar Údarás na Gaeltachta. Bhí mé ag éisteacht leis an Uachtarán, Catherine Connolly, a bhí ina Teachta Dála ag an am sin. Chuir sí agus Teachtaí eile roinnt leasuithe chun cinn don Bhille a bhí faoi bhráid na Dála ag an am sin an bhliain seo chaite chun níos mó cumhachta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le cinntiú go mbeadh an chumhacht aige feabhas a chur ar chúrsaí. Is náire é nár thug an Rialtas tacaíocht dóibh. Mar a dúirt mé, is bagairt ollmhór don Ghaeltacht í an ghéarchéim tithíochta. Is í an bhagairt is mó don Ghaeltacht. Mura ndéantar beart ó thaobh na géarchéime seo, ní féidir linn na Gaeltachtaí a choimeád ná iad a fhás. Tá gá le plean tithíochta speisialta don Ghaeltacht, lena n-airítear plean tithíochta sóisialta agus inacmhainne, go háirithe ó thaobh raon leathan seirbhísí de. Tá scéim i Ros an Mhíl ina bhfuil 42 teach folamh. Tá scéim eile in Eanach Mhéain ina bhfuil 14 teach folamh. In ainm Dé, tabhair ciste do Chomhairle Chontae na Gaillimhe nó comhlacht ceadaithe tithíochta éigin chun na tithe a cheannach agus a athrú go tithe sóisialta do mhuintir dhúchas na Gaeltachta. Tá an ghéarchéim folúntais níos measa sa Ghaeltacht. Deir an Rialtas an t-am ar fad nach bhfuil tuairim ar bith ag an bhFreasúra, ach is tuairim úsáideach amháin í seo don Rialtas. Gabhaim buíochas le BÁNÚ as ucht na hoibre a rinne sé chun solas a chur ar na fadhbanna ollmhóra seo. Bhí deis agam bualadh le gníomhaithe dá chuid taobh amuigh den Dáil inniu. Mura ndéantar an méid a dúirt mé, beidh sé dodhéanta na Gaeltachtaí a choimeád agus an Ghaeilge a fhás mar theanga bheo agus teanga oibre mar ní bheidh na cainteoirí dúchais againn. Seasaim le muintir na Gaeltachta, go háirithe le daoine óga sa Ghaeltacht agus cainteoirí dúchais Ghaeilge. Molaim an rún seo anocht. Mar a dúirt mé, tá mé an-sásta a bheith anseo chun labhairt faoin fhadhb ollmhór tithíochta sa Ghaeltacht. Tá mé sásta nach bhfuil an Rialtas ag dul i gcoinne an rúin. Ag an am céanna, áfach, caithfidh sé éisteacht agus rud éigin a dhéanamh. Táthar fós ag fanacht ar na treoirlínte pleanála, agus beifear ag fanacht go dtí 2027. Dúirt an Rialtas roimhe seo go dtiocfadh na treoirlínte pleanála isteach in 2021. Tá muintir na Gaeltachta ag fanacht le fada ach níl siad ábalta fanacht go dtí 2027.
Sentiment score: -0.06