There is specifically a service for these purposes. I am sure he is aware of it and can avail of it. I would be useful if he could clarify in his closing statement because these are important matters. Fáiltím roimh an deis labhairt ar an topaic fíorthábhachtach seo, tithíocht inár bpobail Ghaeltachta ó Dhún na nGall go Corcaigh, cósta Chonamara agus Gaeltachta na Mí, is é sin, Ráth Chairn agus Baile Ghib. Ní féidir le teaghlaigh áitiúla, a chothaigh an teanga leis na glúnta, tithe a cheannach, a thógáil ná a thógáil ar cíos ina bpobail féin. Ina ionad sin, feicimid borradh tithe saoire, tithe ar cíos go gearrthéarmach, agus bíonn ar lánúineacha óga dul ar imirce. Is iomarcach praghsanna na dtithe ina bpobail féin dár nGaeilgeoirí. I Ráth Chairn agus Baile Ghib, is lofa arís scéal na dtithíochta. Is pócaí lánGhaeilge faoi leith i gContae na Mí iad seo agus tá siad faoi bhrú ollmhór. Nuair a chuirtear teach ar díol, is minic nach bhfuil sé d'acmhainn ag Gaeilgeoirí áitiúla an praghas iarrtha a íoc. Ag an am céanna, ní thugtar cead pleanála dóibh chun teach atá ar a n-acmhainn a thógáil ar talamh teaghlaigh. Is pianbhreith bháis don Ghaeilge polasaithe áiféiseacha mar seo sna pobail sin. Tá plean ag Sinn Féin é seo a dheisiú. Ar dtús, caithfimid an scéim deontais do thithíocht Ghaeltachta a thabhairt ar ais. Caithfimid ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht, lena n-aithnítear patrúin lonnaíochta agus riachtanais teangeolaíochta na gceantar seo, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm le práinn. Caithfimid pleanáil teanga a dhéanamh mar chuid lárnach de reachtaíocht pleanála lena chinntiú go gcuirtear tithíocht ar leataobh do theaghlaigh lánGhaeilge. Ciallaíonn sé sin measúnuithe tionchar teanga a dhéanamh maidir le gach forbairt nua agus coinníollacha teanga a chur leo. Caithfimid caighdeán soiléir a shocrú, leibhéal B2 de TEG, mar chaighdeán náisiúnta inniúlachta i gcomhair na gcoinníollacha teanga seo chun go mbeidh siad éifeachtach. Caithfimid fadhb easpa inacmhainneachta na dtithe sa Ghaeltacht a réiteach. Caithfimid tithe sóisialta agus inacmhainne a sholáthar a bheadh curtha ar leataobh do Ghaeilgeoirí. Ag an am céanna, caithfear machnamh a dhéanamh ar réadmhaoin a cheannach ag an Stát lena chinntiú go bhfanfar i seilbh an phobail í. Caithfimid infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar chomh maith. Ní féidir tithíocht a sholáthar gan seirbhísí a bheith ann. Caithfear maoiniú d'Údarás na Gaeltachta a ardú go suntasach. Ní féidir leis an Rialtas cluas bhodhar a thabhairt don tsaincheist seo níos mó. Tá beart ag teastáil go práinneach chun an Ghaeltacht a shábháil.
Sentiment score: -0.05