Mairéad Farrell

Overall sentiment: -0.19
Back to Debate

Is maith an rud é go raibh ráitis againn inniu maidir le Seachtain na Gaeilge agus is maith an rud é go mbíonn díospóireacht chuile bhliain againn sa Seomra seo mar gheall ar chúrsaí Gaeilge. Is maith an rud é ach muna bhfuil gníomh ann théis sin agus muna ndéantar dada chun cabhrú le muintir na Gaeltachta fanacht sa Ghaeltacht agus a theaghlaigh a thógáil sa Ghaeltacht, céard is fiú é? Is fiú faic é. Tá a fhios againn go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla ag laghdú chuile bhliain. Tá a fhios againn ó ghrúpaí feachtasaíochta cosúil le BÁNÚ nach bhfuil daoine óga in ann fanacht sa cheantar inar tógadh iad mar gheall ar easpa tithíochta. Tá trí bhunrud ann i mo thuairimse agus deirim seo i gcónaí. Ní féidir teach a thógáil, ní féidir teach a cheannach agus ní féidir teach a fháil ar cíos sa Ghaeltacht. Tá sé seo fíor i gConamara agus táim cinnte go bhfuil sé díreach mar an gcéanna i gceantair eile. Mar gheall air sin, thosaigh an grúpa feachtasaíochta BÁNÚ mar go raibh tuiscint aige go raibh géarghá le maoiniú agus le suim ón Stát i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Céard atá déanta ag an Rialtas seo? Breathnaímid ar céard atá déanta ag an Aire mar Aire tithíochta. An chéad rud a rinne sé ná go bhfuair sé réidh leis na dréacht-threoirlínte pleanála Gaeltachta a bhí geallta dúinn le blianta. Bhí muid i gcónaí á ardú sa Seomra seo go raibh na dréacht-threoirlínte pleanála Gaeltachta ag teastáil agus go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh guth an phobail ann mar cuid díobh sin. Seachas sin, tá ráiteas náisiúnta pleanála againn. Céard atá ann? Níl a fhios againn ach tá a fhios againn nach mbeidh sé againn go dtí 2027, cé go bhfuil muid ag fanacht leis na dréacht-threoirlínte pleanála Gaeltachta ar feadh na mblianta. Má bhreathnaímid ansin ar theach a cheannach, teach shóisialta a fháil, nó b’fhéidir teach ar phraghas réasúnta a fháil, rud nach féidir a fháil sa Stát seo, i gConamara, níl suíomhanna leis na seirbhísí ann. Níl an Rialtas seo ná na rialtais roimhe tar éis infheistíocht a dhéanamh sa bhuninfreastruchtúr ionas go mbeadh suíomhanna ann leis na seirbhísí iontu le go bhféadfaí tithe a thógáil. Ag tagairt do shuíomhanna ón gcomhairle contae atá mé agus níl siad ann. Mar gheall air sin, ní féidir tithe ar phraghas réasúnta nó tithe sóisialta a chur ar fáil don phobal Gaeltachta, don pobal Gaeltachta atá ann cheana nó iad siúd atá ag iarraidh bogadh abhaile. Fuair mé freagra ón Aire go raibh an Roinn tar éis glacadh leis na moltaí a bhí ag Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis na tithe i Ros an Mhíl agus in Eanach Mheáin. Níl a fhios againn go díreach céard a bhéas ann ach tá súil agam go mbeidh an Roinn ag cur an maoiniú ar fáil ionas go mbeadh na tithe sin curtha ar fáil don phobal áitiúil. Má bhreathnaímid ar na tithe atá le fáil ar cíos, feicfimid nach féidir bogadh go Conamara agus teach a fháil ar cíos. Tá sé dodhéanta. Tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh agus fiú más féidir teach a fháil ar cíos tá sé ar phraghas uafásach ard nach féidir le daoine íoc as. Caithfimid breathnú ar an deacracht nó an ghéarchéim tithíochta sa Stát ina iomláine ach chomh maith leis sin caithfimid díriú ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Caithfidh an tAire gníomh a dhéanamh air sin.

Sentiment score: -0.19